Cíorfaidh seisear mór le rá cartlann Dhaonáireamh 1926
Caithfidh Joseph O’Connor, Eileen Walsh, Louise Duffy, Mick Lynch, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Dermot Bannon súil siar phearsanta ar an saol mar a bhí 100 bliain ó shin i gclár faisnéise nua
Craolfar an chéad chlár Dé Domhnaigh an 3 Bealtaine ar RTÉ One agus RTÉ Player ag 6:30pm
Chun comóradh a dhéanamh ar eisiúint shuntasach Dhaonáireamh 2026, leanfaidh sraith faisnéise nua RTÉ, Come to Your Census, seisear mór le rá agus iad ag caitheamh súil siar ar stair na hÉireann ar bhealaí thar a bheith pearsanta.
I mí Aibreáin 1926 a tugadh faoin gcéad daonáireamh i Saorstát na hÉireann. Céad bliain ina dhiaidh sin, chuir Cartlann Náisiúnta na hÉireann na taifid stairiúla sin ar fáil go hiomlán ar líne, saor in aisce don phobal. Is iad na daoine a bheidh páirteach sa tsraith faisnéise dhá chuid seo ná an t-úrscéalaí agus an léachtóir in Ollscoil Luimnigh, Joseph O’Connor, Louise Duffy as RTÉ Radio 1, iar-cheardchumannaí Mick Lynch, láithreoir Room to Improve, Dermot Bannon, láithreoir Raidió na Gaeltachta, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus an t-aisteoir Eileen Walsh, a bheidh i mbun reacaireachta ar an sraith chomh maith.
Thug cartlannaithe ón gCartlann Náisiúnta agus saineolaithe staire treoir don seisear rannpháirtithe a raibh teacht eisiach acu ar Dhaonáireamh 1926 agus iad ag nochtadh scéalta iontacha faoi na daoine agus na pobail a chuaigh rompu.
Sa gcéad chlár, a chraolfar an deireadh seachtaine seo ar RTÉ One agus RTÉ Player, rianóidh an t-iar-cheardchumannaí Mick Lynch teaghlach a athar siar chomh fada le hiarshlumaí Chathair Chorcaí, lena nochtfar scéal a sheanmháthar, ar baintreach a bhí inti a bhí ag tógáil clann óg léi féin. I gConamara, fiosróidh láithreoir Raidió na Gaeltachta, Gormfhlaith Ní Thuairisg, an tionchar a bhí ag an nGaeilge ar fhéiniúlacht agus ar luachanna a teaghlaigh. Agus i bPort Láirge, léireoidh Dermot Bannon an fhírinne lom faoi bheith lonnaithe i mbaile beag faoi thionchar scoile saothair do leanaí.
Sa dara clár, Dé Domhnaigh an 10 Bealtaine, fiosróidh an t-údar Joseph O’Connor a theaghlach, ar de bhunaidh na Saoirsí i mBaile Átha Cliath iad, agus pobal a raibh tionchar acu ar roinnt glúnta dá theaghlach. I gCorcaigh, tabharfaidh an t-aisteoir Eileen Walsh faoi scéal a seanathar, réabhlóidí óg, a fháil amach. Agus i Maigh Eo, fiosróidh láithreoir RTÉ Radio 1, Louise Duffy, na róil chumhachtacha a bhí ag mná an phobail faoin tuath áit ar fhás sí aníos.
Tosóidh Come to Your Census Dé Domhnaigh an 3 Bealtaine ag 6.30pm ar RTÉ One agus RTÉ Player agus leanfaidh sé ar aghaidh Dé Domhnaigh an 10 Bealtaine.
Beidh sraith podchraoltaí, Come to Your Census an t-ainm atá uirthi sin freisin, ag gabháil leis an tsraith faisnéise teilifíse chomh maith, arna cur i láthair ag an staraí Liz Gillis. Beidh cartlannaithe agus staraithe eile – a fuair deis na taifid a fheiceáil sular cuireadh ar fáil don phobal iad – i dteannta Liz agus í ag déanamh cíoradh mion ar roinnt de na príomhthéamaí a eascraíonn ó leathanaigh dhaonáireamh 1926. Le linn shé chlár na sraithe, nochtfar na scéalta, na pobail agus na hathruithe sóisialta a raibh tionchar acu ar Éirinn le linn luathbhlianta an tSaorstáit. Éist leis anois ar: rte.ie/podcasts nó cibé áit a bhfaigheann tú do chuid podchraoltaí.
CRÍOCH
Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ