FÓGARTHA AG NUACHT RTÉ GO BHFUIL SEAN WHELAN CEAPTHA INA CHOMHFHREAGRAÍ NUA LONDAN
Tá áthas ar Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Sean Whelan ceaptha ina Chomhfhreagraí nua i Londain. Bhí Seán ina Chomhfhreagraí i Washington le cheithre bliana anuas, áit as a raibh sé ag tuairisciú le linn thoghchán drámatúil na hUachtaránachta 2024, ar na cásanna dlí in aghaidh Donald Trump, sléacht Uvalde, gradam na nOscar, géarchéim na dtaraifí, agus náisiún na Seactách. Roimhe sin bhí sé ina Chomhfhreagraí i Londain ar feadh trí bliana, agus é ag tuairisciú ar an mBreatimeacht, ar an bpaindéim agus ar pholaitíocht na Ríochta Aontaithe. Bhí post aige roimhe seo freisin ina Chomhfhreagraí Eacnamaíochta le RTÉ News ar feadh beagnach naoi mbliana.
Beidh sé ag filleadh ar an ról atá freagrach as tuairisciú ar fud RTÉ News ar líne, ar ardáin teilifíse agus raidió maidir le gach gné den saol i Londain agus sa Bhreatain Mhór i gcoitinne.
Thosaigh Seán in RTÉ News in 1991 agus d’oibrigh sé ina thuairisceoir raidió ar Morning Ireland agus ina thuairisceoir/láithreoir ar This Week agus ar World Report. Chuaigh sé ag obair le deasc na nuachta ón iasacht ar an nuacht teilifíse in 1994 agus bhíodh sé ag tuairisciú ar an gcogaíocht sa Bhoisnia. Ina dhiaidh sin, ina Leas-Eagarthóir Nuachta ón Iasacht, rinne sé tuairisciú ar an gcogaíocht sa Chosaiv, ar an iarracht a rinneadh i Washington Bill Clinton a tháinseamh, tabhairt ar ais Hong Cong don tSín agus toghchán an Lucht Oibre nua sa Ríocht Aontaithe.
Chaith sé deich mbliana ina Eagarthóir Eorpach, agus é lonnaithe sa mBruiséil, agus é ag tuairisciú ar an scéal is deireanaí ó gach ballstát san Aontas Eorpach. Bhí páirt mhór aige i gclúdach RTÉ ar reifrinn Chonradh Liospóin.
Is céimí de chuid UCD (Stair agus Polaitíocht) é Seán Whelan agus tá Dioplómaí Iarchéime aige freisin san Iriseoireacht ón NIHE (DCU anois) agus i gCuntasaíocht agus Airgeadas ó Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte (ACCA).Chuir sé tús lena ghairm san iriseoireacht i lár na n-ochtóidí ina shaoririseoir gné-ailt leis an Magill Magazine agus leis an Irish Independent, sular bhog sé go Londain, áit ar oibrigh sé ina thuairisceoir leis an nuachtán gnó seachtainiúil Marketing. Tháinig sé ar ais go hÉirinn i dtús na nóchaidí, agus bhí sé ag obair leis an The Sunday Tribune agus le Magill.
Dúirt Seán agus é ag caint faoina cheapachán: “Táim ag tnúth le filleadh ar Londain ag tréimhse chinniúnach eile i bpolaitíocht na Ríochta Aontaithe. Chaith mé an chuid is mó de mo thréimhse thall cheana faoi dhianghlasáil COVID, agus táim ag tnúth go mór freisin a bheith in ann tuairisciú a dhéanamh ar raon i bhfad níos leithne scéalta ó gach cearn den Ríocht Aontaithe.”
Cuirfidh Seán tús lena ról nua láithreach bonn.