Rian na Fola – clár fáisnéise le Dara Ó Cinnéide a nochtaíonn rúndiamhair faoi dhúnmharú staraí as Ciarraí
Dé Luain 4 Bealtaine, 6.30pm ar RTÉ One agus RTÉ Player
Is clár faisnéise é Rian na Fola ina leanfar iarimreoir caide Chiarraí agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta Dara Ó Cinnéide ar thuras ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne go Meiriceá ar thóir freagraí ar mhistéir atá os cionn céad bliain d’aois.
D’fhoilsigh an Ciarraíoch Patrick M. Foley dhá leagan tábhachtacha de stair Chorca Dhuibhne agus na mBlascaodaí ag tús an fichiú aois ach faraor tá a chuid scríbhinní, scéalta eachtraíochta agus an drochbhás a fuair sé caillte le cuimhne na seacht sinsear.
Nochtfar gach cor agus casadh i scéal fíorspéisiúil an fhir sin as an Daingean sa scannán Gaeilge seo trína dtabharfar an lucht féachana ar aistear siar go dtí ré an Spealta Mhóir i Meiriceá agus ina dtabharfar saol a bhí múnlaithe ag fiosracht, ag an gcruatan agus a bhí faoi scáth an fhoréigin chun solais.

Chuaigh Patrick M. Foley, scríbhneoir, staraí, náisiúnaí as Corca Dhuibhne ó dhúchas ar imirce go Meiriceá in 1909 agus le linn a chuid taistil thug sé cuairt ar Mheicsiceo, Cúba, Easanna Niagara, San Francisco, Meániarthar na Stát Aontaithe agus na Stáit ó Dheas, agus is in Sallisaw, Oklahoma, i gcroílár na tuaithe ó dheas a chaith sé laethanta deiridh a shaoil, áit ar thug sé cuairt air ach nár fhág sé riamh.
Is trí thimpiste ar éirigh le Dara Ó Cinnéide teacht ar cheann de leabhair Foley agus ba le teann fiosrachta agus de ghrá an dualgais cultúir a bhrath sé a ndeachaigh sé ag fiosrú cérbh é Foley i ndáiríre agus céard a tharla dó.
Tosnaíonn an cuardach ar bharr aille i nDún Chaoin, é ag dul trí scríbhinní Foley agus ag tabhairt cuairt ar an tírdhreach i gCorca Dhuibhne a mhúnlaigh iad, agus as sin téann Dara trasna an Atlantaigh go Bostún áit a bhfaigheann sé léargas ar an saol mar a bhí sé sna 1920idí, samhlaíonn sé mar a bhrath an t-imirceach thall le linn na corraíola a bhain le 1916 agus le linn na ré ina raibh coisc ar alcóil sula dtugann sé aghaidh ar Chrios na gCeartchreidmheach in Oklahoma, réigiún a bhí faoi scáth an fhoréigin a bhain le ré an choisc ar alcóil agus inar mhair pearsana ar nós Bonnie and Clyde agus Pretty Boy Floyd.

Le linn a aistir aimsíonn Dara ábhar cartlainne, fiosraíonn sé ceangail teaghlaigh agus tugann sé eolas nua chun solais le cabhair ó staraithe, iriseoirí agus saineolaithe dlíeolaíochta. Ní hamháin go dtagann eolas chun cinn faoi bhás mistéireach, ach tugtar léargas ar shaol corraitheach eachtrúil a caitheadh faoi scáth an Spealta Mhóir, faoin naimhdeas i leith inimircigh agus faoin gcorraíl a bhain leis na Stát Aontaithe ag tús an 20ú aois.
Le tírdhreach taibhseach ó thús deireadh agus trí úsáid a bhaint as scéalaíocht shaibhir ón gcartlann agus as machnamh pearsanta Dhara féin cuirfear scéal Patrick M. Foley ar ais san áit is dual dó, is é sin i dtaifead cultúir Chorca Dhuibhne mar scríbhneoir, staraí agus comharsa ar mhúnlaigh a scéal an stair agus ar a bhfuil lorg a oidhreachta le brath go fóill sa lá atá inniu ann.
Ag réamhthaispeáint de Rian na Fola i Leabharlann Náisiúntana hÉireann tráthnóna inné, bhronn Mary McGillick agus a deirfiúr Mairéad Bolger, gariníonacha le Patrick M. Foley scríbhínní dá chuid, agus cáipéisí a seoladh ar ais go Corca Dhuibhne i ndiaidh a bháis sna 1930idí ar Chartlann na Leabharlainne.
Craolfar Rian na Fola Dé Luain an 4 Bealtaine ag 6.30in ar RTÉ One agus RTÉ Player.
-CRÍOCH-