A Traveller Family, scéal cumhachtach ceithre ghlúin le craoladh RTÉ One agus RTÉ Player oíche Dé Luain
Taispeánfar A Traveller Family ar RTÉ den chéad uair, scannán nua tarraingteach faisnéise ina bhfiosrófar saol ceithre ghlúin de theaghlach Collins, ar daoine de Lucht Siúil na hÉireann iad. Úsáideann an scannán seo, a chraolfar Dé Luain, an 11 Bealtaine 2026 ag 9.35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player, scéal teaghlaigh amháin chun machnamh a dhéanamh ar an saol atá ag athrú, ar fhéiniúlacht an Lucht Siúil agus ar ról na cruthaitheachta thar na nglúnta.
Tá ceithre ghlúin den teaghlach céanna i gcroílár an scannáin faisnéise seo. Sa gcéad ghlúin a thaispeánfar, cuirfidh an lucht féachana aithne ar Big James Collins, 78, duine de na gaibhneoirí stáin Lucht Siúil deiridh atá fágtha in Éirinn. Tá a shaol agus a cheird ina mbunús ag an insint idirghlúine a bhogann ón mbóthar isteach sa seomra ranga agus ón fhéiniúlacht dhúchasach go traidisiúin atá ag athrú.
Is aisteoir, gníomhaí agus nia le Big James é Michael Collins, ar chabhraigh a chuid oibre le comhrá náisiúnta a spreagadh maidir le féiniúlacht an Lucht Siúil, agus is duine den dara glúin é i dteaghlach Collins. Tá a mhac Johnny, atá 20 bliain d’aois, ag tabhairt na hoidhreachta sin chun cinn agus é i mbun staidéir ar an litríocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus is é an chéad duine dá mhuintir é atá ag tabhairt faoin oideachas tríú leibhéal.
Feicfear deirfiúr Johnny sa chlár chomh maith – Christine, máthair shingil a bhfuil beirt pháistí atá 14 agus 16 bliana d’aois aici. Is é Big James sin‑seanuncail na beirte, agus is cuid den ghlúin nua iad atá ag fáil amach faoina bhfuil i gceist le bheith i do dhuine óg den Lucht Siúil i saol nua‑aimseartha na hÉireann.
Trí na scéalta seo atá fite fuaite ina chéile, taispeántar saol athraitheach an Lucht Siúil agus láidreacht bhuan na cruthaitheachta i A Traveller Family, bíodh sin trí cheardaíocht, taibhiú, gníomhaíochas nó oideachas.
Dúirt Sally Roden, Feidhmeannach Coimisiúnaithe, Sraitheanna Fíorasacha agus Faisnéise: In The Traveller Family, tugtar dlúthléargas tomhaiste agus machnamhach ar theaghlach amháin agus iad ag tabhairt aghaidh ar leanúnachas agus ar an athrú atá ag teacht ar an saol síos tríd na glúnta. Ba mhór an phribhléid tacaíocht a thabhairt don chlár agus ar a thuras go dtí an scáileán agus tá ríméad orm go mbeidh an lucht féachana in ann scéal theaghlach Collins a fheiceáil dóibh féin oíche Dé Luain.”
Is é A Traveller Family an saothar is déanaí ón stiúrthóir Alex Fegan, a bhunaigh Atom Films, agus i measc na gcláracha faisnéise eile atá déanta aige tá Older Than Ireland, Abbeyfealegood, Am I Here?, Sins of Ireland agus The Irish Pub.
Dúirt Alex: “An rud a mheall mé faoin scéal seo ná an deis a bhí agam am a chaitheamh le teaghlach amháin. Ba mhór an phribhléid dom é an fháilte mhór a chur siad romham isteach ina saol le hoscailteacht agus le hionracas dochreidte. Feicfimid an leanúnachas agus an t-athrú atá ag tarlú trí shúile ceithre ghlúin éagsúla, neart an traidisiúin chomh maith leis na deiseanna nua atá ann anois do ghlúnta níos óige. Ní faoi labhairt thar ceann an Lucht Siúil an scannán seo, ach faoi spás a chruthú, ag obair leis an léiritheoir John Connors, ina dtabharfar cluas éisteachta dóibh. Tá súil agam go meallfaidh an chruthaitheacht agus an teacht aniar atá i gcroílár scéal an teaghlaigh seo an lucht féachana.”
Craolfar A Traveller Family Dé Luain an 11 Bealtaine 2026 ag 09.35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player.
CRÍOCH
Caoilinn Putti, Ceannasaí Cumarsáide