Tá an babhta ceannais den Chomórtas TV Home Cook Today RTÉ bainte amach ag Dee Freney as Maigh Eo agus Margaret Leahy as Gaillimh.
Beidh an bheirt ag cócaráil beo arís ar Today Dé Luain an 25 Bealtaine i mbabhta ceannais an chomórtais. Tabharfaidh cócaire amháin corn TV Home Cook Today 2026 abhaile leis Dé Máirt an 26 Bealtaine tar éis vóta an phobail.
Fógraíodh an bheirt a bheidh in iomaíocht sa bhabhta ceannais ar an Today Show inniu. Tá seachtain ag an dá iomaitheoir a mias deiridh a ullmhú chun cathú a chur ar an bpobal vóta a chaitheamh dóibh.
Is cócaire baile díograiseach í Dee Freney (42) as Maigh Eo ar breá léi a bheith ag réiteach miasa traidisiúnta baile, miasa cruthaitheacha a bhíonn saor ó ghlútan ionas go mbeidh gach duine ag an mbord ábalta lán a mboilg den bhia a réitíonn sí a ithe. Thosaigh Dee ag cur suim sa chócaireacht ocht mbliana ó shin nuair a bhí uirthi di bia saor ó ghlútan a ghlacadh chuici féin, in áit ligean dó sin srian a chur ar a saol chuir sí a croí agus a hanam isteach ann. D’éirigh sí níos muiníne fós sa chistin tar éis di Báicéir Baile na Bliana Odlums a bhuachan, á spreagadh tabhairt faoin dúshlán TV Home Cook.
Is cócaire baile díograiseach í Margaret Leahy (65) as Conamara, Co na Gaillimhe a chuireann cócaireacht a úsáideann comhábhair a thagann díreach ón bhfeirm go dtí an bord chun cinn, í ag úsáid táirgí séasúracha óna garraí féin mar aon le hiasc agus feoil úr Éireannach chun miasa simplí a réiteach a tharraingíonn ard ar na comhábhair ardchaighdeáin. Tá cócaireacht Margaret bunaithe go mór ar chultúr bia na hÉireann agus ar an meas mór atá aici ar tháirgí áitiúla. Chuir sí isteach ar TV Home Cook chun saibhreas bhia na hÉireann a thaispeáint agus chun a chruthú nach gá oiliúint fhoirmiúil a bheith faighte ag duine le go mbeadh sé ina chócaire iontach.
Beidh Margaret agus Dee ag cócaráil don lucht féachana teilifíse beo agus do láithreoirí an Today Show, Dáithí Ó Sé agus Sinéad Kennedy, Dé Luain an 25 Bealtaine. Beidh an pobal ábalta vóta a chaitheamh an tráthnóna sin, agus fógrófar an buaiteoir Dé Máirt i dteannta an mheantóra agus an chócaire Trisha Lewis.
Féach ar bhabhta ceannais an chomórtais Home Cook Today ar an Today Show Dé Luain an 25 Bealtaine ó 3.30pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
CRÍOCH
Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ