Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, is féidir le daoine den phobal taifid atá ar coimeád ag réimse forleathan comhlachtaí poiblí, RTÉ san áireamh, a iarraidh agus a fháil. Luaitear san Acht gur cheart an teacht seo ar thaifid a bheith, chomh mór agus is féidir, ag teacht le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachais. Tugtar de cheart don uile dhuine faoin Acht;
- Teacht a bheith acu ar thaifid atá ar coimeád ag RTÉ
- A thabhairt go ndéantar sonraí pearsanta ina leith atá ar coimeád ag RTÉ a choigeartú nó a leasú má tá an fhaisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
- A thabhairt go gcuirtear in iúl dóibh na cúiseanna le cinntí a dhéanann RTÉ agus a bhaineann leosan.
Mar gheall ar an Acht, is féidir taifid a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1998 ar aghaidh agus atá ar coimeád ag RTÉ a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Is féidir faisnéis phearsanta a iarraidh gan bheann ar thráth a cruthaithe. Tugtar de shainmhíniú ar thaifead faoin Acht gur ionann é agus rud ar féidir a léamh nó a bhreathnú nó ar féidir éisteacht leis.
Tagann obair iomlán chomhlachtaí poiblí áirithe faoi scáth SF agus tá comhlachtaí poiblí eile ann nach féidir iarratas SF a dhéanamh maidir le hiomlán a gcuid feidhmeanna. Tá RTÉ ar cheann den dara cineál comhlacht poiblí sin. Luaitear go sonrach in Ionstraim Reachtúil 115/2000 [cliceáiltear anseo] na feidhmeanna de chuid an chraoltóra náisiúnta a thagann faoi scáth na reachtaíochta.
Is iad na feidhmeanna sin, bainistíocht, riarachán, cúrsaí airgeadas, gnóthaí tráchtála, cumarsáid agus conarthaí a shocrú. Cuirtear teorainn le scóip na reachtaíochta faoi Sceideal 3 leis an IR agus de réir mar a luaitear sa Nóta Mínithe, is i ndáil le feidhmeanna nach mbaineann le cláir amháin atá feidhm leis an Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ina ainneoin sin, tá RTÉ, an craoltóir náisiúnta, tugtha do bheith chomh hoscailte follasach agus is féidir agus foilsítear eolas go rialta – sonraí faoi chláir san áireamh – nuair is féidir sin a dhéanamh.
Is den tábhacht a thabhairt chun aire gur teacht ar thaifid a cheadaítear faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus nach móide gur teacht ar fhaisnéis. D’fhéadfadh go ndiúltófaí iarrataí ar sraith ceisteanna atá iontu ar an bhforas nach iarraidh dhlisteanach atá ann.
Tá breis eolais faoi Shaoráil Faisnéise in Éirinn ar fáil ach cliceáil ar na naisc seo a leanas: