Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ


Cad é Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ?

Tá ceangal faoin Acht Craolacháin 2009 Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ a chur ar bun.

Tá an dea-chumarsáid, idir an lucht féachana/éisteachta agus an craoltóir, riachtanach le forbairt reatha a dhéanamh ar sheirbhís chuí. Tá RTÉ tugtha do chaidreamh macánta ionraic leis an lucht féachana agus éisteachta, d’aird a thabhairt ar a gcuid tuairimí agus do fhreagra cuí a thabhairt orthu go pras.

Is coiste 15 comhalta deonach atá i gComhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ a chuireann comhairle ar Bhord RTÉ maidir le ceisteanna sonracha i ndáil leis an gcúram seirbhíse poiblí a leagtar ar RTÉ agus le riachtanais an lucht féachana agus éisteachta. Bord RTÉ a cheapann an coiste agus a cheapann aon duine amháin de na comhaltaí mar chathaoirleach ar an gComhairle.

Déanann an Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta soláthar don chumarsáid idir RTÉ agus an lucht féachana agus éisteachta chomh maith le freastal do bhreis cuntasachta.

Conas a roghnaítear comhaltaí na comhairle?

Tugann RTÉ cuireadh do dhaoine den phobal ar www.rte.ie agus ar bhealaí raidió RTÉ léiriú spéise a chur faoi bhráid maidir le feidhmiú ar Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ. Tagann ainmniúcháin breise ó chomhaltaí Bhord RTÉ go díreach.

Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ:

  1. Genevieve Lynch
  2. Arthur Banaszkiewicz
  3. Erin Hirst
  4. Sean Higgins
  5. Carmel McCrea
  6. Abidemi Taiwo
  7. Ciara Wilson
  8. Mark McNulty
  9. Jacintha McGowan Nielsen
  10. Ann Marie Horgan
  11. Kieran O’Donovan
  12. Eamonn Grennan
  13. Robbie Sinnott
  14. Micheal Kilcrann