COTHABHÁIL BHUNRIACHTANACH AR THARCHURADÓIR FADTOINNE RTÉ
LEAN DE BHEITH AG ÉISTEACHT LE RTÉ | WWW.RTE.IE/KEEPLISTENING
Beidh RTÉ ag déanamh obair cothabhála bunriachtanaí ar an tarchuradóir Fadtoinne (LW) in Clarkstown, Co. na Mí, ón 15 Meitheamh 2021 ar feadh tréimhse dhá mhí, agus ní bheidh RTÉ Radio 1 ar fáil ar LW 252 le linn an ama sin. Tá na hoibríochtaí seo riachtanach lena chinntiú go mbeidh RTÉ in ann leanúint de bheith ag craoladh RTÉ Radio 1 ar LW.
Bhí an chothabháil bhunriachtanach seo in ainm a bheith ag tarlú sa bhliain 2020 ach cuireadh ar athló í de dheasca shrianta Covid-19. Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht na ndaoine a bheidh ag déanamh na hoibre, ní mór an tarchuradóir a mhúchadh le linn thréimhse na n-oibreacha, go dtí Dé Sathairn an 14 Lúnasa (dáta measta). Chomh maith leis sin, ní mór na hoibreacha a dhéanamh le linn mhíonna an tsamhraidh nuair atá solas agus coinníollacha aimsire níos fearr ann.
Beidh RTÉ Transmission Network (2rn) ag déanamh na n-oibreacha seo. Is fochuideachta é 2rn faoi úinéireacht iomlán RTÉ, a bhfuil freagracht uirthi i dtaca le seirbhísí clár raidió agus teilifíse RTÉ a dháileadh agus a thraschur, mar aon le teilifís TG4, teilifís Virgin Media agus Today FM.
Le linn na tréimhse seo, beidh raon leathan roghanna ag an lucht éisteachta fós chun teacht ar sheirbhísí raidió RTÉ, atá ar fáil ag www.rte.ie/keeplistening.
Mar achoimre, is féidir seirbhísí raidió RTÉ a fháil ar:
- FM
- Saorview
- Saorsat
- Internet TV · Ar líne ag www.rte.ie/radio
- Freesat / Sky in Éirinn & sa Ríocht Aontaithe
- RTÉ Radio Player (aip Apple agus Android)
- Aipeanna eile raidió, amhail an aip Irish Radioplayer
- Déan cuardach gutha ar Alexa nó ar challaire cliste Google (féach www.rte.ie/voice)
Más rud é nach bhfuil fáil ag duine ar sheirbhísí raidió RTÉ ar FM nó nach bhfuil rochtain idirlín aige, ní bheidh fáil aige ar RTÉ Radio 1 ar LW 252 le linn thréimhse na n-oibreacha. Bíodh sin mar atá, trí na hoibreacha bunriachtanacha seo a dhéanamh anois, beidh RTÉ in ann leanúint de bheith ag craoladh ar LW 252.
Is féidir leis an bpobal fiosruithe a chur ar aghaidh chuig Oifig Eolais RTÉ ar ríomhphost chuig info@rte.ie nó glaoch ar an uimhir +35312083434.
***
Le linn thréimhse na n-oibreacha bunriachtanacha, leanfaidh RTÉ de bheith ag cur ábhar maidir le hadhradh Críostaí ar fáil ar ardáin eile:
- Maidin Dé Domhnaigh ar RTÉ 1 ar an teilifís agus ar RTÉ Radio 1 Extra, déantar sealaíocht gach seachtain ag 11.00am idir Aifrinn agus Seirbhísí Protastúnacha.
- Nuair a chraolann RTÉ One / Radio 1 Extra Aifreann Maidin Dé Domhnaigh, craoltar Seirbhís Phrotastúnach ar chainéal Nuachta RTÉ ag 2.15pm.
- Ar an mbealach céanna, nuair a chraolann RTÉ One / Radio 1 Extra adhradh Protastúnach, bíonn Aifreann an Domhnaigh ar siúl ag 2.15pm ar chainéal Nuachta RTÉ.
- Bíonn Aifrinn i nGaeilge ar siúl gach Domhnach ag 11.00am ar Raidió na Gaeltachta chomh maith.
- Is féidir an t-ábhar seo ar fad a fháil beo nó in athuair ar RTÉ Player, RTÉ Radio Player agus RTÉ.ie.
- Tá cainéal Nuachta RTÉ ag leanúint de bheith ag craoladh Aifrinn gach lá den tseachtain ag 10.30am fad a bheidh srianta COVID fós i bhfeidhm in ionaid adhartha.