Ag Tacú le Bród 2021
Páirtí Oifigiúil Meán Cumarsáide Bród Bhaile Átha Cliath | Bródúil as seasamh a ghlacadh. Bródúil as tabhairt faoin bpléaráca. www.RTE.ie/Pride | #Pride #RTEPride #virtualprideparade
Tá ceiliúradh á dhéanamh arís ag RTÉ ar Bród, mar aon lena gcomhpháirtíocht oifigiúil le Bród LGBTQ+ Bhaile Átha Cliath, le clár cuimsitheach d’ábhar ar fud RTÉ.ie, RTÉ 2FM, agus an RTÉ Player.
I measc chlár RTÉ d’ábhar lena mbaineann an téama Bród agus a léiríodh go speisialta tá:
AR LÍNE: Áit faoi leith a bhféadfaidh daoine tarraingt uirthi chun gach a mbaineann le Bród RTÉ a fháil ar www.rte.ie/pride
AR 2FM: Seachtain iomlán de cheol, agallaimh agus siamsaíocht ar fud RTÉ 2FM lena n-áirítear comhfhiontar beo le Mother, Baile Átha Cliath (sonraí tugtha thíos).
SPOTSOLAS FÍSE AR GHRÚPAÍ POBAIL LGBTQI+: Labhróidh Adam Hogan RTÉ 2FM le ceannairí ó ghrúpaí pobail LGBTQI+ ar fud na tíre chun téama na bliana seo, Pobal, a cheiliúradh, ag tabhairt ardáin don obair a dhéanann siad agus na dúshláin a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt orthu i láthair.
CEACHTANNA MAIDIR LE STAIR NA hAITEACHTA: Cuirfidh Shane Daniel, an fuirseoir ar líne agus an múinteoir aisteoireachta, a shé cheacht féin maidir le Stair na hAiteachta i láthair. Féach ar an RTÉ Player, RTE.ie/Lifestyle agus ar chainéil meán sóisialta RTÉ.
PARÁID FHÍORÚIL BRÓD BHAILE ÁTHA CLIATH: Tá RTÉ ag obair ar chomhfhiontar fíorspeisialta ar fad do Pharáid Fhíorúil Bród i mbliana le réimse ealaíontóirí óga LGBT.
RTÉ PLAYER: Beidh clár faisnéise eisiach a coimisiúnaíodh go speisialta don RTÉ Player, Kin of Kweens ar fáil chomh maith le sraith de chláir faisnéise a bhfuil an-tóir orthu – The Only Gay in the Village, The Panti Monologues, Converted agus My Trans Life.
news2day: Beidh gnéchláir nuachta speisialta ar RTÉ news2day (clár nuachta teilifíse beo RTÉ do leanaí, ar siúl ag 4.20pm ar RTÉ2 i rith na seachtaine) ar mar atá leanaí ag ceiliúradh mí an Bhróid.
FEACHTAS: Feachtas cumarsáide margaíochta mór le rá ar fud raidió, teilifís, meáin shóisialta agus ar líne ó Dé Sathairn an 12 Meitheamh ag tacú le Bród LGBTQ+ Bhaile Átha Cliath go dtí Dé Sathairn an 26 Meitheamh nuair a bheidh an Pharáid Fhíorúil Bród (#virtualprideparade) ar siúl.
Bród ar RTÉ 2FM: Déanfaidh 2FM ceiliúradh ar Bród i rith na seachtaine ar fad agus ar fud an sceidil le hagallaimh, gnéchláir agus poirt lena mbaineann téama an Bhróid agus díreofar ar cheol na gceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta LGBTQ+ ar fud sceideal RTÉ 2FM. Éist le Tara Stewart (7 – 10pm i rith na seachtaine) agus leis na healaíontóirí LGBTQ+ a bheidh ina teannta, Pillow Queens, Bobbi Arlo, Celaviedmai agus Tim Chadwick ina measc, a bhfuil cuireadh faighte acu a gcuid seinnliostaí féin a chruthú don seó.
Beidh tú ábalta sult a bhaint as a leanas ar RTÉ 2FM Dé Sathairn an 26 Meitheamh:
- 9-11am: Pride Breakfast le Louise McSharry
- 5-7pm: Getting the Pride Party Started le JJ Hartigan
- 7-9pm: Electric Disco Pride Special le Jenny Greene
- 9-11pm: Pride Anthems le Conor Behan
- 11pm-1am: Seiteanna eisiacha ó na DJanna ag Mother
Tabharfaimid cuireadh arís duit ceiliúradh a dhéanamh linn ar an #virtualprideparade trí do chuid grianghraf, físeán agus meon dearfach a roinnt linn ar Twitter, Facebook agus Instagram RTÉ.
Bíodh an t-eolas is déanaí agat maidir le tacú RTÉ do Bhród LGBTQ+ Bhaile Átha Cliath agus an #virtualprideparade trí #RTEPride a úsáid ar Twitter (@rte), Facebook agus Instagram (@explorerte).
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Bród LGBTQ+ Bhaile Átha Cliath, téigh chuig www.dublinpride.ie.
Tuileadh eolais maidir le Bród ar an RTÉ Player
Beidh clár faisnéise nua a léiríodh go heisiach don RTÉ Player, Kin of Kweens, ar fáil. Insítear scéal mhuintir Mockie Ah, teaghlach draig atá lonnaithe i gCorcaigh. D’aimsigh siad a chéile agus iad féin tríd an drag. Is iomaí cor ina scéal, a fhaigheann muid amach agus iad ag tabhairt faoin mbóthar don chéad ghig eile.
Ina theannta sin, is iad a leanas na cláir faisnéise a bhfuil an-tóir orthu ar an RTÉ Player:
The Only Gay in the Village
https://www.rte.ie/player/movie/the-only-gay-in-the-village-reality-bites-s1-e1/76846632111
Tá sé in ann a bheith deacair agus uaigneach a bheith i do chónaí faoin tuath in Éirinn. Mar sin, cén chaoi a mbíonn sé dóibhsean atá aerach, leispiach nó déghnéasach agus iad ag fás aníos agus ag teacht amach i mbailte agus i sráidbhailte na hÉireann, bliain i ndiaidh an Reifrinn maidir le Comhionannas Pósta?
The Panti Monologues
https://www.rte.ie/player/series/the-panti-monologues/SI0000003945?epguid=PL000000875
Is í Banríon na hÉireann, Panti Bliss, a chuirfidh an tsraith ghreannmhar agus thochtmhar focail labhartha seo i láthair. Curtha in oiriúint óna podchraoladh a bhfuil tóir air agus a seó ar RTÉ One Radio, Pantisocracy.
Converted
https://www.rte.ie/player/movie/converted-s1-e1/113693735989
Fiosrófar scéal cheathrar a bhfuil taithí acu féin ar theiripe maidir le daoine aeracha a iompú ina heitrighnéasaigh, ó chomhairleoireacht go díbirt deamhan. Mar chuid de Docland, sraith de chláir ghairide faisnéise ar líne arna cur i láthair ag RTÉ Documentaries.
My Trans Life
https://www.rte.ie/player/series/my-trans-life/SI0000003099?epguid=IP000062414
Rinneadh My Trans Life a scannánú thar thréimhse dhá bhliain, ina dtugtar léargas an-phearsanta ar shaol chúigear daoine óga trasinscne agus iad ar a n-aistear chuig athrú inscne.