Creative Futures RTÉ: 13-14 Samhain 2021
Samhlaigh todhchaí difriúil do na meáin. Samhlaigh meáin a chruthóidh TUSA!
An bhfuil tusa lán le smaointe iontacha? An bhfuil fonn millteanach ort do scéal FÉIN a insint? An bhfuil tú ag iarraidh do chuid cruthaitheachta agus an paisean atá agat a roinnt leis an saol mór? Má tá, tá deireadh seachtaine Creative Futures RTÉ oiriúnach DUITSE.
Beidh RTÉ agus an Creative Futures Academy ag cur deireadh seachtaine dianoiliúna i láthair i UCD, Belfield agus ba mhaith linn cloisteáil ó phobail a mbíonn gannionadaíocht orthu de ghnáth i meáin na hÉireann.
Cibé scéal atá agat, ba bhreá linn cloisteáil uait! Imeacht cumasaithe a bheidh ann ina ndíreofar ar scileanna, an chéad chéim de do ghairm sa tionscal cruthaitheachta.
Cuirfimid ar fáil:
- Sárthaispeántas post, ina ndéanfar réimse gairmeacha meán a iniúchadh
- Seisiúin phraiticiúla ar iriseoireacht mhóibíleach agus podchraoltóireacht
- Ceardlanna ar chruthaitheacht, eiticí agus ról na meán sa saol tar éis na paindéime
- Seisiún pitseála os comhair painéal saineolaithe
- Deiseanna chun aithne a chur ar dhaoine agus do phróifíl a láidriú
- Meantóireacht agus tacaíocht leanúnach i ndiaidh an imeachta deireadh seachtaine.
Cuirfidh tusa ar fáil:
- Do ghlór agus dearcadh uathúil féin
- Smaointe dochreidte maith
- Paisean agus díograis!
Chun iarratas a dhéanamh:
Ba mhaith linn tuilleadh a fhoghlaim fút agus an fáth gur mhaith leat a bheith páirteach i mí na Samhna a thuiscint.
Chun iarratas a dhéanamh, seol ráiteas gearr chugainn (ráiteas i scríbhinn nach mó ná 300 focal nó taifeadadh nach mó ná 90 soicind) chun a insint dúinn conas a thabharfaidh tú athrú agus éagsúlacht do thírdhreach na meán in Éirinn. Is é Dé hAoine an 15 Deireadh Fómhair 2021 an spriocdháta d’iarratais. Roghnófar fiche iarrthóir ar éirigh leo.
Seol do ráiteas iarratais chuig creativefutures@rte.ie
Tabharfar breith ar d’iarratas bunaithe ar mar a dhéantar cur síos ann ar d’uaillmhianta, do chruthaitheacht agus an t-athrú a thionscnóidh tú. Níl aon taithí ghairmiúil sna meáin riachtanach chun iarratas a dhéanamh. Beidh cúig stipinn ar fáil chun costais taistil agus lóistín a chlúdach dóibhsean a bhfuil cónaí orthu lasmuigh de cheantar Bhaile Átha Cliath.
Seo an t-am. Déanaimis é!