EISIÚINT NA bhFIGIÚIRÍ JNLR IS DÉANAÍ
Bíonn beagnach 2 milliún (1,927,000) ag éisteacht le raidió RTÉ in Éirinn, agus bíonn 48 faoin gcéad de dhaoine fásta os cionn 15 mbliana ag éisteacht seachtain i ndiaidh seachtaine. Is é RTÉ Radio 1 an t-aon stáisiún in Éirinn a mbíonn lucht éisteachta os cionn +1 milliún aige (1,400,000), agus is aige atá 18 clár den 20 Clár Raidió is mó a raibh lucht éisteachta acu in Éirinn (i measc Daoine Fásta 15+). Bíonn 700,000 éisteoir ag RTÉ 2fm gach seachtain (Daoine Fásta 15+), agus bíonn 282,000 éisteoir ag tabhairt cluas éisteachta do RTÉ lyric fm ar bhonn seachtainiúil.
RTÉ Radio 1
21.3% AN SCIAR DEN MHARGADH A BHÍONN AG RTÉ RADIO 1 I RITH NA SEACHTAINE
BÍONN 888,000 AG ÉISTEACH LE RTÉ RADIO 1 I RITH NA SEACHTAINE
• Is é Morning Ireland an clár raidió is mó a bhfuil lucht éisteacht aige sa tír, agus bíonn 450,000 ag éisteacht leis gach maidin.
• Is é The Brendan O’Connor Show maidin Dé Sathairn an dara clár raidió is mó a bhfuil lucht éisteachta aige sa tír, le 366,000 éisteoir, agus bíonn 329,000 ag éisteacht leis gach maidin Dé Domhnaigh.
• Tá The Ryan Tubridy Show ar an tríú clár is mó in Éirinn a mbíonn daoine ag éisteacht leis, le 359,000 éisteoir.
• Bíonn 346,000 éisteoir ag éisteacht le Liveline with Joe Duffy gach lá i rith na seachtaine, rud a fhágann go bhfuil sé ar an gceathrú clár is mó a bhfuil daoine ag éisteacht leis in Éirinn.
• Bíonn 340,000 éisteoir ag éisteacht le Today with Claire Byrne i rith na seachtaine agus mar sin tá áit bainte amach aige ag uimhir 5 den 5 Clár raidió is mó a bhfuil lucht éisteachta aige in Éirinn.
• Bíonn 329,000 mar lucht éisteachta ag News at One with Bryan Dobson ag am lóin gach lá i rith na seachtaine.
• Craoltar The Ray D’Arcy Show chuig 210,000 éisteoir san iarnóin gach lá i rith na seachtaine.
• Bíonn 224,000 éisteoir ag éisteacht le Drivetime with Sarah McInerney and Cormac Ó hEadhra gach tráthnóna i rith na seachtaine.
Deireadh na Seachtaine ar RTÉ Radio 1:
• Bíonn 322,000 éisteoir ag Sunday with Miriam/The Collins Collection (+4,000 bliain ar bhliain).
• Bíonn 314,000 éisteoir ag éisteacht le Playback gach maidin Dé Sathairn chun an chuid is fearr de raidió na seachtaine a fháil.
• Bíonn 290,000 éisteoir ag Sunday Miscellany gach maidin Dé Domhnaigh (+15,000 bliain ar bhliain).
• Fuair Rising Time tuilleadh éisteoirí ag an deireadh seachtaine, le 87,000 ag éisteacht maidin Dé Sathairn (+7,000 bliain ar bhliain) agus 62,000 ag éisteacht (+8,000 bliain ar bhliain) maidin Dé Domhnaigh.
• Bíonn 194,000 ag éisteacht le World Report/Bowman anois (+2,000 bliain ar bhliain).
• Bíonn 163,000 ag éisteacht le This Week ag am lóin Dé Domhnaigh.
Is éard a dúirt Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Is daingniú é seo do Radio 1. Léirítear leis an leabhar seo go ndeachaigh na hathruithe a rinneamar ar an sceideal anuraidh chun feabhais, agus d’éirigh go maith le Claire Byrne, Sarah McInerney agus Cormac Ó hEadhra, Katie Hannon, Brendan O’Connor agus Bryan Dobson ar News at One. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí i dtaobh ábhar ealaíon agus ceoil Radio 1 freisin maidir le Arena, Sunday Miscellany, Ronan Collins agus clár Domhnaigh Miriam O’Callaghan – agus tharla sé go raibh an-tóir ar chlár John Creedon go háirithe sa tráthnóna i rith na seachtaine.
RTÉ 2FM
BÍONN 324,000 ÉISTEOIR AG ÉISTEACHT LE RTÉ 2FM GACH LÁ I RITH NA SEACHTAINE
• Bíonn 103,000 éisteoir ag 2FM Breakfast.
• Bíonn 140,000 ag éisteacht le Jennifer Zamparelli ar 2FM.
• Bíonn 128,000 éisteoir ag Tracy Clifford ar 2FM.
• Bíonn 122,000 ag éisteacht le Jenny Greene ar 2FM.
Deireadh na Seachtaine ar 2FM:
• Bíonn 104,000 éisteoir ag Louise McSharry maidin Dé Sathairn agus éisteann 72,000 lena clár maidin Domhnaigh.
• Bíonn 97,000 éisteoir ag Chris agus Ciara Dé Sathairn agus 84,000 maidin Dé Domhnaigh.
• Bíonn 115,000 duine ag éisteacht le Dave Fanning san iarnóin Dé Sathairn agus bíonn 82,000 ag éisteacht Dé Domhnaigh.
Dúirt Dan Healy, Ceann Straitéise RTÉ Radio agus RTÉ 2FM: “Níl an Breakfast Show nua atá againn ach ina thús, tá splanc idir Doireann, Donncha agus Carl atá an-tógálach, agus táimid ag súil go mór le breathnú ar líon na n-éisteoirí a bheidh acu sna míonna atá amach romhainn agus é ag dul in airde. Tá an-bhród orm as mar a d’fheidhmigh foireann agus stáisiún 2FM le linn mhíonna Covid, agus táimid ag tnúth le ceol beo agus féilte a bheith ar siúl arís sa bhliain 2022, áit ar dual do 2FM a bheith ann.”
RTÉ lyric fm
BÍONN 282,000 ÉISTEOIR AG RTÉ LYRIC FM GO SEACHTAINIÚIL
2.1% AN SCIAR DEN MHARGADH A BHÍONN AG RTÉ LYRIC FM I RITH NA SEACHTAINE
• Tá ardú ag teacht i gcónaí ar líon éisteoirí Lorcan Murray’s Classic Drive, le 62,000 ag éisteacht san iarnóin i rith na seachtaine (+4,000 bliain ar bhliain).
• Bíonn 42,000 ag éisteacht le Marty in the Morning gach maidin.
• Bíonn 31,000 éisteoir ag Niall Carroll’s Classical Daytime.
• Bíonn 43,000 éisteoir ag The Full Score le Liz Nolan.
• Bíonn suas le 26,000 éisteoir ag The Lyric Concert with Paul Heriott/Mystery Train with John Kelly (Dé Luain – Déardaoin).
• Bíonn 50,000 éisteoir ag Movies and Musicals with Aedín Gormley ag an deireadh seachtaine.
• Bíonn 48,000 éisteoir ag Weekend Drive with Evelyn Grant Dé Sathairn (+1,000 bliain ar bhliain) agus 43,000 Dé Domhnaigh (+8,000 bliain ar bhliain).
Dúirt Sinéad Wylde, Ceann RTÉ lyric fm: “Tá an-áthas orm go léirítear leis an leabhar seo an chaoi a bhfuil RTÉ lyric fm ag dul i méid i gcónaí agus ag coinneáil éisteoirí sa phríomhlucht éisteachta i rith an lae, fad atá a áit i gcroí lucht spéise ceoil na hÉireann á dearbhú ar fud an sceidil ag an am céanna. Tugtar moladh leis an leabhar seo arís eile don spás luachmhar a chruthaíonn RTÉ lyric fm dár lucht éisteachta, áit a nochtar domhain éagsúla ceoil dóibh.”