Lean Torthaí Thoghchán Thionól Thuaisceart Éireann le RTÉ
- Cláracha níos faide de Six One News, Drivetime, News at One, Morning Ireland agus The Week in Politics
- Clúdach teilifíse tiomnaithe ar Thorthaí an Toghcháin le Miriam O’Callaghan agus David McCullagh
- Craolfar RTÉ Radio 1, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ One beó ó Bhéal Feirste
Cuirfidh RTÉ clúdach cuimsitheach i láthair de thorthaí Thoghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2022 ó Dé hAoine an 6 Bealtaine agus i rith an deireadh seachtaine ar fud na seirbhísí teilifíse, raidió agus ar líne.
Beidh léargas, tuairimí agus tuairisciú á gcur ar fáil ag Eagarthóir Thuaisceart Éireann RTÉ, Vincent Kearney agus Comhfhreagraí Thuaisceart Éireann Conor Macauley beo ar fud Thuaisceart Éireann ar thionchar foriomlán na dtorthaí. Beidh tuairisceoirí RTÉ News, Radio 1 agus Raidió na Gaeltachta beo sna trí ionad comhairimh, ag clúdach na 18 toghcheantar go léir go dtí fógairtí deireanacha na dtorthaí.
Beidh clúdach agus an nuacht is déanaí ar fáil ar aip RTÉ News agus ar rte.ie/news, de lá agus d’oíche, ón am a n-osclófar na mboscaí go dtí go gcuirfear deireadh le gach comhaireamh. Beidh sruth beo de na torthaí ar gach toghcheantar agus ar gach comhaireamh, chomh maith leis an nuacht is déanaí ar chuntais Twitter, Facebook, Instagram, Tik-Tok and YouTube RTE News.
Beidh seirbhís torthaí rollach agus na forbairtí nuachta is déanaí chomh maith le clúdach ar phríomhchláracha RTÉ ar an Toghchán mar chuid de chlúdach beo ar chainéal RTÉ News (a bhfuil teacht air ar na hardáin teilifíse go léir agus ar aip RTÉ News).
Dé hAoine an 6 Bealtaine
Beidh Morning Ireland RTÉ Radio 1 á chur i láthair i gcomhar ag Gavin Jennings i mBéal Feirste agus ag Rachael English i mBaile Átha Cliath. Beidh an nuacht is déanaí maidir leis an méid daoine atá ag vótáil ar fud na 18 toghcheantar go léir agus anailís ar fáil i rith na maidine ar Today with Claire Byrne.
Cuirfear clár breisithe de RTÉ News at One le Bryan Dobson ar Radio 1 agus de One O’Clock News ar theilifís RTÉ One ar siúl a mbeidh comharthaí luath an chomhairimh mar chuid díobh.
Tosóidh clár toghcháin RTÉ Raidió na Gaeltachta Lá an Chomhairimh ag 1.30pm agus beidh sé ar siúl go dtí 10pm. Gheobhaidh láithreoirí Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra torthaí ó thuairisceoirí i ngach ceann de na hionaid chomhairimh, chomh maith le hanailís ó na painéalaithe Póilín Ní Chiaráin, Ian Malcolm, Eoin Ó Néill, Ciarán Ó Pronntaigh, Máirín Hurndall, Máirtín Ó Muilleoir agus Fearghal Mac Bhloscaidh
Fad a bheidh céad fhógairtí an chomhairimh á ndéanamh, craolfaidh RTÉ One clár speisialta de Thoghchán Thionól 2022 ón 3pm ar feadh an tráthnóna leis na láithreoirí Miriam O’Callaghan i mBéal Feirste agus David McCullagh i mBaile Átha Cliath. Beidh clúdach beo ar thorthaí toghcháin an Tionóil ar an gclár, agus an nuacht is déanaí ó na hionaid chomhairimh ar fud Thuaisceart Éireann, anailís agus tuairimí ón stiúideo.
Ar RTÉ Radio 1, cuirfidh Cormac O’hEadhra Drivetime i láthair beo ó Ionad Taispeántais an Titanic i mBéal Feirste, i gcomhar le John Cooke a mbeidh scéalta eile an lae á gclúdach aige as RTÉ i mBaile Átha Cliath ón 4.00pm, níos luaithe ná mar a bhíonn de ghnáth.
Leanfar ar aghaidh leis an gclúdach teilifíse nuair a chuirfear an nuacht is déanaí i láthair i nGaeilge ar Nuacht RTÉ ag 5.40pm agus ina dhiaidh sin cuirfidh Caitriona Perry clár speisialta breisithe de Six One News i láthair beo ó Ionad Taispeántais an Titanic i mBéal Feirste leis na tuairimí is déanaí ar an toghchán.
De réir mar a leanann an comhaireamh ar aghaidh go déanach san oíche, déanfar na torthaí is déanaí a thuairisciú ar RTÉ One Nine O’Clock News le Eileen Dunne agus cuirfidh Katie Hannon eagrán speisialta de Late Debate RTÉ Radio 1 i láthair beo ó Ionad Taispeántais an Titanic i mBéal Feirste ag 10pm.
Dé Sathairn an 8 Bealtaine
Ar maidin Dé Sathairn, cuirfidh Gavin Jennings Clár Speisialta Morning Ireland ar Thorthaí an Toghcháin i láthair ar RTÉ Radio 1 beo ó Bhéal Feirste ag 8am. Leanann clúdach tiomnaithe ar an toghchán ar RTÉ Radio 1 Dé Sathairn agus Katie Hannon ag craoladh beo ó Bhéal Feirste ag 1pm.
Cuirfidh Aine Lawlor clár teilifíse uair an chloig, The Week in Politics – Clár Speisialta ar Thoghchán an Tionóil, i láthair Dé Sathairn ag 1.00pm ar RTÉ One agus ar Chainéal RTÉ News.
Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta craolfar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra beo ó Bhéal Feirste ón 10.30am go dtí 1pm Dé Sathairn, agus ón 10am Dé Domhnaigh. I measc na bpainéalaithe beidh Fergus Ó hÍr, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Clíona Ní Chorráin, Somhairle Mac Uidhir, Gearóid Ó Muilleoir, Jake Mac Siacais agus Mícheál Mac Giolla Ghunna.
Dé Domhnaigh, nuair a bheidh na torthaí ar eolas, déanfar iniúchadh ar thírdhreach nua na polaitíochta i dTuaisceart Éireann ar an gclár This Week ar RTÉ Radio 1 leis na láithreoirí Gavin Jennings i mBéal Feirste agus Carole Coleman i mBaile Átha Cliath.
Beidh clúdach toghcháin mionsonraithe ag Nuacht RTÉ/TG4 ar fheasacháin ar RTÉ One, ar chainéal RTÉ News, ar TG4 agus ar líne le rianaire leis an eolas is déanaí ar an gcomhaireamh ar aip RTÉ News / Táb Nuachta, an nuacht is déanaí ar na meáin shóisialta, agus clúdach iomlán ar na torthaí agus na tuairimí go léir ó Thuaisceart Éireann. Craolfar Nuacht TG4 beo ó Bhéal Feirste Dé hAoine an 6 Bealtaine, ón 7-8pm, á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola, ina mbeidh torthaí, an nuacht is déanaí agus anailís bheo ar fáil.