Cearta buaite ag RTÉ ar chluichí Phoblacht na hÉireann do Shraith na Náisiún UEFA 2022
Tá sé chluiche beo ar fud RTÉ lena n-áirítear Poblacht na hÉireann v An Úcráin
Ar Late Late Show Dé hAoine ag ceiliúradh céad bliain de pheil na hÉireann, bhí áthas ar RTÉ a fhógairt go bhfuil cearta bainte amach aige do gach ceann de na sé chluiche de chuid Shraith Na Náisiún UEFA Phoblacht na hÉireann in 2022.
Bhí bainisteoir Fhoireann Náisiúnta na bhFear i bPoblacht na hÉireann Stephen Kenny ina aoi ar Late Late Show Dé hAoine agus tabharfaidh a scuad faoin Úcráin, Albain agus an Airméin abhaile agus ar shiúl beo ar RTÉ2, RTÉ Player agus RTÉ Radio agus iad ag iarraidh a bhfoirm mhaith le déanaí a thabhairt isteach i Sraith na Náisiún UEFA.
Cuirfear tús leis an bhfeachtas i gcoinne na hAirméine Dé Sathairn an 4 Meitheamh agus ansin óslfaidh Poblacht na hÉireann an Úcráin i Staid Aviva Dé Céadaoin an 8 Meitheamh mar ócáid mhothúchánach mar go bhfaigheann lucht leanúna na hÉireann deis a ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine a léiriú.
Tá Albain suas dé Sathairn an 11 Meitheamh san Aviva agus ina dhiaidh sin an cluiche as baile i gcoinne na hÚcráine a bheidh ar siúl go sealadach i Łódź, an Pholainn Dé Máirt 14 Meitheamh.
Ar deireadh, i mí Mheán Fómhair rachaidh Éire ar aghaidh go hAlbain agus críochnóidh sí an feachtas sa bhaile i gcoinne na hAirméine.
Dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ: “Tá ríméad ar Spórt RTÉ cluichí Sraith na Náisiún UEFA a thabhairt saor go haer don lucht féachana i bhfianaise an mhóiminteam atá ag dul i méid taobh thiar d’fhoireann idirnáisiúnta na bhFear agus tábhacht na gcluichí le hAlbain, leis an Airméin agus go háirithe leis an Úcráin. In éineacht lenár gclúdach ar fhoireann náisiúnta na mBan, léiríonn feachtas cáilíochta faoi 21 agus an cluiche baile go feiceálach ár dtiomantas do phríomh-chuimhneacháin spóirt a choinneáil ar fáil don lucht féachana is leithne is féidir.”