RISING ON THE ROAD SEOLTA AG RTÉ 2FM
Tá 2Fm Rising ag triall ar Luimneach, Baile Átha Cliath agus Sligeach
leis na ceoltóirí cumasacha is iontaí dá bhfuil in Éirinn,
lena n-áirítear Bobbi Arlo, Sello, Ezra Williams, & Chasing Abbey
Tá 2FM Rising, an clár bliantúil a thugann cuntas ar cheoltóirí nua na hÉireann atá ag teacht chun cinn agus a dhéanann ceiliúradh orthu, ag cur chun bóthair an Fómhar seo leis na ceoltóirí agus bannaí nua is iontaí dá bhfuil in Éirinn i láthair na huaire. Tá rogha de na ceoltóirí a roghnaíodh i gclár Rising na bliana seo agus na ceoltóirí a roghnaíodh i mblianta roimhe seo á tabhairt le chéile mar chuid de Rising on the Road, agus beidh siad ag dul chuig trí ionad ar fud na hÉireann chun ceol beo a sheinm do lucht éisteachta 2FM ar fud na tíre.
Cuirfear tús leis an gcraic in Dolan’s i Luimneach ar an 21 Deireadh Fómhair, áit a mbeidh Bobbi Arlo, Ezra Williams, agus Sophie Doyle ag seinm, le Graham Smyth agus DJ Kate Brennan Harding ó 2FM i mbun láithreoireachta.
Ó bhí sí ar dhuine de na ceoltóirí nua ar RTÉ 2FM Rising, bhí Bobbi Arlo ar ghearrliosta Dhuais Rogha Ceoil RTÉ d’Amhrán na Bliana sa bhliain 2021 agus sheinn sí ag féilte áirithe i mbliana, lena n-áirítear Primavera Sound. Is as na Clocha Liath, Co. Chill Mhantáin do Ezra Williams, ceoltóir neamhspleách a chruthaíonn ceol na ndaoine atá ailtéarnach agus rac-cheol ailtéarnach. Is réalta popcheoil í Sophie Doyle Ryder atá ag teacht go mór chun cinn, agus a fuair moladh mór ó na léirmheastóirí as na taispeántais a thug sí ag na féilte Forbidden Fruit agus Body & Soul.
Istigh sa Workman’s Club ar an 3 Samhain a bheidh Rising on the Road don chéad oíche eile, áit a gcloisfear ceol ó Sprints, Sello, agus THUMPER. Ar deireadh, lean an ródaí chuig Anderson’s, mar a mbeidh cóisir dheiridh den chéad scoth ar siúl ar an 24 Samhain, a mbeidh Le Boom agus Chasing Abbey, réaltaí ceoil ó bhlianta eile de Rising, ag casadh taobh le Lucy Blue atá ar liosta Rising na bliana seo.
Is le tacaíocht ó IMRO agus le maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus RTÉ atá RTÉ 2FM Rising on the Road á chur ar fáil duit. Tá táille ainmniúil €2 ar na ticéid, a chuirfear díreach chuig Minding Creative Minds, eagraíocht neamhbhrabúsach a chuireann tacaíocht folláine saor in aisce 24/7 ar fáil do dhaoine a oibríonn in earnáil na cruthaitheachta.
Níl ach líon teoranta ticéad ar fáil agus is féidir iad a fháil anois ar www.takeyourseats.ie
Bí Beo san Am i Láthair le RTÉ 2FM, Rising On The Road