Ag freagairt do Thuarascáil Eispéireas Custaiméirí CX 2023 a thiomsaigh an Comhlacht CX a foilsíodh inniu, dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst:
“Cé go bhfuil díomá orainn ar ndóigh faoi thorthaí an tsuirbhé, tuigimid go maith an tionchar diúltach a bhí ag imeachtaí na míonna seo caite ar cháil RTÉ, rud atá meáite go hiomlán a shocrú.”
Leanaimid orainn ag obair go dian chun muinín san eagraíocht a athbhunú. Táimid á dhéanamh seo trí bheith chomh hoscailte agus chomh trédhearcach agus is féidir linn, trí chomhoibriú go hiomlán le hathbhreithnithe a choimisiúnaigh an tAire, trí roinnt athbhreithnithe a dhéanamh orainn féin, amhail an t-athbhreithniú ar an dá Chlár Scoir Shaorálaigh a bhí ag RTÉ roimhe seo, agus trí thacú lenár bhfostaithe de réir mar a leanann siad ag soláthar nuacht agus cúrsaí reatha tábhachtacha, tarraingteacha agus luachmhara, drámaíocht, spórt beo, siamsaíocht agus eile don phobal gach uile lá.”