“Chomh luath agus atá tú ar do chompord, bainfidh an tAtlantach siar asat arís é…”
RÉAMHLÉIRIÚ: Man vs Ocean, 112 Days
Is clár faisnéise eachtraíochta tochtmhar smaointeach é Man vs Ocean ina leantar an turas corraitheach a rinne Damian Browne agus Fergus Farrell agus iad ag féachaint leis an rud dodhéanta a dhéanamh – an tAigéan Atlantaigh neamhthrócaireach a thrasnú i mbád rámhaíochta beag dhá sheas – craolfar an clár Dé Céadaoin an 6 Nollaig ag 9.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Leantar Damian agus Fergus sa chlár faisnéise agus iad ag ullmhú dá dturas iontach agus é mar aidhm acu curiarracht nua dhomhanda a bhaint amach sa rámhaíocht gan tacaíocht is tapa trasna an Atlantaigh ó Nua-Eabhrac go Gaillimh. Ní hamháin go gcuirfear colainn na beirte faoi bhrú ar an turas iontach seo ach cuirfear an caidreamh atá eatarthu féin, an caidreamh atá acu lena dteaghlaigh agus an caidreamh atá acu leo féin faoi bhrú freisin.
Agus iad ag dul chun farraige dúirt Damian Browne: “Tá barr Shliabh Everest nó an spás bainte amach ag níos mó daoine ná atá iomartha trasna aigéin. Táimid ag iarraidh 5,000km trasna an Aigéin Atlantaigh fhealltaigh ó Nua-Eabhrac a iomramh gan aon tacaíocht go dtí ár mbaile dúchais féin, Gaillimh, agus gan againn ach neart na colainne. 55 lá agus 13 uair an chloig an churiarracht. Tá sé mar aidhm againn an churiarracht dhomhanda sin a shárú…”
Níl sna constaicí fisiciúla ach gné amháin dá dturas. Cuirtear iallach ar Damian agus ar Fergus aghaidh a thabhairt ar a gconstaicí pearsanta féin agus iad ag cur brú as cuimse ar a gcolainn agus ar a n-intinn. Tá sé mar aidhm ag Damian leas a bhaint as an turas chun machnamh a dhéanamh ar an dúspéis atá aige scleondar na heachtraíochta a lorg. Idir an dá linn, tá Fergus ag streachailt le féinamhras agus tá ceisteanna aige cibé an bhfuil sé réidh don dúshlán ollmhór seo ó tharla gur cuireadh pairilis air cúpla bliain ó shin nuair a bhain gortú trámach dromlaigh dó ach d’éirigh leis siúl arís ainneoin na n-ainneoin.
Mar sin féin, nuair a bhí ar Fergus éirí as an turas agus gan ach 12 lá déanta acu, ní raibh sé i bhfad gur thuig Damian nach raibh a thuras féin ach ag tosú. Beirt chairde a bhí ag iarraidh curiarracht dhomhanda 125 bliain a shárú a bhí ann ag an tús ach ba é an tástáil ba dheacra ar sheasmhacht an duine a bhí ann sa deireadh. Fad is a bhí Damian ar an bhfarraige, cuireadh iallach air athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh atá aige lena chairde, lena theaghlach agus ar an gcaidreamh atá aige leis féin i ndeireadh na dála.
Craolfar Man vs Ocean Dé Céadaoin an 6 Nollaig, 9.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.