CASH & CARRY KITCHENS le hurraíocht a dhéanamh ar Today With Claire Byrne ar RTÉ Radio 1
Tá sé fógartha ag RTÉ Media Sales inniu go mbeidh Cash & Carry Kitchens ag déanamh urraíocht ar Today with Claire Byrne ó Dé Máirt an 2 Eanáir 2024. Bíonn scéalta an lae, anailís ghrinn agus gné-mhíreanna ar an gclár seo a bhíonn ar siúl i lár na maidine ag 10am i rith na seachtaine a bhíonn á chur i láthair ag Claire Byrne.
Is é HAVAS a rinne an idirbheartaíocht ar an urraíocht 12 mhí ar RTÉ Radio 1 ina n-áirítear stoingí 6 x 10 soicind in aghaidh an chláir ar a luafar an t-urraitheoir, blaisíní ar a luafar an t-urraitheoir ar na cláracha Rising Time, Liveline, Drivetime, Saturday with Colm O’ Mongáin agus Brendan O’ Connor chomh maith le hurraíocht ar phodchraoltaí agus leathanaigh baile.
Is é an clár Today with Claire Byrne an ceathrú clár raidió is mó a n-éistear leis sa tír anois agus tá 331,000 lucht éisteachta aige. (Foinse – JNLR)
Is éard a dúirt Tara Farrell, Bainisteoir Urraíochta RTÉ Radio: “Tá ríméad ar Dhíolachán Meán RTÉ tús a chur leis an mbliain 2024 le hurraitheoir úrnua do Today with Claire Byrne agus dul i bpáirt le branda Éireannach atá chomh haitheanta sin agus a bhfuil dea-chlú air.”
Is éard a dúirt Alan Morris, Ceannasaí Margaíochta Cash & Carry Kitchens: “Tá muid ar bís dul i bpáirt le Claire Byrne agus le RTÉ sa bhliain amach romhainn agus tá muid ag tnúth go mór leis an gcaidreamh seo a fhorbairt. Is é Today with Claire Byrne ceann de na cláracha raidió is mó a n-éistear leis in Éirinn agus tá lucht éisteachta forleathan a bhfuil an-suim acu san ábhar ag an gclár. Oireann Today with Claire Byrne go foirfe dár mbranda. Cuirfidh an chomhpháirtíocht seo ardán den scoth ar fáil chun teachtaireacht Cash & Carry Kitchens a chur in iúl dár gcustaiméirí, rud a thabharfaidh ardú croí dár bhfoireann saineolaithe sna 17 seomra taispeántais atá againn ar fud na tíre.”
Is éard a dúirt Bryan Keegan, Stiúrthóir na gCuntas in Havas Media Ireland: “Tá ríméad orainn baint a bheith againn leis an urraíocht chraolacháin le Claire Byrne ar Radio 1. Tá an chomhpháirtíocht seo ag teacht go héasca le Cash & Carry Kitchens agus cuirtear deis ar fáil chun borradh a chur faoin eolas atá ag daoine ar an mbranda agus chun teagmháil a dhéanamh le custaiméirí trí chlár raidió Claire Byrne a bhfuil tóir i gcoitinne air i measc an lucht éisteachta.”