Cuir sa Dialann é! Blaisín den dráma nua These Sacred Vows eisithe
Tosóidh These Sacred Vows le Tom Vaughan-Lawlor, Justine Mitchell agus Jason O’Mara sna príomhpháirteanna Dé Domhnaigh an 1 Feabhra 2026 ar RTÉ
Tá íomhánna nua le fáil anseo.
D’eisigh RTÉ an blaisín iomlán don tsraith nua ghrinn-dhrámaíochta These Sacred Vows inniu, atá scríofa agus stiúrtha ag John Butler, scríbhneoir scripte Éireannach a bhfuil duaiseanna buaite aige. Is iad Tom Vaughan-Lawlor, Justine Mitchell agus Jason O’Mara na príomhaisteoirí sa tsraith seo de chuid RTÉ, i gcomhar le Banijay Rights agus Fís Éireann, a chraolfar den chéad uair ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player Dé Domhnaigh an 1 Feabhra 2026. Cuirtear tús leis an tsraith ghrinn-dhrámaíochta an mhaidin tar éis bainis Éireannach ar oileán amach ón Spáinn, nuair a aimsítear corp sagairt ar a bhéal faoi sa linn snámha i villa na gcuairteoirí óga. Thar sé chlár, féachtar siar ar eachtraí tábhachtacha a tharla le linn na seachtaine fiáine sin, le gach ceann de na heachtraí á dtaispeáint ó dhearcadh carachtair dhifriúil. Tugann blaisín an lae inniu blaiseadh don lucht féachana den dráma a bheidh faoi chaibidil thall in Tenerife sa tsraith sé chuid seo a bhfuil cliar aisteoirí Éireannacha den scoth ag aisteoireacht inti lena n-áirítear Tom Vaughan-Lawlor (Love/Hate, Avengers: Infinity War/Endgame) i bpáirt an Athar Vincent; Justine Mitchell (Derry Girls, Smother) i bpáirt Sandra, máthair na brídeoige; Jason O’Mara (Agents of SHIELD, The Man In The High Castle) i bpáirt Jerry, athair na brídeoige; agus India Mullen (Normal People, Say Nothing) i bpáirt Ava, aoi ag an mbainis. Áirítear ar na haisteoirí eile Adam John Richardson (The Dry), Aaron Heffernan (Brassic), Mark O’Halloran (Adam & Paul, Garage) na fuirseoirí Shane Daniel Byrne agus Catherine Bohart agus aisteoir nach bhfuil mórán aithne fós uirthi Isolt Caffrey i bpáirt Karen.
Is iad Rob Walpole agus Rebecca O’Flanagan ó Treasure Entertainment a léirigh These Sacred Vows. Is iad David Crean, Ceannasaí Drámaíochta RTÉ agus Dermot Horan, Stiúrthóir Éadálacha agus Comhléirithe RTÉ, na Léiritheoirí Feidhmiúcháin; Cathy Payne agus Simon Cox na Léiritheoirí Feidhmiúcháin do Banijay Rights agus is í Kate McColgan Léiritheoir Feidhmiúcháin Fís Éireann. Tá These Sacred Vows ar cheann de naoi léiriúchán drámaíochta do RTÉ a ndearnadh taifeadadh orthu in 2025 chun 142 uair an chloig de scéalaíocht ar ardchaighdeán de bhunadh na hÉireann a chur ar scáileáin ar fud na tíre. Tá na sraitheanna seo mar chuid de dhúthracht RTÉ i leith drámaíocht áitiúil den scoth.
CRÍOCH Eisithe: Dé Domhnaigh an 4 Eanáir 2026