Ag cothú na cruthaitheachta:Tá Super Garden ar ais do shéasúr eile
Tá an samhradh beagnach ar leac an dorais againn agus tá Super Garden ag filleadh ar an scáileán le borradh a chur faoin ngarraíodóireacht. Cuirfear tús leis an tsraith nua Déardaoin an 23 Aibreán ag 7pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player. Cibé an bhfuil gairdín, balcóin, nó leac fuinneoige agat, cuireann Super Garden smaointe nua agus cruthaitheacht ar fáil agus cúigear lucht deartha á leanúint againn agus gairdíní á gcruthú acu ar fiú iad a thaispeáint ag Bloom Bhord Bia.
Is i Rás an Mhuilinn i gCill Dhéagláin i gContae na Mí a bheidh Super Garden na bliana seo, forbairt nua tithíochta sóisialta le Comhairle Chontae na Mí. Tá cúig theaghlach tar éis bogadh isteach i dtithe nua le gairid, agus is canbhás glan folamh iad a gcuid gairdíní do gach duine de na dearthóirí. Cuirfear athrú ó bhonn ar gach gairdín thar thréimhse trí seachtaine, le buiséad €15,000. Cruthóidh na dearthóirí gairdíní uathúla, ag súil go bhfreastalóidh siad ar riachtanais gach aon teaghlach, chomh maith leis an deis a fháil lena ngairdín a chruthú arís ag Bloom Bhord Bia a bheidh ar siúl deireadh seachtaine saoire bainc mhí an Mheithimh.

Sa tsraith seo, is iad na dearthóirí gairdín, Eoighan Mountaine Barry ó Leamhcán i mBaile Átha Cliath; Janani Rajkumar ó Bhaile Brigín; Emily Moorcroft, iarBhleachtaire leis an London Metropolitan Police; Sean Melia ó Chnoc an Línsigh i gCo. na Mí, an t-iomaitheoir is óige riamh ar Super Garden; agus Adrian Bolton ó Lancashire i Sasana ó dhúchas agus atá ina chónaí in Éirinn le breis is 20 bliain.
Glacann gach dearthóir cur chuige difriúil i leith a gcuid gairdíní, lena n-áirítear brící gloine dathannacha a mheascadh le crainn dhuilleacha; múrphictiúr atá spreagtha ag tírdhreach na hÉireann; IS le córas uisce a chruthú (an chéad uair riamh a leithéide a bheith ar Super Garden); scairdeáin agus peargóla, agus ag díriú ar inrochtaineacht do dhaoine i gcathaoireacha rothaí.
Tá Woodie’s agus Dulux Exteriors ag déanamh urraíochta ar Super Garden.Is iad na moltóirí, Brian Burke, thar ceann Woodie’s, buaiteoir Super Garden roimhe seo; Kerrie Gardiner, Bainisteoir Sheó-Ghairdíní Bloom Bhord Bia; Carol Marks, Bainisteoir Gairneoireachta i mBord Bia; agus Monica Alvarez, léachtóir i ndearadh gairdín agus beidh sise ag déanamh ionadaíochta ar Dulux Exteriors freisin.
Déantar an gairdín a bhuann a athchruthú ag príomhimeacht gairdíní agus bia na hÉireann, Bloom Bhord Bia, a bheidh ar siúl ón Déardaoin an 28 Bealtaine go dtí Dé Luain an 1 Meitheamh 2026. Beidh deis ag breis is 100,000 duine an gairdín a roghnaíodh a fheiceáil, agus is iontach an t-ardán é sin don dearthóir a mbeidh an lá leis.
Craolfar an chéad chlár sa tsraith nua de Super Garden ar RTÉ One agus ar RTÉ Player Déardaoin an 23 Aibreán ag 7pm.
-CRÍOCH-
Kate Smyth, Ceann Cumarsáide RTÉ