Tradfluencer – The Sharon Shannon Story
Léargas críochnúil ar dhuine de na ceoltóirí is mó tionchair in Éirinn
Clár faisnéise teilifíse nua le craoladh Dé Luain an 18 Bealtaine ar RTÉ One agus RTÉ Player ag 9.35pm
Tradfluencer – The Sharon Shannon Story arna chraoladh ar RTÉ, clár faisnéise teilifíse ina gcíorfar saol agus gairm an cheoltóra cháiliúil Sharon Shannon agus an lorg buan atá fágtha aici ar cheol traidisiúnta na hÉireann Ní nach ionadh go raibh ról lárnach ag Sharon Shannon i gceol traidisiúnta na hÉireann a chur os comhair lucht spéise nua, anseo in Éirinn agus thar lear araon, agus os cionn ceathracha bliain caite i mbun a gairme aici.
Beidh taibhléirithe beo, agallaimh agus léargas den saol taobh thiar den stáitse mar chuid de Tradfluencer – The Sharon Shannon Story, ina dtabharfar an lucht féachana ar thuras trí shaol Sharon, í ag fás aníos faoin tuath i gContae an Chláir agus í ag ceol ar ardáin ar fud an domhain. Caithfear súil siar sa chlár faisnéise ar mhórócáidí ina gairm, lena n-áirítear an seal a chaith sí le The Waterboys, an rath a bhí ar a céad albam dar teideal Sharon Shannon a d’eisigh sí in 1991, an bhaint a bhí aici le A Woman’s Heart, agus an rath idirnáisiúnta a bhí ar an amhrán Galway Girl.
Ag labhairt di faoin gclár faisnéise, dúirt Sharon: Tá sé ag cur cumha agus tocht orm a bheith ag cuimhneamh siar ar mo shaol agus ar mo ghairm don chlár faisnéise seo. Is mór an gliondar a chuir ceol orm i gcaitheamh mo shaoil agus bainim an-sásamh as na poirt a roinnt leis an lucht éisteachta ar fud na cruinne. Táim fíorbhuíoch de na ceoltóirí agus na hamhránaithe ar fad ar oibrigh mé leo i gcaitheamh na mblianta agus bhain mé an-sásamh as bualadh le go leor díobh arís fad a bhí an clár faisnéise seo á dhéanamh againn. Is fada liom go bhfeicfidh an lucht féachana an scannáin agus tá súil agam go mbainfidh siad sult as an gceol.
I measc a cuid cairde agus comhcheoltóirí a ghlac páirt sa scannán chun léargas a thabhairt ar shaothar Sharon agus ar an tionchar atá aici tá Adam Clayton, Imelda May, Mairéad Ní Mhaonaigh, Mike Scott, Paul Brady, Steve Earle, Francis Black, Dónal Lunny, Mary Coughlan, Lisa Canny agus Mundy, gach duine acu ag roinnt a ndearcthaí ar a cumas ceoil agus ar a cur chuige i leith an chomhoibrithe.
Fiosraítear scéal pearsanta Sharon Shannon freisin sa chlár faisnéise. Ag labhairt go macánta di, caitheann sí súil siar ar thréimhsí ina saol a ghoill go mór uirthi, ar an imní leanúnach a bhíonn uirthi, ar an gcaoi ar bhraith sí go raibh difear idir í agus leanaí eile nuair a bhí sí ag fás aníos, agus ar thábhacht an cheoil mar chuid shíoraí dá saol. Faightear léargas ar shaol Sharon nuair nach mbíonn sí ar an stáitse freisin sa scannán, ar an nasc láidir atá aici le hainmhithe agus leis an saol sa bhaile.
In Tradfluencer – The Sharon Shannon Story, fiosraítear na dúshláin a bhaineann le gairm leanúnach a bhaint amach sa cheol traidisiúnta, go háirithe mar ionstraimí mná, agus cuirtear éachtaí Sharon i gcomhthéacs thírdhreach níos leithne cheol na hÉireann le ceithre scór bliain anuas.
Craolfar Tradfluencer – The Sharon Shannon Story Dé Luain an 18 Bealtaine ag 9.35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player.
CRÍOCH
Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ