Freagraí ar Cheisteanna Coitianta maidir le SF


Níl aon táille i gceist le hiarraidh a chur isteach agus níl aon táille i gceist maidir le faisnéis a fháil sa chás gurb é amháin atá sna taifid sonraí pearsanta a bhaineann leis an iarratasóir (mura dtarlaíonn go bhfuil líon mór taifead i gceist).

Ní ghearrtar táille an tráth a gcuirtear iarraidh isteach.  Ina ainneoin sin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh táillí le híoc.  Ina leithéid sin de chás, cuirfear in iúl roimh ré duit é féachaint an bhféadfaí an costas a sheachaint nó a ísliú.  De réir mar a shonraítear, is féidir le comhlachtaí poiblí €20 in aghaidh na huaire a ghearradh maidir le taifid a chuardach agus a aimsiú agus cosnaíonn fótachóipeáil 4 cent an leathanach.  Má tharlaíonn costas €100 nó níos lú leis an bpróiseáil ar iarraidh de réir na dtáillí sin, cuirfidh RTÉ na taifid ar fáil saor in aisce.  Má chosnaíonn an phróiseáil idir €101 agus €499, gearrtar iomlán na dtáillí; má tá an costas próiseála idir €500 agus €700, gearrann RTÉ uasmhéid €500. Má bhíonn an costas measta níos mó ná €700, is féidir le RTÉ an iarraidh a dhiúltú.

Tugtar chun aire:

  1. Sa chás go n-éilítear lascaine maidir leis an táille iarrata, ní foláir uimhir chláraithe an Chárta Leighis, an Bord Sláinte a d’eisigh an cárta leighis, agus toiliú le deimhniú na sonraí sin leis an mBord Sláinte a chur in éineacht leis an iarraidh.
  2. Tá liosta iomlán na dtáillí ar fáil ó Oifig Saoráil Faisnéise RTÉ ach a iarraidh.

Cad a tharlaíonn mura mbím sásta leis an gcinneadh maidir le hiarraidh SF?

Mura bhfaigheann tú freagra ón aonad SF laistigh de fiche lá oibre, is féidir leat achomharc inmheánach a iarraidh trí scríobh chuig Rúnaí Cuideachta RTÉ ag foi@rte.ie nó ar an bpost chuig Áras Riaracháin RTÉ, RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4.  Ní bhíonn táille ar bith i gceist le cás den sórt sin.

Má bhíonn tú míshásta leis an gcéad chinneadh maidir le d’iarraidh, is féidir achomharc a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin sa chás sin freisin leis an Rúnaí Cuideachta.  Ní mór íocaíocht €30 a chur leis an achomharc sin a dhéantar neamhspleách go hiomlán agus is féidir an táille a íoc go leictreonach nó trí sheic nó ordú poist a sheoladh ar an bpost. Tá táille laghdaithe €10 i gceist dóibh siúd a bhfuil Cárta Leighis acu.

Má bhíonn tú míshásta i ndiaidh an achomhairc sin, is féidir leat achomharc a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Faisnéise ar an bpost ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, ar an bhfón ag an uimhir +353 (1) 639 5689 nó ar an ríomhphost ag info@oic.ie. Cosnaíonn achomharc den sórt sin €50 (€15 ar dhuine a bhfuil cárta leighis aige).  Tá breis eolais ar fáil anseo (https://www.oic.ie)