Baineadh sásamh as Late Late Toy Show na bliana 2024 ón mBaile agus Thar Lear araon

Baineadh sásamh as Late Late Toy Show na bliana 2024 ón mBaile agus Thar Lear araon

Bhreathnaigh 1.6 milliún duine ar an gclár i gcaitheamh an deireadh seachtaine

Sruthaíodh an Late Late Toy Show 622,000 babhta ó 139 tír ar an RTÉ Player, an líon is mó riamh

Bailíodh breis is €4.9 milliún don Toy Show Appeal

Bhreathnaigh 18.4 milliún duine ar fhíseáin ar fud na n-ardán meán sóisialta ar fad

#LateLateToy Show

Tugadh Late Late Toy Show RTÉ, lenar bhain an téama Home Alone, díreach chuig tithe ar fud na hÉireann agus an domhain mhóir agus tá an meán lucht féachana teilifíse do chlár oíche Dé Aoine anois ag os cionn 1.6 milliún duine, lena n-áirítear daoine a bhí ag breathnú ar an gclár nuair a d’fheil sé dóibh féin é Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus na daoine a bhreathnaigh ar an athchraoladh. Bhreathnaigh níos mó daoine ná mar a bhreathnaigh riamh ar an Late LateToy Show ar an RTÉ Player, a sruthaíodh 622,000 babhta in Éirinn agus thar lear, lena n-áirítear sruthchraoltaí den leagan i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann. Ghlac 250 leanbh seilbh ar theach mhuintir McCallister agus iad ag glacadh páirt i dtaispeántais bréagán, taibhithe de Wicked agus an chéad Toy Show County Parade.

Bhreathnaigh lucht féachana as 139 tír, lena n-áirítear sruthchraoltaí as 50 stát i Meiriceá agus as ocht gcríoch na hAstráile ar Brian Óg ag tabhairt faoin gcáirióice, ar Kevin agus é ag bronnadh leathdhosaen Liatroma ar Patrick agus ar Zara agus í ag roinnt fíricí faoin spás amuigh; rinneadh 21% de na sruthchraoltaí beo ó lasmuigh d’Éirinn.

Bhí neart á cheiliúradh ar ardáin shóisialta RTÉ freisin. Bhain an lucht féachana ar fud na n-ardán ar fad an-sult as na leanaí sin a thaispeáin na bréagáin agus na taibheoirí óga a bhí gléasta suas mar Kevin agus na Wet Bandits, as Paddy ar Chúl Stáitse ag deireadh an chláir, na

réaltaí Brian Óg, Dory agus as an leagan iontach de Thunderstruck agus tharraing an t-ábhar sin aird 1.4m duine ar fud TikTok, Instagram, Facebook, X agus BlueSky.

Bhí Patrick Kielty gléasta suas don chlár freisin, é in éide Kevin McCallister ag tráth amháin agus ina chrann Nollag agus ina iomrascálaí, gan ach cúpla ceann de na héidí áiféiseacha a chaith sé air féin a lua, is éard a dúirt an páiste mór é féin Patrick Kielty: “Ní chreidim go bhfuil sé thart go ceann bliain eile ach táim fós ar bís ón Toy Show draíochtúil a bhí againn oíche Dé hAoine. A bhuíochas sin do na leanaí iontacha a rinne éacht thar na bearta ar an oíche, a dtaibhléirithe, a dtaispeántais bréagán agus a bpearsantachtaí ar leith, agus daoibhse sibh féin sa bhaile as bheith ag breathnú ar an gclár agus as an méid a thug sibh ar an oíche. Tá sé dochreidte an méid a thug an lucht féachana sa bhaile don Toy Show Appeal i mbliana agus bhainfí an gus asat nuair a smaoiníonn tú ar an difear a dhéanfaidh sé sin do leanaí agus dá dteaghlaigh ar fud na hÉireann. Go raibh míle maith agaibh go léir as oíche dár saol a dhéanamh aisti.”

Léirigh líon ollmhór den lucht féachana a bhflaithiúlacht leis na síntiúis a thug siad don Toy Show Appeal, trínar bailíodh €4.9 milliún i mbliana. Bainfidh carthanachtaí páistí ar fud na hÉireann tairbhe as an maoiniú sin sa bhliain amach romhainn agus níos mó ná €26 milliún ar fad bailithe ó cuireadh tús leis an achainí in 2020.

Dúirt Denise Charlton, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhondúireacht Phobail na hÉireann: “Athrófar saol daoine óga i ngach contae a bhuíochas do fhlaithiúlacht lucht féachana The Late Late Toy Show. Thar ceann na Fondúireachta Pobail agus ár gcomhpháirtithe deonacha, pobail agus carthanacha, táim ag iarraidh buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a ghlac páirt san ócáid fhíordhraíochtúil teilifíse seo. Tosóimid anois, de réir mar choinníonn an t-airgead air ag teacht isteach, ar an obair chun gníomh dearfach a dhéanamh de chun go mbeifear ábalta freastal ar riachtanais riachtanacha, aghaidh a thabhairt ar shláinte agus ar fholláine, chomh maith le spraoi agus cruthaitheacht a chur chun cinn. Cuirfear tús le próiseas iarratais do ghrúpaí i mí Eanáir agus cuirfear na sonraí ar fad fáil ar ár suíomh gréasáin www.communityfoundation.ie”

Bhí The Late Late Toy Show ar fáil freisin i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) oíche Dé hAoine ar an RTÉ News Channel agus ar an RTÉ Player, craolfar an Toy Show i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann arís sa bhloc TCÉ Dé Céadaoin ar RTÉ One. Bhí Tráchtaireacht Fuaime ar fáil don athchraoladh Dé Domhnaigh, a fhágann go bhfuil an Toy Show níos cuimsithí do lucht féachana Dall agus do lucht féachana a bhfuil Lagú Radhairc orthu. Craolfar an leagan Tráchtaireachta Fuaime arís anocht (Dé Luain) ar RTÉ One.

Is éard a dúirt Alan Tyler, Grúpcheannasaí RTÉ don tSiamsaíocht, Greann agus Ceol: “Is clár ar leith amach is amach The Late Late Toy show. Ní bhfaighfeá bréagáin, leanaí, coileáin, éachtaí, taibhithe, leabhair, athrú éide, an Nollaig, Patrick Kielty agus craoladh teilifíse beo in aon áit amháin eile. Tá ríméad orainn gur bhain an lucht féachana, beag beann ar aois, sa bhaile agus thar lear, sásamh arís as an obair chrua agus an dúthracht ba bhun leis an Toy Show i mbliana. Táimid umhal freisin agus thar a bheith buíoch do phobal na hÉireann a thug síntiúis fhlaithiúla d’achainí an Toy Show, síntiúis a mbeidh tionchar díreach acu ar shaol Leanaí agus a dteaghlaigh ar fud na tíre. Déanfaimid arís an bhliain seo chugainn é!”


Aishah Akorede an chéad iomaitheoir cháiliúil a bheidh páirteach i Dancing with the Stars 2025

An bhean dlí agus an spéirbhean chorónta Aishah ag fáil faoi réir le bheith ag bheith ag casadh ar an urlár!

Tá sé tugtha le fios gurb í Aishah Akorede, mainicín agus iar-Miss Universe Ireland, an chéad iomaitheoir cháiliúil a bheidh ag tabhairt faoin urlár sa hochtú sraith de Dancing with the Stars. Fillfidh an tsraith a bhfuil tóir mhór uirthi ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player i mí Eanáir 2025.

Bronnadh Miss Universe Ireland ar Aishah in 2023 agus tá Máistir Dlí aici i Rialachas Corparáide Idirnáisiúnta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá sí i mbun cáilíocht a bhaint amach faoi láthair sa Rialachas Cairte.

Is éard a dúirt Aishah ar bheith ag tabhairt faoi Dancing with the Stars: “Le bheith fírinneach faoi, is é an rud is mó a bhfuil mé ag tnúth leis ná a bheith ag foghlaim le bheith ag damhsa ar nós damhsóir bálseomra. Rinne mé beagán bailé nuair a bhí mé ag éirí aníos ach ní dada é sin lena hais seo… Rinne mé bailé ó bhí mé ceithre bliana d’aois go dtí go raibh mé cúig bliana déag, ach b’éigean dom éirí as. Táim ar nós imreoir sacair nár éirigh léi dul leis an ngairm phroifisiúnta mar gheall go raibh mo ghlúin gortaithe agam. Ach chuaigh mé ar ais go dtí an bailé le linn na paindéime nuair a bhí 24 bliana d’aois. Tá mé 25 bliana d’aois anois agus is mise an tseanchailleach sa rang. Nach bhfuil sé craiceáilte é sin a thabhairt ar bhean 25 bliana d’aois!

Dúirt sí chomh maith: “Ní duine mé atá uafásach iomaíoch, cé go gceapann daoine go bhfuil na cailíní i saol na mórthaibhseachta thar a bheith iomaíoch. Is cuma céard a dhéanann mé sa saol, déanaim é gan bheith ag súil leis an iomarca. Ní bhíonn mé ag iarraidh ach sult a bhaint as an taithí sin agus cibé cén toradh a bhíonn air. Tá súil agam ar ndóigh go n-éireoidh liom an comórtas a bhuachan ach mura mbuann féin, is cuma mar tá mé chomh buíoch go bhfuair mé deis a bheith páirteach ann.”

Tá neart taithí ag Aishah ar bheith ar an teilifís. Ghlac sí páirt sa tsraith Discovery+, Beauty and the Geek UK, agus go deimhin is í a bhuaigh an tsraith sin, in éineacht le comrádaí ‘geek’ Martin.

I ndiaidh di Miss Universe Ireland a bhuachan, bhunaigh Aishah ‘Recrowned Ireland’, tionscnamh ceartais shóisialta neamhbhrabúis a fhéachann le tionchar fadtéarmach a imirt ar phríomhábhair imní na sochaí. Féachann an eagraíocht le spás sábháilte a chur ar fáil do mhná in Éirinn a bhfuil cineálacha éagsúla mí-úsáide fulaingthe acu chun go n-aireoidh siad compordach, muiníneach agus airdeallach.

Is iad Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy a chuirfidh Dancing with Stars i láthair arís i mbliana. Beidh an damhsóir gairmiúil a bhfuil Dancing with the Stars buaite faoi dhó aici, Karen Byrne, ar an bpainéal moltóireachta i mbliana i dteannta Loraine Barry, Brian Redmond agus Arthur Gourounlian.

Beidh Aishah beo sa stiúideo ar The Laura Fox Show ag 10.30am maidin Dé Luain an 9 Nollaig. Déanfar gach duine eile den deichniúr mór le rá a bheidh páirteach sa tsraith nua de Dancing with the Stars a fhógairt gach lá an tseachtain seo.

-CRÍOCH-

Dáta: Dé Luain an 9 Nollaig 2024

Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Barry McCall

Tuilleadh eolais:

Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie

Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie

Nótaí d’Eagarthóirí:

MAIDIR LE DANCING WITH THE STARS 2025

Sa tsraith seo ar RTÉ One cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 11 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra damhsa difriúil gach seachtain, idir dhamhsa Charleston agus damhsa hip hap, agus ní bheidh ach seacht lá acu chun barr feabhais a chur ar an dreas damhsa sula ndéanann siad an damhsa beo don náisiún.

Cuirfidh sainphainéal de cheathrar moltóirí agus an pobal sa bhaile a bheidh ag breathnú ar an gclár scór ar fáil do gach beirt cháiliúla agus gnóthóidh an bheirt bhuacach an corn liathróide gealra, a bhfuil an oiread tóir air, ag deireadh na sraithe.

Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.

Is ábhar mór mórtais do Hyundai urraíocht a dhéanamh ar Dancing with the Stars.

Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ón gcúlstáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta:

Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl

TikTok: @RTEOne

Facebook: @RTEOne

Twitter: @RTEOne @DWTSIrl

#DWTSIrl


á clár nua cúrsaí reatha i nGaeilge ag tosnú ar RTÉ One – Fóram

Tá clár nua cúrsaí reatha i nGaeilge ag tosnú ar RTÉ One – Fóram

Fóram – RTÉ ONE – Dé Domhnaigh 10:30am (ag tosnú an 8 Nollaig)

Tá Dáil nua ar na bacáin agus tá clár nua cúrsaí reatha i nGaeilge ag tosnú ar RTÉ freisin – Fóram, curtha i láthair ag Caoimhe Ní Laighin. Cén chomhdhéanamh a bheidh ar an Rialtas, nua agus cén srian a chuirfidh na dúshláin idirnáisiúnta airgeadais agus polaitíochta ar an Rialtas seo? Beidh Thomas Byrne (Fianna Fáil), Mairéad Farrell (Sinn Féin0 agus Barry Ward (Fine Gael) i measc na n-aíoanna a thabharfaidh aghaidh ar na ceisteanna seo, Dé Domhnaigh ag 10:30am ar RTÉ One.

Presenter Bio: Caoimhe Ní Laighin

Tá Caoimhe ag obair mar iriseoir Ilmheán le Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 le sé bliana déag anuas, agus is beag ábhar sa bhaile nó thar lear nach bhfuil tuairisiú déanta aici air, polaitíocht, eacnamaíocht, athrú aeráide, sochaí agus cultúr. tuairisciú ar scéalta polaitíochta, eacnamaíochta, teicneolaíochta, sóisialta agus cultúir. Le gairid is í Caoimhe a chuir i láthair na cláir sa tsraith Scannal faoi bhás Savita Halappanavar.

-CRÍOCH-

RTÉ Communications, RTÉ News & Current Affairs : Laura Fitzgerald


Léirigh ainmnithe Fhoireann Spóirt na Bliana RTÉ 2024

Bronnfaidh Joanne Cantwell, Darragh Maloney agus Jacqui Hurley Gradaim Spóirt RTÉ 2024 beo ó Stiúideo 4 in RTÉ ag 9:30pm Dé Domhnaigh seo chugainn, an 15 Nollaig. I measc na nGradam atá á dtabhairt amach ar an oíche beo ar RTÉ One os comhair lucht féachana de réaltaí spóirt na hÉireann, tá RTÉ Sport Sportsperson of the Year, Foireann Spóirt na Bliana RTÉ, Bainisteoir Spóirt na Bliana RTÉ agus Duine Spóirt Óg na Bliana RTÉ Spórt. Tá ainmniúcháin na bliana seo d’Fhoireann Spóirt na Bliana RTÉ liostaithe thíos.

AINMNITHE D’FHOIREANN SPÓIRT RTÉ NA BLIANA 2024

IOMÁNAÍOCHT AN CHLÁIR
Bhí foireann iomána an Chláir ina Seaimpíní Uile-Éireann i mbliana nuair a bhuaigh siad ar Chill Chainnigh, agus bhuaigh siad an cúigiú craobh don Banner County agus an chéad cheann ó 2013.

PEIL ARD MHACHA
Thug foireann peile Ard Mhacha leo an dara gradam Uile-Éireann i bPeil Shinsir an chontae tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh i mbliana.

PEIL CHIARRAÍ
Bhí foireann Shinsir Peile na mBan Chiarraí ina Seaimpíní na hÉireann i mbliana agus an bua acu ar Ghaillimh, rud a chuir deireadh le fanacht 31 bliain go bhfillfeadh an chraobh ar an Ríocht.

CAMÓGAÍOCHT CHORCAÍ
Fuair foireann Camógaíochta Chorcaí an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann chun craobhacha sinsir an chontae a bhuachan ar ais.

SHELBOURNE FC
In 2024, rinneadh SSE Airtricity League de Sheaimpíní Príomhroinne na bhFear de Shelbourne den chéad uair le 18 mbliana.

FOIREANN RUGBAÍ FHIR NA HÉIREANN
Choinnigh foireann rugbaí fhir na hÉireann craobh na Sé Náisiún i mbliana.

DEALBHÁIN DHÚBAILTE ÉADROMA FHIR NA HÉIREANN
Choinnigh an bheirt a bhí comhdhéanta de Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy a dteideal Oilimpeach ag Cluichí na bliana seo i bPáras.

KATIE GEORGE DUNLEAVY & LINDA KELLY
Thug an fhoireann Parailimpeach boinn Óir agus Airgid abhaile leo sa Rothaíocht Bóthair ag Cluichí Pháras 2024 na bliana seo agus is Seaimpíní Domhanda Dúbailte iad.

FOIREANN SEALAÍOCHTA MEASCTHA 4X400M NA HÉIREANN
Thuill an fhoireann ina bhfuil Rhasidat Adeleke, Sharlene Mawdsley, Christopher O’Donnell agus Thomas Barr Óir ag Craobhacha na hEorpa sa Róimh i mbliana.

-CRÍOCH-

Dáta: Dé Domhnaigh 8 Nollaig 2024

Tuilleadh eolais:
Adam Thibault, Cumarsáid RTÉ. adam.thibault@rte.ie
Fergus McCormack, Cumarsáid RTÉ. fergus.mccormack@rte.ie


An scannán Home Alone téama Late Late Toy Show na bliana seo!

Déanfaidh 32 leanbh ionadaíocht ar a gcontae sa Toy Show Parade

Bí ag féachaint anocht ag 9:35PM ar RTÉ One agus ar fud an domhain ar an RTÉ Player

#LateLateToyShow

Is é lá an Toy Show é agus an lá deiridh de sheachtain fógraí maidir le sceideal na Nollag agus inar tugadh le fios gurb é Home Alone!, an scannán Nollag sin a bhfuil an-tóir againn go léir air, an téama a bheidh ag Late Late Toy Show na bliana seo.

Déan cinnte nach mbeidh tú ar eitilt go Páras agus ag béiceadh ‘Kevin!’ an Aoine beag seo. Ina ionad sin, bí i dteannta Patrick Kielty agus neart Kevin McCallisters agus Wet Bandits a thiocfaidh le chéile chun teach mhuintir McCallister a chosaint! Run, Run Rudolph, is é seo an t-am is draíochtaí den bhliain agus an oíche is fearr chun an teaghlach go léir a thabhairt le chéile le bheith ‘eating junk and watching The Late Late Toy Show’ – agus ní stopfaidh aon duine thú!

I stíl cheart ‘I made my family disappear’, beidh neart rógaireachta ar siúl – daoine ag sleamhnú anuas an staighre, ag caitheamh liathróidí sneachta, ceol ó Wicked, agus neart ‘rocking around the Christmas Tree’. Beidh 250 leanbh páirteach i Late Late Toy Show na bliana seo, idir lucht tástála bréagáin, amhránaithe, cheoltóirí agus damhsóirí, agus is cinnte go mbeidh oíche lán le hiontais agus a ardóidh do chroí againn, oíche a tiocfaidh mianta croí chun fíre.

Ag labhairt dó roimh an gclár mór anocht, dúirt Patrick Kielty, “Tá mé ar bís chun an téama Home Alone a chur i láthair leanaí go léir na hÉireann anocht. Is é seo an téama scannáin is fearr uile i mo thuairimse. Chuaigh mé síos ag breathnú ar an seit i rith na seachtaine agus bhí deoirín beag áthais liom. Cuirfidh sé na gasúir mhóra siar ceart ar bhóithrín na smaointe. Bíodh néal agat sula dtosóidh an clár mar is an-oíche go deo a bheidh inti!”

Tá seit álainn cruthaithe ag dearthóirí léiriúcháin RTÉ agus beidh na gasúir mhóra in ann dul siar san am atá caite arís agus cistin Kevin, an seomra suí, an teach crainn agus ná déanadh muid dearmad ar sheomra codlata Buzz, a fheiceáil; cuirfidh The Late Late Toy Show cumha orainn i ndiaidh bhlianta na nóchaidí. Beidh neart ábhar iontais ann i gcaitheamh na hoíche agus is í seo ar ndóigh an cúigiú bliain den Toy

Show Appeal; tá tionchar imeartha ag an gcistíocht seo ar bhreis is 1.1 milliún leanbh, duine óg agus a dteaghlaigh i ngach aon chontae ar oileán na hÉireann.

Den chéad uair riamh ar The Late Late Toy Show, beidh leanaí ó gach aon chontae in Éirinn ag tabhairt aghaidh ar urlár an stiúideo lena mórtas as a gcontae a thaispeáint sa Toy Show County Parade! Bí ag súil le neart caisirníní agus luasctha, gleacaíocht agus mórthaibhseacht fad a bheidh an Maor Kielty ag iarraidh stiúir a choinneáil ar 32 leanbh!

Le héadaí a mbeadh Kate McCallister féin mórtasach astu, tá Rannóga Feistis agus Smididh RTÉ ag obair go dian dícheallach chun Chicago na n-iontas faoi Nollaig a chruthú chun go mbeidh leanaí ó ar fud na hÉireann ábalta an lucht féachana a chur faoi gheasa oíche Dé hAoine leis na cluichí a bhfuil siad ag spraoi leo amhail Beyblade X Xtreme Battle Set, Hot Wheels Monster Truck Epic Loop Bundle, agus na bréagáin áille agus bhoga FurReal Peanut the Playful Monkey agus Real FX Disney Stitch Puppet Interactive Toy.

I mír na leabhar den chlár, mír a bhfuil an-tóir go deo air, beidh na léitheoirí óga ag roinnt a gcuid scéalta miotaseolaíochta agus staire linn; déanfaidh siad léirmheas ar The Dictionary Story le Oliver Jeffers, The Story of Irish Rugby le Gerard Siggins agus Nina Peanut: Mega Mystery Solver le Sarah Bowie.

Áirítear na bréagáin Éireannacha a raibh siad ag spraoi agus ag cruthú leo Stomp Rockets agus foireann fíodóireachta bráisléad Éireannach gan ach cuid acu a lua. Beidh liosta de na bréagáin go léir a taispeánadh ar an gclár ar fáil ar shuíomh gréasáin an chláir www.rte.ie/latelate i ndiaidh a chraolta. Tabharfar na bréagáin go léir a thaispeántar ar an oíche do charthanachtaí.

RTÉ Player

Sruthaigh saor in aisce é ar fud an domhain

In 2023, d’fhéach daoine in 158 tír ar an Late Late Toy Show ar an RTÉ Player. Bhí daoine in áiteanna amhail Londain, Nua-Eabhrac, Toronto, Maidrid, Amstardam, Beirlín, Sydney agus Auckland ag féachaint an oíche sin.

Sruthaigh The Late Late Toy Show anocht ar an RTÉ Player ag 9:35pm nó is féidir leat féachaint air ar do chaoithiúlacht nó féachaint arís air ar éileamh.

Cláraigh le cainéal YouTube The Late Late Show do na míreanna is fearr ón gclár.

Cainéil Meán Sóisialta RTÉ 

Beidh deis agat an spraoi ar fad sa chúlra a fheiceáil ar na cainéil oifigiúla meán sóisialta. Cuirfidh Taran & Aindriú ó RTÉ 2FM mír 30 nóiméad i láthair ar TikTok Live ag 6.30pm tráthnóna Dé hAoine le pasanna AAA! Labhróidh siad le Patrick ar chúl an stáitse, tabharfaidh siad ar thuras tú den seit agus casfaidh siad leis na daoine a thugann an oíche is fearr den bhliain chun fíre.

Is é #LateLateToyShow haischlib oifigiúil an chláir. Is féidir leat cuntais an Late Late Show a leanúint anois díreacha lena chinntiú nach gcaillfidh tú soicind amháin

féin den oíche is fearr uile den bhliain ar an teilifís – @latelaterte ar TikTok @latelaterte ar Instagram, @RTELateLateShow ar X agus @TheLateLateShow ar Facebook.

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ)

Craolfar an Late Late Toy Show le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) beo ar an RTÉ News Channel agus ar an RTÉ Player. Don dara bliain, beidh láithreoirí atá Bodhar, Sarah-Jane O’Regan agus Jason Maguire i mbun an chlúdaigh TCÉ – agus beidh siad ag obair leis na hateangairí éisteachta, Ciara Grant agus Lisa Harvey-Coleman. Is fíorcheiliúradh é TCÉ The Late Late Toy Show ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, tríú teanga oifigiúil na hÉireann! Beidh TCÉ The Late Late Toy Show ar fáil lena shruthú go gairid tar éis an chraolta bheo agus beidh sé ar fáil arís sa bhloc TCÉ Dé Céadaoin an 11 Nollaig.

Tráchtaireacht Fuaime

Beidh Tráchtaireacht Fuaime (AD) ar fáil freisin don athchraoladh Dé Domhnaigh an 8 Nollaig ag 15.05 ar RTÉ One, agus oíche Dé Luain ag 24:05 agus ina dhiaidh sin ar an RTÉ Player. Is iad Clara Murray agus Berni Stack a bheidh ina dTuairisceoirí Fuaime i mbliana.

An RTÉ Toy Show Appeal  

Ag obair i gcomhar le Fondúireacht Phobail na hÉireann, tá an RTÉ Toy Show Appeal ar ais don chúigiú bliain as a chéile chun feabhas a chur ar shaol leanaí agus a dteaghlaigh trí thionscnaimh tacaíochta riachtanacha, sláinte, folláine, súgartha agus cruthaitheachta a mhaoiniú. Go dtí seo tá €21.3m bailithe aige agus cúnamh tugtha aige do 302 carthanas éagsúil agus 492 deontas bronnta le linn na tréimhse sin. Thacaigh sé le 127 carthanas leanaí éagsúla anuraidh amháin agus meastar go bhfuil cabhraithe aige le breis agus 1.1 milliún duine in aghaidh na bliana ó bunaíodh é.

Is féidir leis an bpobal síntiús a thabhairt ag www.rte.ie/toyshowappeal, nó ar Revolut Pay, comhpháirtí síntiúis oifigiúil na hachainí.

Craolfar The Late Late Toy Show anocht ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ag 9:35PM.

-CRÍOCH-

6 Nollaig 2024

Grianghraif: [Creidiúint íomhá: Andres Poveda Photography]

Tuilleadh Eolais: Jilly McDonough, Preasoifigeach | jilly.mcdonough@rte.ie


Scannáin iontacha na Nollag fógartha ag RTÉ

10 scannán á gcraoladh den chéad uair ar theilifís na hÉireann ar RTÉ an Nollaig seo

Breis is 150 scannán ar fáil lena sruthchraoladh ar an RTÉ Player

Is é inniu an tríú lá de sheachtain na bhfógraí maidir le sceideal na Nollag, agus is léir go mbeidh tú in ann tú féin a chaitheamh siar ar an tolg, babhla grán rósta a bheith le do thaobh agus sásamh a bhaint as na scannáin iontacha ar fad a chraolfar ar fud RTÉ le linn aimsir na Nollag. I gcaitheamh na Nollag, craolfaidh RTÉ 10 scannán den chéad uair riamh ar theilifís na hÉireann ar fud RTÉ One, RTÉ2 agus an RTÉ Player lena n-áirítear That They May Face the Rising Sun, Top Gun: Maverick agus Soul. Beidh breis is 150 scannán nua agus clasaiceach ar fáil lena sruthchraoladh ar an RTÉ Player, lena n-áirítear na fadscannáin Éireannacha So This is Christmas, Who We Love agus Lies We Tell. Idir na scannáin sin a mbaintear sult astu i gcónaí aimsir na Nollag agus eisiúintí nua, beidh scannán ann do gach duine den teaghlach!

10 scannán a chraolfar den chéad uair ar theilifís na hÉireann

Tá ríméad ar RTÉ na scannáin dhochreidte a chraolfar den chéad uair riamh ar theilifís na hÉireann a fhógairt, idir scannán a fuair ardmholadh ó na léirmheastóirí agus scannáin a bhfuil an-ghean go deo orthu. Bí réidh le sásamh a bhaint as fanacht sa bhaile ag féachaint ar scannán aicsin, scannáin dhrámaíochta chroíúla agus scannáin bheochana.

Níl sé i bhfad ó bhí That They May Face the Rising Sun le feiceáil sa phictiúrlann agus beidh sé i measc na scannán sin a chraolfar den chéad uair ar theilifís na hÉireann an Nollaig seo. Is cóiriú é an scannán ar úrscéal iomráiteach John McGahern den teideal céanna, faoi Joe agus Kate Ruttledge a fhágann Londain chun cur fúthu i bpobal beag taobh locha in Éirinn.

Tabharfaidh muintir Crawley cuairt ar dheisceart na Fraince in Downton Abbey: A New Era, nuair a fhágtar villa ag an gCuntaois Dowager.

Scannán eile a eisíodh le gairid agus a bheidh ar fáil ar RTÉ an Nollaig seo is ea Where the Crawdads Sing ina n-insítear scéal Catherine a chaithfidh aire a thabhairt di féin ó tharla gur thug a muintir cúl di agus í an-óg.

An bhfuil fonn ort a bheith i gcroílár an aicsin? Cuirfidh Maverick oiliúint ar ghrúpa de na céimithe is fearr le go mbeidh siad réidh do mhisean ardphróifíle in Top Gun: Maverick.

Beidh ar an gcine daonna aghaidh a thabhairt ar dhineasáir in Jurassic World Dominion ach an mbeidh siad in ann an ré nua seo a sheasamh agus an lámh in uachtar ar fháil ar na neacha móra seo?

Iarrfaidh Spider-Man cúnamh ar Doctor Strange agus é ag iarraidh go ndéanfaidh an domhan mór dearmad gurb é Peter Parker in Spider-Man: No Way Home.

Bainfidh duine ar bith a dtaitníonn scannán grinn lán aicsin leo sásamh as The Lost City nuair a fhuadaíonn billiúnaí an t-úrscéalaí Loretta Sage agus é ag lorg taisce faoi cheilt.

Craolfar neart scannáin eile a mbainfidh an teaghlach go léir sásamh astu den chéad uair riamh ar theilifís na hÉireann an Nollaig seo. Casfar Joe orainn ar dtús, múinteoir banna meánscoile atá an-tógtha go deo leis an snagcheol in Soul, agus ansin gheofar amach faoi Gru agus é ina leaid óg 12 bhliain d’aois, tráth a raibh brionglóidí móra aige in Minions 2: The Rise of Gru. Tabharfaidh Helen faoi mhisean le muinín an phobail a chothú arís i sárlaochra in Incredibles 2.

Scannáin Mhóréilimh

Tá sceideal iontach de scannáin mhóréilimh fógartha ag RTÉ freisin a choinneoidh siamsaíocht le cách. Téigh ar thóir eachtraíochta arís le Indiana Jones in Indiana Jones and the Temple of Doom, Indiana Jones and the Last Crusade agus Indiana Jones and the Kingdom of the Crystal Skull  nó báigh tú féin i ndomhan diamhair na spiaireachta i scannáin chlasaiceacha Bond lena n-áirítear No Time to Die, Casino Royale agus Skyfall. Beidh do chroí i do bhéal le linn an scannáin lán aicsin a mbíonn an-tóir air aimsir na Nollag, Die Hard 2.

Bainfidh an teaghlach ar fad sult as scannáin bheochana iontacha amhail Finding Dory, Paddington agus Toy Story 3. Nó b’fhéidir go bhfuil sé in am súil eile a chaitheamh ar scannáin chlasaiceacha amhail Casablanca nó The Graduate, a chraolfar ar RTÉ an Nollaig seo.

Scannáin Chlasaiceacha na Nollag

Craolfar rogha de scannáin chlasaiceacha na Nollag ar RTÉ le spiorad na Nollag a mhúscailt ionainn ar fad. Bain sásamh as an draíocht a bhaineann le White Christmas agus Willy Wonka and the Chocolate Factory, scannáin a mbainfear spraoi astu beag beann ar aois. Bain sásamh arís as an scéal a mhairfidh go deo It’s a Wonderful Life, agus inseofar scéal corraitheach faoin teaghlach agus faoin dara seans a thapú in Jack Frost. Beidh neart geáitsíocht Nollag ar bun in Jingle All the Way agus fear ar a mhíle dícheall ag iarraidh an féirín

Nollag is fearr a fháil dá mhac roimh an lá mór. Más ag lorg scéal grá atá tú bainfidh tú sásamh as na scannáin Christmas at Maple Creek agus Christmas Setup .

RTÉ Player

Mura beidh tú ábalta féachaint ar na scannáin beo beidh tú ábalta iad a shruthú ar an RTÉ Player i ndiaidh dóibh a bheith craolta. Mura bhfuil do dhóthain ansin agat beidh meascán de scannáin agus fadchláracha faisnéise amhail Brooklyn, Intermission, So This is Christmas, Who We Love, Lies We Tell agus go leor leor eile ar fáil ar an RTÉ Player.

Chun sceideal mionsonraithe agus níos mó de na teideal a fhógrófar a fheiceáil, is féidir leat féachaint ar liosta ábhair Nollag RTÉ a bheidh ar fáil sna laethanta amach romhainn.

-CRÍOCH- Tuilleadh Eolais:

Caoilinn Putti, Preasoifigeach RTÉ | Caoilinn.putti@rte.ie

Maureen Catterson, Bainisteoir Cumarsáide RTÉ, ar an Teilifís, ar an Raidió agus Ar Líne | maureen.catterson@rte.ie


Ceoltóirí agus amhránaithe 2FM Rising na bliana 2025 fógartha ag 2FM

Tá liosta cheoltóirí agus amhránaithe 2FM Rising na bliana 2025, liosta a raibh go leor ag súil leis, fógartha ag RTÉ 2FM inniu. Painéal saineolaithe a roghnaíonn na ceoltóirí agus na hamhránaithe gach bliain agus is iad Amble, Annie-Dog, BOLD LOVE, CamrinWatsin, Celaviedmai, Cliffords, ESSIRAY, F3miii, Fortúne Igiebor agus Pastiche grúpa na bliana 2025.

Fógraíodh an deichniúr ceoltóirí agus amhránaithe a roghnaíodh inniu le linn The Tracy Clifford Show agus tabharfaidh 2FM lántacaíocht dóibh go léir as seo go ceann bliana agus béim ar leith á leagan orthusan a mbeidh ceol nua eisiach le seoladh acu agus a bheidh i mbun agallaimh le linn Sheachtain Rising a bheidh ar siúl ó Dé Luain an 2 Nollaig go dtí Dé Domhnaigh an 8 Nollaig.

Is éard a dúirt Adam Fogarty, Stiúrthóir Ceoil 2FM: “Tá ríméad ar 2FM liosta 2FM Rising na bliana 2025 a fhógairt. Anois ina 8ú bliain (ó cuireadh tús leis in 2018) tá sé mar uaillmhian againn leanúint ar aghaidh ag cur leis an nós atá ag 2FM le fada an lá tacú le ceoltóirí, amhránaithe agus le ceol na hÉireann. Ag cur le hoidhreacht 2FM Rising – a chuir leithéidí Dermot Kennedy, Denise Chaila, For Those I Love, Fontaines DC, Jafaris, Pillow Queens, Kojaque, Biig Piig, Monjola, Gemma Dunleavy, Sello, Aby Coulibaly, Chubby Cat, Jordan Adetunji, New Dad, 49th & Main agus go leor eile os bhur gcomhair – táimid tiomanta i gcónaí dmo cheoltóirí agus amhránaithe nua Éireannacha iontacha a chur os comhair an lucht éisteachta, ar ceoltóirí agus amhránaithe iad atá ag déanamh a gcuid todhchaí cheol na hÉireann a mhúnlú. Táimid ag súil go mór le bliain iontach eile i gceol na hÉireann agus le 2FM Rising a chur os comhair lucht éisteachta in 2025.”

I measc cheoltóirí agus amhránaithe 2FM Rising blianta roimhe seo bhí Lyra, The Murder Capital agus Wild Youth. Chun sonraí cheoltóirí agus amhránaithe na bliana seo a fháil téigh chuig: www.rte.ie/2fmrising

Is éard a dúirt Keith Johnson, Stiúrthóir Margaíochta & Ballraíochta, IMRO: “Tá an-áthas ar IMRO a bheith i gcomhpháirtíocht arís le RTÉ 2FM Rising chun tacaíocht a thabhairt don chéad ghlúin eile de cheoltóirí agus amhránaithe cumasacha na hÉireann. Is túsphointe ríthábhachtach é tionscnamh Rising do cheoltóirí agus d’amhránaithe, tionscnamh a chuireann na hacmhainní agus an aird a theastaíonn uathu ar fáil ionas go bhfaighidh siad lucht éisteachta nua. Tá lúcháir orainn go gcuirfidh na cumadóirí amhrán agus na ceoltóirí iontacha seo a gcuid ceoil uathúil os comhair lucht éisteachta ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin sa bhliain 2025.”


Tá RTÉ ag Tacú le 16 Imeacht Ealaíon agus Cultúir ar fud na hÉireann i mí na Nollag

I mí na Nollag, tá ríméad ar RTÉ tacú le Seachtain Leabharlann Éireann, le himeachtaí ar siúl ar fud na tíre ón 1-7 Nollaig. Ina theannta sin, tacóidh scéim RTÉ Supporting the Arts le 15 imeacht ealaíon agus cultúir eile ar fud na tíre, lena n-áirítear amharclannaíocht, scannáin, ealaín, ceoldráma, bailé, féilte agus go leor eile.

Beidh roinnt imeachtaí ceoil, damhsa agus amharclannaíochta ar camchuairt timpeall na tíre an mhí seo, ina measc Nutcracker Sweeties, a thabharfaidh an lucht féachana ar thuras draíochta lán de ghreann na Nollag. Déanfaidh Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann a léiriú bliantúil de Messiah le Handel agus Oratorio Nollag Bach ag ceiliúradh scéal na nativity le léirithe i mBaile Átha Cliath, Loch Garman, agus Cill Chainnigh. Cé go dtabharfaidh Sraith Cheolchoirmeacha Cheol Clasaiceach Dhroichead Átha i gContae Lú cuid de na ceoltóirí is mó cáil ar domhan go dtí oirthuaisceart na hÉireann.

I mBaile Átha Cliath, beidh sraith de thaibhithe ceoil á reáchtáil ag Sraith Wigmore de chuid Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann, cuirfidh Compántas Náisiúnta Bailé Óige na hÉireann The Nutcracker i láthair i gColáiste na Tríonóide, agus beidh Sing for Simon le Ceolfhoireann RTÉ agus Aíonna Speisialta ina oíche dhraíochtúil de cheol croíúil agus de ghreann féile ag an Helix.

Cuireann Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath Spreading the News i láthair, ceiliúradh 120 bliain d’Amharclann Náisiúnta na hÉireann, i gcomhpháirtíocht le RTÉ. Tá i bhfad níos mó amharclannaíochta le baint as freisin agus The Dead le James Joyce ag leanúint ar aghaidh i Músaem Litríochta na hÉireann, agus cuirfidh The Ark The Giggler Treatment i láthair, ceol nua iontach, mischievous bunaithe ar an úrscéal le Roddy Doyle do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Tá na hIasachtaí in Amharclann an Gheata. Bunaithe ar úrscéalta eachtraíochta beloved Mary Norton, leanann sé fortunes an teaghlaigh beag bídeach Clock.

Imeachtaí a fhaigheann tacaíocht ó scéim Tacaíochta na nEalaíon RTÉ i mí na Nollag:

AR FUD NA TÍRE We are Music Generation | www.musicgeneration.ie

AR FUD NA TÍRE Irish National Opera | www.irishnationalopera.ie

BAILE ÁTHA CLIATH The Dead @ Museum of Literature Ireland | www.anuproductions.ie

AR FUD NA TÍRE Nutcracker Sweeties | www.balletireland.ie/whats-on/nutcracker-sweeties-2024

BAILE ÁTHA CLIATH Wigmore Series Dublin | www.riam.ie/whats-on?category=581

BAILE ÁTHA CLIATH The Giggler Treatment | www.ark.ie/events/view/the-giggler-treatment-2024

BAILE ÁTHA CLIATH The Borrowers | www.gatetheatre.ie/production/the-borrowers/

CILL CHAINNIGH agus CORCAIGH Marble City Music Festival | www.marblecitymusicfestival.com

BAILE ÁTHA CLIATH Dublin Art Book Fair |  www.templebargallery.com/exhibitions/dublin-art-book-fair-2024

LOCH GARMAN agus BAILE ÁTHA CLIATH Handel’s ‘Messiah’ | www.irishbaroqueorchestra.com/whatson/

AR FUD NA TÍRE Library Ireland Week | www.libraryirelandweek.ie

BAILE ÁTHA CLIATH Sing for Simon With RTÉ Orchestra and Special Guests | www.thehelix.ie/what-s-on/all-events/sing-for-simon-2024-with-the-rte-concert-orchestra

BAILE ÁTHA CLIATH The Nutcracker | www.inybco.com/upcoming-productions/

BAILE ÁTHA CLIATH Spreading the News – 120 Year Celebration of the Abbey Theatre | www.abbeytheatre.ie

BAILE ÁTHA CLIATH agus CILL CHAINNIGH Bach’s ‘Christmas Oratorio’ | www.irishbaroqueorchestra.com/whatson/bach’s-christmas-oratorio

 Drogheda Classical Music 24/25 Series | www.droghedaclassicalmusic.com

Gach bliain, tacaíonn RTÉ le 170 imeacht ealaíon agus cultúir ar fud na hÉireann trí scéim RTÉ Supporting the Arts. A chuimsíonn scannáin, ceol, damhsa, ceoldrámaíocht, féilte, litríocht, amharclannaíocht agus taispeántais, agus le cur chun cinn tiomnaithe ar sheirbhísí teilifíse, raidió agus digiteacha RTÉ, agus tacaíocht fhorleathan ar fud chainéil shóisialta RTÉ, is líne tarrthála í scéim RTÉ Supporting the Arts d’earnálacha cruthaitheacha agus cultúrtha na hÉireann.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi RTÉ Supporting the Arts agus chun iarratas a dhéanamh tabhair cuairt ar Maidir le RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona

Faigh amach cad atá ag tarlú in aice leat ar www.rte.ie/culture.

 


Is féidir síntiús a thabhairt anois don RTÉ Toy Show Appeal 2024

Ag cuidiú le saol páistí a athrú go deo:

Is féidir síntiús a thabhairt anois don RTÉ Toy Show Appeal 2024

Tá níos mó síntiús ná riamh tugtha ag muintir na hÉireann don RTÉ Toy Show Appeal le ceithre bliana anuas, gach duine díobh ag déanamh a gcion féin ionas gur féidir le páistí i ngach contae ar fud oileán na hÉireann a bheith ina bpáistí.

Ba sa bhliain 2020 a spreag scéal Shaoirse Ruane as Cill Tulach i gCo. na Gaillimhe muintir na tíre síntiúis a thabhairt, cailín a chuaigh i gcion go mór ar mhuintir na tíre nuair a ghlac sí páirt sa The Late Late Toy Show. Ba í Saoirse a spreag bunú an RTÉ Toy Show Appeal oifigiúil ina dhiaidh sin, achainí trína bhfuil breis is €21 milliún bailithe do charthanachtaí páistí go dtí seo.

Ar an drochuair, fuair Saoirse bás i mí Márta na bliana seo, ach leanann a hoidhreacht bhuan leis an RTÉ Toy Show Appeal. Bhí tuismitheoirí Shaoirse, Roseanna agus Ollie Ruane i dteannta óstach an Late Late Show Patrick Kielty anocht i mír speisialta i gcuimhne ar Shaoirse agus, in ómós don mhéid a rinne sí. Is féidir síntiúis a thabhairt don RTÉ Toy Show Appeal seachtain sula gcraolfar an Late Late Toy Show ar an 6 Nollaig.

Is féidir leis an bpobal síntiús a thabhairt anois ag www.rte.ie/toyshowappeal, nó ar Revolut Pay, comhpháirtí síntiúis oifigiúil na hachainí.

Ina theannta sin, bronnfar deontas suas le €150,000 in ainm Shaoirse ar charthanacht a roghnófar. Eiseofar ‘Deontas Saoirse Ruane’ mar chuid de leithdháiltí achainí 2025, agus beifear ábalta é a úsáid thar thréimhse 2 bhliain.

Is éard a dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Tá The RTÉ Toy Show Appeal ar cheann de na nithe is tábhachtaí a dhéanaimid mar eagraíocht. Táimid fíorbhuíoch as tacaíocht an lucht féachana le ceithre bliana anuas a chinntigh, lena bhflaithiúlacht, go mbeadh RTÉ ábalta leanúint de dhifríocht mhór a dhéanamh do shaol na mílte páistí agus a dteaghlaigh ar fud an oileáin, ó thuaidh agus ó dheas. Tá áthas ar leith orm gur fógraíodh Deontas Saoirse Ruane in onóir do Shaoirse, agus go mbeifear ábalta síntiúis a thabhairt don RTÉ Toy Show Appeal seachtain níos luaithe i mbliana. Cuimhneofar ar Shaoirse mar dhuine a chuaigh i gcion orainn go léir ar bhealach dearfach agus ar bhealach a fhanfaidh linn go deo. Maireann sí inár gcuimhne tríd an RTÉ Toy Show Appeal agus tríd an iomaí saol a ndéantar athrú ó bhonn orthu.” 

Tá 359 deontas curtha ar fáil le trí bliana anuas do 226 carthanacht páistí ar fud oileán na hÉireann. Meastar go bhfuil cuidiú faighte ag breis agus 1,100,000 páiste agus ball dá dteaghlach ón Achainí ó bunaíodh í. Fondúireacht Phobail na hÉireann a bhainistíonn an achainí. Bunaíodh Fondúireacht Phobail na hÉireann breis is 20 bliain ó shin, oibríonn sí le daoine aonair, teaghlaigh, cuideachtaí agus le hiontaobhais agus fondúireachtaí eile chun tacú le réimse iléagsúil eagraíochtaí neamhbhrabúis. Carthanas cláraithe is ea Fondúireacht Phobail na hÉireann (Uimhir leis an Rialálaí Carthanas: 20044886) agus tá sí tiomanta do na caighdeáin is airde iontaoibhe agus rialachais a bhaint amach.

Chomh maith le síntiús a thabhairt trí láithreán gréasáin oifigiúil an RTÉ Toy Show Appeal, is féidir leis an bpobal síntiús ionaipe a thabhairt lenár gcomhpháirtí síntiúis oifigiúil Revolut Pay.

CRÍOCH

29 Samhain 2024

Tuilleadh Eolais: Jilly McDonough, Preasoifigeach | 087 170 2787 | jilly.mcdonough@rte.ie

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is ábhar mórtais ag PTSB urraíocht a dhéanamh ar The Late Late Show

Chun níos mó eolais a fháil lean The Late Late Show ar líne:

  • Instagram @latelaterte
  • TikTok: tiktok.com/@latelaterte
  • X: @rtelatelateshow
  • Facebook: facebook.com/thelatelateshow
  • YouTube: youtube.com/@rtelatelateshow

Clúdach RTÉ ar Thorthaí Olltoghchán 2024 ar fud gach ardán, clúdach nach féidir a shárú

– Nochtfar torthaí na Pobalbhreithe Iarvótála beo oíche Dé hAoine

– 43 blag ó na dáilcheantair aonair i bhfíor-am

– Clúdach leanúnach 17 uair an chloig an Satharn seo ar fud sheirbhísí Físe agus Fuaime RTÉ

– Clúdach ar na torthaí go léir ar fáil le sruthú ar fud an domhain ar an RTÉ Player

– An Nuacht is Déanaí maidir leis na Torthaí Beo ar RTÉ.ie

Cuirfidh RTÉ clúdach cuimsitheach ar fáil ar thorthaí an olltoghcháin an deireadh seachtaine seo, agus cuirfear na nuashonruithe is déanaí ar fad ar fáil don phobal de réir mar a tharlaíonn siad, mar aon le hanailís shaineolach iontaofa nach bhfuil a shárú le fáil. Le clúdach beo ar ardáin RTÉ, a chraolfar ón nóiméad a dhúnfar na hionaid vótála go dtí go bhfógrófar an suíochán deiridh, cinnteoidh RTÉ go ndéanfar tuairisciú fairsing agus cothrom le dáta chun muintir na tíre a choinneáil ar an eolas faoin bhfeachtas toghchánaíochta is iomaíche le blianta.

Beidh RTÉ beo ó gach aon cheann de na 32 ionad comhairimh agus déanfar tuairisciú ar an láthair i mBéarla agus i nGaeilge araon. In éineacht le foireann polaitíochta RTÉ, lena n-áirítear a chomhfhreagraithe polaitíochta tiomnaithe Paul Cunningham agus Míchéal Lehane, beidh líonra fairsing iriseoirí ar fud na tíre ag cur tuairiscí ar fáil do RTÉ ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.

Pobalbhreith Iarvótála

Táthar ag súil gurb í an phobalbhreith iarvótála a rinne Ipsos B&A agus a choimisiúnaigh RTÉ, The Irish Times, TG4, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus a fhoilseoidh RTÉ agus The Irish Times go comhuaineach ag 10pm oíche Dé hAoine an léiriú is luaithe a bheidh ar fáil ar phatrúin vótála. Cuirfidh Ipsos B&A agallamh ar thart ar 5,000 duine ar fud na hÉireann díreach tar éis dóibh vóta a chaitheamh Dé hAoine. Craolfar na torthaí ó 10pm ar aghaidh ar fud ardáin RTÉ; trí Aip RTÉ News agus ar RTE.ie, craolfar torthaí na pobalbhreithe beo ar The Late Late Show ar RTÉ One ar a mbeidh painéal aíonna sa stiúideo i dteannta Patrick Kielty, ar an gclár dhá uair an chloig a chraolfar ar RTÉ 2 Election 2024 Exit Poll Special arna chur i láthair ag Fran McNulty, agus ar chlár tiomnaithe ar RTÉ Radio 1 Late Debate with Colm Ó Mongáin. Craolfar podchraoladh breise oíche Dé hAoine Behind the Ballot ar a bpléifear na torthaí.

Ar Líne

Cuirfear tús le blag beo aip RTÉ News agus RTE.ie go moch Dé Sathairn, ag leanfaidh sé ar aghaidh gan stad go dtí go bhfógrófar an suíochán deiridh, ag tuairisciú ar na mórscéalta, na treochtaí agus na torthaí go léir. Le 43 leathanach fíor-ama — ceann do gach dáilcheantar — agus nuashonruithe áitiúla i mblaganna tiomnaithe na ndáilcheantar, beidh rochtain ar líne ag cách, rochtain nach mbeidh a shárú le fáil, ar an scéal is déanaí ó gach comhaireamh. Beidh léarscáil idirghníomhach ar fáil freisin ar a dtabharfar miondealuithe beo ar na dáilcheantair agus treochtaí náisiúnta. Lean Olltoghchán 24 ar chuntais Instagram, TikTok, X, YouTube, agus Bluesky RTÉ ionas go bhfaighidh tú na mórscéalta ar fad, buaicphointí físe agus anailís ar an toirt.

Ar an Teilifís

Cuirfear tús le clúdach RTÉ One ar an Olltoghchán le Election 2024 ag 9.00am Dé Sathairn agus leanfar den chlúdach sin gan stad go dtí 2am Dé Domhnaigh, clúdach ina dtabharfar an teailí is déanaí, na comhairimh aonair agus na torthaí ó na dáilcheantair ar fad. I rith an deireadh seachtaine, óstálfaidh Miriam O’Callaghan, David McCullagh, Katie Hannon, Fran McNulty, Sarah McInerney agus Áine Lawlor anailís agus plé sa stiúideo, agus beidh na tuairiscí is déanaí acu ó ionaid chomhairimh ar fud na tíre.

Cuirfear tús arís le clúdach RTÉ One le Election 2024 Dé Domhnaigh ón 11.00am, clúdach ina dtabharfar an scéal is déanaí ar na comhairimh is déanaí agus ina ndéanfar anailís ar an gcuma atá ar chúrsaí ar fud na tíre agus ar thuairimí lucht na polaitíochta. Leanfar den chlúdach sin go dtí go luath sa tráthnóna, agus ina dhiaidh sin craolfar clár torthaí speisialta ag an 9.30pm.

Áireofar príomhfheasachán nuachta One O‘Clock News, Six One News agus Nine O’Clock News gach lá mar chuid de chlúdach thorthaí Thoghchán 2024 RTÉ One, a thabharfaidh léargas don lucht féachana ar nuacht olltoghcháin an lae agus ar phríomhscéalta eile an lae.

Cuirfidh Katie Hannon an clár speisialta Upfront Election 24 i láthair ar RTÉ One ag 9.35pm oíche Dé Luain, an 2 Nollaig, ina dtabharfar léargas ginearálta ar an tionchar a bheidh ag an olltoghchán seo agus ar na torthaí is déanaí mar aon le plé agus anailís ón lucht féachana ar an olltoghcháin de réir mar a líonfar na suíocháin deiridh sa 34ú Dáil.

Ar an Raidió

Ar RTÉ Radio 1, ag tosú Dé Sathairn, tabharfaidh Áine Lawlor agus Gavin Jennings amach torthaí agus déanfaidh miondealú breise ar an bPobalbhreith Iarvótála arna ríomh thar oíche ar chlár speisialta de Morning Ireland ón 8am. Leanfar de chlúdach RTÉ le Election 24 ón 10am go dtí amach san oíche agus beidh iriseoirí ag tuairisciú ó gach aon cheann de na 43 dáilcheantar. Cuirfidh láithreoirí RTÉ Radio 1, Rachael English, Claire Byrne, Colm Ó Mongáin, Cormac Ó hEadhra, Sarah McInerney agus Justin McCarthy i dteannta meitheal anailísithe agus breathnóirí na buaicphointí, na chéad chomhairimh agus an t-eolas is déanaí ar fáil go rialta. Cuirfidh an tuairisceoir Barry Lenihan RTÉ Radio 1 an t-eolas is déanaí ar fáil go rialta i rith an deireadh seachtaine maidir le hathruithe a d’fhéadfadh tarlú sa tírdhreach polaitiúil agus maidir leis an nuacht ó na hionaid chomhairimh ar fud na tíre.

Tosóidh clúdach an Domhnaigh ag an 9.00am agus leanfaidh sé ar aghaidh i gcaitheamh an lae agus na hoíche, lena n-áirítear eagráin speisialta de This Week. Cuirfidh Áine Kerr dhá Late Debate speisialta i láthair ó 10pm Dé Domhnaigh agus oíche Dé Luain.

Tá cáil ar Oliver Callan as a thuairim fheanntach a thabhairt agus beidh sé ar ais le Callan’s Kicks ag 6:30pm Dé Luain an 2 Nollaig ar RTÉ Radio 1, ar a dtabharfaidh sé a chuid tuairimí ar imeachtaí an deireadh seachtaine.

I nGaeilge

Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta clúdach cuimsitheach ar fáil i nGaeilge ar thorthaí Olltoghchán 2024 i gcaitheamh an deireadh seachtaine seo. Cuirfear tús leis an gclúdach ag 10am Dé Sathairn leis an gclár Lá an Chomhairimh agus leanfaidh sé ar aghaidh gan stad go dtí meán oíche agus tosóidh sé arís Dé Domhnaigh ón 9am amach déanach san oíche. Is iad Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh an clár i láthair. Ó tharla go mbeidh tuairisceoirí lonnaithe in ionaid chomhairimh ar fud na tíre agus painéal iontach saineolaithe ag cíoradh gach scéil a thagann chun cinn, is féidir le héisteoirí a bheith ag súil le hanailís léirsteanach ó dhaoine lena n-áirítear Comhfhreagraí Polaitíochta RTÉ RnaG Cuan Ó Seireadáin, iar-Fheisire Eorpach Seán Ó Neachtain, an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin, an saineolaí ar chúrsaí staidrimh Donncha Ó hÉallaithe, an t-iarChomhairleoir Contae Connie Ní Fhátharta, an t-abhcóide Cecelia Ní Choileáin, an staraí Cormac Ó Comhraí, agus iar-Rúnaí Preasa an Rialtais Eoin Ó Neachtain.

Beidh Nuacht RTÉ an fheiceálach ar an aer agus ar líne ó tharla go mbeidh iriseoirí Nuachta, a bheidh lonnaithe ar fud na ndáilcheantar, ag cur an nuacht is déanaí agus anailíse beo ar aghaidh chuig an mol i mBaile na hAbhann i nGaillimh, a fhágfaidh go mbeifear ábalta na torthaí agus an anailís is nuashonraithe a chur ar fáil. Déanfaidh RTÉ cláir Vóta 2024 a chomhléiriú freisin agus cuirfidh TG4 15 uair an chloig de chlúdach tiomnaithe ar fáil.

Tá RTÉ ag leanúint lena thiomantas freisin tacú le forbairt mheáin agus iriseoireacht na hÉireann amach anseo trí thionscnamh comhairimh ina mbeidh 50 mac léinn iriseoireachta tríú leibhéal ó Ollscoil Luimnigh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste Breisoideachais Bhaile Formaid fostaithe chun dul i mbun oibre le foirne RTÉ in ionaid chomhairimh ar fud na tíre i gcaitheamh an deireadh seachtaine le go bhfaighidh siad taithí phearsanta agus le go gcuirfidh siad leis an tuairisciú ilardáin ar an Olltoghchán.

Beo ó Ionad Toghcháin tiomnaithe RTÉ i nDomhnach Broc, agus 32 ionad comhaireamh ar fud na tíre, cuirfidh RTÉ clúdach leanúnach ar fáil ar chomhaireamh Olltoghchán 24 de réir mar a nochtfar an chuma a bheidh ar an 34ú Dáil agus ar an tírdhreach polaitiúil.

Lean Olltochán 24 ar aip RTÉ News | rte.ie/election24/

-Críoch-


Showing 91 - 100 of 546 stories