Tá an craoltóir náisiúnta, RTÉ, tugtha do bheith chomh hoscailte follasach agus is féidir. Leagtar síos go sonrach in Ionstraim Reachtúil 115/200 (an “IR 115 de 2000“) na réimsí in RTÉ a thagann faoi scáth na reachtaíochta agus na réimsí nach dtagann. Is é cuspóir atá leis an Ionstraim Reachtúil sin na feidhmeanna maidir le cláir a dhéanamh in RTÉ a chosaint.
Tá díolúine ag baint go sonrach le taifid maidir le nuacht, sonraí, tuairimí agus sleachta cainte a bhailiú agus a thaifeadadh le haghaidh ábhar iriseoireachta nó ábhar cláir; taifid lena bhféadfaí duine is foinse faisnéise (tograí cláir san áireamh) a aithint; taifid a chruthaítear le linn eagarthóireacht a dhéanamh ar chlár; taifid ina bpléitear socruithe eagarthóireachta maidir le clár agus taifid a bhaineann le haon anailís nó breithmheas iarchraolta ar chlár.
Ba é breith na hArd-Chúirte sa chás RTÉ V An Coimisinéir Faisnéise gur chóir na réimsí ina dtagann RTÉ faoi scáth an Achta um Shaoráil Faisnéise a mheas go cúng agus na réimsí lena mbaineann díolúine a mheas go forleitheadach. Mar shampla, sa chás go mbaineann taifead le hábhar bainistíochta ach go mbaineann an taifead freisin le cúrsaí eagarthóireachta, tá díolúine ag baint le taifead den sórt sin de réir na Cúirte.
Foráiltear do dhíolúine i gcásanna sonracha faoin Acht (mar shampla faisnéis phearsanta nó faisnéis atá íogair ó thaobh gnóthaí tráchtála) faoinar féidir le comhlachtaí téacs i dtaifid a fholú nó diúltú taifid a chur ar fáil. Má thagann cás den sórt sin i gceist, cuirfear in iúl duit é agus míneofar na cúiseanna leis go soiléir.