Seachtain na hEolaíochta ar RTÉ

Réimse leathan cláracha agus lón ábhair de chuid RTÉ faoina bhfuil i ndán san am atá romhainn ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.

Cláracha agus ábhar podchraoltóireachta faoi leith do leanaí

Dé Domhnaigh 10 – 17 Samhain | www.rte.ie/scienceweek

Beidh ceiliúradh ar siúl arís ag RTÉ ar Sheachtain na hEolaíochta le réimse leathan de chláracha agus de lón ábhair ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne ó Dé Domhnaigh, an 10 Samhain go Dé Domhnaigh an 17 Samhain agus ina dhiaidh sin.

Idir sraith nua ardaidhme, Futureville Ireland, ina gcíortar roinnt de na smaointe atá ag lucht na heolaíochta in Éirinn faoin gcéad chathair nua-shamhalta de chuid na hÉireann sa bhliain 2050, séasúr nua de Heated ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ina bhfeictear scéalta nua fúthu siúd atá chun tosaigh ag cur in aghaidh an athrú aeráide ar fud na hÉireann, agus réimse faoi leith cláracha agus ábhar podchraoltóireachta do leanaí, tá neart á chur ar fáil ag RTÉ i rith Sheachtain na hEolaíochta ar RTÉ, arna léiriú i gcomhar le Taighde Éireann.

BUAICPHOINTÍ DON TEAGHLACH UILE

>>> Futureville Ireland

(7.00 i.n. ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, Dé Máirt an 12 Samhain – Déardaoin an 14 Samhain)

Sraith nua ardaidhme trí chlár is ea Futureville Ireland, arna cur i láthair oícheanta i ndiaidh a chéile ag Carla O’Brien & an Dr Lollie (Lorraine) Mancey ar RTÉ One (agus ar an RTÉ Player), ina dtugtar léargas athshamhalta ar Bhaile Átha Luain ina chathair mhór – Futureville – in Éirinn na bliana 2050. Cén chuma a bheadh air? Cén saol a bheadh ag muintir na cathrach? Agus cé na bearta nuálaíochta is deireanaí atá ag pobal Taighde Éireann a thabharfaidh gur féidir sin a thabhairt i gcrích?

Príomhchathair i lár tíre é Futureville (nó Baile Átha Luain athshamhalta na bliana 2050) ina bhfuil cónaí ar ceathrú milliún duine. D’fhéadfadh athchruthú spleodrach na cathrach seo, bunaithe ar shaothar taighde lucht eolaíochta na hÉireann, tarlú chomh réidh céanna maidir le baile mór ar bith eile in Éirinn. Rinneadh an tsraith seo a fhorbairt i gcomhar le Taighde Éireann.

>>> Heated

Beidh séasúr nua de Heated ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ar an Máirt le scéalta nua fúthu siúd atá chun tosaigh ag cur in aghaidh an athrú aeráide ar fud na hÉireann.  Tá teacht ar chláracha uile na sraithe do dtí seo ar an RTÉ Player.

>>> 10 Things to Know About

(Eagrán 2/6, 8.30 i.n., Dé Luain, an 11 Samhain)

I gclár Sheachtain na hEolaíochta de 10 Things to Know About, pléitear an tionchar atá ag an teicneolaíocht dhigiteach agus ag IS ar an saol inár dtimpeall. In Ard na Croise, monarcha cumhachta na hÉireann atá ag obair le beagnach 100 bliain, pléitear an leas ó thaobh tuiscint ar bhaic agus ar dheiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag muintir na linne seo as céimeanna a tugadh chun cinn maidir le cúrsaí teicneolaíochta san am atá caite.  Tugtar chun aire iarrachtaí cuidiú le daoine fásta níos aosta tabhairt go sábháilte agus go muiníneach faoi úsáid na teicneolaíochta agus léirítear an t-athrú ó bhonn a d’fhéadfadh sár-ríomhaire nua a chur ar thuar na haimsire in Éirinn. Buailtear freisin le roinnt de na leanaí is luaithe san Eoraip a bhfuil úsáid á baint acu as teicneolaíocht nua eischreatlaí a ligfidh dóibh siúl den chéad uair riamh.

 

BUAICPHOINTÍ DO LEANAÍ

Tá cuid mhór á chur ar fáil ag RTÉ do leanaí i rith Sheachtain na hEolaíochta:

Cláracha do Leanaí

>>> What’s Next?

What’s Next?  Clár ina ndéanann leanaí – le beagán cúnaimh ó lucht tionchair – iomaíocht ag féachaint le teacht ar smaointe a thabharfaidh an Domhan seo slán.

Sa tsraith seo, díríonn grúpa leanaí as Éirinn an intinn ar fhadhbanna maidir le cúrsaí faisin, iompair, dramhaíola, bia agus árais chónaithe a réiteach. Oibríonn siad i bpáirt le Adam Beales, Demi Isaac Oviawe agus MC Fitzpatrick, daoine den lucht tionchair in Éirinn, ag iarraidh teacht ar an smaoineamh a thiocfaidh i gcion ar an moltóir – Fionn Ferrieira, Corcaíoch óg a bhfuil an-cháil air maidir le héirim cheapadóireachta.  Téann buaiteoir an chláir ar aghaidh i ngach cás go dtí clár mór na craoibhe agus iad san iomaíocht don duais mhór – an bosca éirime órga agus deis smaoineamh a chur i láthair mhilliúnaí atá ar mhisean infheistíochta ag iarraidh an domhan a fhuarú.

>>> The Scavengers

Is iad na Scavengers, a mhaireann in Éirinn sa bhliain 3000, an chéad dream (agus an t-aon dream) a mhair ar an domhan seo le míle bliain. Bí in éineacht le Arrow (13), Starla (15), a dheirfiúr agus an cara is fearr atá acu, róbait darbh ainm ARG, agus iad ag déanamh an bhealaigh trí chíorthuathail greannmhar an tsaoil, agus na geábhanna contúirteacha ina gcastar iad, ar an Domhan san am atá romhainn.

>>> Where the Wild Geese Go

Tionscadal Where the Wild Geese Go a bhfuil eachtraíocht agus spraoi i gceist leis agus an Chadhan á leanúint ar thuras iontach imirce. Is mian linn eolas ceart a fháil ar shaol an éin seo ar beag eolais atá air go dtí seo. Tagann meitheal eolaíochta le chéile le lorg an chadhain a leanúint ag dul as Éirinn go Ceanada agus ar ais arís.

Bíonn amharc ar an gclár mar a bheadh an lucht féachana san ealta féin, feictear ar an talamh iad agus ag imeacht san aer.  Feictear na háiteanna a dtugann siad cuairt orthu agus na daoine a bhuailtear leo.  Iarrtar dá bhrí sin ar Lucht Faire na nGéanna breith ar dhéshúiligh agus a theacht in éineacht linn ar an aistear eachtrúil seo. Ceangail le rte.ie/goose leis an áit agus an uair a bhfaca tú féin Cadhan a logáil agus le heolas breise a fháil.

>>> Let’s Find Out (le cabhair ó Thaighde Éireann)

I sraith a trí, ‘Protecting Planet Earth’, tá sceitimíní ar Zoom ag fágáil na spásloinge go bhfeicfidh sí an domhan di féin. I rith 20 eagrán den chlár, agus le cúnamh óna cuid cairde, foghlaimíonn sí faoi roinnt de na bearta iontacha atá á ndéanamh ag daoine d’fhonn an domhan a thabhairt slán.” Acmhainní Oideachais le húsáid sa seomra ranga ar fáil ag www.rte.ie/scienceweek.

Podchraoltóireacht RTÉjr (RTÉjr Podcasts)

>>> The Science of Sense Cuirfear tús leis an tríú séasúr ar an 12 Samhain le trácht i rith Sheachtain na hEolaíochta ar cheisteanna inmharthanachta agus bia. Scrúdaítear an bia a ithimid, an tábhacht atá leis sin agus a bhfuil i ndán maidir le béile an duine san am atá le theacht.

>>> Our Sustainable Village Clár podchraoltóireachta don seomra ranga ina ríomhtar scéal leanaí as sé cinn de scoileanna sa Chabrach, Baile Átha Cliath, agus iad ag saothrú le dream saineolais ionas gur sláintiúla agus gur glaise an chomharsanacht sin.  Acmhainní don seomra ranga ar RTÉ Learn

BUAICPHOINTÍ AR LÍNE

Ar RTÉ Player

Cuardaigh RTÉ Player agus feicfear cuid mhór cláracha le téama eolaíochta is féidir leat a shruthchraoladh, ina measc:

  • Futureville Ireland
  • Heated
  • 10 Things to Know About
  • Game Changer: AI & You
  • Big Life Fix
  • The End of the World with Beanz
  • What Planet Are You On
  • Father of the Cyborgs
  • Birdsong
  • Ireland’s Coast
  • The Island
  • Future Island Live
  • The Change: Ireland’s Menopause Story
  • Rising Tides: Ireland’s Future in a Warmer World
  • Losing Alaska

Ar RTÉ Brainstorm

Beidh aird á tharraingt ar RTÉ Brainstorm i rith Sheachtain na hEolaíochta ar an saothar taighde is deireanaí, mar shampla obair faoi cholainn an duine agus an tráth den lá, DNA sa bhó, cógas leighis trí phriontáil 3D, caighdeán an aeir sna seomraí ranga agus beoir atá saor ó alcól. Féach www.RTÉ.ie/brainstorm agus www.rte.ie/scienceweek maidir le réimse leathan ábhair ar théamaí a bhaineann leis an eolaíocht.

BUAICPHOINTÍ EILE

>>> Ar RTÉ 2FM: Pléifidh Carl agus Aifric agus meitheal an chláir am bricfeasta le seachtain na heolaíochta.

>>> Beidh réimse scéalta faoi chúrsaí eolaíochta á chur ar fáil ar News2day2 do lucht éisteachta na ndaoine óga i rith na seachtaine, cuairt san áireamh ar thaispeántas Scifest i scoil N. Aindrias, an Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath.

>>> Agus coinnigh na súile feannta go bhfeicfear feasacháin le téama na haeráide gach lá ó Aimsir RTÉ.

Is féidir níos mó faoi Sheachtain na hEolaíochta ar RTÉ a léamh ar www.rte.ie/scienceweek.

CRÍOCH


COMÓRTAS GEARRSCÉALAÍOCHTA RTÉ 2024: FÓGRAÍTEAR AN GEARRLIOSTA

LÉIRIÚ IONTACH AR AN gCUMAS SCRÍBHNEOIREACHTA IN ÉIRINN LE FEICEÁIL AR SCÉALTA BREÁTHA FAOIN gCAIDREAMH IDIR DAOINE

NA BUAITEOIRÍ LE FÓGAIRT AG ÓCÁID SPEISIALTA DÉ hAOINE AN 29 SAMHAIN

CRAOLFAR SEARMANAS NA nGRADAM AR AN gCLÁR ARENA AR RTÉ RADIO 1 DÉ LUAIN AN 2 NOLLAIG (7 i.n.)

MIONEOLAS: www.rte.ie/writing

TICÉID: https://www.paviliontheatre.ie/events/view/arenalive

LEAN MUID: #rteshortstory

Tá mioneolas fógartha ag RTÉ faoi na deich gcinn de scéalta nua atá roghnaithe do ghearrliosta Chomórtas Gearrscéalaíochta 2024 RTÉ in ómós do Francis MacManus as beagnach 1,500 scéal a cuireadh isteach ar an gcomórtas.

Is iad na scríbhneoirí Neil Hegarty, Claire Kilroy agus Kathleen MacMahon a bhí ina moltóirí.

Seo a leanas scéalta an ghearrliosta, arna lua in ord aibítre de réir theideal an scéil:

  • Artifice, le Sharon Guard
  • Chambermaid, le Fiona O’Connor
  • Dead Bait, le Mattie Brennan
  • Dessie and Hopper, le Susanne Stich
  • Divination, le Stephen O’Reilly
  • Once Upon an Algorithm, le Ryan Delaney
  • Planning the Leftovers, le Sheila Barrett
  • The Other Órla, le Emer O’Toole
  • The Rehearsal, le Alexis MacIsaac
  • Turncoat, le David Ralph

***Tugtar eolas faoi na scríbhneoirí agus na scéalta sna NÓTAÍ thíos agus faoin sceideal craolacháin ar RTÉ Radio 1.

Is éard a dúirt Neil Hegarty arbh í seo an chéad bhliain ar phainéal na moltóirí aige: “Chuaigh na scéalta a cuireadh isteach ar chomórtas na bliana seo i bhfeidhm go mór orm. Is iontach an rud sárchaighdeán na scríbhneoireachta a fheiceáil, sin é go simplí é. Chuaigh i gcion chomh mór orm freisin an trácht sna scéalta seo ar shaol na mothúchán ag an duine, dá éagsúla agus dá chasta sin: baraiméadar ar na daoine an ealaín ar ndóigh ach is dóigh liom féin gur scáthán faoi leith Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ ar smaointeoireacht an phobail san am i láthair.”

Chuir Claire Kilroy, duine eile de na moltóirí, leis sin: “Bhí téamaí áirithe a tháinig i gceist arís agus arís eile: cumha, cúrsaí inscne agus an difríocht idir saol an fhir agus saol na mná…”

Dúirt Kathleen MacMahon, moltóir: “ba é an ceangal idir daoine ábhar mhórchuid mhór na scéalta i mbliana – an gá leis, na bacanna roimhe. Sa chíoradh a rinneadh ar an téama bunúsach seo, taispeáineann scríbhneoirí ghearrliosta chomórtas Francis MacManus arís i mbliana dúinn an acmhainn scríbhneoireachta atá go leitheadach i measc mhuintir na hÉireann agus an fonn dochloíte friotal agus foclaíocht a úsáid chun réimsí saoil na ndaoine a chíoradh.”

Foilseofar na deich gcinn de scéalta ar rte.ie/culture Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 16 agus an 17 Samhain, agus craolfar ina gceann agus ina gceann iad (arna léamh ag aisteoirí) ar feadh coicíse ó Dé Luain an 18 Samhain ar aghaidh ar an gclár Late Date ar RTÉ Radio 1.   Beidh trácht go rialta freisin orthu ar an gclár Arena ar RTÉ Radio 1 roimh oíche na ngradam sa Pavilion Theatre i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath ag 7 i.n. Dé hAoine, an 29 Samhain – clár speisialta de chuid Arena arna chur i láthair ag Seán Rocks – a bhfuil cuireadh ag scríbhneoirí uile an ghearrliosta a bheith i láthair aige. Beidh sleachta á léamh as gach ceann de dheich scéal an ghearrliosta an oíche sin agus plé orthu ag na moltóirí go léir sula mbronntar na príomhdhuaiseanna.

Tá duais €5,000 le fáil ag an mbuaiteoir agus gheobhaidh na scríbhneoirí a thagann sa dara agus sa tríú háit €4,000 agus €3,000 faoi seach. Beidh duais €250 an duine le fáil ag an seachtar scríbhneoirí eile ar an ngearrliosta.

Craolfar an t-eagrán speisialta den chlár Arena ar RTÉ Radio 1 ag 7 i.n. Dé Luain an 2 Nollaig 2024.

Tá ticéid don ócáid sin ar díol anois anseo

Is éard a dúirt Sarah Binchy, an léiritheoir sraithe: “Seo cnuasach breá eile chugainn de scéalta úra éagsúla ó scríbhneoirí spreagúla sárchumasacha na bliana seo. Táthar ag tnúth go mór leis na scéalta a fhoilsiú ar rte.ie/culture, ar an aer agus mar ábhar podchraoltóireachta, an léitheoireacht á déanamh ag scoth aisteoirí na hÉireann — agus le theacht le chéile ar aon láthair leis na moltóirí, na scríbhneoirí agus daoine den lucht éisteacht ar ócáid bhronnadh na nduaiseanna, oíche Arena sa Pavilion Theatre i nDún Laoghaire, Dé hAoine an 29 Samhain.”

Cuireadh Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ ar bun sa bhliain 1986 in ómós do Francis MacManus, scríbhneoir agus craoltóir.  Is ríthábhachtach ó shin é maidir le bonn a chur faoi scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn in Éirinn. Áirítear ar na scríbhneoirí a bhuaigh an comórtas agus a bhí ar ghearrliostaí roimhe seo Claire Keegan, Molly McCloskey, Danielle McLaughlin, Anthony Glavin, Chris Binchy, Nuala O’Connor, Liz Nugent, Colin Walsh, Stephen Walsh, Austin Duffy, Sarah Gilmartin agus eile.

Tá saorchead cur isteach ar Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ ag aon duine os cionn 18 bl. d’aois ar a bhfuil cónaí ar oileán na hÉireann nó ag duine a chónaíonn thar lear ag a bhfuil pas de chuid na hÉireann. Fógrófar mionsonraí faoi chomórtas na bliana seo chugainn i dtús na bliana 2025. Maidir le heolas breise faoi Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ , féach www.rte.ie/writing.

CRÍOCH

Eolas: Neil O’Gorman, Bainisteoir Cumarsáide Corparáide, RTÉ | R: neil.ogorman@rte.ie

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

MAIDIR LEIS NA SCRÍBHNEOIRÍ AGUS NA SCÉALTA (In ord aibítre de réir ainm baiste an scríbhneora)

ALEXIS MACISAAC (Éireannach agus Ceanadach, ina cónaí in Ottawa)

Saoránach de chuid na hÉireann agus de chuid Cheanada í Alexis MacIsaac ar foilsíodh saothar scríbhneoireachta dá cuid in Masks Literary Magazine (buaiteoir ghradam scéil 2023), The Bookends Review, Agnes and True agus eile. Rinne sí camchuairteanna roimhe seo ina ceoltóir le seónna  Riverdance agus The High Kings. Tá sí anois ina státseirbhíseach le Domestic Oceans Policy agus ina cónaí in Ottawa le Calum, a fear céile, agus Cillian agus Rafferty, a clann mhac. Tá sí i mbun úrscéal a scríobh, an chéad cheann dá cuid.

The Rehearsal

“Is scéal é seo is féidir a léamh mar a bheadh tástáil Rorschach ar bun. Bhí fonn dáiríre orm cíoradh a dhéanamh ar an dearcadh faoi leith a fhéadann a bheith ó am go chéile ag fir agus ag mná ar an saol agus ar a thanaí éadlúth a fhéadann ceangal idir daoine a bheith mar gheall ar éagsúlacht ó thaobh dearcaidh.”

DAVID RALPH (Tiobraid Árann, cónaí air i mBaile Átha Cliath)

As Tiobraid Árann David Ralph ó dhúchas agus tá sé ina chónaí anois i mBaile Átha Cliath. Foilsíodh scéalta agus aistí dá chuid ar an Dublin Review, Southword, Banshee, New Irish Writing, Litro, Fish Anthology agus Channel. Bhuaigh sé gradam New Irish Writing sa bhliain 2020 agus tháinig sa tríú háit sa chomórtas don Fish Memoir Prize 2022. Saothraíonn sé ina dhuine den aos léinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Turncoat

 “Scéal é Turncoat faoi fhear a rinne in aghaidh mheon an dea-chroí ann agus, fiú murar cúl le mianach a bhí ar chor ar bith ann, atá thíos leis ar aon chuma.  Chonaic mé madraí spadhartha ag daoine gléasta in éide Oíche Shamhna, iad ag tafann agus an sianaíl le faitíos rompu. Is é an trua nach bhféadaim a áiteamh nach gné ar bith de mo shaol féin is bun le hábhar an scéil seo.” 

EMER O’TOOLE (Gaillimheach atá ina cónaí i Montréal)

Is as Gaillimh í Emer O’Toole a bhfuil cónaí anois uirthi i Montréal agus cúrsaí faoi amharclannaíocht na hÉireann, scannánaíocht agus taibhréim á dteagasc aici in Ollscoil Concordia. Tá cuid mhór ábhar neamhfhicsin scríofa aici, ábhar acadúil agus tráchtaireacht nuachtáin san áireamh. Tá leabhar dá cuid, Girls Will Be Girls (Orion: 2015), ábhar greannmhar soláimhsithe maidir le teoiric inscne, aistrithe go sé cinn de theangacha. Beartaíocht nua ag Emer tabhairt faoi shaothar ficsin agus tá sí ag tnúth go bhfoilseofar úrscéal léi a chríochnaigh sí le gairid.

The Other Órla

“Scéal é The Other Órla faoin nós a bhíonn againne, mná, a bheag a dhéanamh dínn féin ag súil le daoine eile a shásamh, agus faoin dochar a dhéanann sin don phobal. Scéal freisin é faoin náire, faoi nithe a rinneamar nuair a bhíomar óg a ghoilleann anois orainn, faoi mhaireachtáil inniu ainneoin a ndearnamar fadó. Rith deireadh an scéil liom sa chithfholcadán agus b’shin tús na scríbhneoireachta ag oibriú droim ar ais dom gur cheap na carachtair, an comhthéacs agus an reacaireacht.”

FIONA O’CONNOR (As Baile Átha Cliath, maireann i gCiarraí agus i Londain)

As Baile Átha Cliath í Fiona O’Connor a dhéanann cónaí anois i gContae Chiarraí agus i Londain. Tá seónna amharclannaíochta faoin aer léirithe aici i Muileann Naomh Eoin, Lios an Phúca, Co. Chiarraí. Tá an Hennessy Literary Award agus an Éamon Kelly Bursary le háireamh ar na gradaim a bronnadh uirthi. Foilsíodh saothar dá cuid in The Stinging Fly, The Lonely Crowd agus Sublunary Editions chomh maith le hábhar a bheith ar fáil go gairid in Exacting Clam. Scríobhann sí gné-ailt ó am go chéile ar The Irish Times agus The Morning Star.

Chambermaid

“Scéal rómánsúil grá is ea Chambermaid. Nuair a chuirtear cosc ar an ngrá, tharlódh tréithe de chuid an duine ar taispeáint a bheadh faoi cheilt de ghnáth.”

MATTIE BRENNAN (As Sligeach, ina chónaí i gContae an Chláir)

Tá céim MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach ag Mattie Brennan ó Ollscoil Luimnigh. Foilsíodh saothar ficsin dá chuid in The Stinging Fly agus Southword agus luadh ar ghearrliostaí cheana é do ghradaim éagsúla, ina measc gradam New Writing Prize ag Cúirt agus Comórtas Idirnáisiúnta Gearrscéalaíochta Sheáin Uí Fhaoláin.  As Contae Shligigh ó dhúchas, tá cónaí i gContae an Chláir air faoi láthair.

Dead Bait

“Is é a chuir ábhar an scéil seo i mo cheann an chéad uair riamh triúr fear a fheiceáil ag iascach ag cé Dhuibhlinne thart ar an dó a chlog ar maidin. Bhí mé ag teacht ó sheal oibre a chríochnú i dteach ósta McDermott’s in aice láimhe agus bhí mé ag dul ag codladh i veain a bhí agam.  Chonaic mé an dorú á chaitheamh amach agus rith liom go gcaithfeadh ábhar scéil a bheith ina raibh á fheiceáil agam. Scríobh faoi thriúr a chur an ama tharstu a rith liom ar an gcéad iarraidh sin ach, mar a tharlaíonn le cuid mhór scéalta, ní raibh an saothar críochnaithe an-chosúil ar chor ar bith leis an gcéad smaoineamh sin. De réir mar a tháinig na carachtair éagsúla sa scéal chun cinn, tuigeadh dom go raibh snáithe áirithe a chaithfinn a shaothrú.”

RYAN DELANEY (Astrálach de bhunadh na hÉireann atá ina chónaí i nDún Éideann)

Astrálach de bhunadh na hÉireann é Ryan a bhfuil cónaí faoi láthair i nDún Éideann air. Tar éis blianta a chaitheamh ag saothrú scripteanna nach raibh aon duine a léiriú ar an scáileán, thug sé faoi scríbhneoireacht próis i rith ré na paindéime agus tá ag éirí thar cionn leis i mbliana. Thug sé leis The Hope Prize, an duais mhór idirnáisiúnta don ghearrscéalaíocht, le The Shadows Cast by the Moon; roghnaíodh an chéad úrscéal a bhfuil sé ag tabhairt faoi le haghaidh tréimhse forbartha ag Scoil Samhraidh The Stinging Fly in Ionad na Scríbhneoirí; agus roghnaíodh Franky Unbound, scéal greannmhar faoin duine is óige i dteaghlach mór, le cur ar ghearrliosta don All-Ireland Scholarship.

Once Upon an Algorithm

“Scéal leath-bheathaisnéiseach é Once Upon an Algorithm, a scríobhadh in aon tráthnóna amháin, faoi scríbhneoir atá ag streachailt ó thaobh na síceolaíochta le bota comhrá.”

SHARON GUARD (Baile Átha Cliath)

As Baile Átha Cliath ó dhúchas í Sharon Guard agus is ann a mhaireann sí agus í fostaithe i dtionscal na cógaisíochta. Tá céim MA ó Ollscoil Luimnigh aici sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach. Foilsíodh saothar dá cuid in New Irish Writing, SWERVE, The Ogham Stone agus Washing Windows. Bhuaigh sí Gradam Molly Keane don Scríbhneoireacht Chruthaitheach sa bhliain 2020 agus beidh Assembling Ailish, an chéad úrscéal dá cuid, á fhoilsiú ag Poolbeg Press i mí Feabhra 2025.

Artifice

“Sílimse gur spéisiúil an rud breathnú ar dhaoine atá ag breathnú orthu féin sa scáthán,” arsa Sharon. ‘Go háirithe nuair atá smideadh á chur ar a n-éadan nó a gcuid gruaige á réiteach, daoine atá ag socrú cad é a léireoidh siad don saol mór agus cad é a choinneoidh siad faoi cheilt. An ní a léireoidh siad dóibh féin agus a cheilfidh siad orthu féin. Is scéal é Artifice faoin gceann is fearr a fháil ar chúrsaí, an fód a sheasamh, faoi mharbhántacht an ghnáthshaoil agus faoi bheocht an chumha. An dícheall is gá chun dóchas a chothú.”

SHEILA BARRETT (As Dallas ó dhúchas, ina cónaí i nDeilginis)

Rugadh Sheila Barrett in Dallas, Texas. Tháinig sí go Deilginis le John Barrett, a fear céile, nuair a d’fhill seisean ar a chathair dúchais sa bhliain 1969 agus tá sí ina cónaí sa teach céanna ó shin. Tá dhá úrscéal foilsithe aici chomh maith le roinnt gearrscéalta. Bunaithe ar shaol dáiríre an teaghlaigh, agus ar an drámaíocht a bhaineann leis, atá a cuid scríbhneoireachta le tamall anuas. Tá úrscéal ar na bacáin aici faoi láthair.

Planning the Leftovers

“Is iomaí foinse le Planning the Leftovers a tháinig le chéile le himeacht ama, gach áit ar domhan a bheith cóngarach dá chéile agus an chuma nua atá ar theaghlaigh, agus an meascán, idir chumha agus ghliondar, a fhéadann a theacht dá thoradh sin.

STEPHEN O’REILLY (Connallach a chónaíonn i nGaillimh)

I nDún na nGall a tógadh Stephen O’Reilly a bhfuil cónaí air in aice le Creachmhaoil i gContae na Gaillimhe. Foilsíodh gearrscéalta dá chuid i gcnuasaigh éagsúla in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Bronnadh Gradam Cuimhneacháin Molly Keane agus gradam Gearrscéalaíochta HG Wells air roimhe seo chomh maith le Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ a bhuachan sa bhliain 2019.

Divination

“Ní mar a shíltear… a neosann an aimsir. Bhí fonn orm scríobh faoin éiginnteacht sin agus faoi lánúin ag déileáil le hathrú, sular tharla sé ar chor ar bith, ar an saol a bhí á shamhlú acu.  An creideamh agus an réasún ag dul in aghaidh a chéile, an dóchas nach móide.”

SUSANNE STICH (Inis Eoghain, via Nürnberg)

D’fhás Susanne Stich aníos in Nürnberg agus tá cónaí uirthi in Inis Eoghain le blianta fada. Saothraíonn sí scríbhneoireacht, scannánaíocht agus grianghrafadóireacht ina cuid obair chruthaitheachta ach is ar an scríbhneoireacht is mó atá béim aici le blianta beaga anuas. Foilsíodh saothar dá cuid in The Stinging Fly, Winter Papers, Banshee, The Pig’s Back, New Irish Writing, Ambit agus eile. Bhí sí ar an ngearrliosta don Bristol Short Story Prize agus sa bhabhta ceannais san Irish Novel Fair. Tá céim MA aici i Léann na Litríochta agus na Scannánaíochta ó Ollscoil Friedrich-Alexander in Erlangen, céim PhD i gcleachtadh na cruthaitheachta ó Ollscoil Uladh, Béal Feirste agus tá obair déanta aici in earnáil na healaíne agus an oideachais ina léachtóir, ina coimeádaí agus ina háisitheoir.

Dessie and Hopper

“Árasán fuar an chéad íomhá ónar eascair Dessie and Hopper, bean mheánaosta agus dhá mhadra, comhrá de chineál éigin aici leo. Tharla mionsaothrú ó dhréacht go dréacht: bochtanas an charachtair, fuath aici di féin, ach tábhacht áirithe le stair na healaíne ina saol, agus sin ina chúis le bualadh leis an dara bean agus a mbíonn soiléir dá bharr sin.  Bhí fonn orm trácht ar chúrsaí pearsanta agus cúrsaí polaitíochta nuair nach go maith a thagann le chéile agus ar shaol chuid mhór daoine, mná i gcuid mhaith cásanna, a bheith á múnlú ag an éagothroime sin cé nach furasta don daoine féin é a chur in iúl.”

AN SCEIDEAL CRAOLACHÁIN MAIDIR LEIS NA SCÉALTA AR GHEARRLIOSTA 2024

  • Dé Luain, an 18 Samhain: Planning the Leftovers, le Sheila Barrett, arna léamh ag Bríd Ní Neachtain
  • Dé Máirt, an 19 Samhain: Dead Bait, le Mattie Brennan, arna léamh ag Aaron Monaghan
  • Dé Céadaoin, an 20 Samhain: The Rehearsal, le Alexis MacIsaac, arna léamh ag Tierra Porter
  • Déardaoin, an 21 Samhain: The Other Órla, le Emer O’Toole, arna léamh ag Elaine O’Dwyer
  • Dé hAoine, an 22 Samhain: Once Upon an Algorithm, le Ryan Delaney, arna léamh ag Peter Hanly
  • DÉ SATHAIRN, an 23 Samhain – NÍL AON SCÉAL
  • Dé Domhnaigh, an 24 Samhain: Chambermaid, le Fiona O’Connor, arna léamh ag Janet Moran
  • Dé Luain, an 25 Samhain: Dessie and Hopper, le Susanne Stich, arna léamh ag Ruth McGill
  • Dé Máirt, an 26 Samhain: Turncoat, le David Ralph, arna léamh ag Tadhg Murphy
  • Dé Céadaoin, an 27 Samhain: Artifice, le Sharon Guard, arna léamh ag Ali White
  • Déardaoin, an 28 Samhain: Divination, le Stephen O’Reilly, arna léamh ag Andrew Bennett

RTÉ AGUS FÍS ÉIREANN LE CHÉILE AG SEOLADH TRÍ CINN DE DHRÁMAÍ NUA ÉIREANNACHA FAOIN SCÉIM “STORYLAND” AR RTÉ2 AGUS AR AN RTÉ Player

Is breá le RTÉ agus Fís Éireann trí dhráma nua faoi scéim Storyland a fhógairt a bheidh á dtaispeáint ag 10:35 i.n. ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player ón oíche anocht, Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair. Cén bhaint atá ag Robert Sheehan (Love/Hate agus Misfits), beirt pháistí beaga Jenny Dixon (Fair City) agus Bharti Patel (Eastenders) le chéile ó thaobh aisteoireachta? Tá siad chun tosaigh i dtrí cinn de dhrámaí nua Storyland na bliana seo, SHUSH, I’m Yours agus Have You Read About Erskine Fogarty?

Ó cuireadh Storyland ar bun sa bhliain 2009, tá sé ina spreagadh agus ina chúnamh ag daoine cumasacha ar fud na hÉireann maidir le tús a chur lena ré gairme sa scríbhneoireacht, stiúrthóireacht, léiritheoireacht agus aisteoireacht agus dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin. Is gné amháin seo den straitéis leanúnach atá ag RTÉ maidir le cur leis an bhforbairt ar ábhar drámaíochta trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscal na cruthaitheachta in Éirinn. Cuirtear bonn leis an straitéis seo freisin faoin bhfostaíocht ag na céadta daoine ar fud an tionscail ionas gur mó na sraitheanna drámaíochta as Éirinn a bhíonn le feiceáil ar an teilifis agus, ní atá tábhachtach, ar an RTÉ Player mar a mbíonn sraitheanna a bhfuil script leo ar an gcineál is minice a roghnaíonn an lucht féachana.

SHUSH an chéad cheann a chraolfar, é á chraoladh ar RTÉ2 ag 10:35 i.n. anocht. Ní féidir an gean atá ag Ruth ar Fhia, a páiste, a shéanadh. Ach mar gheall ar uaigneas agus ar anró ag baile, socraíonn Ruth go tobann bóthar a bhualadh leis an bpáiste, gan aon ní a insint d’aon duine. Tá teannas ag rith tríd an dráma síceolaíochta SHUSH ina bhfiosraítear an teorainn a bheadh leis an méid a dhéanfadh máthair d’fhonn páiste a choinneáil ina gaobhar agus cé na daoine ar féidir iontaoibh dáiríre a chur iontu. Liv O’Donoghue an scríbhneoir agus an príomhaisteoir, Jo Halpin a léirigh do Charmer Pictures agus Jane Moriarty a stiúraigh. Tá Mark Huberman i gceann de na príomhpháirteanna (John) agus Bella agus Capri Neville (cúpla) i bpáirt an pháiste (Fia).

Sa phictiúr thuas: Shush – Ruth agus Fia

In I’m Yours, á chraoladh Déardaoin, an 7 Samhain, feictear Zo, a bhfuil ag éirí go maith léi ina haturnae leis an gcomhlacht dlíodóirí is cáiliúla in Éirinn, ach tá rún aici: tá sí geallta le fear nár casadh riamh uirthi, cleamhnas a shocraigh a cuid tuismitheoirí as an bPacastáin. Nuair a thugann comhghleacaithe Zo an fáinne faoi deara, buaileann cultúr na Pacastáine agus cultúr na hÉireann faoi chéile. Ní ligeann Zo mórán le haon duine ach nuair atá an crú ag teacht ar an tairne, socraíonn Zo nós a bhriseadh agus bualadh leis an bhfear atá ceaptha di sula dtagann lá an phósta. An mbeidh an fear chomh hiontach agus atá súil ag Zo… nó an mbeidh sé mar atá sé? Dráma beo greannmhar seo ina bpléitear rómánsaíocht na linne seo, faoi ualach shean-nósanna na sinsear. Diandra Xavier a scríobh I’m Yours agus Laura O’Shea a stiúraigh do Deadpan Pictures. Jeffrin Jerome (Zo), Clara Harte (Oonagh), Trevor Kaneswaran (Bilal), Paul Tylak (Ali, athair Zo) agus Bharti Patel (Fatima, máthair Zo) atá sna príomhpháirteanna.

Sa phictiúr thuas: I’m Yours – Zo agus Bilal

Beidh an tríú ceann de thrí scannán Storyland don bhliain 2024, Did You Read About Erskine Fogarty? le Robert Sheehan sa phríomhpháirt, á chraoladh ar RTÉ2, Déardaoin an 14 Samhain. Fear a chaill gach a raibh sa saol aige, tarraingíonn sé an rud deireanach atá ina sheilbh, cuisneoir/reoiteoir mór leathan as Meiriceá, go dtí teach a óige ionas go bhfeicfidh na comharsana chomh maith agus a chruthaigh sé sa saol. Tá go leor ag tnúth leis an gcóiriú teilifíse seo ar ghearrscéal Blindboy “Did You Read About Erskine Fogarty?” ón gcéad leabhar sármholta sin uaidh “The Gospel According to Blindboy”. Ar an láthair i Luimneach a rinneadh an scannánaíocht ar fad. Déanann Robert Sheehan sáraisteoireacht sa phríomhpháirt le Peter Coonan, Siobhan O’Kelly agus Thomas O’Halloran (an chéad pháirt ar teilifís aige) sa chomplacht freisin. Blindboy Boatclub a scríobh, James Cotter a léirigh agus a stiúraigh do Connla’s Well Productions. Ceol le Blindboy Boatclub.

Sa phictiúr thuas: Have You Read About Erskine Fogarty?

Dúirt David Crean, Ceannasaí Gníomhach Drámaíochta, RTÉ: “Is ábhar ríméid i gcónaí sraith nua de dhrámaí faoin scéim Storyland a sheoladh don lucht féachana ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. Cuireann sé gliondar orainn a bheith in ann daoine nua le scéalta nua don teilifís a chur i láthair le Storyland. Is breá linn leanúint den obair seo lenár gcomhpháirtithe i bhFís Éireann agus á chinntiú againn go mbíonn bealach isteach agus bealach chun cinn ag daoine cumasacha in earnáil na drámaíochta.”

Dúirt Keith Potter, Ceannasaí Scannán le Fís Éireann: “Déanann Fís Éireann comhghairdeas leis na meithle scannánaíochta go léir agus a gcuid saothar do Storyland á gcraoladh ón tseachtain seo ar aghaidh ar RTÉ. Is iontach an deis a thugann Storyland do scéalaithe nua na hÉireann ar mian leo an chéad chéim chun cinn a thabhairt i réimse na teilifíse agus is aoibhinn linn a bheith ag obair i gcomhar le RTÉ arís ar an tionscnamh rífhiúntach seo.”

Tar éis drámaí eile de chuid na hÉireann ó RTÉ le gairid, ina measc The Boy That Never Was, The Gone, Hidden Assets, Obituary agus The Dry, arb é scéalaíocht na hÉireann a mbun agus a mbarr i ngach cás, tá scéalta a mbeidh luí ag lucht féachana na hÉireann leo sna trí ghearrdhráma a roghnaíodh do Storyland freisin agus léirítear doimhne agus réimse iléagsúil cumais iontu uilig.


Só faoi dhó leis an Money List! Tá Baz Ashmawy ar ais le sraith nua den seó cluichíochta The Money List!

Tá sceitimíní gliondair agus gleo i ndán gach deireadh seachtaine le The Money List á chraoladh     gach Satharn agus Domhnach.

Tá Baz Ashmawy ar ais le féile agus flúirse den seó tarraingteach cluichíochta The Money List ar an deireadh seachtaine. Beidh an tsraith ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine, Satharn agus Domhnach seachtain i ndiaidh seachtaine, ó Dé Sathairn, an 2 Samhain, ag 9.20 i.n. agus Dé Domhnaigh, an 3 Samhain, ag 6.30 i.n. ar RTÉ One agus RTÉ Player.

Tugtar arís i mbliana dúshlán dhá fhoireann strainséirí freagraí a líonadh isteach ar liosta. Dá mhéid de na liostaí a líonann siad, is ea is mó an t-airgead a bhíonn le buachan acu. Tá éagsúlacht le hábhar na liostaí, ‘Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá’ mar shampla nó ‘Ceirníní Mórdhíolacháin le Madonna’ b’fhéidir.

Dúirt Baz Ashmawy, láithreoir The Money List: “Is breá liom go bhfuil The Money List ar ais! Cuireann clár a bheith á chraoladh gach oíche Sathairn agus Domhnaigh go mór leis an spraoi – tá suas le €30,000 le buachan gach oíche! Tá iomaitheoirí iontacha againn arís i mbliana, strainséirí as gach áit sa tír a bhfuil seans acu suimeanna móra airgid a bhuachan. Beidh sé iontach uilig!”

An chéad fhoireann a bhuann dhá liosta, tugtar deis dóibh ar dhuais €15,000. Tugann gach freagra ceart ar an liosta céim níos airde iad ar an dréimire suas chuig an duais mhór airgid. De réir mar a théann seaimpíní chun cinn, bíonn de rogha acu an t-airgead a chur sa bhanc nó coinneáil orthu, ach aon fhreagra míchruinn amháin agus caillfidh siad an t-iomlán. Dé réir mar a théann foireann bhuacach chun cinn ar The Money List, má leanann siad orthu ag buachan, is féidir leo leanúint ag gnóthachtáil airgid go dtí go bhfaigheann foireann eile iomaitheoirí an ceann is fearr orthu.

Sa chéad chlár, tá Bill as Ciarraí agus Sandra as Baile Átha Cliath in iomaíocht le Mark as Baile Átha Cliath agus Caroline as Cill Chainnigh ag iarraidh deis ar an €15,000. Rachaidh na buaiteoirí ar aghaidh in aghaidh fhoireann nua iomaitheoirí, Daphne as an Longfort agus Liam as Baile Átha Cliath. An bhféadann beirt strainséirí tarraingt le chéile sách maith leis an airgead mór a thabhairt leo? Bí ag faire agus beidh a fhios agat!

Beidh The Money List ar ais Dé Sathairn, an 2 Samhain, ag 9.20 i.n. agus Dé Domhnaigh, an 3 Samhain, ag 6.30 i.n. ar RTÉ One agus RTÉ Player.


Clár gníomhaíochtaí seachtracha foilsithe ag RTÉ don dara ráithe de 2024

Tá achoimre staitistiúil ón gClár Gníomhaíochtaí Seachtracha don dara ráithe de 2024 á foilsiú ag RTÉ inniu.

Cuireadh tús le Clár Gníomhaíochtaí Seachtracha RTÉ (‘an Clár’) an 01 Feabhra 2024 agus cuimsíonn an foilseachán do R2 na míonna Aibreán, Bealtaine agus Meitheamh 2024.

Achoimre staitistiúil

Líon iomlán na ngníomhaíochtaí faofa: 106

Miondealú ar na gníomhaíochtaí laistigh de gach banda íocaíochta:

  • 50%: Gan Íocaíocht/gan sochar
  • 29%: €1 – €1,000:
  • 15%: €1,001 – €5,000
  • 6%: €5,001 – €10,000
  • 0%: Os cionn €10,000

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Is ionann inniu agus foilsiú sonraí achoimre ó Chlár Q2 de Ghníomhaíochtaí Seachtracha ar fud na 5 rannán eagarthóireachta in RTÉ atá clúdaithe ag an gclár. Tá sé sin ag teacht le mo thiomantas chun a chinntiú go gcuireann RTÉ trédhearcacht níos fearr ar fáil maidir le gníomhaíochtaí seachtracha. Bhí sé i gceist níos mó sonraí a fhoilsiú ach, mar a thug RTÉ breac-chuntas air leis an bhfoilseachán R1, bhí an Coimisiún um Chosaint Sonraí go láidir den tuairim go bhfuil dualgas ar údarás reachtach ar leith an leibhéal mionsonraí a bhí beartaithe ar dtús a fhoilsiú. Tá sé suntasach, arís eile, nach raibh aon íocaíocht ná sochar i gceist le leath de na gníomhaíochtaí faofa go léir. Is imeachtaí iad seo ina dtugann daoine a bhíonn ag obair le RTÉ a gcuid ama gan bhac ar chúiseanna carthanachta, spóirt, pobail, acadúla agus sóisialta. Tá athrú suntasach tagtha ar RTÉ mar aon le leasuithe eile a tugadh isteach agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís leo siúd go léir, leis an bhfoireann agus leis na conraitheoirí go léir, a chomhoibrigh go hiomlán leis an bpróiseas seo.”

CRÍOCH

Nóta Míniúcháin:

Ní bheidh RTÉ ag scaoileadh aon eolas breise ó Chlár na nGníomhaíochtaí Seachtracha, taobh amuigh de sin san achoimre staitistiúil thuas.

Rinne RTÉ cur síos roimhe seo ar thoradh na gcomhairliúchán le hoifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC).

Bhí sé beartaithe ag RTÉ ar dtús sonraí achoimre a fhoilsiú san fhormáid seo a leanas:

  • ainm an duine a fuair ceadú
  • cur síos gairid ar an ngníomhaíocht a formheasadh
  • íocaíochta ábhartha do gach gníomhaíocht a cheadaítear.

Tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí do RTÉ go mbeidh gá le bonn dlíthiúil ar leith i bhfoirm reachtaíochta príomha nó tánaisteacha chun clár poiblí ina bhfuil an leibhéal mionsonraí seo a fhoilsiú.

Thug an Coimisiún le fios freisin go ndéanfadh sé a chumhachtaí reachtúla a agairt, dá molfaí foilsiú den chineál atá leagtha amach thuas, in éagmais reachtaíocht chuí. Scríobh RTÉ chuig an Roinn ag cur síos ar an bpost seo agus ag iarraidh ar an reachtaíocht chuí an cineál foilsithe a bhí beartaithe ar dtús a cheadú.

Idir an dá linn, tá sé deimhnithe ag an DPC do RTÉ nach bhfuil aon agóid aige i gcoinne chruthú agus thiomsú an Chláir Gníomhaíochtaí Seachtracha chun críocha bainistíochta inmheánaí. Ar feitheamh reachtaíochta freisin, níor chuir an DPC imní in iúl le moladh ó RTÉ achoimre staitistiúil ar fhaisnéis a eisiúint ón gClár ar bhonn ráithiúil.

Tá sé tábhachtach tuiscint a fháil ar raon feidhme Chlár na nGníomhaíochtaí Seachtracha i dtéarmaí na ngníomhaíochtaí atá san áireamh:

  • Clúdaíonn an Clár na cúig phríomhroinn eagarthóireachta atá ag RTÉ: Nuacht agus Cúrsaí Reatha, Spórt, Ábhar (TEILIFÍS), Radio 1 agus Raidío na Gealtachta agus RTÉ 2FM/Lyric fm/Gold.
  • I ngach rannán, déanann grúpa bainisteoirí sinsearacha líne cinneadh maidir le hiarratas a cheadú nó gan é a cheadú chun dul i mbun gníomhaíochta seachtraí.
  • Is ar dhualgas RTÉ faoin reachtaíocht chraolacháin maidir le neamhchlaontacht a dhírítear an croí-bhreithniú agus cinneadh á dhéanamh an gceadófar é nó nach gceadófar.
  • Is léir go bhfuil na ceanglais maidir le neamhchlaontacht níos déine i réimsí na nuachta agus na gcúrsaí reatha.
  • Is iondúil gur gníomhaíochtaí ‘aonuaire’ iad gníomhaíochtaí seachtracha, amhail imeacht MC, imeacht nó táirge a sheoladh, labhairt ag comhdháil, etc.
  • Tá daoine ann a oibríonn le RTÉ a bhfuil leasanna gnó leanúnacha acu a bhféadfadh caidreamh tráchtála a bheith acu le branda nó eintiteas ar leith agus a mbíonn an duine páirteach i réimse imeachtaí/gníomhaíochtaí i rith na bliana.
  • Tá ceart dlíthiúil agus dlisteanach ag daoine aonair a thagann faoi réim na catagóire seo ioncam seachtrach a thuilleamh agus ní gá gur gníomhaíocht sheachtrach ‘aonuaire’ iad socruithe tráchtála leanúnacha sa chatagóir seo.
  • Cuimsíonn Clár Q2 de Ghníomhaíochtaí Seachtracha sonraí achoimre ar ghníomhaíochtaí atá faofa ag bainistíocht líne. Áirítear leis na mionsonraí a bailíodh ainm an duine ar deonaíodh faomhadh dó, rannán ábhartha RTÉ, dáta na gníomhaíochta, cur síos gairid ar an ngníomhaíocht agus an banda íocaíochta ábhartha nó, i gcás inarb iomchuí, gan aon íocaíocht.

Níl i gClár na nGníomhaíochtaí Seachtracha ach cuid amháin d’athchóirithe rialachais in RTÉ agus tá Clár Leasanna agus Bronntanas ar leith de chuid RTÉ curtha i bhfeidhm freisin.


Beidh Joe Duffy ar ais don 18ú séasúr de The Meaning of Life

Beidh Joe Duffy ar ais don 18ú séasúr de The Meaning of Life I measc na n-aíonna beidh Sinéad Burke, Bryan Dobson, Sonia O’Sullivan, Ricky Tomlinson, David Norris, Catherine Joyce Collins, Ronan Tynan, Olwen Fouéré, Fintan O’Toole agus Mary McEvoy

Beidh Joe Duffy ar ais Dé Domhnaigh le sraith nua de The Meaning of Life ina nochtfaidh pearsana poiblí mór le rá agus daoine a bhfuil tionchar acu an tionchar a bhí ag a saol ar a dtaithí, a luachanna, a gcinntí agus ar a gcreideamh nó go deimhin an tionchar a bhí ag na nithe sin ar a saol.

Cuirfear tús le séasúr 18 le clár speisialta níos faide 35 nóiméad, ina mbeidh Joe i mbun comhrá le Príomhfheidhmeannach Tilting the Lens, abhcóide míchumais agus comhairleoir inrochtaineachta, Sinéad Burke.

Tá aird tarraingthe ag Sinéad ar an easpa cuimsitheachta atá i dtionscail an fhaisin agus an dearaidh, ach níl sí sásta géilleadh dó sin agus í ag iarraidh a bheith chomh réitithe le duine ar bith. Dá bhrí sin, téann sí i gcomhairle le ceannairí tionscail, dearthóirí, miondíoltóirí agus eagarthóirí irisí lena chinntiú go bhfuil na héadaí a dhéantar do dhaoine faoi mhíchumas, a dhéantar le daoine faoi mhíchumas agus a dhéanann na daoine iad féin atá faoi mhíchumas leabaithe ina samhlacha gnó ar bhealach atá feiceálach.

Labhróidh sí go macánta faoi chúrsaí grá agus an iomaí cineál grá atá ann, ag nochtadh foinse a díograise agus a huaillmhéine féin agus na dúshláin atá roimpi agus í ag dul i ngleic leis an domhan mar dhuine beag. Thosaigh sí a gairm bheatha i ról múinteoireachta, as sin d’éirigh léi a bheith ar chlúdach Vogue agus thug sí cuairt ar an Teach Bán le linn ré Obama.

Le linn an tséasúir seo beidh Joe ag caint freisin le hiarchraoltóir agus iaririseoir le RTÉ, Bryan Dobson; an lúthchleasaí clúiteach agus Curadh an Domhain a bhfuil bonn airgid Oilimpeach buaite aici Sonia O’Sullivan; an t-aisteoir mór le rá as an mBreatain Ricky Tomlinson; an t-iarSheanadóir, scoláire agus gníomhaí ar son cearta sibhialta David Norris; an gníomhaí ar son chearta an lucht siúil Catherine Joyce Collins; an teanór Éireannach agus para-lúthchleasaí a bhuaigh bonn óir Ronan Tynan; an t-aisteoir agus stiúrthóir amharclainne Olwen Fouéré; an t-iriseoir, scríbhneoir agus léirmheastóir drámaíochta Fintan O’Toole agus an t-aisteoir, scríbhneoir agus feirmeoir Mary McEvoy.

Is éard a dúirt Joe Duffy faoi bheith suite i gcathaoir an cheistitheora den chúigiú séasúr as a chéile: “Ná bíodh aon amhras faoi, is domhain é an taighde a dhéantar do The Meaning of Life, agus déantar gach gné den chlár agallaimh a chíoradh go mion mar is dual do theideal agus d’ábhar an chláir. Táim fíormhórtasach go bhfuilim á chur i láthair agus go bhfuil foireann ghairmiúil den chéad scoth ag tacú liom.”

Is éard a dúirt Roger Childs, Eagarthóir Coimisiúnaithe ar Ábhar Reiligiúin in RTÉ freisin: “Ón gcéad lá ar shuigh Gay Byrne síos chun agallamh a chur ar a chéad aoi, Sineád O’Connor, nach maireann, ar lá fuar i mí Eanáir 2009, tá an lucht féachana meallta ag The Meaning of Life ós rud é go nochtann daoine aitheanta as gach cúlra gnéithe eile agus gnéithe níos doimhne dá saoil. Tá sé cúig bhliana anois ó bhásaigh Gay, agus tá a chuid féin déanta ag Joe Duffy den chlár agus tá ríméad orainn gur spéis le daoine iléagsúla agus spéisiúla fós suí sa chathaoir amach roimhe.”

Craolfar The Meaning of Life gach Domhnach ag an 22:30 ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, ón 20 Deireadh Fómhair.

Breis eolais le fáil ó: Adam Thibault, Preasoifigeach RTÉ | adam.thibault@rte.ie


Tá RTÉ ag lorg ball nua de Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ

Tá RTÉ ag lorg ball nua le bheith ar Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ, rud a chabhraíonn linn tuiscint a fháil ar thuairimí ár lucht féachana agus éisteachta éagsúla.

Ceanglaítear ar RTÉ Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta a cheapadh faoin Acht Craolacháin 2009. Is é Bord RTÉ a dhéanann Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ a cheapadh agus a chomhordú.

Is coiste deonach í Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ ar a bhfuil 14 chomhalta (móide comhalta amháin de Bhord RTÉ) agus cuireann sí comhairle ar Bhord RTÉ maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le sainchúram seirbhíse poiblí RTÉ agus le riachtanais an lucht féachana agus éisteachta. Éascaíonn sé freisin cumarsáid idir RTÉ agus a lucht féachana chun cuntasacht a fheabhsú.

Iarrtar orthu siúd ar spéis leo a bheith páirteach i gComhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ mar bhall gníomhach deonach próifíl phearsanta ghearr agus ráiteas oiriúnachta a sheoladh chuig audiencecouncil@rte.ie nó tríd an bpost chuig Comhairle an Lucht Féachana agus Éisteachta, RTÉ, Baile Átha Cliath 4 faoin Aoine, 8 Samhain.

Féadfaidh comhaltaí Bhord RTÉ ainmniúcháin a dhéanamh freisin.

Is féidir sonraí faoi Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ a fháil ag https://about.rte.ie/inside-rte-2/audience-council/.


Ábhar Dúchasach Ríspéisiúil ag RTÉ do Leanaí

Coimisiúnaíodh níos mó ná 110 uair a chloig d’ábhar nua físeáin agus podchraoltóireachta i rith na bliana 2024 do shaoránaigh óga na hÉireann agus dá muintir.

Maddie + Triggs, tá sraith theilifíse á chruthú as podchraoladh de chuid RTÉjr agus beidh an chéad chlár le feiceáil ar an 21 Deireadh Fómhair

The Unreal, sraith dhrámaíochta osnádúrtha á chraoladh ar RTÉ One agus an RTÉ Player

Adam Loves Adventures, sraith nua bheochana le Adam King

– Clár Speisialta Nollag le The Kabin Crew

D’fhógair RTÉ inniu réimse leathan d’ábhar dúchasach ríspéisiúil atá á chruthú in Éirinn do dhaoine óga, ábhar teilifíse, fuaime agus ar líne a bheidh ina lón inspioráide agus spreagtha ag saoránaigh óga na hÉireann agus ina cheiliúradh ar shaoránaigh óga na hÉireann.

Leanann RTÉ den chomhar oibre le hearnáil léiritheoirí neamhspleácha na hÉireann – dreamanna nua agus seanbhunaithe i mbun beochana, ceapadóirí, stiúrthóirí agus an dream cumasach nua atá ag teacht chun cinn i gcúrsaí léiriúcháin – chun ábhar de scoth an domhain a chruthú atá ina lón foghlama, siamsa agus eolais ag lucht féachana na n-óg in Éirinn.

Tá níos mó ná 70 uair a chloig d’ábhar físeáin nua RTÉ kids agus RTÉjr coimisiúnaithe ag RTÉ i mbliana agus 40 uair a chloig d’ábhar podchraoltóireachta. Tá níos mó ná 1,000 uair a chloig agus níos mó ná 5,000 clár, d’ábhar do leanaí ar fáil ar an RTÉ Player, móide breis agus 220 uair a chloig de chláracha podchraoltóireachta RTÉjr agus RTÉ Kids ar féidir le teaghlaigh taitneamh a bhaint astu.

Drámaí nua rítharraingteacha, cláracha beochana chomh maith agus atá ar fáil, ábhar oideachais trí phodchraoltóireacht, sraitheanna faoi chúrsaí aeráide agus seirbhís nuachta gach lá, cuireann RTÉ ar fáil do dhaoine óga ábhar lena gcothaítear meon uileghabhálachta, tuiscint ar na mothúcháin agus freagracht maidir le cúrsaí timpeallachta.

Áirítear ar na buaicphointí:

  • Adam Loves Adventures, sraith nua bheochana le Adam King, laoch iomráiteach an Late Late Toy Show
  • Cuireann The Kabin Crew clabhsúr le bliain faoi leith acu le Clár Speisialta Nollag dá gcuid féin
  • Sraith nua Maddie + Triggs, le Siobhán McSweeney i mbun reacaireachta, a bheidh á chraoladh Dé Luain, an 21 Deireadh Fómhair
  • Déantar ceiliúradh ar shéan agus ar shonas aimsir na Nollag le clár speisialta dúbailte de Fia’s Fairies
  • Where the Wild Geese Go – sraith nua ina leantar an imirce a dhéanann an Cadhan, gé fhiáin, as Éirinn go réimsí Artacha Cheanada

Tá réimse leathan d’ábhar nua ar fáil ar RTÉjr, RTÉ One, RTÉ2 agus ar fud na n-ardán podchraoltóireachta. Tá níos mó ná 1,000 uair a chloig d’ábhar síorspéisiúil ar fáil freisin ar an RTÉ Player, gan fógraíocht ar bith, do dhaoine óga agus tuilleadh ábhair ar fáil saor ó fhógraíocht ar chainéil Youtube RTÉjr agus RTÉ Kids. Is féidir le héisteoirí óga ábhar spraoi a chloisteáil freisin seacht lá na seachtaine ar RTÉjr radio, tráth na gceist, drámaí, cláracha eolaíochta agus ábhar nua podchraoltóireachta san áireamh, agus cuirtear cuid mhór acmhainní oideachais ar fáil saor in aisce ar RTÉ.ie/learn.

Dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Gné ríthábhachtach de mhisean seirbhíse poiblí RTÉ is ea freastal do shaoránaigh óga na hÉireann agus is cinnte go ndéantar sin leis an réimse cláracha agus ábhair atá á fhógairt againn inniu. Trí bhreis agus 100 uair a chloig a chur i leith scéalta bríomhara, spraíúla, iléagsúla a insint do dhaoine óga a bheidh ina gceiliúradh orthu agus ina spreagadh acu, léiríonn RTÉ in athuair an dúthracht i ndáil leis an lucht féachana óg ar fud na tíre agus an tábhacht atá leo. Gabhaim buíochas le mo chuid comhghleacaithe ar fud RTÉ agus ár gcuid comhpháirtithe san earnáil léiritheoirí neamhspleácha as sceideal a chur i dtoll a chéile is ábhar mórtais dúinn ar fad.”

Dúirt Suzanne Kelly, Grúpcheannasaí ar ábhar Leanaí agus Daoine Óga in RTÉ:Leagtar de mhisean ar RTÉ neart agus cumhacht a chothú sna leanaí agus i ndreamanna óga an lucht féachana le hábhar ilardáin atá ina ábhar spéise, siamsa agus oideachais. Féachtar le timpeallacht meán cumarsáide a chruthú agus a thabhairt i gcrích atá sábháilte agus uilechuimsitheach, lena ndéantar ceiliúradh ar éagsúlacht agus lena spreagtar rannpháirtíocht agus atá ina ábhar inspioráide ag leanaí & daoine óga agus ina cheiliúradh orthu. Is teist mhaith air sin an réimse ábhair, idir ábhar beochana agus ábhar beo-aicsean, a cruthaíodh i gcomhar le hearnáil Léiritheoirí Neamhspleácha na hÉireann agus tá gach rún againn cur bliain i ndiaidh bliana leis an toradh saothair suntasach seo. Is cúis mórtais agus ríméid dom ardchaighdeán an ábhair atá á chruthú in Éirinn agus táim ag tnúth go mór lena chur ar taispeáint don lucht féachana.”

Is dráma greannmhar don teaghlach ar fad The Unreal atá taibhsiúil osnádúrtha agus a chraoltar ag 5.30 i.n. ar an Domhnach ar RTÉ One. Tá an tsraith ar fad ar fáil le sruthchraoladh ar an RTÉ Player.

Tosaíodh é mar phodchraoladh ar RTÉjr agus anois beidh Maddie + Triggs le feiceáil ar an scáileán ón 21 Deireadh Fómhair. Is í Siobhán McSweeney a dhéanann an reacaireacht sa tsraith ina bhfeictear Maddie, cailín beag fiosrach, a dtarlaíonn nach bhfuil amharc na súl go maith aici, agus na heachtraí a thiteann amach agus í in éineacht leis an madra atá ina dhlúthchara aici.

Is sraith nua bheochana Adam Loves Adventures a chraolfar sa bhliain 2025 le Adam King, laoch an Late Late Toy Show, sa phríomhpháirt ag cuidiú le coimhthígh amuigh sa spás a gcuid fadhbanna a réiteach.

Beidh maise na féile le braith ar RTÉjr ag an dream óg i rith aimsir na Nollag. Beidh clár speisialta den tsraith Ghaeilge Fia’s Fairies ar siúl agus ceiliúradh á dhéanamh ar shéan agus ar shonas na Nollag, le carúil á gcanadh as Gaeilge agus eile! Cuirfidh The Kabin Crew, sárlaochra Chorcaí, le clár speisialta Nollag dá gcuid féin, clabhsúr le bliain iontach acu, bliain inar tharla le gairid iad a ainmniú ar an liosta tosaigh maidir le Gradam Grammy sa bhliain 2025.

Bí linn i saol na cruthaitheachta ar RTÉjr! Tosaigh amach ar eachtra ealaíne le Doodle Girl, ina bhfeictear Tony Cantwell, fuirseoir grinn as Éirinn, agus a bheidh á chraoladh ón 4 Samhain. Beidh This is Art Club! ar ais chun an chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí na hÉireann a spreagadh trí thabhairt faoin ealaín ar bhealaí spéisiúla. Ag an am céanna, is féidir le daoine óga ocht mbliana déag agus faoina bhun cur isteach – go dtí an 3 Samhain – ar an gcomórtas digiteach ealaíne ‘This is Art!’ 2024 a mbeidh ealaíontóirí iomráiteacha de leithéid Maser, Leah Hewson, & Aideen Barry RHA i measc na moltóirí air.

Leanann RTÉ d’acmhainn cumhachta a chothú sna daoine óga agus de lón eolais a chur ar fáil dóibh faoi bhealaí inar féidir leo cuidiú leis an domhan seo a chosaint. Ar an ré atá i ndán atá an tsraith What’s Next? dírithe agus daoine óga, le cabhair ó Demi Issac Oviawe, aisteoir, Adam Beales, fear mór Youtube agus MC Fitzpatrick, fuirseoir grinn, ag cothú smaointe a d’fhéadfadh an domhan a thabhairt slán. Beidh sin ag tosú ar RTÉ2 agus an RTÉ Player ar an 14 Samhain. Tosóidh The Scavengers, sraith nua bheochana faoi chúrsaí timpeallachta, atá suite in Éirinn sa bhliain 3000, ar an 11 Samhain.

Dóibh siúd is óige sa lucht féachana, feictear racún as an gcathair ar Stories from Backwoods agus í ag dul i gcleachtadh ar an bhfiántas sa choill agus ar na hainmhithe eile a raibh cónaí orthu ansin roimpi. Beidh an clár ag tosú ar an 25 Samhain ar RTÉjr agus an RTÉ Player. Beidh Where the Wild Geese Go, sraith bheochana nua faisnéise ina leantar an Cadhan, gé imirce, ar an turas as Éirinn go Ceanada, ag tosú ar RTÉ2 ar an 21 Deireadh Fómhair ag 4.10 i.n. Beidh leagan Gaeilge, Áit a dTéann na Géanna Fiáine, á chraoladh freisin ag 7.55 ar maidin ar an 21 Deireadh Fómhair.

Is féidir le leanaí réamhscoile taitneamh a bhaint as Hey Fuzzy Yellow, clár a thosóidh ar RTÉjr ar an 18 Samhain, ina mbaintear casadh nua as siamsa agus foghlaim, spraoi agus fiosracht, do leanaí luathóige. Beidh sraith nua de Sir Mouse ar ais i mí na Nollag le scéal eachtraíochta ó ré na meánaoise faoi bheirt chairde i mbun gaisce agus le casadh nua feimineachais ann.

Maidir le podchraoltóireacht do leanaí, tá roinnt mhaith á chur ar fáil ag RTÉjr Radio mar ábhar suime do dhaoine óga agus níos mó ná 220 uair a chloig ar fáil faoin tráth seo. Ar na cinn is nuaí atá á gcur ar fáil den chéad uair, tá Time Tablet, turas eachtrúil siar go dtí an Éigipt sa Ré Ársa, le hábhar foghlama atá ceangailte leis an gcuraclam do leanaí ó rang a trí go dtí rang a sé. Tá Ecolution, Cereal agus Nero’s Class ar chuid den ábhar eile podchraoltóireachta a bhfuil gradaim gnóthaithe ina leith. Anuas ar an méid sin, leantar ag baint gáire as leanaí 3 bliana d’aois agus níos sine le Stop the Bus, Storytime Takeover, We Love Books, Our Sustainable Village agus Ireland’s Unreal.

Gheofar breis eolais faoi lón ábhair agus na hacmhainní oideachais ach cuardach a dhéanamh ar www.rte.ie/kids agus www.rte.ie/learn Is spás sábháilte ag daoine óga é RTÉjr ina mbíonn ábhar dúchasach na tíre seo le feiceáil agus na cláracha ar fad saor ó fhógraíocht. Tá sé ar fáil ar an Modh Sábháilte ar an RTÉ Player.


Beidh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl Dé Céadaoin, an 26 Feabhra 2025 i Vicar Street, Baile Átha Cliath

Beidh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl Dé Céadaoin, an 26 Feabhra 2025 i Vicar Street, Baile Átha Cliath.

Tá Mary Black, Christy Moore agus Moya Brennan le háireamh orthu siúd ar bronnadh gradam orthu roimhe seo.

Beidh an 7ú heagrán de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl Dé Céadaoin, an 26 Feabhra 2025 i Vicar Street, Baile Átha Cliath le John Creedon ina fhear an tí arís. Beidh oíche na nGradam á chraoladh beo ar RTÉ Radio 1 agus ar Aip Raidió RTÉ agus craolfar clár buaicphointí ar theilifís RTÉ.

Is ceiliúradh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar scoth an cheoil tíre in Éirinn le bliain anuas.

Deir Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Is gné thábhachtach Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 den obair a dhéanaimid chun fónamh do scoth an cheoil tíre agus an cheoil thraidisiúnta in Éirinn agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar a shárshaothrú. As an tír seo, arís agus arís eile, a thagann roinnt de na ceoltóirí is fearr agus den cheol is fearr i seánra an cheoil tíre agus is breá linn aird a tharraingt air sin leis na gradaim seo. Déantar ceiliúradh freisin ar fhiúntas an tsaothair a rinne daoine a chuaigh romhainn. Táthar ag tnúth le hócáid iontach eile ar oíche na ngradam i Vicar Street i mí Feabhra agus le ceiliúradh a dhéanamh ar scoth an cheoil tíre anseo in Éirinn le bliain anuas.”

MIONEOLAS

AN TRÉIMHSE CÁILITHE

Leanann an tréimhse cáilithe don 7ú eagrán de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ó Dé Luain, an 13 Samhain 2023 go Dé Domhnaigh, an 17 Samhain 2024.

Tá fáilte roimh cheoltóirí agus lipéid, roimh sheoltóirí agus roimh dhaoine den phobal iarratais lena meas a chur isteach ar an ríomhphost chuig folkawards@rte.ie. Tugtar chun aire gur giúiré a roghnaíonn an gearrliosta agus na buaiteoirí agus nach vótáil phoiblí atá i gceist.

CATAGÓIRÍ DE RÉIR VÓTAÍ GIÚIRÉ

Tá seacht gcinn de ghradaim a bhronntar gach bliain tar éis do Ghiúiré na nGradam Ceoil Tíre vótáil a dhéanamh ina leith. Is iad sin:

An Traic Ceoil Tíre Nua-cheaptha is Fearr

Amhrán nua nó traic ceoil uirlise nua a rinneadh a thaifeadadh le linn na tréimhse cáilithe ó eagraíodh na gradaim cheana.

Buaiteoir na bliana 2024: Anáil na hOíche – Eoghan Ó Ceannabháin

An Traic Ceoil Tíre Traidisiúnta is Fearr

Traic traidisiúnta (amhrán nó ceol uirlise) de cheol tíre traidisiúnta na hÉireann a rinneadh a thaifeadadh le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Seán Gabha – Piaras Ó Lorcáin agus Bláth na hÓige

An tAmhránaí Ceoil Tíre is Fearr

Gradam d’amhránaí ceoil tíre de chuid na hÉireann mar gheall ar shárshaothar taifeadta nó ceolchoirme le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Eoghan Ó Ceannabháin

An Ceoltóir Ceoil Tíre is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn

Gradam don oirfideach nua (ceoltóir aonair nó grúpa/amhránaíocht nó ceol uirlise) is mó a chuaigh i gcionn ar shaol an cheoil tíre in Éirinn le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta

An Ceoltóir Uirlise Ceoil Tíre is Fearr

Gradam do cheoltóir uirlise, ceoltóir aonair nó duine de ghrúpa, mar gheall ar cheolmhaireacht den scoth ar thaifeadadh nó i gceolchoirm le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Aoife Ní Bhriain

An Grúpa Ceoil Tíre is Fearr

An grúpa ceoil tíre de chuid na hÉireann is mó a chuaigh i bhfeidhm le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Lankum

An tAlbam Ceoil Tíre is Fearr

An t-albam ceoil tíre is fearr a eisíodh le linn na tréimhse cáilithe. Ní thugtar atheisiúint ná cnuasach san áireamh.

Buaiteoir na bliana 2024: False Lankum – Lankum

Catagóirí de réir Vótaí an Choiste

Tá dhá ghradam a bhronntar gach bliain tar éis do Choiste Stiúrtha na nGradam Ceoil Tíre machnamh a dhéanamh ar an gcás. Is iad sin:

Gradam Dhámhachtain na Laoch

Gradam a bhronntar ar dhuine nach maireann a rinne cion mór fiúntais ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann lena linn.

Buaiteoir na bliana 2024: Séamus Ennis

Gradam Saoil

Gradam a bhronntar ar cheoltóir atá ar marthain ag a bhfuil tairbhe mhór déanta ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann ar feadh tréimhse maith blianta.

Buaiteoir na bliana 2024: Tríona Ní Dhomhnaill

Tá mioneolas faoi bhuaiteoirí na bliana seo caite ar fáil ar https://about.rte.ie/2024/02/27/rte-radio-1-folk-awards-winners-announced-3/

Cuirfear ticéid ar díol roimh dheireadh na bliana. Fógrófar eolas breise in am tráth.


Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024

D’fhógair An tOireachtas i rith na seachtaine an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024.  Tá 21 ainmniúcháin ar fad faighte ag RTÉ sa trí chatagóir déag le foirne in RTÉ Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ le TG4, Cláracha Gaeilge RTÉ agus comhlachtaí ón earnáil neamhspleách i gcomhar le RTÉ Gaeilge chomh maith le rte.ie/gaeilge san áireamh do na gradaim.

Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla de na meáin le dhá mhí dhéag anuas.

Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, 30 Deireadh Fómhair 2024 san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí.

Guímíd gach rath ar gach duine atá ainmnithe.

AN GEARRLIOSTA

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
M’Ainm Mo Scéal – Ronin Films
Siar Linn – Macalla Teoranta
Peataí – Big Mountain Productions / RTÉ Gaeilge
Uisce Uisce – Paper Owl Films
Is Mise – Meangadh Fibín

COLÚNAÍ NA BLIANA
Maitiú Ó Coimín – Tuairisc.ie
Kathryn Ní Mhaoláin – NÓS
Ciarán Dunbar – Seachtain, Irish Independent
Éanna Ó Caollaí – Irish Times
Siún Ní Dhuinn – RTÉ Gaeilge

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Ómós Áite le hAilbhe Ní Ghearrbhuigh – RTÉ Raidió na Gaeltachta
BLAS– BBC Raidió Uladh
An tSeachtain le Máirín Ni Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Saol na mBan – BBC Raidió Uladh / RTÉ Raidió na Gaeltachta
Eachtraí Dom – RTÉ Raidió na Gaeltachta 

CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA 
Hothouse Flowers: Stick Around and Laugh a While – RTÉ Cláracha Gaeilge
Viva Mary – Rúnda Productions / RTÉ Gaeilge
Kneecap – Fine Point Films, Mother Tongues Films, TG4, Wildcard
Séamus Begley: An Rógaire Duibhneach – Aniar TV / RTÉ Gaeilge
100 Bliain de Thithíocht in Éirinn – Midas Productions

IRISEOIR NA BLIANA
Caoimhe Ní Laighin – Nuacht RTÉ & TG4
Gráinne Ní Aodha – PA Media
Sinéad Ní Neachtain – Nuacht RTÉ & TG4
Pádraic Ó Ciardha – Tuairisc.ie
Cuán Ó Seireadáin – RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Emma Ní Chearúil – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió RíRá
Rossa Ó Sioradáin – Raidió na Life
Caoimhe Ní Chathail – BBC Raidió Uladh / BBC Raidió Feabhail
Seán Ó Dubhchon – Ráidió Rí-Rá
Micheál Ó Tuathail – RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Síomha Ní Ruairc
Fiona Ní Fhlaithearta
Doireann Ní Ghlacáin
Aoife Ní Thuairisg
Caoimhe Ní Chathail

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL 
Aiteall – Raidio Pobail Chonamara
Aon Scéal – 92.5 PhoenixFM
Ceol agus Craic – 103.2 Dublin City FM

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA 
Ruaille Buaille – Highland Radio
Clár Sa Charr – South East Radio
Splanc – Newstalk
The Magic of An Ríocht – Raidió Chiarraí

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Ag Triall ar an Tobar – Midas Productions
Iniúchadh TG4 – Clean Slate TV
Kayak ó Thuaidh – Macha Media / RTÉ Gaeilge/ BBC Gaeilge.
Aistear an Amhráin – RTÉ Cláracha Gaeilge
Meitheal Mara Corca Dhuibhne – Aniar TV

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Donncha Ó Murchú – TG4
Michelle Nic Grianna – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Séamus Ó Scanláin – RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4
Garry Mac Donncha – RTÉ

RÉALTA ÓG NA BLIANA 
Laura Packenham – TG4 Foghlaim
Conor Ó Gallchóir – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Aisling Ní Dhonnabháin – Raidió Rí-Rá
Darragh Ó Caoimh – TG4
Storm Eaton Kilgallen – Raidió Fáilte / BBC Raidió Uladh
Clíodhna Ní Mhianáin – RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Gaeil


Showing 111 - 120 of 546 stories