Breis is 1.3 milliún duine ag faire ar RTÉ2 nuair a d’éirigh le Kellie Harrington a dara Bonn Óir a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha

Deineadh 369,000 sruth ar an RTÉ Player freisin

Bhí buaic líon 1,371,400 duine ag faire ar RTÉ2 aréir go bhfeicidís babhta ceannais Dhornálaíocht 60kg na mBan sna Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl in Roland Garros, babhta inar bhain Kellie Harrington na hÉireann curiarracht amach. Is í Kellie an chéad lúthchleasaí mná as Éirinn ar éirigh léi dhá chraobh Oilimpeacha a bhaint amach, ceann i ndiaidh a chéile. 
 
B’ionann lucht féachana RTÉ don troid féin agus sciar 83% de na daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am. Anuas air sin, bhí 369,000 sruth ar an RTÉ Player. 
 
Maidir le figiúirí na hoíche aréir, is éard a dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ, Declan McBennett, “Bhí an tír ar fad ar bior, ag faire le barr measa agus iad faoi gheasa. Léirigh Kellie arís, mar atá déanta ag buaiteoirí boinn ar fad na hÉireann le linn na gcluichí seo, an chaoi a n-éiríonn le spórt muid ar fad a chur faoi dhraíocht agus muid a spreagadh. Mairfidh na híomhánna ó oíche aréir go deo i gcuimhne mhuintir na hÉireann agus tabharfaidh siad ugach dóibhsean atá ag iarraidh mar atá déanta ag Kellie a dhéanamh iad féin.” 
 
Leanfar leis an aicsean an tseachtain seo le clúdach cuimsitheach ar fud RTÉ ar Chluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras. 
 
Figiúirí Teilifíse: TAM Ireland/Nielsen 
Figiúirí an RTÉ Player: AT Internet 


Gan Script, Macánta, Dodhearmadta: Cláracha Faisnéise Nua fógartha ag RTÉ chun Machnamh agus Cíoradh a dhéanamh Orainn Féin mar Dhaoine

Craolfaidh RTÉ réimse nua cláracha faisnéise den chéad uair ar an teilifís i mí Lúnasa, cláracha ina roinnfear scéalta uathúla mhuintir na hÉireann, ina ndéanfar machnamh ar ócáidí inar theip agus ar ócáidí inar éirigh linn i stair na tíre, ina scrúdófar na dúshláin atá roimh phobail na tíre, agus ina dtabharfar ómós dár gcultúr bríomhar. Tá na cúig chlár seo ó chuideachtaí léiriúcháin Éireannacha mar chuid de thiomantas leanúnach RTÉ do chláracha faisnéise de chuid na hÉireann i mbliana, a léiríonn sochaí atá ag athrú go síoraí.

Tugtar aghaidh sa chlár Mincéir ar na dúshláin atá roimh an Lucht Siúil, lena n-áirítear an t-idirdhealú, agus feidhmíonn an chlár mar a bheadh urlabhraí ann ar son a gcearta, a sláinte agus dálaí maireachtála níos fearr. Tugann sé buntreoir don lucht féachana maidir leis an teanga Caintise agus is teist í an teanga sin ar thionchar suntasach an Lucht Siúil ar stair na hÉireann. Insítear scéala iontaofa sa chlár faisnéise, trína gcinntítear go dtugtar cluas agus ómós don Lucht Siúil. Bhí an fhoireann léiriúcháin iléagsúil atá taobh thiar den chlár Mincéir dílis i gcónaí do chroíluachanna folláine, ealaíne agus cultúir an Lucht Siúil.

Sa chlár Around My Island, tá sé i gceist ag an mairnéalach aonair as Éirinn Tom Dolan a bheith ar an duine is sciobtha fós ar éirigh leis bád a sheoladh ina aonair timpeall chósta oileán na hÉireann – ceann de na héachtaí seoltóireachta is deacra dá bhfuil ann. Is é Bryan Dobson atá i mbun tráchtaireachta ar an gclár faisnéise seo a thugann léargas an méid a bhíonn ar siúil ag Tom ar bord a bháid agus é ar a dhícheall an t-éacht iontach seo a bhaint amach. De réir mar a dtéann muid níos doimhne i scéal Tom, cloisimid faoin tráma a d’fhulaing sé ina óige, tráma a thug ugach dó aghaidh a thabhairt ar spórt agus ar an saol féin le flosc.

Ag cuimhneamh siar ar thréimhse nach bhfuil i bhfad caite, insítear sa chlár Stolen faoin gcaoi ar caitheadh le mná a bhí ag iompar clainne ‘lasmuigh den phósadh’ in Éirinn, tír a raibh an Eaglais Chaitliceach i gceannas uirthi ag an am. Idir na blianta 1922 agus 1998, cuireadh breis agus 80,000 máthair nach raibh pósta faoi ghlas i dtithe máithreacha agus naíonán a bhí á reáchtáil ag an eaglais. Nochtann marthanóirí na sonraí corraitheacha a bhain leis an gcaoi ar caitheadh leo i scannal a spreag fiosrúchán rialtais faoina gcinniúint.

Tugtar léargas in The Cable that Changed the World  ar an gcéad chábla cumarsáide trasatlantach a leagadh ar ghrinneall an aigéin, ó Dhairbhre i gContae Chiarraí, go Talamh an Éisc i gCeanada, 165 bliain ó shin. Is í an t-aisteoir mór le rá Jessie Buckley atá i mbun tráchtaireachta ar an gclár faisnéise seo ina mbaintear leas as athléirithe stairiúla agus píosaí scannáin cartlainne nach bhfuil feicthe ag mórán, chun léargas a thabhairt ar thuras na ndaoine ar éirigh leo Meiriceá Thuaidh agus an Eoraip a nascadh den chéad uair, turas a thóg ocht mbliana. Nochtar freisin an chaoi ar chuidigh an chéad chábla sin le bunchloch thionscal teicneolaíochta an domhain nua-aimseartha a leagan síos agus mínítear leochaileacht na gcáblaí faoin bhfarraige sin sa lá atá inniu ann.

Is clár é Making ina dtugtar urraim do lucht ceirde na tíre, agus ina tugtar léargas ar theacht le chéile na ndéantóirí gach Meán Fómhair ag Stiúideo Joseph Walsh, stiúideo ina bhfuil ceardlann, gailearaí, stiúideo dearaidh, agus cartlann agus atá suite ar thailte teach feirme tuaithe ón 18ú haois faoin i bhFeartaigh, Contae Chorcaí. Déantar ealaín, ceardaíocht, dearadh agus nuálaíocht theicniúil a cheiliúradh i bpíosaí a dhéantar sa stiúideo agus a bhfuil an-bhrí ag baint leo, ag oscailt féidearthachtaí nua maidir le hábhar agus foirm. Mar chuid den chlár tá agallaimh leis an gceoltóir Martin Hayes, leis na fíodóirí Karen Hay-Edie agus Mario Serra agus leis an gcócaire Rory O’Connell.

Beidh gach aon cheann de na cúig chlár faisnéise seo mar chuid de leabharlann an RTÉ Player atá a dul i méid, lena n-áirítear an clár Bishop Casey’s Buried Secrets a bhfuil ardmholadh faighte aige le déanaí, a sruthaíodh breis is 100,000 uair go dtí seo.

Fógrófar tuilleadh cláracha faisnéise mar chuid de sheoladh shéasúr nua RTÉ níos déanaí an mhí seo.

Nótaí:

Aimsigh cláracha faisnéise ar RTÉ. Sruthaigh na cláracha anois ar an RTÉ Player: https://www.rte.ie/player/

Ba é James Wynne a stiúir Around My Island, a léirigh Richie Kelly ó Record Media do RTÉ. Arna chraoladh Dé Máirt an 6 Lúnasa ag 9:35PM ar RTÉ One.

Is é Ruán Magan a scríobh agus a stiúraigh The Cable That Changed the World agus is í Patricia Carroll, Tyrone Productions a léirigh é do RTÉ agus do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Arna chraoladh Dé Luain an 12 Lúnasa ag 9:35PM ar RTÉ One

Is é Pat Collins rinne Making agus craolfar é Dé Céadaoin an 15 Lúnasa ag 9:35pm ar RTÉ a hAon. Sraith aon lae de chomhráite agus díospóireachtaí uathúla is ea Making In ina ndéantar ceiliúradh agus iniúchadh ar dhéantús mar bhealach chun smaoineamh, chun taiscéalaíocht a dhéanamh, chun tú féin a chur in iúl agus chun samhlú.  Ba ionann téama na bliana 2023 agus Making In: Concert.

Comhléiriú de chuid Besom Productions / Wildfire Films is ea Stolen, arna mhaoiniú ag Fís Éireann, Scáileán Thuaisceart Éireann, an BAI agus RTÉ, a chraolfar Dé Luain an 26 Lúnasa ag 9:35PM

Léiriúcháin de chuid Nova productions is ea Mincéir. Díríonn obair na cuideachta sin ar théamaí a bhaineann le cearta an duine agus le ceartas sóisialta agus béim ar leith á leagan ar na grúpaí faoi ghannionadaíocht agus ar ghrúpaí mionlaigh amhail an Lucht Siúil, daoine faoi mhíchumas agus seanóirí. Arna chraoladh Dé Máirt an 27 Lúnasa ag 9:35PM ar RTÉ One.


Breis is milliún duine ag féachaint ar bhua stairiúil Ard Mhacha ar Ghaillimh ar RTÉ 2 ag am amháin le linn an chluiche

Breis is 350,000 sruth déanta ar an RTÉ Player

889,000 duine ar an meán a d’fhéach ar Chluiche Ceannais Peile Sinsear na hÉireann an lae inné i bPáirc an Chrócaigh – inar bhain Ard Mhacha Craobh Peile Sinsear Uile Éireann amach den dara huair riamh – ar The Sunday Game Live ar RTÉ.  Bhí 1,085,400 duine ag féachaint air ag am amháin sular chríochnaigh an sárchluiche corraitheach seo.

B’ionann lucht féachana RTÉ agus sciar 76% de na daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am. 356,416 sruth a rinneadh ar an RTÉ Player agus b’ardú é sin ar na 184,987 sruth a rinneadh anuraidh ar chluiche cinniúnach Peile na bliana anuraidh.

Mheall buaicphointí agus léirmheas na hoíche aréir ar an mbliain Peile le Jacqui Hurley agus a cuid aíonna ar The Sunday Game meánlucht féachana 191,000 duine go dtí RTÉ One, arbh ionann é agus sciar 21% den lucht féachana. Idir an dá linn, bhí 294,000 duine ar an meán ag féachaint ar Up For the Match le Jacqui agus Des Cahill ar RTÉ One oíche Dé Sathairn.

Maidir le figiúirí an lae inné, is éard a dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ, Declan McBennett, “Fiú agus spórt beo i réim go mór ar an scáileán, bíonn tóir mhór i gcónaí ar Chluichí Ceannais na hÉireann. B’iontach an lá é do Ghaeil Ard Mhacha agus ba chluiche ceannais den scoth a bhí ann a fhanfaidh i gcuimhne mhuintir chontae an Úlloird go ceann i bhfad.”

Leanfar leis an spórt beo an tseachtain seo le clúdach cuimsitheach ar fud RTÉ ar Chluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras.

NOTAÍ:

  • Figiúirí Teilifíse: TAM Ireland/Nielsen:
  • Figiúirí an RTÉ Player: AT Internet

Scannal ag ceiliúradh 20 bliain den scéalaíocht ar féidir muinín a bheith aisti leis an gclár Scannal 20 Bliain

Scannal ag ceiliúradh 20 bliain den scéalaíocht ar féidir muinín a bheith aisti leis an gclár Scannal 20 Bliain

Féachfar siar ar chuid de na scéalta ba mhó a bhí faoi chaibidil mar aon leis an nuacht is déanaí ina leith a thabhairt le linn trí cinn de chláracha faisnéise uair an chloig an ceann lena n-áirítear: 

-An scannal a bhain le páiste nuabheirthe a fuarthas básaithe ar thrá i gCiarraí
-Thierry Henry nuair a láimhseáil sé an liathróid
-Brian Lenihan agus a “mature recollection” i rás na hUachtaránachta in 1990

Beidh Scannal, sraith faisnéise Ghaeilge RTÉ a bhfuil an-tóir uirthi ag ceiliúradh scór bliain ar an aer le trí chlár faisnéise uair an chloig an ceann sa Lúnasa. Féachfar siar le linn na gclár ar roinnt de na scéalta ba mhó a bhí faoi chaibidil ag Scannal a bhí ina n-ábhar iontais, uafáis, siamsaíochta nó alltachta ag an bpobal.

Le scór bliain anuas, tá cuntas tugtha ag Scannal ar stair shóisialta na hÉireann trí na scannail a raibh tionchar acu ar Éirinn a scrúdú. Caithfear súil siar sa chlár Scannal 20 Bliain ar chuid de na scannail nach ligfear i ndearmad go ceann i bhfad mar aon leis an eolas is déanaí ina leith a thabhairt don lucht féachana. Cíorfar freisin na ceachtanna a bhféadfaimis foghlaim uathu. Ón agallamh mí-ámharach a rinne Pee Flynn ar an Late Late Show, eachtra ghránna Thierry Henry nuair a láimhseáil sé an liathróid, bás tragóideach Ann Lovett agus a mac in uaimh i nGránard agus an chíréib i mBóthar Lansdún, tá cíoradh déanta ag lucht Scannal ar an tionchar a bhíonn ag imeachtaí móra ar na daoine aonair, ar theaghlaigh agus ar na pobail atá ina gceartlár – agus orainne mar thír.

Craolfar Scannal 20 Bliain trí oíche i ndiaidh a chéile ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player agus is é an tuairisceoir Garry Mac Donncha a threoróidh an lucht féachana trí na tréimhsí cinniúnacha seo i stair shóisialta na hÉireann atá fós ábhartha sa lá atá inniu ann.

Is éard a dúirt léiritheoir feidhmiúcháin RTÉ Sarah Ryder:  “Nuair a chuireamar tús le Scannal 20 bliain ó shin, ba thír an-difriúil a bhí in Éirinn. Ní gach duine a bhí réidh le haghaidh sraithe ina ndéanfaí an tionchar a bhí ag imeachtaí móra ar na daoine aonair, ar na teaghlaigh agus ar na pobail a bhí ina gcroílár a scrúdú mar aon leis an gcaoi ar athraigh na himeachtaí sin go minic cúrsa na staire in Éirinn. Ach de bharr go rabhamar ag insint na scéalta sin tríd an iriseoireacht, le hionracas agus aird mhór againn ar fhíorais chruinne, fuair an chéad tsraith an-mholadh agus bhí an-tóir láithreach ag an lucht féachana uirthi. Tá go leor de na scéalta atá clúdaithe ag an bhfoireann le scór bliain fós ag forbairt agus tá go leor eile acu fós ag imirt tionchair orainn go dtí an lá atá inniu ann. Agus an-tóir i gcónaí ag an lucht féachana RTÉ One agus an RTÉ Player ar an tsraith, is iontach an deis é an ceiliúradh 20 bliain seo chun súil siar a chaitheamh ar roinnt de na scéalta ba spéisiúla agus ba mhó tionchair a bhí againn ar Scannal le scór bliain agus an t-eolas is déanaí ina leith a roinnt.  B’aistear thar a bheith spéisiúil a bhí ann fad a bhíomar ag cur na sraithe seo le chéile agus tá súil againn go mbainfidh an dream a bheidh ag féachaint ar na cláir an sásamh céanna astu is a bhaineamar féin as bheith á gcur le chéile.”

Le linn thrí chlár Scannal 20 Bliain, déanfaidh cuid de na daoine a ghlacann páirt rialta i Scannal, chomh maith le roinnt daoine atá lárnach sna scéalta, a machnamh ar an gcaoi ar bhain imeachtaí éagsúla siar asainn agus an bealach ar éirigh leo go minic muid a athrú mar thír, chomh maith leis na ceachtanna a d’fhéadfadh muid a fhoghlaim uathu anois, sa saol iar-fhírinne seo.

Dé Luain an 5 Lúnasa ag 6.30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player a chuirfear tús leis an tsraith speisialta chomórtha le Believe In Me, ina mbreathnaíonn muid siar ar chuid de na botúin, den bhaothchaint agus de na deargphraiseacha a chuaigh chomh mór i gcion ar an tír agus a loit an oiread sin gairmeacha. Sa dara clár, Only a Woman, scrúdaítear, i gcúig phríomhscéal, an t-athrú atá tagtha ar shaol na mban in Éirinn le leathchéad bliain.  Sa tríú clár, Own Goals, breathnaítear ar chuid de na heachtraí iontacha spóirt agus de na heachtraí nach raibh chomh hiontach sin, a chuir alltacht ar an tír, agus a chothaigh deighilt idir daoine nó eile a thug le chéile iad.

Á chur i láthair agus á insint ag Garry Mac Donncha, tuairisceoir atá ag obair le Scannal le fada an lá, craolfar Scannal 20 Bliain trí oíche i ndiaidh a chéile ag 6.30pm ar RTÉ One ar Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoino an 5, 6 agus 7 Lúnasa agus ar an RTÉ Player.

Scannal 20 Bliain – sonraí na gclár: 

Clár 1 Believe in Me – Dé Luain an 5 Lúnasa

Ní haon rud nua atá sa nuacht bhréige; riamh anall baineadh úsáid as an bhfaisnéis bhréagach le dul i gcion ar thuairimí an phobail, insintí a smachtú, agus tionchar a imirt ar imeachtaí. Le fiche bliain anuas, tá léargas tugtha ag sraith staire sóisialta RTÉ, Scannal, ar chuid de na heachtraí a chuaigh i bhfeidhm ar an tír agus a chuir alltacht ar dhaoine  – thosaigh go leor acu amach mar bhréag gan díobháil, mar éitheach nó mar chur i gcéill.

Sa chéad chlár de shraith nua trí chlár chun comóradh a dhéanamh ar 20 bliain de Scannal, beidh súil dhóite ón mbliain 2024 á caitheamh siar againn ar chuid den bhaothchaint agus de na botúin a chuir an tír faoi gheasa agus a tharraing droch-cháil ar go leor daoine. Ón bpraiseach a bhain leis an “mature recollection” a d’athraigh stair Uachtaránachta na hÉireann go dtí agallamh cinniúnach Pee Flynn i dtaobh a thrí theach, an scéal scannalach a bhain le hathchóiriú an Late Late Show, ceann de na hagallaimh ba náirí ar raidió na hÉireann, déanfar scrúdú sa chlár seo ar théama na fírinne, na mbréag agus an chur i gcéill agus an chaoi a bhfuil na rialacha athraithe dúinn go léir ag na meáin shóisialta.

A chur i láthair agus á insint ag Garry Mac Donncha, le Cormac Ó hEadhra ó Drivetime, an t-iriseoir Caoimhe Ní Chathail, Comhfhreagraí Ealaíon agus Meán RTÉ Evelyn O’Rourke, Comhfhreagraí Polaitíochta an Irish Times Harry McGee, Beirní Ní Chuinn ó Nuacht agus an t-aisteoir Páraic Breathnach.

Clár 2: Only a Woman – Dé Máirt an 6 Lúnasa

Sa chéad séasúr de Scannal, sa bhliain 2004, bhí dhá chlár againn ag comóradh 20 bliain ó tharla péire de na heachtraí ba chinniúnaí do mhná na hÉireann i stair an lae inniu. Féachadh siar ar bhás an déagóra Ann Lovett agus a mac nach raibh ach ina pháiste óg in uaimh i nGránard in Eanáir na bliana 1984, agus an scéal faoin gcaoi, níos déanaí an bhliain chéanna, ar cúisíodh Joanne Hayes go héagórach i ndúnmharú linbh a tháinig i dtír ar thrá i gCathair Saidhbhín. Fiche bliain níos déanaí, beidh súil á caitheamh againn ar na scéalta sin agus ar an tionchar a bhí acu ar mhná ar fud na hÉireann le linn an ama agus atá orthu anois féin, agus breathnóidh muid ar a bhfuil tagtha chun solais le blianta beaga anuas.

Breathnóidh muid siar freisin ar scéal May McGee, agus an chaoi ar cuireadh frithghiniúint ar fáil in Éirinn den chéad uair mar thoradh ar a cás sa Chúirt Uachtarach in 1973; an múinteoir Eileen Flynn, a briseadh go héagórach as a post múinteoireachta mar gheall go raibh sí i gcaidreamh le hathair scartha, agus Cás “X” in 1992 nuair a cuireadh cosc ar dhéagóir a raibh éigniú déanta uirthi taisteal go dtí an Ríocht Aontaithe le haghaidh ginmhillte.

I measc na n-aoichainteoirí atá páirteach sa chlár seo tá an t-iriseoir Rosita Bolad atá ag insint scéal Ann Lovett le ceithre scór bliain, an gníomhaí Lisa Nic an Bhreithimh, An Seanadóir Neamhspleách Rónán Mullen, an tuairisceoir Caoimhe Ní Laighin agus an craoltóir Doireann Ní Bhriain, iarláithreoir an chláir The Women’s Programme.

Clár a Trí: Own Goals Dé Céadaoin an 7 Lúnasa, 6.30pm

Le 20 bliain anuas, tá cuid de na scéalta spóirt a d’ardaigh croíthe agus a chuir tús le cur agus cúiteamh fud fad na hÉireann curtha le chéile ag Scannal i bhfoirm cartlainne, le cuntais phearsanta agus anailís: conspóidí faoi na Cluichí Oilimpeacha, scóráil san iománaíocht, feallanna ar an bpáirc agus taobh amuigh di agus tragóid ar na lochtáin.

Sa chlár comórtha deireanach de Scannal 20 Bliain, caitheann na craoltóirí spóirt Seán Bán Breathnach, Cárthach Bán Breathnach, Gráinne McElwain agus Cuán Ó Flatharta súil siar ar chuid de na scannail spóirt a bhí clúdaithe sa tsraith thar na blianta, agus roghnóidh siad cuid de heachtraí míspóirtiúla a chuaigh i gcion orainn ar fad agus a chuir alltacht orainn.

An bhféadfadh duine ar bith dearmad a dhéanamh ar na círéibeacha a tharla i mBóthar Lansdún in 1995, a chlúdaigh Scannal in 2007, nuair a shrac maistíní as Sasana an staidiam as a chéile nó gur stopadh cluiche sacair idirnáisiúnta; nó an cúl conspóideach a bhí faighte ag an nóiméad deireanach i gCraobh Peile Laighean sa bhliain 2010 agus a bhris croí lucht tacaíochta Lú?

Fanfaidh an chonspóid a tháinig gan choinne nuair láimhseáil Thierry Henry an liathróid i gcluiche cáilithe Chorn an Domhain i bPáras in 2009 i gcuimhne mhuintir na hÉireann go deo. Agus níos gaire do bhaile, breathnóidh muid arís ar an gcluiche a bhí idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann i bPáirc Windsor i mBéal Feirste i ndiaidh bhuamáil Bhóthar na Seanchille agus an sléacht a rinneadh i nGlas-stiall i mí na Samhna 1993.

Caithfidh muid súil siar chomh maith ar an agallamh úd a rinne an t-iarThaoiseach Bertie Ahern leis an bhfoireann in 2020 i dtaobh scéal fadálach an Bertie Bowl, scéal a bunaithe ar aislingí, uaillmhianta, spórt agus polaitíocht, agus a bhfuil níos mó cora agus castaí ann ná mar a bheadh i sobaldráma.


Ráiteas RTÉ: Clúdach RTÉ ar Chluichí Oilimpeacha 2024, Páras

Tá cearta ag RTÉ Cluichí Oilimpeacha 2024 a chraoladh i bPoblacht na hÉireann agus sin amháin.  Níl cead ag RTÉ Cluichí Oilimpeacha 2024 a chraoladh i dTuaisceart Éireann.

Cuirfidh RTÉ tús arís le craoladh a chuid feasachán nuachta i dTuaisceart Éireann, lena n-áirítear nuacht ó Chluichí Oilimpeacha 2024.

Ag an BBC atá na cearta eisiacha saorchraolta do Chluichí Oilimpeacha 2024 do Thuaisceart Éireann.  Ceadaíodh na cearta sin don dóibh faoi mhargadh ceart ar na Cluichí Oilimpeacha sa Ríocht Aontaithe a comhaontaíodh idir an BBC agus sealbhóir na gceart pan-Eorpach, Discovery sa bhliain 2016.

Cé gur fhéach RTÉ le cead a fháil lena gcuid craoltaí ar Chluichí Oilimpeacha 2024 a chur ar fáil i dTuaisceart Éireann, ní rabhthas in ann é sin a dhéanamh.


Fáiltíonn RTÉ roimh fhógra an Rialtais inniu maidir le maoiniú poiblí ilbhliantúil do RTÉ

Fáiltíonn RTÉ roimh fhógra an Rialtais inniu maidir le maoiniú poiblí ilbhliantúil do RTÉ

Agus é ag trácht ar fhógra an Rialtais inniu, dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst:

“Fáiltíonn RTÉ roimh fhógra an Rialtais inniu go bhfuil maoiniú ilbhliantúil á chur ar fáil do RTÉ den chéad uair riamh le glúin anuas a thugann aitheantas do thábhacht agus d’fhiúntas na meáin seirbhíse poiblí neamhspleách d’Éirinn.  Is díol suntais atá sa ghealltanas seo do na trí bliana atá amach romhainn a chuirfidh ar chumas RTÉ pleanáil a dhéanamh le cinnteacht don todhchaí le linn dúinn a bheith ag díriú ar sheachadadh a dhéanamh ar níos mó ábhair do lucht féachana na hÉireann a bhfuil breac-chuntas tugtha ina leith inár straitéis cúig bliana. Ciallaíonn sé freisin go mbeidh sé ar ár gcumas leanúint leis an mbunathrú chun feabhais ar RTÉ agus le muinín an phobail a bhaint amach arís le linn dúinn a bheith ag cur sceideal agus ábhar seirbhíse poiblí tábhachtach agus tarraingteach ar fáil ar fud seirbhísí teilifíse, raidió agus ar líne, i mBéarla agus i nGaeilge.

Lean líon mór daoine ar fud RTÉ agus ar fud earnáil chruthaitheach neamhspleách na hÉireann ag oibriú go crua thar ceann an lucht féachana. Ó bheith ar bís mar gheall ar an spórt beo saorchraolta  – agus i bhfad níos mó ar na bacáin – chomh fada lenár gclúdach agus le hanailís ó dhubh go dubh ar scéalta áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta lena mbaineann tábhacht, agus ó thacaíocht a thabhairt d’aisteoirí, scríbhneoirí, taibhseoirí agus ceoltóirí trínár n-aschur drámaíochta, ceoil agus siamsaíochta chomh fada lenár dtiomantas d’iriseoireacht iniúchta atá tábhachtach maidir le caighdeáin leasa capall, líomhaintí forleathana i ndáil le hiompar míchuí atá déanta ag mná in aghaidh cóitseálaithe sacair fir na hÉireann agus go leor eile, bhíomar ansin don lucht féachana fud fad na hÉireann, lá i ndiaidh lae ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne. Agus is chuige sin a bhfuilimid ann. I am grateful to those who have continued to pay their TV licence since I started in this role in July last year.

Baineann an straitéis cúig bliana, a bhí riachtanach fiú sular tháinig saincheisteanna na bliana seo caite chun cinn, le heagraíocht iontaofa a chruthú a chuireann ábhar craolacháin ar fáil do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Baineann sé le tacaíocht a thabhairt d’uaillmhian chruthaitheach agus do nuálaíocht dhigiteach, baineann sé le tacaíocht a thabhairt do chultúr na hÉireann agus daoine a thabhairt le chéile. Baineann sé le hÉirinn a chur os comhair an náisiúin agus os comhair an domhain mhóir agus tacaíocht a thabhairt don tionscal cruthaitheach ar fud an oileáin. Is plean atá i gceist leis atá bunaithe ar bhunluachanna seirbhíse poiblí. Táimid meáite ar RTÉ láidir, nua-aimseartha a chruthú ag a mbeidh ról sainiúil i saol na hÉireann; RTÉ a bheidh ina údar mórtais ag muintir na hÉireann.

Ní dhéanfaimid talamh slán den deis atá faighte againn le fógra an lae inniu.”

Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Terence O’Rourke:

“Fáiltím roimh an bhfógra a rinne an tAire inniu maidir leis an tsamhail mhaoinithe nua chun cuidiú le todhchaí RTÉ a dhaingniú. Tá Bord RTÉ sásta go gcuirfidh an maoiniú atá molta ar chumas RTÉ leanúint leis an bpróiseas ríthábhachtach maidir le hathrú eagraíochtúil agus athchóiriú atá faoi lán seoil in RTÉ cheana féin.

Fáiltím go háirithe roimh an tiomantas atá tugtha ag an Rialtas do mhúnla maoinithe bliantúil muiti. Cabhróidh sé seo le timpeallacht leanúnach agus chobhsaí chuí a chur ar fáil inar féidir leis an eagraíocht na cinntí straitéiseacha meántéarmacha agus fadtéarmacha a dhéanamh atá lárnach dá todhchaí.

Ar ndóigh, tá go leor dúshláin agus cinntí diana romhainn, ach is lá dearfach é an lá inniu do RTÉ. Tá go leor de seo mar thoradh ar thréimhse fhada rannpháirtíochta leis an Aire agus lena Roinn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil léi as a cuid oibre ina leith seo agus as a dúthracht shoiléir do thodhchaí na craoltóireachta seirbhíse poiblí in Éirinn.”

 


BREIS IS MILLIÚN DUINE A BHÍ AG FÉACHAINT AR RTÉ2 AGUS CONTAE AN CHLÁIR AG FÁIL AN LÁMH UACHTAIR AR CHORCAIGH I gCLUICHE CEANNAIS IOMÁNA ÉACHTACH NA hÉIREANN 

ARDÚ BREIS IS 200,000 AR AN MEÁNLUCHT FÉACHANA I gCOMPARÁID LE CLUICHE CEANNAIS NA BLIANA SEO CAITE. 

D’fhéach breis is aon mhilliún duine ar fud na hÉireann ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh nuair a fuair Contae an Chláir an ceann is fearr ar Chorcaigh tar éis am breise. Bhí 1,037,000 ar an meán tiúnáilte isteach chuig Cluiche Beo an Domhnaigh ar RTÉ2 agus bhí 9,000 duine eile ag féachaint air ar RTÉ2+1. 

B’ionann lucht féachana RTÉ agus sciar 77% de na daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am. Bhain an clúdach teilifíse an líon is mó riamh lucht féachana amach le 1,231,000 duine le linn don chluiche a bhuaicphointe a bhaint amach.  

D’fhéach 830,000 duine ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann ar RTÉ2 idir Luimneach agus Cill Chainnigh anuraidh agus bhí sin ar an lucht féachana b’airde a d’fhéach ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann ón mbliain 2019. Bhain buaicphointí agus athbhreithniú na hoíche aréir ar an mbliain Iomána ar The Sunday Game lucht féachana 255,000 ar an meán amach le sciar 28%. 

Bhí breis is aon mhilliún amharc leathanaigh ar líne ar RTÉ.ie/Sport (1.07m) ar bhlag beo Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann, i gcomparáid le 416,000 amharc ar bhlag beo an chluiche ceannais idir Luimneach agus Cill Chainnigh anuraidh. 

Ag tagairt dó ar fhigiúirí an lae inné, dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ, Declan McBennett: “Tá sé cuí nuair a thógtar nádúr éachtach lascadh na gcamán an lae inné san áireamh gur tharraing sé lucht féachana millteanach den sórt sin mar gheall ar an scil agus díograis a léirigh an dá fhoireann sin. Mairfidh an cluiche go ceann i bhfad i gcuimhne na ndaoine a d’fhéach air agus a d’éist leis, agus beidh cúl cinniúnach Tony Kelly i measc annála na nóiméad éachtacha sin i bPáirc an Chrócaigh nach ligfear i ndearmad.”

Beifear ag leanúint le clúdach leathan CLG ar RTÉ an deireadh seachtaine seo atá ag teacht le Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Gaillimh agus Ard Mhacha. Beidh craoladh beo ar Sunday Game Live le Joanne Cantwell ón 2.15pm ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player agus beidh The Sunday Game á chur i láthair ag Jacqui Hurley san oíche Dé Domhnaigh ón 9.30pm, ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player freisin.  

Beidh Des Cahill in éineacht le Jacqui Hurley don chlár, Up For The Match agus iad i mbun díospóireachta ar chluiche mór an Domhnaigh. Beidh tráchtaireacht agus tuairiscí beo ó Pháirc an Chrócaigh agus coinneofar an lucht leanúna ar an eolas ar RTÉ.ie/sport maidir leis na cúrsaí spóirt go léir. 

 


Clúdach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha le linn samhradh ollmhór spóirt fógartha ag RTÉ

Os cionn 250 uair an chloig de chlúdach ar na Cluichí Oilimpeacha agus os cionn 100 uair an chloig de chlúdach ar na Cluichí Parailimpeacha

Dhá shraith nua ar thuras Oilimpigh na hÉireann le craoladh

Ag ócáid in RTÉ inniu, Déardaoin an 27 Meitheamh, d’fhógair Spórt RTÉ an clúdach a bheidh siad a dhéanamh ar na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha anuas ar an gclúdach a bheidh acu le linn an tsamhraidh ollmhór spórt saorchraolta seo. Cuirfidh RTÉ breis agus 250 uair an chloig de chlúdach ar na Cluichí Oilimpeacha agus 100 uair an chloig de chlúdach ar na Cluichí Parailimpeacha ar fáil ar an teilifís agus ar an RTÉ Player le breis agus 500 uair an chloig san iomlán, clúdach ar líne san áireamh.

Beidh clúdach beo ar Raidió RTÉ freisin ar mhórimeachtaí na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha, Craobhchomórtais CLG, Turas Rugbaí na hÉireann san Afraic Theas, na mórchomórtais ghailf agus ar an gcuid eile den aicsean spóirt a bheidh le feiceáil ar fud Nuacht RTÉ agus RTÉ Ar Líne.

Déanfaidh RTÉ craoladh beo ar na 17 lá de na Cluichí Oilimpeacha agus ar an 12 lá de na Cluichí Parailimpeacha, rud a chinnteoidh go mbeidh teacht ag an lucht féachana ar an aicsean ar fad i bPáras ar fud na n-ardán ar fad.

Chomh maith leis an aicsean beo, cuirfidh RTÉ dhá shraith úrnua ar fáil a bheidh dírithe ar Oilimpigh na hÉireann. Sa chlár Path to Paris (Déardaoin, RTÉ One & RTÉ Player) beimid i dteannta rogha na coitiantachta in Éirinn, ina measc Rhasidat Adeleke, an curadh dornálaíochta Kellie Harrington agus an gleacaí Rhys McClenaghan, agus iad ag iarraidh cáiliú don seó is mó ar domhan, na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Leanfar le Chapters of Magnificence, sraith 11 chlár ina mbeidh agallaimh le buaiteoirí Oilimpeacha na hÉireann, Dé Domhnaigh seo an 30 Meitheamh ag 7.30 i.n. ar RTÉ Radio 1 le Annalise Murphy agus ar RTÉ Radio Player.

Tháinig láithreoirí agus painéalaithe Spórt RTÉ le chéile i Stiúideo 5 chun samhradh spóirt RTÉ a cheiliúradh os comhair lucht féachana beo sa stiúideo. Tá na hiar-Oilimpigh Sonia O’Sullivan agus Grainne Murphy ag súil go mór leis na Cluichí Oilimpeacha i bPáras agus foireann is mó riamh na hÉireann ag lorg bonn. Thug Jason Smyth, buaiteoir bonn óir agus an lúthchleasaí Parailimpeach is tapa riamh, a léargas ar ionchais na hÉireann i bPáras agus Spórt RTÉ ag déanamh réidh leis an gclúdach is mó riamh a chur ar fáil ar na Cluichí Parailimpeacha i mbliana ina mbeidh 100 uair an chloig ar theilifís RTÉ2 agus os cionn 500 uair an chloig san iomlán, ar RTÉ Radio, RTÉ News, RTÉ ar Líne agus RTÉ Player.

Agus Craobh CLG agus Euro UEFA 2024 faoi lán seoil, labhair Richie Sadlier agus Stephen Kelly faoi ábhair a bhaineann le Craobh Sacair na hEorpa leis an láithreoir Paul O’Flynn agus phléigh Ursula Jacob agus Paul Flynn na Craobhacha CLG atá ar siúl faoi láthair agus atá fíorspéisiúil cheana féin.

Dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ: “Táimid bródúil i gcónaí as ócáidí spóirt nach mór a fheiceáil a chur os comhair ár lucht féachana. Ní raibh sé sin riamh níos oiriúnaí ná samhradh na bliana 2024. Mhúscail éachtaí lúthchleasaithe na tíre seo san Eoraip spéis i dtuilleadh seónna barr feabhais ina mbeidh iomaitheoirí ag caitheamh cultacha Éireannacha i bPáras. Geallann buaicphointí Chraobh Sacair na hEorpa agus chraobh CLG drámaíocht a choinneoidh ar bís thú agus gach seans nach ndéanaimid dearmad go deo uirthi. Is cinnte go dtarraingeoidh nádúr dothuartha an spóirt isteach muid agus go gcothófar cuimhní cinn a mhairfidh go deo. Tá mórtas ar Spórt RTÉ na heachtraí sin a roinnt le pobal na hÉireann, agus sin a dhéanamh go saorchraolta.”

Leanfaidh an t-aicsean beo ar aghaidh an deireadh seachtaine seo le dhá lá rásaíochta ón gCurrach le Féile Dubai Duty Free Derby, Craobhchomórtais Náisiúnta Lúthchleasaíochta 123.ie i Seantrabh, Babhta 16 i gcaobh UEFA Euro 2024, agus dhá chluiche sa bhabhta ceathrú ceannais Peile i ndiaidh a chéile beo ó Pháirc an Chrócaigh ar Sunday Game Live – Lú v Dún na nGall agus Ciarraí v Doire agus tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar chainéal RTÉ News.

Príomhdhátaí spóirt ar RTÉ an samhradh seo –

Craobhchomórtais CLG

  • Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann – Dé Domhnaigh 21 Iúil
  • Cluiche Ceannais Peile na hÉireann – Dé Domhnaigh 28 Iúil
  • Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann – Dé Domhnaigh 11 Lúnasa

Cluichí UEFA Euro 2024

  • Cluichí Ceathrú Ceannais – Dé hAoine 5 Iúil agus Dé Sathairn 6 Iúil
  • Cluichí Leathcheannais – Dé Máirt 9 Iúil agus Dé Céadaoin 10 Iúil
  • Cluiche Ceannais – Dé Sathairn 14 Iúil

Na Cluichí Oilimpeacha, Páras 2024

  • Dé hAoine 26 Iúil (Searmanas Oscailte) go dtí Dé Domhnaigh 11 Lúnasa

Rásaí na Gaillimhe Dé Luain 29 Iúil go dtí Déardaoin 1 Lúnasa

Na Cluichí Parailimpeacha, Páras 2024

  • Dé Céadaoin 28 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh 8 Meán Fómhair

1.3 MILLIÚN TIÚNÁILTE ISTEACH CHUIG RTÉ CHUN SASANA A FHEICEÁIL AG FÁIL AN CHEANN IS FEARR AR AN SPÁINN I gCLUICHE CEANNAIS EURO 2024 UEFA 

RINNE AN RTÉ PLAYER A THRÍ OIREAD SRUTHÚ AR CHOMÓRTAS UEFA EURO 2024 I gCOMPARÁID LE COMÓRTAS 2020

918,000 duine ag féachaint ar chluiche ceannais UEFA EURO 2024 ar RTÉ2, chomh maith le 426,000 beoshruth breise a bheith déanta ar an RTÉ Player

Rinneadh 7.7 milliún sruth san iomlán ar UEFA EURO 2024 ar an RTÉ Player, ardú 2.5 milliún sruth ar UEFA EURO 2020

Tá 74 milliún sruth déanta ar an RTÉ Player go dtí seo in 2024, ardú +42% ón tréimhse chéanna in 2023.

Rinneadh 59% den sruthú ar UEFA EURO 2024 ó ghairis mhóibíleacha, rud a thug deis don lucht féachana an t-aicsean a fheiceáil as áit ar bith.

Bhí lucht féachana níos mó ná riamh ag cluiche ceannais UEFA EURO 2024 inné, agus 918,000 duine (sciar 55%) ag tiúnáil isteach chuig RTÉ2 le breathnú ar Shasana ag cailleadh go drámatúil in aghaidh na Spáinne, agus rinneadh 426,000 beoshruthú breise ar an gcluiche ar an RTÉ Player. Rinne RTÉ craoladh beo ar 51 cluiche ar fad an chomórtais, do lucht féachana na hÉireann ar fud RTÉ2, an RTÉ Player agus an RTÉ News Channel. Mheall an turas go dtí an cluiche ceannais lucht féachana ollmhór. Ba í an choimhlint sa chluiche ceathrú ceannais idir an Phortaingéil agus an Fhrainc an dara cluiche ba mhó a tharraing lucht féachana ar RTÉ2, agus bhí 571,400 lucht féachana ar an meán (458k sruth) aige. Ina dhiaidh sin bhí an cluiche idir Sasana agus an Eilvéis, le lucht féachana 500,300 duine ar an meán (349k sruth). Bhí an cluiche idir Sasana agus an tSlóvaic sa cheathrú háit agus lucht féachana 465,700 duine ar an meán (294k sruth) aige.

Bhí na sluaite de lucht féachana ag faire an RTÉ Player chun coinneáil suas leis an aicsean – cláraíodh 7.7 milliún sruth san iomlán, 59% díobh sin trí fhóin phóca. Is ionann sin agus méadú suntasach 5.2 milliún sruth ar an méid a bhí sruthaithe i gcás UEFA EURO 2020, agus fágann sé gur 74 milliún an líon iomlán shruthanna atá déanta ar an RTÉ Player go dtí seo in 2024, ardú 42% ón tréimhse chéanna anuraidh.

Chomh maith leis an spórt beo, tá an fás eisceachtúil seo bunaithe ar chatalóg físeán ar éileamh an RTÉ Player a bheith ag dul i méid, le 17 milliún sruth déanta ar bhoscraí drámaíochta go dtí seo i mbliana, ardú +23% ó 2023. Tá os cionn 2 mhilliún sruth déanta ar Yellowstone go dtí seo in 2024, agus tá os cionn 1 mhilliún sruth déanta ar na drámaí de chuid na hÉireann, Kin agus Love/Hate. Tá na boscraí nua, Blackshore agus The Dry i measc na roghanna is fearr leis an lucht féachana, agus i measc na gclár teilifíse is mó a ndéantar sruthú orthu tá The Tommy Tiernan Show, First Dates agus Room to Improve.

Tá ábhar do pháistí saor ó fhógraí tagtha chun cinn mar réimse ina bhfuil fás suntasach air don RTÉ Player, le 3.6 milliún sruth déanta go dtí seo i mbliana, ardú +52% ón mbliain seo caite. Tá ardú ag teacht freisin ar an lucht féachana a úsáideann an RTÉ Player chun nuacht is déanaí a fháil, agus níos mó ná 1 milliún sruth an ceann déanta ar an Nine O’Clock News (+25% Bliain ar Bhliain) agus ar an Six One News (+30% Bliain ar Bhliain).

Féadfaidh an lucht féachana a bheith ag tnúth le tuilleadh den chlúdach corraitheach ar spórt an samhradh seo ar RTÉ, agus cluichí ceannais Iomána agus Peile na hÉireann, na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha fós le teacht.

Is éard a dúirt Aoife Byrne, Ceannasaí RTÉ Player: “Tréimhse iontach eile ab ea 2024 don RTÉ Player ó Eanáir go Meitheamh, le fás +42% ón am céanna anuraidh agus ardú +15% ar na huaireanta a bhí sruthaithe. Táimid bródúil go bhfuil RTÉ Player ag fás mar rogha sruthaithe sainiúil, beo agus ar éileamh don lucht féachana agus don lucht éisteachta in Éirinn, agus rud atá uathúil, láidir agus ábhartha á thairiscint, nach féidir leis na seirbhísí SVoD domhanda a chur ar fáil.

Cé gurb iad an spórt beo agus na boscraí is mó is cúis leis an bhfás – 7.7M de shruthanna i gcás Euro UEFA, níos mó sruthú ná riamh cheana ar Chluichí Craoibhe CLG; 17M sruth san iomlán déanta ar ár ndrámaí scripte – tá an-tóir i gcónaí ar theilifís agus chláirsobail na tíre seo. Bhí Fair City, First Dates, Room to Improve, Home of The Yearagus The Tommy Tiernan Show i measc na gclár ba mhó a raibh tóir ag ár lucht féachana orthu, go dtí seo i mbliana. Agus táimid ag súil go mór le hábhar níos fearr fós a thabhairt don lucht féachana sa bhfómhar, chomh maith le feabhas a chur ar na táirgí.”

Dúirt Declan McBennett, Ceannasaí Spórt RTÉ: “Is cúis áthais dúinn gur léirigh scála an lucht féachana go raibh an comórtas ar cheann de mhórimeachtaí spóirt an tsamhraidh. In éineacht le Craobh CLG agus leis na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha, atá fós le teacht, léiríonn sé arís an chumhacht atá ag spórt beo agus an chaoi a meallann sé muintir na hÉireann. Léiríonn an chaoi go bhfuiltear ag féachaint níos minice ar an Player go bhfuil na patrúin mar a bhaineann le tomhaltas spóirt ag athrú.”


FEACHTAS DE CHUID AN RSA “THINK AND DRIVE” SEOLTA AG 2FM

Tá 2FM tar éis dul i gcomhar leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), le Cumann na nImreoirí Gaelacha, an FAI, an IRFU agus scata de cheoltóirí Éireannacha chun teachtaireachtaí faoi shábháilteacht ar na bóithre a thaifeadadh agus beidh siad á gcraoladh ar 2FM sna seachtainí beaga amach romhainn.

2FM Think and Drive atá á thabhairt ar an bhfeachtas agus beidh sé á chraoladh den chéad uair inniu.

Tá 2FM ag obair i bpáirt le daoine mór le rá ó shaol an spóirt agus ó shaol an cheoil chun éisteoirí 2FM a spreagadh le bheith níos moille agus samhradh níos sábháilte a bheith acu ar bhóithre na hÉireann. Beidh Danny O’Donoghue ó The Script, an t-imreoir Rugbaí idirnáisiúnta de chuid na hÉireann Andrew Porter, cúl báire fhoireann Sacair Ban na hÉireann Courtney Brosnan agus scata d’imreoirí idirchontae de chuid CLG, ina measc Seán O’Shea ó fhoireann Peile Chiarraí agus Grace Walsh ó Fhoireann Camógaíochta Chill Chainnigh, ag impí ar thiománaithe taisteal go sábháilte ar na bóithre agus an baile a shroicheadh slán.

Tá 103 duine maraithe ar na bóithre in Éirinn go dtí seo i mbliana agus léiríonn sé seo an chaoi a bhfuil sábháilteacht ar bhóithre na hÉireann ag dul sa treo mícheart. Ba í 2023 an bhliain ba mheasa le beagnach deich mbliana ó thaobh daoine a bheith maraithe ar na bhóithre, toisc gur maraíodh 188 duine. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh 2024 níos measa fós. Ar an 10 Iúil anuraidh, bhí 87 duine maraithe ar na bóithre, agus faoin 1 Lúnasa 2023 bhí 100 bás cláraithe. Léiríonn figiúirí na bliana seo go bhfuil an chosúlacht air go mbeidh líon na ndaoine a mharófar ar na bóithre 17% níos airde i mbliana le hais mar a bhí anuraidh.

Dúirt Dan Healy, an Ceann Fhuaim Dhigiteach RTÉ agus ar RTÉ 2fm: “Táimid an-sásta tacú leis an bhfeachtas seo anseo in 2FM agus tá súil againn go gcuirfidh sé i gcuimhne dár n-éisteoirí, ar bhealach séimh, stopadh le haghaidh sosa má bhíonn siad tuirseach agus a bheith sábháilte agus iad ag tiomáint. Beidh RTÉ 2FM ar an mbóthar le haghaidh féilte atá romhainn amach, lena n-áirítear Electric Picnic sa tSráidbhaile agus an fhéile We’ve Only Just Begun i mBaile Átha Cliath, agus beidh agallaimh bheo agus léirithe ó chuid de na hainmneacha is cáiliúla sa ghnó a gcur ar fáil do na héisteoirí. Teastaíonn uainn go mbainfeadh ár n-éisteoirí ar fad an áit amach slán, sábháilte, agus tá ár láithreoirí ag súil go mór le hiad a fheiceáil ansin.”

D’fháiltigh Sam Waide, príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre, roimh an gcomhpháirtíocht le 2FM. “Is gá dúinn daoine a chur ar an eolas faoi go bhfuil an tiomáint róthapa, an meisce, agus an tiomáint gan aird ag cur le líon na ndaoine a mharaítear nó a ghortaítear go dona ar ár mbóithre. Léirigh an staidéar breathnóireachta a rinneamar le déanaí go mbíonn duine amháin as gach beirt tiománaithe ag dul thar na teorainneacha luais 30, 50 agus 60km san uair. I staidéar eile, d’admhaigh tiománaí amháin as gach deichniúr gur thiomáin siad anuraidh tar éis dóibh alcól a ól. Léiríonn ár dtaighde go bhfuil i bhfad níos mó glacadh sa tsochaí, le blianta beaga anuas, le daoine a bheith ag tiomáint agus iad faoi thionchar an óil, agus go gcreideann duine as gach ceathrar tiománaithe go bhfuil sé inghlactha go mbeidís ag tiomáint achair ghearra tar éis dóibh alcól a ól. Chomh maith leis sin baineann daoine in Éirinn an-úsáid as fóin phóca. Tugtar le fios i dtaighde a rinneadh in 2023 go mbíonn thart ar dhuine as gach cúigear tiománaithe ag seiceáil a gcuid fón le linn dóibh a bheith ag tiomáint.”

Craolfar na teachtaireachtaí gearra fuaime ar 2FM sna seachtainí amach romhainn. I measc na nglórtha a bheidh le cloisteáil tá:

  • Danny O’Donoghue – The Script
  • Ryan Hennessy agus Jimmy Rainsford – Picture This
  • Lyra
  • Chubby Cat
  • Andrew Porter – Foireann Rugbaí na hÉireann
  • Aoife Wafer – Foireann Rugbaí na hÉireann
  • Courtney Brosnan – Foireann Sacair Ban na hÉireann
  • Dan Morrissey – Foireann Iomána Luimnigh
  • Dearbhla Magee – Foireann Camógaíochta an Dúin
  • Grace Walsh – Foireann Camógaíochta Chill Chainnigh
  • Jennifer Dunne – Foireann Sinsear Peile Ban Bhaile Átha Cliath
  • Paddy Burke – Foireann Iomána Aontroma
  • Ryan McHugh – Foireann Peile Dhún na nGall
  • Seán O’Shea – Foireann Peile Chiarraí
  • Shauna Ennis – Foireann Peile Ban na Mí

(1) Contributory Factors and Driver Fatalities: Examining key Dangerous Behaviours, Bealtaine 2023

(2) Tá an staidéar bunaithe ar shonraí cróinéara i gcás 362 as na 431 tiománaí a maraíodh ar bhóithre na hÉireann le linn 2015-2019.)

Nóta:   

Foinse Nuachta:

https://www.garda.ie/en/roads-policing/statistics/roads-policing-fatalities-to-date-for-2024/

Le linn an fheachtais, cuirfear an chaoi le fanacht sábháilte agus iad ag tiomáint i gcuimhne do thiománaithe agus cuirfear comhairle orthu faoin mbealach le tuairteanna a bhainfeadh leis na príomhiompraíochtaí contúirteacha seo le linn do dhaoine a bheith ag tiomáint, a sheachaint. Léiríonn taighde (1) a rinne an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre le gairid:

  • go raibh 26% de na tiománaithe a fuair bás, agus a raibh taifead ar a ngníomh, ag dul thar an luas atá sábháilte.
  • go raibh tocsaineolaíocht dhearfach le haghaidh alcóil ag 37% de na tiománaithe a fuair bás agus a raibh toradh tocsaineolaíochta ar fáil dóibh (2).
  • nach raibh crios sábhála á chaitheamh ag 40% de na tiománaithe a fuair bás agus a raibh taifead ar fáil maidir le crios sábhála a bheith á chaitheamh nó gan a bheith.
  • Chomh maith leis sin, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO, 2022), is mó seans go dtarlóidh tuairt do thiománaithe a úsáideann fón póca.

Showing 121 - 130 of 525 stories