Dragon Hearts – clár faisnéise croíúil faoi rásaíocht bád dragain, faoi theacht slán agus maireachtáil go beo beathach

Dragon Hearts – clár faisnéise croíúil faoi rásaíocht bád dragain, faoi theacht slán agus maireachtáil go beo beathach

Dé Luain, 2 Meitheamh, 6.30pm ar RTÉ One & ar an RTÉ Player 

“Déarfaidh daoine cuid mhór rudaí leat faoi mhaireachtáil agus faoin mbás, ach nuair a thagann an crú ar an tairne, is é a déarfaidh mórchuid na ndaoine ‘lig dom maireachtáil’. Agus is é is fearr liomsa maireachtáil.”    

Tá Mark O’Connor ar dhuine díobh siúd a chuir ar bun an Cork Dragon Boat Club, club iomartha as an ngnách. Is beag nach curfá na focail sin dá chuid ag na céadta ar fud na hÉireann atáina mball de chlub bád dragain; fir agus mná a théann amach gach seachtain ar locha, ar aibhneacha agus ar an bhfarraige i mbun spórt faoi leith.

Is é an difríocht idir na rámhaithe seo agus daoine i ngach cineál club rámhaíochta eile, gur tháinig ailse ar an saol ag an uile dhuine acu, go díreach nógo hindíreach.

Sa chlár suntasach faisnéise seo, buailtear leis an iliomad duine a bhfuil tosaithe acu ar an spóirt seo le blianta beaga anuas. Buailtear bóthar as Baile Átha Cliath go Tír Chonaill, Ceatharlach, Sligeach, Maigh Eo agus Corcaigh go bhfeictear gnáthdhaoine a tarraingíodh le chéile mar gheall ar dhrochscéala agus an spórt faoi leith seo ina cheangal eatarthu anois.  

Cineál ársa spóirt an rásaíocht bád dragain atá á chleachtadh sa tSín le dhá mhíle bliain agus níos mó. Tá sé anois ar cheann de na cineálacha spóirt uisce is mó a bhfuil borradh faoi ar fud an domhain. I rith na 1990idí, chuir dream taighde i gCeanada suim ann mar spórt a bheadh go maith ag daoine tar éis ailse cíche; chonacthas gur neartaigh an spórt uachtar na colainne ag othair ailse cíche agus ag daoine a bhí ag teacht uaidh agus go ndearna sé maitheas síceolaíochta freisin agus don tsláinte go ginearálta.  

Sa bhliain 2010 a cuireadh an chéad Chlub Bád Dragain in Éirinn ar bun i mBaile Átha Cliath. Feictear roinnt de na Plurabelle Paddlers ar Dragon Hearts, an chéad dream sin a thug faoin spórt sa tír seo, chomh maith le daoine as roinnt de na clubanna eile ar fud na tíre a tugadh chun cinn le deich mbliana anuas, ina measc na Carlow Warriors, Medb’s Dragon Warriors i Sligeach, an Gráinne Mhaol Dragon Boat Club i Maigh Eo agus na Donegal Dragons. Tá ceamaradóireacht álainn ann, ón aer anuas, ón uisce aníos agus eile, agus fir agus na mná na gclubanna seo á leanúint ar feadh séasúr iomlán traenála agus rásaíochta.  

Téann siad san iomaíocht ag rásaí ar fud na tíre agus feictear bua agus cailliúint, spraoi, dua, díomá, bís agus sceitimíní. Feictear iad ag traenáil go dícheallach, ag rásaíocht go díocasach agus ag seasamh le chéile go dílis.  

Is mór an ní gach buille rámhaíochta, ní hamháin maidir leis an mbád a thiomáint chun cinn ach maidir le sárú ailse cíche ag gach uile dhuine de na  gach buille rámhaithe féin. Clár faisnéise croíúil Dragon Hearts nach faoi spórt agus rásaíocht amháin é, ach faoi theacht slán, maireachtáil go beo beathach agus bisiúle barr brí – fiúnuair is géire cás an duine.

Beidh Dragon Hearts á chraoladh Dé Luain, 2 Meitheamh ag 6:30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.

-CRÍOCH- 

GRIANGHRAIF: https://we.tl/t-hItrebAR8E

Tuilleadh Eolais: Éadaoin Nic Giolla Chomhaill


Aistear an Amhráin – tugann sraith RTÉ léargas ar na scéalta taobh thiar de na hamhráin is ansa linn

Aistear an Amhráin– tugann sraith RTÉ léargas ar na scéalta taobh thiar de na hamhráin is ansa linn 

Dé Máirt an 3ú Meitheamh, 7pm ar RTÉ One & ar an RTÉ Player. 

Beidh an tsraith faisnéise Aistear an Amhráin ar ais ar an 3ú Meitheamh, 7pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, le muid a chur ar an eolas faoi na scéalta suimiúla atá taobh thiar de na hamhráin is ansa linn in Éirinn. 

Déanann an tsraith nua scagadh ar scéal Grace Gifford, an bhean lena mbaineann bailéad a bhfuil an-tóir air, Grace; ar an scéal grá atá taobh thiar de After All, amhrán aitheanta de chuid Frank and Walters ó na 90idí; ar scéal an ródaí as Béal Feirste a dúnmharaíodh go tragóideach agus ar spreag an t-amhrán de chuid Spandau Ballet Through the Barricades sna 80idí agus, ar deireadh, an diabhlaíocht agus an mhistéir atá mar bhunús leis an amhrán Gaeilge, a spreagann greadadh cos, An Poc Ar Buile

Sa chéad chlár, cloisfidh muid an scéal atá taobh thiar de cheann de na bailéid is ansa linn in Éirinn: Grace

Agus níos mó ná 100 leagan de ann, ó Jim McCann go Rod Stewart go Kellie Harrington, níl duine ar bith nach bhfuil a fhios aige an t-amhrán Grace. Bunaithe ar scéal grá tragóideach Grace Gifford agus Joseph Mary Plunkett, buaileann an tuairisceoir Sinéad Ní Churnáin le cumadóirí an amhráin, Frank agus Sean O’Meara chun bunús agus tionchar an amhráin a fhiosrú agus fiafraíonn sí: cérbh í Grace? 

Chas Grace Gifford agus Joseph Plunkett le chéile trí dheirfiúr Grace, Muriel, a bhí pósta le Tomás Mac Donnchadh. Cúpla bliain tar éis dóibh titim i ngrá, shocraigh Grace agus Joseph go bpósfaidís. Ach bhainfeadh cúinsí tragóideacha leis an bpósadh: an mhaidin tar éis dóibh pósadh, tugadh Plunkett amach agus cuireadh chun báis é i gclós phríosún Chill Mhaighneann.  

70 bliain ina dhiaidh sin, d’iarr léiritheoir ceoil ar na deartháireacha Seán agus Frank O’Meara amhrán mór a scríobh do. Bhí a fhios ag Seán faoin scéal a bhain le Joseph Plunkett agus Grace Gifford agus thosaigh sé ag déanamh taighde i gCill Mhaighneann, fad is a bhí Frank ag obair ar fhonn. Is cuimhin le Seán O’Meara tiomáint go Cill Mhaighneann i 1984, ag éisteacht leis an bhfonn a bhí cumtha ag Frank ar chaiséad sa charr. Tháinig an chéad líne chuige gan choinne – 

 “As we gather in the chapel here in Old Kilmainham jail, I think about these last few weeks, oh will they say we failed.”  

Shamhlaigh Seán gurb iad liricí an amhráin na focail dheireanacha a labhair duine de bhunaitheoirí na hÉireann lena ghrá geal. Ach céard atá ar eolas againn faoi shaol Grace Gifford roimh an scéal grá tragóideach seo agus ina dhiaidh?  

Cuireann Aistear an Amhráin pictiúr os ár gcomhair d’ealaíontóir cumasach a d’iompaigh ina Caitliceach, mar a rinne a deirfiúr roimpi, chun Poblachtánach Éireannach a phósadh, a ghlac páirt sa chomhrac le stát na hÉireann a bhunú agus bhí ina príosúnach í féin i gChill Mhaighneann le linn an Chogaidh Chathartha, seacht mbliana tar éis dá fear céile a bheith curtha chun báis. 

Chuir Jim McCann amhrán na ndeartháireacha amach i 1986, agus ba é amhrán mór na bliana sin é. Ó shin i leith tá sé taifeadta ag go leor de na ceoltóirí is fearr aithne ó na Dubliners go Paddy Reilly agus Rod Stewart. Cé gur breá le Seán agus Frank i gcónaí an bunleagan de chuid Jim McCann, tá leagan Rod Stewart i measc na gcinn is fearr leo, agus tháinig tocht ar gach duine nuair a cuireadh iad in aithne dó, gan choinne, ar an Late Late Show

Páirteach sa chlár beidh, i measc daoine eile: an t-amhránaí Aoife Scott. Ní dhéanfar dearmad ar an gcaoi ar chan Aoife an t-amhrán mar chuid de cheiliúradh céad bliain RTÉ lena col ceathracha Danny O’ Reilly agus Róisín O. Feicfear Domhnall Ó Bric, maisitheoir cáiliúil as Ciarraí, atá an-tógtha le saothar Grace Gifford. Tá cuid mhaith dá saothar coinnithe i Leabharlann Náisiúnta Amharcealaíon na hÉireann (NIVAL) in NCAD i mBaile Átha Cliath.  

Tabharfaidh Roxanna Nic Liam, réalta as Fair City agus ealaíontóir focal labhartha a cuairt, in éineacht le Sinéad, ar chuid de na háiteanna ba thábhachtaí i saol Grace – Páirc Naomh Éanna i Ráth Fearnáin, an áit ar chas sí le Joseph Plunkett, Séipéal na hOllscoile i bhFaiche Stiabhna, áit ar iompaigh sí ar an gcreideamh Caitliceach, agus Sráid Grafton mar ar cheannaigh Grace an dá fháinne pósta.  

Craolfar an chéad chlár de Aistear an Amhráin: Grace Dé Máirt an 3ú Meitheamh ag 7pm, ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. 

-CRÍOCH- 

Tuilleadh Eolais:  Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Ceannasaí Cumarsáide 


Clár iontach an tsamhraidh fógartha ag RTÉjr le hábhar dúchasach, a thacaíonn le beochan Éireannach den chéad scoth a bhfuil gradam buaite aige

An samhradh seo, is ábhar mórtais do RTÉ, i gcomhpháirtíocht le hearnáil bhríomhar na léiriúchán neamhspleách, séasúr spreagúil an tsamhraidh a fhógairt d’ábhar éagsúil atá cruthaithe go speisialta do na saoránaigh is óige in Éirinn. Mar chuid de thiomantas leanúnach RTÉ cláir uathúla Éireannacha a chur ar fáil ina bhfuil eolas, siamsaíocht agus inspioráid, cuirfear tús le cúig shraith nua leanúnacha dhraíochtúla ar RTÉjr agus ar RTÉ Player i mí na Bealtaine, an Mheithimh agus Iúil. Beidh na cláir seo lán le heachtraí draíochtúla, scéalaíocht chroíúil, agus eispéiris oideachasúla tarraingteacha, iad ar fad fréamhaithe i gcultúr agus i gcruthaitheacht na hÉireann.

  • Faigh réidh le haghaidh am codlata leis an tsraith nua shuaimhneach Beddybyes.
  • Is sraith nua mhealltach do leanaí é Séamus Goes Wild ina measctar puipéadóireacht beo-aicsin le clúdach iontach den fhiadhúlra, a thugann leanaí ar aistear i saol staire dúlra na hÉireann.
  • Sparks – tá RTÉjr tar éis 7 ngearrscannán beochana Éireannacha a choimisiúnú bunaithe ar an téama ‘School’s Out’ a bheidh á sheoladh ar fud RTÉjr, RTÉ 2 agus RTÉ Player i mí Meitheamh 2025.
  • Beidh eachtraí nua ag Maddie agus a madra treorach Triggs sa chlár beochana Maddie + Triggs a bhfuil gradam buaite aige.
  • Sraith úrnua den chlár aoibhinn Fia’s Fairies.

Cruthaithe ag JAM Media, stiúideo a bhfuil gradam buaite aige, is clár suaimhneach, ildaite é BeddyByes do dhaoine óga. Tá sé leagtha amach go sonrach chun páistí óga a thabhairt ar aistear a threisíonn an gnáthamh ama codlata san oíche. Tar i gcuideachta na ndlúthchairde MeMo agus BaBa agus iad ag taisteal ar fud an phláinéid dhraíochta BeddyByes, ag bualadh le carachtair osnádúrtha a spreagann dea-chothú, aireachas agus cruthaitheacht.

Beidh sé á sheoladh ar RTÉjr an 7 Meitheamh, agus 10 gclár ar fáil níos luaithe ar RTÉ Player ón 31 Bealtaine.

Séamus Goes Wild – Is madra feirme beag fiosrach é Séamus a théann ar eachtraí go minic. Beidh an Feirmeoir Lily agus na hainmhithe ar Fheirm an Ghleanna Mhóir ag iarraidh é a choinneáil dírithe ar an obair, ach is maith le Séamus éalú amach chun an fhiantás taobh amuigh den gheata a fhiosrú. Ón gcoill go dtí an cósta, fiosróidh Séamas an dúlra, ag bualadh le gach cineál créatúr fiáin – cait crainn, madraí rua, cruidíní, mionainmhithe, fianna agus go leor eile. Beidh rud éigin nua le feiceáil i ngach clár, agus beidh neart spraoi, cairdis agus eachtraí iontacha. Tá Séamus Goes Wild faoi stiúir Julian Hills agus á léiriú ag Gmarsh TV do RTÉjr, agus déanfar ceiliúradh ar fhiosracht, ar an dúlra, agus ar an draíocht ar an taobh eile den fhál sceach. Tá gach clár de Séamus Goes Wild ag sruthú anois ar RTÉjr agus ar RTÉ Player.

Is bailiúchán seacht ngearrscannán beochana Éireannacha é Sparks – School’s Out, a bheidh á sheoladh ar fud RTÉjr, RTÉ 2 agus RTÉ Player an 9 Meitheamh. Tabharfaidh gach ceann léargas éasgúil ar dheireadh na scoile. Ó sheomraí ranga róbait agus séasúir athraitheacha go dtí uaigneas chiúin an fheighlí scoile tar éis an chloigín deiridh, léireoidh na scéalta beaga seo an sonas, an fhiosracht, agus na mothúcháin nach mbeifeá ag súil leo i dtús an tsamhraidh. Déanfaidh Sparks – School’s Out, á choimisiúnú ag RTÉjr, ceiliúradh spraíúil agus machnamhach ar an tsamhlaíocht, an t-athrú agus gach rud idir eatarthu.

Beidh na cláir seo a leanas san áireamh:

  • Droid Academy faoi stiúir Will Sliney agus léirithe ag PioneerTown Productions.
  • No Worries! faoi stiúir Chris Dicker agus léirithe ag D11 Stories.
  • Points of Shoe faoi stiúir Jamie Mills agus léirithe ag Flickerpix.
  • Pals faoi stiúir Tom Getty agus léirithe ag Taunt.
  • Little One faoi stiúir Avery Angle agus léirithe ag Little Moon.
  • The Caretaker faoi stiúir Leticia Agudo agus léirithe ag Wackala.
  • Molly’s Myths faoi stiúir Gillian Comerford agus léirithe ag Boulder Media.

Maddie + Triggs – Tar i gcuideachta Maddie, cailín fiosrach le lagú radhairc atá seacht mbliana d’aois agus a labradúdal spraíúil Triggs agus iad ag baint eachtraí móra as gnáthfhuaimeanna an lae. Cibé an dordán folúsghlantóra nó torann báistí atá ann, aimseoidh an bheirt seo ceol agus draíocht sa domhan mórthimpeall orthu. Suite i mbaile ildaite Higgledy-Piggledy, is ceiliúradh croíúil é Maddie + Triggs ar chairdeas, ar fhuaim, agus ar dhearcadh eile ar an domhan. Beidh Maddie + Triggs ar ais le cláir úrnua ón 21 Iúil ar RTÉjr agus RTÉ Player.

Fia’s Fairies ar ais. Léirithe ag Little Moon Animation, tá an tsraith réamhscoile seo a bhfuil gradam buaite aige ar ais le 24 clár nua draíochtúil a spreagann níos mó iontais i dtithe na hÉireann. Tá an-tóir ag leanaí agus ag tuismitheoirí araon ar Fia’s Fairies, ina ndéantar ceiliúradh ar chineáltas, fiosracht, comhoibriú agus grá teanga, i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an clár tar éis Gradam an Lucht Féachana Réamhscoile a bhuachan ag Gradaim Bheochana na hÉireann 2022 agus daoine a mhealladh ar fud na tíre. Beidh cláir úrnua ar RTÉjr gach Luan ag 8:00am, agus craolfar arís iad ag 5:25pm, agus beidh gach clár á shruthú ar RTÉ Player. Lean leis an draíocht!

Dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí ar Ábhar do Leanaí agus Daoine Óga, RTÉ, “Tá an samhradh linn ar RTÉjr agus tá neart sraitheanna spraíúla againn don lucht féachana is óige chun é a cheiliúradh!   In Séamus Goes Wild, rachaidh an madra óg is fearr le RTÉjr amach taobh amuigh ag cur ainmhithe na feirme agus ainmhithe an dúlra a chónaíonn in aice na feirme in aithne dúinn.  Beidh Fia, Ameer, Bláithín agus Cuán ar ais le haghaidh níos mó eachtraí ar Oileán na Sióg i gcláir úrnua Fia’s Fairies. Seo bealach iontach chun an Ghaeilge a fhoghlaim fad is atá tú ag spraoi le Fia agus lena cairde! Beidh ár scéim do ghearrscannáin bheochana Sparks ar bhur scáileáin le 7 ngearrscannán úrnua bunaithe ar an téama School’s Out. Beidh Maddie + Triggs, a bhfuil an-tóir orthu i gcónaí, ar ais le heachtraí úrnua díreach in am chun taitneamh a bhaint astu le linn shos an tsamhraidh. Ar deireadh, tá ríméad orainn fáilte a chur roimh Beddybyes chuig RTÉjr.  Sa tsraith iontach shuaimhneach seo d’am codlata, atá leagtha amach go sonrach chun bheith ar nós gnáthamh ama codlata leanaí óga, buailimid le MeMo, BaBa, Mamó Leeba, na Tweeties agus na Yummies, le haghaidh roinnt eachtraí gleoite roimh am codlata, an tsraith is fearr i ndáiríre chun cuidiú leis na leanaí titim ina gcodladh. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult astu!”

Is spás sábháilte é RTÉjr ag daoine óga chun bheith ag féachaint ar ábhar dúchasach na tíre seo le cláracha atá saor ó fhógraíocht agus atá ar fáil ar an Modh Sábháilte ar an RTÉ Player. Féach ar na sraitheanna seo ar fad ar RTÉjr agus ar RTÉ Player ar feadh an tsamhraidh seo.

-CRÍOCH-


Buaiteoir Super Garden 2025 Fógartha

Is í Debbie Brophy buaiteoir Super Garden 2025. Is í seo an 16ú sraith den dúshlán dearthóireachta gairdíní seo inar taispeánadh arís buanna iontacha na ndearthóirí ardaidhmeannacha ar fud na tíre. Is as Laois Debbie ó dhúchas agus tá sí ina cónaí i gCill Dara anois.

Chuaigh sí i bhfeidhm ar na moltóirí lena gairdín fiadhúlra ‘bee happy’, atá bunaithe ar chóilíneacht de bheacha meala a bhog isteach ina gairdín féin anuraidh.

Craoladh clár deireanach na sraithe Super Garden anocht (Dé Máirt an 27 Bealtaine 2025) ar RTÉ One agus RTÉ Player agus fógraíodh Debbie ina buaiteoir. Beidh a gairdín ar taispeáint ag Bloom Bhord Bia, príomhfhéile garraíodóireachta na hÉireann, ar dheireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh.

Ag labhairt ar an mbua, dúirt Debbie: “Is mothúchán ollmhór é; beidh céad míle duine ag teacht lenár ngairdín a fheiceáil agus is rud an-mhór atá ann dúinn”.

Mhol Kerrie Gardiner, an Bainisteoir Gairdíní Taispeántais do Bloom Bhord Bia agus Príomh-mholtóir Super Garden, Debbie Brophy as a bua sa chomórtas. “Bhí an bua tuillte go mór ag Debbie i Super Garden 2025. Rinne sí jab iontach don úinéir tí, ag cruthú an ‘Bee Happy Garden’ lán le dathanna agus gnéithe do theaghlaigh a spreagann pailneoirí agus an bhithéagsúlacht chomh maith. Tugadh an-aird ar mhionsonraí in óstáin feithidí sainchóirithe an ghairdín, agus cabhraíonn an buta uisce a bhailíonn uisce ó dhíon an pheargóla le hinbhuanaitheacht timpeallachta a chur chun cinn. Tá áiteanna súgartha mealltacha agus suiteálacha idirghníomhacha sa dearadh freisin a spreagann cruthaitheacht agus foghlaim taobh amuigh don duine is óige sa teaghlach. Ar an iomlán, léiríonn an gairdín pearsantacht agus mianta na n-úinéirí, agus leanadh an dearadh go cuimsitheach.”

I gcomórtas na bliana seo tugadh cúigear dearthóirí nuálacha go dtí Baker Hall san Uaimh i gContae na Mí, i dtithe a thóg Glenveagh Homes le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Mí agus ón nGníomhaireacht Forbartha Talún tríd an Scéim Tithíochta Inacmhainne. Athraíodh gairdíní cúig theaghlach ó bhun ach ní raibh ach ceann acu in ann dul chomh fada le Bloom Bhord Bia.

Dúirt Brian Burke, moltóir Super Garden ag déanamh ionadaíochta thar ceann Woodie’s: “Fiafraíonn go leor daoine díom cén cineál dearaidh a fhaigheann an bua i Super Garden. Is é an freagra ná gur meascán rudaí atá ann – úrnuacht, gluaiseacht, dinimiceas, meascán suimiúil de phlandaí, gnéithe tógtha láidre, aird ar an inbhuanaitheacht, freagra iomlán agus dílis ar riachtanais an úinéir tí. I mbliana thaispeáin Debbie na rudaí sin ar fad agus go leor eile.”

Dúirt Monica Alvarez, moltóir Super Garden ag déanamh ionadaíochta thar ceann Dulux Exteriors: “Chonaiceamar ardcháilíocht i ndearaí Super Garden na bliana seo. Bhí gach dearadh éagsúil agus bhí téama láidir ag baint le gach ceann. Ba dheas é a fheiceáil go raibh dearthóirí sásta dul sa tseans agus dearaí neamhghnácha a chruthú. Cuireann gairdín Debbie go mór le Bloom, agus léirigh sí a cumas obair ar ardchaighdeán a chur i gcrích agus gairdín le teachtaireacht láidir a dhearadh. Táim an-bhródúil as an méid a chruthaigh sí.”

Dúirt Carol Marks, moltóir Super Garden agus Bainisteoir Gairneoireachta i mBord Bia: “Tá an bua tuillte go maith ag an dearthóir gairdíní seo i Super Garden 2025. Cé go bhfuil na dearthóirí go léir le moladh as na spásanna áille a chruthaigh siad dá n-úinéirí tí, chruthaigh Debbie spás draíochta a leanann treoir an úinéara go foirfe. Clúdaíonn an dearadh gach gné a bhí luaite ina treoir ag an tús agus tá iontais ann ar gach taobh. Chruthaigh sí gairdín agus aird tugtha aici ar an nádúr, le spásanna suaimhneacha ar féidir leis na daoine fásta taitneamh a bhaint astu agus machnamh a dhéanamh iontu, agus áit súgartha a samhlaíodh go foirfe atá in ann forbairt de réir riachtanais athraitheacha.”

Ba iad na dearaí gairdín eile a bhí le feiceáil i Sraith 16 de Super Garden ná:

  • Gairdín ‘Fáilte Fiesta’ le Jorge Aragon Cano
  • Gairdín ‘New Beginnings’ le Eileen Sung
  • Gairdín ‘Culinary Canopy’ le Chris Walsh
  • Gairdín Rosie Alabaster bunaithe ar an dán ‘Lake Isle of Innisfree’ le WB Yeats

Tá gach clár i Sraith 16 de Super Garden ag sruthú anois ar an RTÉ Player. Is é Vision Independent Productions léiritheoir Super Garden agus tá mórtas ar Woodie’s agus ar Dulux Exteriors urraíocht a dhéanamh air.

Beidh Bloom, clár speisialta ar an taispeántas bliantuil gairdíní, á chraoladh ar RTÉ One agus ar RTÉ Player Déardaoin an 29 Bealtaine ag 7pm. Tar i gcuideachta Áine Lawlor agus Marty Morrissey agus iad ag filleadh ar fhéile Bloom Bhord Bia i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

CRÍOCH


Ceapann RTÉ duine nua mar Cheannasaí Podchraolta

Tá RTÉ sásta a fhógairt gurb é Hugh Ormond a ceapadh don ról nua, Ceann na gPodchraoltaí, tar éis comhoibriú laistigh den eagraíocht.

Saoisteóidh Hugh an forbairt ar straitéis podcast RTÉ agus déanfaidh sé maoirseacht ar tháirgeadh agus dáileadh podchraoltaí ar fud raon leathan cineálacha, ó nuacht agus cúrsaí reatha go siamsaíocht, spóirt, dráma, an Ghaeilge, agus na healaíona & cultúr.

Mar an príomh-líder cruthaitheach leis an fhreagracht ginearálta as forbairt agus bainistíocht eagarthóireachta a phortfeoil podchraolta RTÉ, oibreoidh sé go dlúth le foirne ábhair RTÉ atá ag obair sa raon éisteachta, físe agus ar líne chun freastal ar éileamh na n-audience atá ag athrú agus deiseanna nua a chothú.

Tá raon leathan taithí ag Hugh Ormond maidir le códóireacht i rólanna sinsearacha trasna RTÉ, craoltóireacht tráchtála agus an earnáil táirgthe neamhspleácha.

D’oibrigh sé i gcorparáidí reatha, siamsaíocht, doiciméid agus grinn, agus é ag freastal ar Eagarthóir RTÉ Investigates agus Claire Byrne Live nua na comhoibriú. Roimhe seo, bhí sé ina tháirgeoir sraith ar chuid de na seónna raidió is tábhachtaí in RTÉ, tháinig sé ar an sraith ghrinn ghrinn Irish Pictorial Weekly agus bhí sé ina tháirgeoir ar an gCeolchoirm le Eamon Dunphy ar Newstalk.

Ag labhairt faoi cheapachán Hugh, dúirt Patricia Monahan, Stiúrthóir na nEarrach, “Tá pleananna uaillmhianacha againn chun ár dtaisce digiteach fuaime a leathnú agus tá áthas orainn go bhfuil Hugh ar bord chun tosaigh ar fhorbairt agus seachadadh ár straitéis podchraolta. Tugann sé raon leathan taithí don ról agus taifead faoi nuálaíocht eagarthóireachta a bheidh an-luachmhar agus mé a fhorbairt sraith nua ábhar digiteach de réir riachtanas an lucht éisteachta agus an réamhchoimeád ar an gCéad Fuaime nua.”

Dúirt Hugh Ormond, “Is onóir mhór dom a bheith ceaptha mar Chinn Comhoibrithe RTÉ. Is post dochreidte é a ghlacadh ag an bpointe seo i ngníomhaíocht RTÉ. Tá Doc On One ag treorú RTÉ podcasting le blianta beaga anuas trí shraith clár fuaime den scoth a tháirgeadh. Tá deis iontach againn anois an rath seo a thógáil trí ár gcuir i láthair podcasting a mhéadú go mór agus a leathnú. Tá daoine iontacha tallainne ar fud RTÉ agus an earnáil neamhspleách, agus táim ag súil go mór le hoibriú leo chun ár liosta podchraoltaí a fás.”

CRÍOCH


Sraith faisnéise chinniúnach i gcúig chuid ó léirtheoirí The Game le craoladh ar RTÉ i mí an Mheithimh

Hell for Leather – The Story of Gaelic Football

Sraith faisnéise chinniúnach i gcúig chuid ó léirtheoirí The Game le craoladh ar RTÉ i mí an Mheithimh

D’fhógair RTÉ agus Crossing the Line Productions sonraí inniu faoi Hell for Leather – The Story of Gaelic Football – sraith úrnua i gcúig chuid ina bpléitear ról na Peile Gaelaí i stair spóirt, chultúir agus shóisialta na hÉireann nua-aimseartha. Cuirfear tús leis an tsraith ar RTÉ One agus ar RTÉ Player Dé Luain 9 Meitheamh.

Thóg sé os cionn 5 bliana an tsraith seo a dhéanamh, an chéad mhórshraith a amharcann ar theacht chun cinn na peile Gaelaí ó bunaíodh í go dtí an lá inniu, agus ar an méid domheasta a chuir an spórt le saol na hÉireann.

Sa tsraith seo, a ndearnadh scannánú uirthi ar chaighdeán 4K, beidh na hagallaimh teilifíse deiridh a rinneadh le daoine mór le rá sa CLG, Mícheál Ó Muircheartaigh, Seán Murphy agus Mick O’Dwyer as Ciarraí, Jimmy Gray as Baile Átha Cliath agus John O’Mahony as Maigh Eo.

Ceiliúradh agus iniúchadh ar chuid ar leith de shaol na hÉireann atá sa tsraith, a dhéanann cur síos ar an gcaoi ar athraigh an cluiche le breis agus céad bliain d’éirí amach agus réabhlóid, iomaíocht ghéar, buanna agus buarthaí. Cuirtear a stair chumhachtach i láthair trí scéalta ó imreoirí, ó bhainisteoirí agus ó shaintráchtairí, trí chartlann tharraingteach agus radharcanna iontacha.

Íomhá: Roinnt de rannpháirtithe an chláir a bheidh le craoladh

Insíonn Hell for Leather – The Story of Gaelic Football scéal cluiche a tháinig as riachtanas, a shamhlaigh náisiún a bhí sa tóir ar fhéiniúlacht shóisialta agus ar spórt dúchasach a d’fhéadfadh dúshlán a thabhairt do thábhacht na gcluichí eachtracha. Cluiche uile-Éireann is ea an pheil Ghaelach atá fréamhaithe sna sé chontae anois – cluiche de chuid mhuintir na hÉireann, do mhuintir na hÉireann. Spórt a bhfuil tábhacht ag baint leis i mbeagnach gach sráidbhaile in Éirinn agus a bhfuil oidhreacht thar a bheith tábhachtach aige – seo scéal na hoidhreachta sin.

Breis agus 80 agallamh atá sa tsraith iomlán a rinneadh le Michael Murphy, David Clifford, Jack McCaffery, Juliet Murphy, Shane Walsh, Brian Fenton, Mick O’Connell, Cora Staunton, Joe Brolly, Tony Hanahoe, Colm Cooper agus Briege Corkery i measc daoine eile. Tá píosaí ann freisin ó bhainisteoirí san am a chuaigh thart agus san am i láthair – Jim McGuinness, Pádraic Joyce, Seán Boylan agus Kevin McStay.

Arna léiriú ag Crossing the Line Productions, choimisiúnaigh Ceannaire Ábhair Fhíorasaigh RTÉ, Colm O’Callaghan, an tsraith agus léiríodh í i gcomhpháirtíocht le Coimisiún na Meán. Rinneadh an tsraith le tacaíocht ó dhreasachtaí scannánaíochta a chuir Rialtas na hÉireann ar fáil agus le hurraíocht fhlaithiúil ó Collen Construction.

Achoimre ar an tsraith:

Clár 1 – Athbheochan

Brúnn Brian Fenton na deora faoi chois agus cur síos á dhéanamh aige ar a ghrá don pheil, nochtar cosa draíochta David Clifford go mall agus ciceálann Shane Walsh an phéint de bhalla na binne ar theach a mhuintire. Tugann Clár 1 de Hell for Leather muid ar thuras siar sa stair ó dhraíodóirí an lae inniu go dtí bunús na Peile Gaelaí nach raibh aon ghalántacht ag baint leis. Tháinig borradh mór faoin pheil trí éirí amach agus trí chogadh cathartha, agus é anois ar an gcluiche is mó a imrítear in Éirinn.

Clár 2 – Leasú

Mar a dhéanann Juliet Murphy ó Chorcaigh agus Dara Ó Cinnéide ó Chiarraí cur síos ar an tarraingt phríomhúil a bhain le liathróid leathair, tosaíonn Clár 2 le linn laethanta suaimhnis an raidió, nuair a léiríodh Michael O’Hehir an scór is deireanaí dóibh siúd a bhí bailithe le chéile thart ar an raidió gan sreang. Bhí cluiche ceannais na hÉireann ar siúl i Nua-Eabhrac i dturas conspóideach thar lear agus, ar ais in Éirinn, bhuaigh físeanna nua ó Thuaisceart Éireann agus thug siad Sam Maguire trasna na teorann den chéad uair riamh.

Íomhá: Caitheann an tEaspag an liathróid isteach chun tús a chur le Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Peile na Sinsear, Chiarraí v Ard Mhacha, 27 Meán Fómhair 1953. Creidiúint: Le caoinchead ó Leabharlann & Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath

Clár 3 – Aois na nImpireachtaí

D’iomraíodh an taise, taibhse Dhairbhre, i dtír agus an lámh in uachtar aige ar chluiche ceannais na hÉireann. Bhíodh sé ar a bhealach abhaile ina churach sula mbíodh na sluaite imithe as Páirc an Chrócaigh. Tá an laoch é féin Mick O’Connell beo beathach agus, sa chlár seo, míníonn sé a oidhreacht féin agus todhchaí na peile Gaelaí. Tháinig na mná chun tosaigh sna 1970idí agus spreag bean rialta cheannródaíoch, an tSiúr Pauline Gibbons, an ghluaiseacht a d’oscail na geataí do réaltaí ar nós Louise Ní Mhuircheartaigh, Juliet Murphy & Noelle Healy. Idir an dá linn, bhí Mick O’Dwyer, fear eile as Ciarraí, ag cur barr feabhais ar a cheird lena chontae a thabhairt chun bua, agus tháinig fathach suain Mhaigh Eo chun cinn arís ar an ardán náisiúnta.

Clár 4 – Fíorcheannairí

Nochtann Cora Staunton, Jim McGuinness agus Jack McCaffrey na splancacha doimhne pearsanta a spreag a bpaisean don spórt. Agus é á dhéanamh acu don phobal – agus le tacaíocht ó go leor meantóirí – ba é an paróiste a spreag iad go léir ar dtús. Ní raibh sa Pheil Ghaelach ach cluiche do go leor daoine i bPoblacht na hÉireann, ach bhí i bhfad níos mó ag baint leis i dTuaisceart Éireann. Bhí sí fite fuaite go domhain san fhéiniúlacht agus sa treibheachas. Téann muid trasna na teorann sa chlár seo le cloisteáil conas a d’éirigh leis an gcluiche agus a chuid imreoirí le linn céad bliain d’achrann.

Clár 5 – Laethanta dár Saol

Tá éachtaí ar leith i ndán do chuid de na himreoirí. Nochtann Eoin Liston, David Clifford agus Shane Walsh an pléisiúr agus an phian a bhaineann leis an rath. Ach cá as a dtagann an draíocht? Creideann Kieran Donaghy i dtábhacht an tsrutha agus am ag stad. Tar éis dó cic pionóis a chailleadh a raibh tionchar aige ar a ghairm, tháinig Oisín McConville chuige féin arís le cuidiú le hArd Mhacha a chéad chluiche ceannais na hÉireann a bhuachan. Creideann Juliet Murphy gurbh í obair foirne ba chúis le bua do bhanlaochra Chorcaí, a bhuaigh 11 chraobh in dhá bhliain déag. Bhí spreagadh ar leith de dhíth ar Thír Eoghain ó Pheadar Canavan, agus d’éirigh an Mhí níos láidre le cuidiú ó chleasanna traenála Sheáin Boylan

Tosóidh Hell for Leather – The Story of Gaelic Football ar RTÉ 1 | RTÉ Player Dé Luain, 9 Meitheamh ag 9.35pm

Déantar Hell for Leather – The Story of Gaelic Football le tacaíocht ó Collen Construction.

-CRÍOCH-

 


Tá RTÉ ag maoiniú uile ábhar adhradh Críostaí óna n-acmhainní neamhspleácha.

De réir an straitéis nua a foilsíodh, tá RTÉ tar éis próiseas conréitigh a sheoladh a fheicfidh go mbeidh gach ábhar adhartha Críostaí ar ardáin fhíse RTÉ á tháirgeadh sa tionscal neamhspleách Éireannach.

Dúirt Seán Mac Giolla Phádraig, Eagarthóir Bainistíochta RTÉ, Físe agus Stiúrthóir Ábhair: “Céimeanna sa teicneolaíocht a chiallaíonn go bhfuil sé indéanta anois Massanna agus Seirbhísí a chraoladh go cost-éifeachtach ó raon comhlachtaí cearnacha ar fud na tíre, ag cur ar chumas RTÉ an táirgeadh den ábhar tábhachtach seo a aistriú ó bhonn stiúideo Donnybrook go leachtaí adhartha píobaireachta in áiteanna comhthionóil úra ar fud na 32 contae in Éirinn, gan aon laghdú ar cháilíocht theicniúil nó eagarthóireachta.”

Tá an gluaiseacht seo i gcomhréir le trí leibhéal tábhachtach de Straitéis New Direction RTÉ:

– Cruinneas ionadaíochta réigiúnach

– Méadú ar choimisiúin ó na hearnálacha neamhspleácha

– Ag baint úsáide as teicneolaíocht nua chun ábhar ardcháilíochta a sholáthar go cost-éifeachtach

Tar éis próiseas tairisceana cothrom agus dian, táthar ag súil go mbeidh gach ábhar Adhradh Críostaí ar RTÉ One agus RTÉ Player á thabhairt chun críche go neamhspleách ó thús 2026, a chuirfear ar fáil i gcomhoibriú leis na príomhchreideamh i Éirinn ó roinnt “huba” séipéil a shocraigh, ag baint úsáide as solas leathshíoraí, ceamaraí agus trealamh gutháin agus córais seachadta bunaithe ar an ghréasán, bunaithe ar mhúnlaí táirgthe a chuaigh i gcion go rathúil ar na craoltóirí eile i gCeantracha na hEorpa.

Dúirt Roger Childs, Eagarthóir Conradh RTÉ ar Threoir Réiligeach: “Leanann RTÉ ar a thús a choimeád chun raon leathan comhoiríochta Críostaí a chraoladh, ag léiriú éagsúlachtaí na gcreideamh agus stíleanna comhoiríochta ar fud na 32 contae Éireann go fadtéarmach. Leanfaidh an Aoibhinn, Seirbhísí nó foirmeacha eile de chomhoiríochta Críostaí ar aghaidh á gcruinniú gach Domhnach agus ar laethanta saoire Críostaí tábhachtacha: Lá Fhéile Pádraig, Aoine na mBreithe, Aoine na mBéil, Aoine na Naomh, Domhnach na Cásca, Oíche Nollag agus Lá Nollag. Leanfaidh RTÉ ar aghaidh ag obair i gcomhpháirtíocht le craoltóirí Eorpacha eile, ag comhoibriú comhoiríochta Aoibhinn ardchaighdeáin ó gach cearn den Chontae i gclár malartaithe saor in aisce a chonaic, le déanaí, an stáisiún á chraoladh imeachtaí iontacha cosúil le Mass at a hathchóiriú sa Chathair Catha de Notre Dame de Paris, i mí na Nollag 2024, agus clúdach an Aoibhinn Funera de Phápa Francis, i mí Aibreáin 2025.

D’oibrigh táirgeadh bunaithe i stúdió ar chur chun cinn adhrama le RTÉ go hiontach do lucht féachana le blianta fada, le foirne sa bhaile saineolacha ag obair le grúpaí amaitéaracha ó gach cearn éireann chun a sholáthar freastalaí éagsúla agus ard-chaighdeán don Aoibhinn agus Seirbhísí do lucht féachana agus daoine a chloisteáil, lena n-áirítear go leor a bhfuil teip iomlán orthu freastal ar an eaglais. Mar sin féin, éilíonn an samhail táirgthe reatha ar ghrúpaí taisteal go minic i bhfad i gcéin go Montrose agus ní cheadaíonn cumas teoranta an stiúideo ach láthair bheag comhoiriúnach ó gach paróiste nó grúpa scoile a bhfuil aird orthu. Dar le sin, beidh sé indéanta do RTÉ adhrama cumann a thaispeáint i gcásanna a thabharfaidh eagar ó eaglaisí “hub” i ngach réigiún.”

Ag obair le Eagarthóir na gConna le haghaidh Ábhair Reiligiúnacha, beidh an comhlacht rathúil freagrach as ardchaighdeán eagarthóireachta a chothabháil agus a chinntiú go gcuirfidh RTÉ cláracha ardchaighdeáin i láthair go comhréireach, beag beann ar an reiligiún nó an grúpa a bhfuiltear ag díriú air. Fanann éagsúlacht, cothromaíocht agus san áireamh mar ghnéithe tábhachtacha i gcláir Adhrachta RTÉ, mar mộtaíonn modhanna táirgthe inbhuanaithe. Beidh an cinneadh deiridh maidir le conradh bunaithe ar mheasúnú teicniúil agus eagarthóireachta diongbháilte agus éifeachtúlacht chostas cruthaitheach an togra roghnaithe.

Is é adhradh Críostaí atá á chraoladh ag RTÉ go teilifís ach laige amháin de shraith leathan ábhar a léiríonn creidimh, iompar agus luachanna daoine le creidimh éagsúla agus daoine gan aon chreideamh sa tÉireann atá ann inniu, ar TG4, ar raidió agus ar líne.

CRÍOCH


Ceapann RTÉ Eleanor O’Shaughnessy mar Phríomhoifigeach Riosca agus Comhoiriúnachta

Tá RTÉ sásta a fhógairt go dtí seo go bhfuil Eleanor O’Shaughnessy ceaptha mar Phríomh-Oifigeach Riosca agus Comhoiriúnachta (CRCO), tar éis comórtas poiblí. Tèann Eleanor os cionn 20 bliain de thaithí sa láimhseáil riosca agus comhoiriúnachta le RTÉ, tar éis di obair ag leibhéal sinsearaí mar cheannaire intíre agus, roimhe sin, mar chomhairleoir nua-aoiseach do bhanc idirnáisiúnta agus eagraíochtaí móra eile. Mar Phríomh-Oifigeach Riosca agus Comhoiriúnachta, beidh Eleanor mar chuid de Ghrúpa Conraitheoirí RTÉ.

I a ról nua, beidh ar Eleanor freagracht a thabhairt le haghaidh forbairt agus cur i ngníomh creat comhoiriúnachta agus láimhseála riosca cuimsithigh chun a chinntiú go n-oibríonn RTÉ laistigh de na riachtanais dlíthiúla agus rialála agus ag coinneáil na caighdeán is airde d’eitical agus d’integrity. Beidh sí ag ceannaireacht ar fheidhmiú riosca agus comhoiriúnachta RTÉ, ag bunú córais agus cruthanna éifeachtacha chun riosca agus ábhair comhoiriúnachta a aithint, a bhainistiú, a mhaolú, a monatóireacht, a thuairisciú agus a dhísiúr chuig Grúpa Conraitheoirí RTÉ agus Bord RTÉ.

Tá Eleanor ina Stiúrthóir ar Lucht Riosca agus Comhoiriúnachta le Primark agus tá sí tar éis feidhmeanna sinsearacha bainistíochta riosca a ghlacadh le Paddy Power Betfair/Flutter Entertainment Group plc, Deutsche Bank (London), agus mar chomhairleoir le KPMG Baile Átha Cliath, Accenture Londain agus Deloitte Londain.

Cuirfidh a teanga leathan eolais agus a scileanna leardaithe go mór le neartú cultúr riosca agus comhoiriúnachta RTÉ, ag cabhrú, i gcomhpháirt leis an gConlongh Foirne, le próiseas láidir rialála a chinntiú, agus ag tacú le spriocanna straitéiseacha RTÉ.Tá Máistir ag Eleanor ó Scoil Ghigireachta Gnó Michael Smurfit, agus Céim BCom le Fraincis ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.Beidh Eleanor ag dul isteach i RTÉ níos déanaí an samhradh seo.

CRÍOCH

Nóta do Mheara: Bhí ról an Phríomh-Oifigigh Riosca agus Comhoiriúnachta ag RTÉ i measc na dtograí tábhachtacha a cuireadh san áireamh in tuarascálacha na hCoiste Comhoideachais Comhairleach a cuireadh amach ag an Rialtas anuraidh.

 


Clár na nGníomhaíochtaí Seachtracha le haghaidh Ráithe 4 2024 (achoimre staitistiúil) foilsithe ag RTÉ

Tá achoimre staitistiúil ó Chlár na nGníomhaíochtaí Seachtracha don cheathrú ráithe de 2024 foilsithe inniu ag RTÉ.

Cuireadh tús le Clár Gníomhaíochtaí Seachtracha RTÉ (‘an Clár’) an 1 Feabhra 2024 agus clúdaíonn an foilsiú le haghaidh R4 Deireadh Fómhair, Samhain agus Nollaig 2024.

Achoimre staitistiúil

Líon iomlán na ngníomhaíochtaí faofa: 116

Miondealú ar na gníomhaíochtaí laistigh de gach banda íocaíochta:

  • 52%: Gan íocaíocht/Gan sochar
  • 31%: €1 – €1,000
  • 16%: €1,001 – €5,000
  • 0:€5,001 – €10,000
  • <1%: Os cionn €10,000

* (déantar % a shlánú)

Tá sonraí R4 ón gClár ag teacht le R1, R2 agus R3 nuair nach mbaineann leath de na gníomhaíochtaí seachtracha go léir atá faofa ag rannóga bainistíochta líne le haon íocaíocht ná sochar dóibh siúd atá ag obair le RTÉ.

Baineann beagnach aon trian de na gníomhaíochtaí seachtracha a ceadaíodh in R4 le luach níos lú ná €1,000, agus tá beagán os cionn 16% sa bhanda €1,001 – €5,000, níl aon cheann sa chéad bhanda eile agus níos lú ná 1% sa bhanda os cionn €10,000.

Dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Tá achoimre staitistiúil foilsithe anois ag RTÉ do Chlár na nGníomhaíochtaí Seachtracha le haghaidh gach ceann de cheithre ráithe 2024.

Is ábhar taifead poiblí é gur chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí in iúl do RTÉ go mbeadh gá le reachtaíocht shonrach chun achoimre níos mionsonraithe ar an gClár a fhoilsiú. Tá sé sin á bhreithniú anois ag an Rialtas.

Idir an dá linn, níor chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí i gcoinne RTÉ achoimre staitistiúil ar ghníomhaíochtaí i gcóras na mbandaí a fhoilsiú. Tá mé sásta go bhfuil leibhéal trédhearcachta poiblí ag baint leis an nochtadh seo, cé go bhfuil sé teoranta, nach raibh ar fáil riamh roimhe seo.

Is díol suntais é go léiríonn na sonraí do bhliain iomlán 2024 go mbaineann leath na ngníomhaíochtaí faofa le himeachtaí ina gcaitheann daoine atá ag obair le RTÉ a gcuid am saor ag obair ar mhaithe le cúiseanna carthanais, spóirt, pobail, acadúla agus sóisialta. Tá luach fhormhór na ngníomhaíochtaí níos lú ná €1,000.“

CRÍOCH


JNLR IS DEIREANAÍ MAIDIR LE LUCHT ÉISTEACHTA RTÉ AR FÁIL ANOIS

Is é RTÉ Radio 1 an stáisiún raidió is mó éilimh in Éirinn agus an chéad rogha do dhaoine idir 35-54 bliain d’aois

Is é 2FM an stáisiún is mó éilimh sa tír do dhaoine idir 15-34

Méadaíonn RTÉ lyric fm a sciar go 2.7% 

Agus éisteoirí nua, guthanna nua, agus lucht féachana nua ag RTÉ, tá siad fós ar thús cadhnaíochta de réir na bhfigiúirí éisteachta raidió JNLR is déanaí a foilsíodh inniu.

  • Agus sciar 29.2% den mhargadh ag RTÉ, is iad seirbhísí raidió RTÉ na seirbhísí raidió is mó a n-éisteann daoine fásta leo in Éirinn.
  • Bíonn beagnach 3.5 milliún duine fásta ag tiúnáil isteach chuig an raidió gach lá i rith na seachtaine, agus os cionn 2 mhilliún acu sin ag tiúnáil isteach chuig RTÉ.
  • Is é RTÉ Radio 1 an chéad rogha do dhaoine fásta idir 35 agus 54 bliain d’aois ar fud na tíre
  • Is é RTÉ 2FM fós an stáisiún raidió is mó éilimh sa tír do dhaoine idir 15 agus 34 bliain d’aois
  • Is cláir de chuid RTÉ 2FM iad 17 gclár as na 20 clár is mó éisteachta agus is cláir dá gcuid iad na 10 gclár is mó éisteachta iad ar fad freisin.  Leanann RTÉ orthu ag cur ábhar iontaofa, guthanna úra agus cláir dhinimiciúla ar fáil do gach déimeagrafaic
  • Is é RTÉ Radio 1 an t-aon stáisiún a bhfuil sroicheadh seachtainiúil os cionn 1 mhilliún/ 32.2% aige

Ag labhairt di faoi na figiúirí is déanaí, dúirt Patricia Monahan, Stiúrthóir Fuaime, RTÉ:“Is mór an onóir dúinn go leanann an oiread sin daoine orthu ag éisteacht linn gach seachtain, agus gurb iad stáisiúin RTÉ na stáisiúin is mó a bhfuil tóir ag daoine orthu in Éirinn. Tá ríméad ar leith orainn fáilte a chur roimh éisteoirí nua agus níos óige agus muid ag iarraidh ár sroicheadh agus ár n-ábharthacht a leathnú chuig lucht féachana nua.   

Is é RTÉ Radio 1 an stáisiún is mó éilimh in Éirinn. Sroichtear 1.3 milliún éisteoir gach seachtain, agus tá méadú tagtha ar an sciar daoine idir 35 agus 54 bliain d’aois. Sáraíonn sé gach stáisiún eile sa déimeagrafach sin. Tá RTÉ 2FM fós ar an stáisiún is mó a mbíonn tóir ag daoine idir 15 agus 34 bliain d’aois air, agus 714,000 éisteoir seachtainiúil aige anois. Tá RTÉ lyric fm ag fás de réir a chéile agus i rith an ama, agus sroicheann sé 320,000 éisteoir gach seachtain. Ina theannta sin, tháinig méadú ar lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta agus 97,000 duine ag éisteacht gach seachtain agus ról ríthábhachtach ag an stáisiún i dtaca leis an teanga agus leis an gcultúr.

Táimid ag tnúth anois le samhradh gnóthach agus ár stáisiúin go léir amuigh ar fud na tíre ag labhairt le daoine. Beidh RTÉ lyric fm ar thús cadhnaíochta ag Bloom, deireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh. Beidh Run with Ray ar ais ar RTÉ Radio 1. Tabharfaidh 2FM tú ar chúl stáitse ag na féilte ceoil is mó, agus beidh RnaG beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy, níl ansin ach blaiseadh dá mbeidh ar fáil againn. Tá sraith nua podchraolta againn freisin ó fhoireann Documentary on One RTÉ, “Stolen Sister”, a bheidh ar fáil ag deireadh na míosa seo.”  

RTÉ Radio 1

Sroicheann RTÉ Radio 1 1,378,000 éisteoir gach seachtain.

  • Morning Ireland fós ar an gclár raidió is mó éilimh agus taifeadadh 471,000 éisteoir an tréimhse seo (+2,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 355,000 éisteoir laethúla ag Oliver Callan, a bhíonn ag craoladh 9-10am Luan-Aoine (+25,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 348,000 éisteoir laethúla ag Today with Claire Byrne, a bhíonn ar an aer gach lá i rith na seachtaine ó 10am-12pm (+7,000 bliain ar bhliain).
  • Bíonn 223,000 éisteoir (+5,000 bliain ar bhliain) ag tiúnáil isteach chuig The Louise Duffy Show don cheol den scoth.
  • Tá 297,000 éisteoir ag News at One. Tá 307,000 éisteoir (+6,000 bliain ar bhliain) ag Liveline with Joe Duffy.
  • Tá 192,000 éisteoir (+11,000 bliain ar bhliain) ag The Ray D’Arcy Show, a bhíonn ar an aer gach tráthnóna i rith na seachtaine ar RTÉ Radio 1.
  • Tá 221,000 éisteoir ag Drivetime, a bhíonn ar an aer gach tráthnóna (+1,000 bliain ar bhliain).
  • Éisteann 363,000 duine (+11,000 bliain ar bhliain) le clár Brendan O’Connor Dé Sathairn, agus 369,000 duine Dé Domhnaigh (+14,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 335,000 éisteoir ag Playback, a bhíonn ar an aer Dé Sathairn.
  • Tá 320,000 éisteoir ag The Business, a bhíonn ar an aer maidin Shathairn.
  • Tá 204,000 éisteoir ag Saturday with Colm Ó Mongáin.
  • Tá 199,000 éisteoir ag Saturday Sport/Doc On One, a bhíonn ar siúl ó 2-6pm ar RTÉ Radio 1.
  • Tá 284,000 éisteoir ag Sunday Miscellany.
  • Tá 304,000 éisteoir ag Sunday with Miriam. Tá 184,000 éisteoir ag This Week, a bhíonn ar siúl Dé Domhnaigh.
  • Tá 49,000 éisteoir ag Arena, a bhíonn ar siúl Luan go hAoine (+8,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 58,000 éisteoir ag The John Creedon Show, a bhíonn ar siúl gach oíche i rith na seachtaine (+6,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 51,000 éisteoir ag Rising Time, a bhíonn ar siúl Luan go hAoine (+3,000 bliain ar bhliain).

Dúirt Tara Campbell, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Is tuairisc láidir eile é seo do RTÉ Radio 1, a léiríonn arís gurb é an stáisiún seo an stáisiún is mó a n-éistear leis sa tír. Tá léirithe an-láidir feicthe againn go háirithe sna cláir maidine i rith na seachtaine agus ag an deireadh seachtaine agus táimid anois ar an stáisiún a bhfuil an tóir is mó ag éisteoirí idir 35 agus 54 bliain d’aois air. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair chrua ár láithreoirí cumasacha agus ár bhfoirne léiriúcháin as réimse an ábhair a thairgeann siad dár lucht féachana gach lá, idir nuacht agus chúrsaí reatha, ceol, drámaíocht, siamsaíocht agus spórt.”

RTÉ 2FM   

Tá na sceidil nua i rith an lae agus ag an deireadh seachtaine i bhfeidhm anois agus tá éisteoirí breá sásta leo cheana féin. Tá 2FM ag cur fuinneamh úr, guthanna éagsúla, agus ábhar siamsúil ar fáil agus iad ag leanúint ar aghaidh le hoidhreacht bhródúil an stáisiúin ar thodhchaí na craoltóireachta a mhúnlú.

  • Is é RTÉ 2FM an stáisiún raidió is mó éilimh sa tír do dhaoine idir 15 agus 34 bliain d’aois.
  • Tá 148,000 éisteoir ag 2FM Breakfast, a bhíonn ar siúl gach maidin Luan go hAoine (+5,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 127,000 éisteoir ag Laura Fox, a chuireann seó i láthair ó 9-12pm ar 2FM.
  • Tá 109,000 éisteoir ag The Tracy Clifford Show, áit a mbíonn an scoth de cheol na hÉireann agus atá ina bhaile ag RTÉ 2FM Rising.
  • Cuireann 2FM Drive with Doireann Garrihy siamsaíocht ar fáil d’éisteoirí ar fud na tíre agus iad ar a mbealach abhaile ón obair gach tráthnóna agus 133,000 éisteoir aige.
  • Tá 41,000 éisteoir ag Game On, a bhíonn ar siúl gach oíche Luan go hAoine (+4,000 bliain ar bhliain).
  • Éisteann 158,000 duine (+29,000 bliain ar bhliain) Dé Sathairn, agus 135,000 (+15,000 bliain ar bhliain) Dé Domhnaigh le Weekend on 2FM with Bláthnaid Treacy.
  • Tá 65,000 éisteoir (+12,000 bliain ar bhliain) ag 2FM Weekend Breakfast with Helen & Benny.
  • Tá 122,000 éisteoir ag 2FM Weekend Afternoon with Aindriú & Taran/Demi & Mikey.
  • Tá 103,000 éisteoir (+32,000 bliain ar bhliain) ag 2FM Weekend Drive with Aifric O’Connell/Conor Behan/Emma & Graham.

Dúirt Dan Healy, Ceannasaí RTÉ 2FM: “Is ábhar faoisimh é go bhfuil 2FM fós ar an stáisiún is mó do dhaoine idir 15 agus 34 bliain d’aois (sciar 11.3% ag buaicamanna) in Éirinn agus is deis iontach forbartha é sin. Tá an sceideal nua ag dul go maith agus táimid muiníneach go bhfreastalaíonn sé ar riachtanais lucht éisteachta níos óige. Seoladh sceideal nua 2FM cúpla seachtain roimh dheireadh thréimhse an tsuirbhé seo, agus dá bhrí sin, ní léiríonn torthaí an lae inniu feidhmíocht an stáisiúin atá ar an aer faoi láthair. Sílim gur léiriú maith iad na torthaí éisteachta seo ar na 12 mhí dheireanacha a bhí ina tréimhse athraithe do 2FM. Más léiriú ar bith í an aimsir seo atá againn faoi láthair ar chúrsaí, beidh samhradh iontach ceoil againn ag na féilte agus 2FM ag gach ceann acu.”

RTÉ lyric fm 

Sroicheann RTÉ lyric fm 320,000 éisteoir ar bhonn seachtainiúil.

  • Bíonn 71,000 éisteoir (+17,000 bliain ar bhliain) ag éisteacht le Marty in the Morning gach maidin i rith na seachtaine.
  • Tá 65,000 éisteoir (+7,000 bliain ar bhliain) ag Movies and Musicals le Aedín Gormey, a bhíonn ar siúl gach tráthnóna Sathairn.
  • Tá 68,000 éisteoir ag Sunday Afternoon with Simon Delaney (+18,000 bliain ar bhliain).
  • Éisteann 57,000 duine (+21,000 bliain ar bhliain) le Claudia Boyle’s Weekend Classics Dé Sathairn, agus 48,000 duine Dé Domhnaigh (+10,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 41,000 éisteoir ag Niall Carroll’s Classical Drivetime, a bhíonn ar siúl gach lá i rith na seachtaine.
  • Tá 50,000 éisteoir ag The Full Score le Liz Nolan/ Aedín in the Afternoon (Dé hAoine). (+6,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 59,000 éisteoir ag Classic Drive le Lorcan Murray, a bhíonn ar siúl gach tráthnóna i rith na seachtaine. (+3,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 33,000 éisteoir ag The Mystery Train with John Kelly (Luan-Déardaoin) /RTÉ lyric Live with Paul Herriott (Aoine). (+11,000 bliain ar bhliain).
  • Tá 51,000 éisteoir ag The Hamilton Scores le George Hamilton (+7,000 bliain ar bhliain) Dé Sathairn agus 52,000 (+8,000 bliain ar bhliain) Dé Domhnaigh.

Dúirt Sinéad Wylde, Ceannasaí RTÉ lyric fm: “Tá ríméad orm go leanann RTÉ lyric fm ag nascadh agus ag fás lucht éisteachta nua ó mhaidin go tráthnóna, le Marty in the Morning, a bhfuil 17,000 éisteoir nua (bliain ar bhliain) aige, agus The Mystery Train le John Kelly/ RTÉ Live le Paul Herriott, a bhfuil 11,000 éisteoir nua (bliain ar bhliain) aige.

Feicimid fás mór freisin ar éisteoirí deireadh seachtaine agus 7,000 éisteoir nua (bliain ar bhliain) ag Movies and Musicals le Aedín Gormley agus 7,000 éisteoir nua Dé Sathairn agus 8,000 Dé Domhnaigh ag The Hamilton Scores. Tá an lucht éisteachta ag baint taitneamh as seónna agus as guthanna nua ar an stáisiún: Mheall Weekend Classics le Claudia Boyle 21,000 éisteoir nua Dé Sathairn agus 10,000 Dé Domhnaigh (bliain ar bhliain), agus tá 18,000 éisteoir nua ag Sunday Afternoon with Simon Delaney (bliain ar bhliain). Tá áit atá ag fás agus a chuireann go mór le saol na n-éisteoirí, ag RTÉ lyric fm.”  

-CRÍOCH-

Dáta: Déardaoin 15 Bealtaine 2025

Tuilleadh eolais:  Maureen Catterson, Bainisteoir Cumarsáide RTÉ | maureen.catterson@rte.ie

Nótaí d’Eagarthóirí:  

Agus an tacar sonraí reatha agus na tréimhsí inchomparáide ábhartha á bhfoinsiú, ba cheart an fhoclaíocht seo a leanas a úsáid:

Tréimhse ar Thréimhse = Foinse: JNLR/ Ipsos MRBI 2025-1 vs. 2024-4.

Bliain ar Bhliain = Foinse: JNLR/Ipsos MRBI 2025-1 v 2024-1.


Showing 1 - 10 of 539 stories