An Ghig Mhór – ceoltóirí Éireannacha mar mheantóirí ar an gcéad ghlúin eile de cheoltóirí na tíre i sraith nua RTÉ. 

Craolfar An Ghig Mhór, sraith nua a dhéanann ceiliúradh ar an ríméad a chuireann sé ar bhannaí a gcéad ghig a chur i láthair ina mbaile féin, ón Luan, 9 Meitheamh ag 8pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.

Ba bhreá le gach banna a bheith mar phríomhbhanna ag Slane nó Páirc an Chrócaigh agus iad a dhíol amach, ach cén chaoi ar féidir é sin a bhaint amach?

I ngach clár, tugann meantóir ceoil Éireannach mór le rá cabhair do bhanna a bhfuil gealladh fúthu chun a gcéad ghig mhór sin a eagrú ina mbaile féin.

Leanann an tsraith na bannaí ceoil agus iad ag dul ón seomra suí go dtí an stáitse – ag aimsiú ionaid cheoil, ag iarraidh ticéid a dhíol, agus ag déanamh a seacht ndícheall seó den scoth a chur ar siúl.

Tugann An Ghig Mhór ardán do bhannaí ceoil óga atá ag teacht chun cinn, agus tabharfar léargas freisin ar an obair chrua, ar an gcruthaitheacht agus ar an dúthracht atá riachtanach chun do ghig féin a eagrú.

Leanann an tsraith banna ceoil amháin i ngach clár, ó Dhún na nGall go Cill Chainnigh. Tá na ceoltóirí cumasacha seo a leanas mar mheantóirí sa tsraith: John Spillane (thuas), Eve Bellepríomhamhránaí Kilá, Rónán Ó Snodaigh, Krea,a bhí ina ball den bhanna ceoil Wyvern Lingo, ceoltóirí hip-hop Tebi Rex (thíos), agus an t-amhránaí Síomha.

Beidh siad ag meantóireacht na gceoltóirí óga: The Donnys as Cill Chainnigh, an t-amhránaí agus cumadóir amhrán Hannah B agus a banna ceoil as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Na hEasógaí as Conamara, Gaillimh, punc-racairí Léim an Bhradáin, The Hex, Coolboy as contae Laoise agus Leevy as Gaeltacht Mhúscraí i gCorcaigh. Tá fuaim ar leith ag gach banna agus bíonn siad ag seinm ceoil i mBéarla agus i nGaeilge.

Rinneadh An Ghig Mhór le tacaíocht ón scéim Fuaim & Fís de chuid Choimisiún na Meán, chomh maith le tacaíocht bhreise ó IMRO agus Gael Linn. 84/Ochtó4 Productions a léirigh an tsraith do RTÉ.

Craolfar An Ghig Mhór ón Luan 9 Meitheamh, 8pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. 

-CRÍOCH-

GRIANGHRAIF: https://we.tl/t-8VR7cmKoEp

Tuilleadh Eolais:

Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ,eadaoin.nicgiolla@rte.ie

Nótaí chuig Eagarthóirí:

Bhunaigh Cian Mac Cárthaigh 84/Ochtó4 Productions in 2023 chun díriú ar ábhar agus ar chláir a bhaineann leis an gceol a léiriú. Léirigh 84/Ochtó4 Productions Kabin Crew’s Christmas Special do RTÉ One in 2024, clár a bhuaigh Gradam “Best Entertainment” ag na Gradaim RTS.

Is léiritheoir teilifíse agus raidió é Cian Mac Cárthaigh, a bhfuil gradaim buaite aige. Tá breis agus deich mbliana caite aige ag léiriú ábhair do RTÉ agus TG4. Is ceoltóir é freisin agus bhunaigh sé IMLÉ, comharghrúpa ceoil. Baineadh úsáid le déanaí as a n-amhrán Peacach mar cheol aitheantais ar an tsraith idirnáisiúnta ar Netflix, BODKIN.


Dhá shraith den dráma nua Tall Tales & Murder coimisiúnaithe ag RTÉ agus BBC

Tá Stuart Carolan agus Chris Addison tagtha le chéile chun dráma dúghrinn a chruthú ina mbeidh Ella Lily Hyland, Aidan Gillen, Phillipa Dunne agus Packy Lee ag aisteoireacht.

Ó bharr ar chlé go deas: Ella Lily Hyland, Aidan Gillen, Philippa Dunne, Packy Lee, Stuart Carolan, Chris Addison

Tá dhá shraith sé chlár den dráma nua Tall Tales & Murder coimisiúnaithe ag BBC Thuaisceart Éireann agus RTÉ, i gcomhar le Screen Ireland.

Is é Stuart Carolan – a scríobh agus a cheap Love/Hate – i gcomhar le Chris Addison, buaiteoir BAFTA, EMMY agus Ghradam Directors Guild of America (Veep, Breeders, The Thick of It) a scríobh Tall Tales & Murder. Avalon (Breeders, Starstruck, Catastrophe) atá i mbun léiriúcháin ar Tall Tales & Murder i gcomhar le Metropolitan Pictures (Kin).

Tá páirt ag Ella Lily Hyland (Black Doves, Towards Zero, Silent Roar), Aidan Gillen (Love/Hate, Game of Thrones, Kin), Philippa Dunne (Amandaland, Derry Girls, The Woman in the Wall) agus ag Packy Lee (Peaky Blinders) sa dráma coireachta dúghrinn seo.

Arna chomhchoimisiúnú ag RTÉ agus BBC Thuaisceart Éireann, i gcomhar le Screen Ireland, cuireadh tús leis an scannánú an tseachtain seo i mBaile Átha Cliath, agus beidh an chéad sraith réidh le taispeáint den chéad uair in 2026. Is iad Avalon a dháilfidh Tall Tales & Murder go hidirnáisiúnta.

Tá an scéal bunaithe ar The Dublin Trilogy sraith ocht leabhar, ar éirigh thar barr leo, ón scríbhneoir Caimh McDonnell,

Ar an ábhar dúirt Stuart Carolan, Scríbhneoir agus Léiritheoir Feidhmiúcháin: “Bhí an-tóir riamh riamh ar shaothar Chris Addison, ó chonaic mé The Thick of It – ba iontach a bheith ag obair leis chun an scéal dochreidte seo a thabhairt chuig an scáileán.”

Dúirt Chris Addison, Stiúrthóir agus Léiritheoir Feidhmiúcháin: “Tá an-áthas orm an deis a bheith agam dul i mbun oibre le Stuart Carolan, fear a bhfuil intinn chasta ar leith aige, chun an seó seo a chruthú. Is le húrscéal iontach Caimh a thosaigh muid agus d’éirigh linn saothar a chruthú, i mo thuairimse, ar dúdhráma siamsúil iontach é.”

Dúirt David Crean, Ceann Drámaíochta, RTÉ: “Is iontach an rud é an dráma iontach Éireannach seo ó Stuart Carolan agus Chris Addison a bheith i mbun léiriúcháin tar éis próiseas forbartha fiúntach. Tá na scripteanna agus na haisteoirí thar barr. Tá RTÉ ag súil go mór comhoibriú le comhpháirtithe craolacháin den chéad scoth chun an tsraith iontach seo a chur os comhair lucht féachana ar an ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá Tall Tales & Murder i measc sraith cláracha nua de dhrámaíocht bhunaidh Éireannach atá á léiriú ag RTÉ, lena gcuirfear breis agus 142 uair an chloig de dhrámaíocht bhunaidh ar fáil i mbliana.”

Dúirt Eddie Doyle, Ceann Coimisiúnaithe Cláracha, BBC Thuaisceart Éireann: “Is léiriú é an scéalaíocht i Tall Tales & Murder ar na gnéithe is dorcha, is greannmhaire agus is osréalaí den saol. Táimid ag tnúth leis an lucht féachana a thabhairt linn ar an turas fiáin agus corraitheach seo ó Stuart Carolan agus Chris Addison, máistrí ar an gceird. Tá cliar iontach ann agus táimid ag súl le bheith ag obair le Avalon, i gcomhar le Metropolitan Pictures, agus le RTÉ lena fhorbairt ón script go dtí an scáileán.”

Dúirt Rob Aslett, Léiritheoir Feidhmiúcháin d’Avalon: “Tá ríméad orainn a bheith ag obair le RTÉ, BBC agus Screen Ireland agus a bheith ag tacú leis an tallann chomhaimseartha is fearr in Éirinn. Tá dráma coireachta bunaidh cruthaithe ó scripteanna iontacha Stuart a chaitheann solas ar Éirinn an lae inniu agus is fada linn go dtabharfaimid an seó seo chun an scáileáin, seó ina bhfuil aisteoirí iontacha, Ella, Aiden, Philippa agus Packy ina measc.”

Dúirt Kate McColgan, Ceann Teilifíse Screen Ireland: “Tá ríméad ar Screen Ireland tacú le Tall Tales & Murder. Comhghairdeas le gach duine a raibh baint acu leis an gcliar iontach a thabhairt le chéile. Tá cuid de na haisteoirí seo ar na haisteoirí is cáiliúla atá againn chomh maith le roinnt réaltaí nua spreagúla a bheith ina measc. Is iontach an rud é a bheith i gcomhpháirtíocht arís lenár gcomhghleacaithe in RTÉ agus BBC Thuaisceart Éireann.”

Ba iad David Crean, Ceann Drámaíochta RTÉ agus Dermot Horan, Stiúrthóir Éadálacha agus Comhléiriúcháin RTÉ a choimisiúnaigh Tall Tales & Murder (12 x 60′); in éineacht le Eddie Doyle, Ceann Coimisiúnaithe Clár BBC Thuaisceart Éireannagus Jason Butler, Eagarthóir Coimisiúnaithe BBC Thuaisceart Éireann.

Arna léiriú ag Avalon, i gcomhar le Metropolitan Pictures, is iad Chris Addison, Richard Allen-Turner, Rob Aslett, Stuart Carolan agus Jon Thoday na léiritheoirí feidhmiúcháin do Avalon agus David McLoughlin, agus Catherine Tiernan na léiritheoirí feidhmiúcháin do Metropolitan Pictures.

Is í Caroline Norris Léiritheoir na Sraithe, is í Gemma O’Shaughnessy an Léiritheoir, agus beidh Chris Addison agus Neasa Hardiman á stiúradh.


Léirítear i gclár faisnéise faoi cheilt de chuid RTÉ Investigates, an droch-chaighdeán cúraim agus an easpa dínite i dTithe Altranais in ÉirinnÉ deimhnithe ag RTÉ go gcraolfar fiosrúchán faoi Thithe Altranais in Éirinn an tseachtain seo

– Cáineann saineolaithe an cúram a cuireadh ar fáil i dtithe príobháideacha altranais agus déantar tagairt do chásanna “faillí” agus “mí-úsáide”

Dúirt beirt dochtúirí mór le rá i gcúram géarinteolaíochta go raibh an t-ábhar a ndearnadh scannánú air faoi cheilt millteanach agus ina ábhar imní agus léireofar é sin i gclár faisnéise RTÉ Investigates anocht, áit a ndéanfar scrúdú ar chaighdeáin chúraim i roinnt áiseanna cónaithe atá faoi úinéireacht an tsoláthraí is mó tithe altranais príobháideacha in Éirinn.

Ghabh an comhlacht atá i gcroílár na líomhaintí, Emeis Ireland – ar a dtugtaí Orpea roimhe seo – leithscéal le cónaitheoirí agus lena dteaghlaigh as an míshuaimhneas a bhain leis na laigí a aithníodh i dtuairisc RTÉ, agus dúradh go bhfuil dian-athbhreithniú ar bun chun aghaidh a thabhairt láithreach ar na saincheisteanna go léir a tugadh chun solais.

Nocht an fiosrúchán inar díríodh ar dhá theach altranais – The Residence Portlaoise agus Beneavin Manor i nGlas Naíon i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath – samplaí go leor de theipeanna i gcúram agus faillí i dtaca le cónaitheoirí scothaosta leochaileacha.

“Giorróidh sé seo saol daoine agus beidh siad níos míshásta leis an saol atá acu mar thoradh ar an gcás ina bhfuil siad,” a dúirt an Geiriatraí Comhairleach, an tOllamh David Robinson. “Is mí-úsáid é – níl aon fhocal eile air.”

Tar éis do roinnt sceithirí imní mhionsonraithe a léiriú, d’iarr RTÉ Investigates ar bheirt taighdeoirí faoi cheilt iarratas a dhéanamh ag an am céanna ar róil cúntóra cúraim sláinte i dtithe Emeis. Bhí na cáilíochtaí riachtanacha ar fad ag an mbeirt acu agus shocraigh RTÉ grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána dóibh beirt.

I The Residence Port Laoise, áit ar féidir cóiríocht a chur ar fáil le haghaidh suas le 101 cónaitheoir ar chostas seachtainiúil de thart ar €1,200 faoin scéim Fair Deal, chonaic RTÉ roinnt ball foirne ag cur dea-chúram ar fáil ach ba mhinic a chonacthas cásanna arís agus arís eile de ghanntanas foirne a théann i bhfeidhm ar chúram cónaitheach laethúil. Is córas tacaíochta stáit í an scéim Fair Deal a chabhraíonn le costas cúraim tithe altranais in Éirinn a chlúdach, bunaithe ar ioncam agus ar shócmhainní duine.

I measc na gcásanna sin, chonacthas grúpaí móra cónaitheoirí bailithe le chéile i seomraí lae, daoine scothaosta leochaileacha fágtha gan mhaoirseacht, rud a raibh titim agus gortú mar thoradh air, agus gan freagra a thabhairt ar nithe a bhí ag teastáil uathu ó lá go lá go ceann tréimhsí fada, mar shampla cónaitheoirí ag impí iad a chur a chodladh nó úsáid a bhaint as an leithreas.

“Is é an rud is léir ná go bhfuil mí-úsáid institiúideach ar bun agus is faillí é sin i suíomh atá ceaptha cúram a chur ar fáil,” a dúirt an tOllamh Robinson.

Chonaic cúramóir faoi cheilt RTÉ neart samplaí de chónaitheoirí gan a bheith á láimhsiú i gceart agus cónaitheoirí scothaosta á gcrochadh go minic faoi na géaga agus gan an trealamh láimhseála cuí á úsáid. Ar ócáidí áirithe cuireadh bac ar an bhfoireann mar thoradh ar easpa trealaimh, agus i gcás amháin thug an bhainistíocht treoir do chúntóirí cúraim sláinte gan trealamh ardaithe a úsáid in áiteanna poiblí ar eagla go bhfeicfeadh cuairteoirí an droch-theicníc a bhí acu.

Dúirt an tOllamh Rónán Collins, Geiriatraí Comhairleach: “Tá daoine traochta san earnáil cúraim sláinte. Tá siad ag dul ag obair agus ag teacht abhaile lá i ndiaidh lae agus frustrachas orthu toisc nach bhfuil siad in ann an leibhéal cúraim ceart a chur ar fáil atá a fhios acu ba chóir dóibh a chur ar fáil nó a theastaíonn uathu a chur ar fáil”.

In Beneavin Manor, i mBaile Átha Cliath, áit ar féidir cúram a chur ar fáil do suas le 115 duine fásta ar thart ar €1,400 sa tseachtain le maoiniú ón scéim Fair Deal, chonaic taighdeoir eile de chuid RTÉ patrúin den chineál céanna de bhaill foirne faoi bhrú. Bhí ar an bhfoireann dul i ngleic le dúshláin leanúnacha freisin maidir le easpa acmhainní riachtanacha agus ganntanas ann arís is arís eile i dtaca le hearraí bunúsacha amhail tuáillí, braillíní, ciarsúir sláintíochta agus lámhainní.

“Tá sé uafásach, de dhéanta na fírinne,” a dúirt an tOllamh Rónán Collins. “I ndáiríre chuirfeadh sé ag smaoineamh tú, i dtaobh slabhraí soláthair, cén fáth nach bhfuil teacht ag baill foirne ar an trealamh chun a gcuid oibre a dhéanamh go cuí?”

I Beneavin Manor, chonaic RTÉ freisin an láimhseáil mhíchuí i dtaca le cónaitheoirí leochaileacha agus daoine scothaosta leochaileacha á mbogadh lena gcuid éadaí uaireanta in ionad an trealamh láimhseála ceart a úsáid atá sainordaithe ina bpleananna cúraim.

“Níl aon mheas ar an duine,” a dúirt an tOllamh David Robinson nuair a chonaic sé píosa scannánaíochta RTÉ.

Fiafraíonn saineolaí eile, an tOllamh Amanda Phelan, Scoil an Altranais, DCU: “Conas is féidir le baill foirne oibriú faoi na coinníollacha sin? Tá sé an-dúshlánach.”

Tar éis droch-chleachtais a fheiceáil arís agus arís eile, d’iarr RTÉ Investigates ar an mbeirt taighdeoirí a bhfógra scoir a thabhairt agus a n-ábhar imní go léir a thuairisciú don bhainistíocht sna tithe altranais agus don chomhlacht rialála, an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA). Dúirt HIQA le RTÉ go bhfuil pleananna comhlíonta leagtha amach ag The Residence Portlaoise agus Beneavin Manor araon chun dul i ngleic le saincheisteanna ina dtithe agus tuairiscí ó chigireachtaí a rinneadh le déanaí ar an dá ionad á gcur chun críche faoi láthair.

I ráiteas, dúirt Emeis Ireland gur briseadh croí é an fhianaise atá faoin droch-chaighdeán cúraim, bogadh agus láimhseáil mhíchuí cónaitheoirí, agus easpa dínite agus sáruithe ar chearta cónaitheoirí, agus dúradh freisin nach nglacann siad le haon chleachtas aonair ná córasach faillí. Ag gabháil leithscéal ó chroí, dúirt an chuideachta nach é seo an caighdeán cúraim a bheadh súil aici a sholáthar agus nach é atá tuillte ag cónaitheoirí ná ag na teaghlaigh. Déanfar athbhreithniú freisin ar leithdháiltí foirne ag The Residence Portlaoise agus Beneavin Manor araon.

Féach ar RTÉ Investigates: Inside Ireland’s Nursing Homes anocht, Dé Céadaoin 4 Meitheamh ag 9:35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player.

-CRÍOCH-


Tá RTÉ ag tacaíocht 20 ócáid ealaíne agus chultúir an mí Iúil seo

An mhí seo chugainn, tá RTÉ ar bís tacú le 20 ócáid ealaíne agus chultúrtha ar fud na hÉireann a chuimsíonn ealaín, drámaíocht, scannánaíocht, scríbhneoireacht agus litríocht, ilghnéitheacha ceoil, oibrigh, rince, féilte, taispeántais agus níos mó, le rud éigin do gach aois.

Seo a leanas na hochtainí atá á dtaca le RTÉ ar fud na tíre sa mheán fómhair:

BAILE ÁTHA CLIATH: IMMA Collection: Art as Agency | www.imma.ie

CILL CHAINNIGH: Marble City Music Festival | www.marblecitymusicfestival.com

BAILE ÁTHA CLIATH: Mainie Jellett & Evie Hone: The Art of Friendship | https://www.nationalgallery.ie/art-and-artists/exhibitions/

LOCH GARMAN: Music for Wexford Summer/Autumn Series | www.musicforwexford.ie

BAILE ÁTHA CLIATH:Lovesong at The Gate | https://gatetheatre.ie/production/lovesong-2025/

BAILE ÁTHA CLIATH:Words on the Wave: Ireland and St. Gallen in Early Medieval Europe (Kildare Street) | www.museum.ie

BAILE ÁTHA CLIATH: Changing Ireland (Collins Barracks) | www.museum.ie

BAILE ÁTHA CLIATH: Dead Zoo at Large (Collins Barracks) | www.museum.ie

LUIMNEACH: Limerick Summer Proms | www.uch.ie

DÚN DEALGAN: Songs of the Soul | https://www.chamberchoirireland.com/events/songs-of-the-soul/

LUIMNEACH & CLÁR Limerick Sings International Choral Festival | www.limericksings.com

BAILE ÁTHA CLIATHThe Garden Party | www.tseac.ie

CEATHARLACH & BAILE ÁTHA CLIATH: Borris House Festival of Writing and Ideas |  www.festivalofwritingandideas.com

BAILE ÁTHA CLIATH: Irish Writers Centre Summer Creative Writing Courses |  https://irishwriterscentre.ie/courses/

BAILE ÁTHA CLIATHInternational Chamber Music Festival | https://dicmf.com/

CORCAIGH: Cork Midsummer Festival (pictured) | www.corkmidsummer.com

BAILE ÁTHA CLIATH: Escaped Alone by Caryl Churchill | https://projectartscentre.ie/events/escaped-alone-by-caryl-churchill/

LÚ: Echoes | www.louthcms.org

AR FUND NA TÍRE: Irish National Opera | www.irishnationalopera.ie

BAILE ÁTHA CLIATH: Abbey Theatre | www.abbeytheatre.ie

Gach bliain, tacaíonn RTÉ le thart ar 170 ócáid ealaíne agus chultúrtha ar fud na hÉireann tríd an scéim RTÉ ag Tacaíocht don Ealaíne. Le raon leathan ó scannáin, ceol, damhsa, oibreacha, féilte, litríocht, drámaíocht agus taispeántais, agus le poiblíocht dhírithe ar sheirbhísí teilifíse, raidió agus digiteacha RTÉ, agus tacaíocht leathan ar na canálacha sóisialta RTÉ, cuireann an scéim RTÉ ag Tacaíocht don Ealaíne cúnamh ar fáil do chreatlaí agus do tháirgí cultúrtha na hÉireann.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi RTÉ ag Tacaíocht don Ealaíne agus chun iarratas a dhéanamh, cliceáil anseo agus anseo. Faigh amach cad atá ar siúl i do cheantar ar www.rte.ie/culture.

CRÍOCH


É deimhnithe ag RTÉ go gcraolfar fiosrúchán faoi Thithe Altranais in Éirinn an tseachtain seo

In athrú sceidil, craolfaidh RTÉ clár faisnéise de chuid RTÉ Investigates an tseachtain seo, ina mbeidh píosaí scannánaíochta a tógadh faoi cheilt, faoin gcaighdeán cúraim i ngrúpa tithe altranais a bhfuil tithe acu i lár na tíre agus i mBaile Átha Cliath.

I ndiaidh do roinnt daoine a n-imní a nochtadh, chaith RTÉ Investigates roinnt míonna ag fiosrú grúpa tithe altranais príobháideach aitheanta in Éirinn, mar chuid de chlár faisnéise ar leith RTÉ Investigates – Inside Ireland’s Nursing Homes a chraolfar Dé Céadaoin an 04 Meitheamh ag 9.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Léirítear sa chlár teipeanna córasacha lena gcuirtear brú mór ar bhaill foirne cúram a thabhairt do roinnt áitritheoirí agus othar.

Chuaigh RTÉ Investigates i gcomhairle le saineolaithe neamhspleácha agus tá an méid a tháinig chun cinn curtha in iúl ag taighdeoirí RTÉ do HIQA agus do bhainistíocht na dtithe altranais, nuair a bhain sin leo, agus de réir sainchomhairle a fuarthas. Tá torthaí an fhiosrúcháin roinnte leis an ngrúpa tithe altranais príobháideach agus thug RTÉ an deis cuí dóibh freagra a thabhairt orthu. Tugadh aird ar chaighdeáin dhiana eagarthóireachta agus léiriúcháin faoi threoir threoirlínte iriseoireachta RTÉ féin.

Scór blianta ó shin thug Prime Time Investigates chun solais na coinníollacha agus na cleachtais oibre i dTeach Altranais príobháideach Leas Cross i Sord i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí an pobal ar buile faoin bhfaillí a bhí á dhéanamh ar áitritheoirí leochaileacha sa teach. Bunaíodh Coimisiún Imscrúdúcháin ina dhiaidh sin a rinne sraith moltaí. Chuir an scannal tús le díospóireacht go náisiúnta agus gheall lucht na polaitíochta an earnáil a leasú.

Beagnach scór blianta ina dhiaidh, tá daonra na hÉireann ag dul in aois. Meastar go dtiocfaidh méadú 50% ar líon na ndaoine a mhairfidh go mbeidh siad 65 bliain nó níos sine sna deich mbliana atá le teacht. Táimid ag maireachtáil níos faide ach cén aire atáimid a thabhairt dár saoránaigh aosta agus dár saoránaigh is leochailí?

Roinnfidh saineolaithe gairmiúla sa réimse a dtuairimí sa chlár faisnéise RTÉ Investigates seo ar an méid atá sna píosaí scannánaíochta faoi cheilt.

Deir an tOllamh Rónán Collins, Geiriatraí Comhairleach: “Tá an cúram ar fad a bhaineann leis an bhfear seo thar a bheith goilliúnach. Ní féidir cur síos a dhéanamh ar a mhéid a théann sé i gcoinne gach prionsabal geirinteolaíoch atá ríthábhachtach domsa”

Dúirt an tOllamh David Robinson le RTÉ Investigates go léirítear ann “easpa measa, ar bhonn córasach agus institiúide, ar an seanduine”.

“Giorróidh sé seo saol daoine agus beidh siad thar a bheith míshásta sa saol.”

Féach ar RTÉ Investigates: Inside Ireland’s Nursing Homes, san oíche Dé Céadaoin ag 9.35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player.


Sraith nua podchraolta ar Documentary on One RTÉ

Cliceáil chun breathnú ar an réamhbhlaiseadh

– Labhróidh deirfiúracha Elizabeth Plunkett, bean ar mharaigh na chéad dúmharfóirí srathathacha in Éirinn í, amach den chéad uair le beagnach 50 bliain.

– Tá a muintir ag lorg chothrom na Féinne do Elizabeth

– Sraith atá á cur i láthair ag Roz Purcell

An 28 Lúnasa 1976, bhuail Elizabeth Plunkett, a bhí 23 bliana d’aois, lena cairde chun oíche a chaitheamh i gCuan an Bhriotáis, Co. Chill Mhantáin. Nuair a d’fhág Elizabeth slán ag a máthair an tráthnóna sin, ní raibh a fhios ag aon duine gurbh é sin an uair dheireanach a d’fheicfeadh a teaghlach í. Níos déanaí an oíche sin, d’fhuadaigh, d’éignigh agus dhúnmharaigh John Shaw agus Geoffrey Evans go brúidiúil í. Ba iad John Shaw agus Geoffrey Evans na chéad dúnmharfóirí srathacha in Éirinn agus ní raibh siad i bhfad scaoilte amach as príosún ag an am.

Mí i ndiaidh an ionsaithe ar Elizabeth, tháinig a corp i dtír ar thrá i gCo. Chill Mhantáin. I ndiaidh tóraíocht ar fud na tíre, gabhadh na hionsaitheoirí, ach bhí bean eile maraíodh acu in Éirinn faoi sin – Mary Duffy, a bhí 23 bliana d’aois. Gearradh príosún saoil ar an dá dhúnmharfóir Shaw agus Evans. Mar sin féin, i 2022 fuair teaghlach Plunkett amach nach bhfuair Elizabeth cothrom na Féinne riamh. Níor ciontaíodh aon duine riamh i ndúnmharú Elizabeth Plunkett cé gur admhaigh an bheirt fhear go ndearna siad é.

Tá teaghlach Elizabeth ag labhairt amach anois den chéad uair le beagnach 50 bliain. Sa tsraith podchraolta is déanaí ó RTÉ, Stolen Sister, á chur i láthair ag Roz Purcell, labhróidh deirfiúracha Elizabeth – Bernie agus Kathleen – faoin gcás Is é seo an chéad uair a labhair aon duine de mhuintir Elizabeth go poiblí faoina bás. Tá siad ar a ndícheall cothrom na Féinne a fháil di agus ómós a léiriú d’anam Elizabeth.

Dúirt Nicoline Greer, a rinne an phodchraoladh faisnéise: “Ba mhór an onóir a bheith in ann scéal Elizabeth a insint agus go raibh muinín ag muintir Plunkett asainn sin a dhéanamh. Nuair a tháinig Kathleen agus Bernie chugainn ar dtús, níor shamhlaigh mé go deo go dtabharfadh an scéal chomh fada seo muid. Mothaím go bhfuil mé tar éis aithne a chur ar Elizabeth le bliain, agus tá súil agam go gcuideoidh an tsraith seo le cothrom na Féinne a fháil agus ómós a léiriú do Elizabeth agus do mhuintir Plunkett.”

Tá an chéad chlár den phodchraoladh RTÉ Stolen Sister ar fáil anois ar an RTÉ Radio Player agus cibé áit a n-éisteann tú le do chuid podchraoltaí. Beidh eagrán nua ar fáil gach Aoine agus beidh sé beo ar RTÉ Radio 1 ag 6.30pm tráthnóntaí Dé hAoine.

Ba cheart d’aon duine a bhfuil eolas acu faoi scéal Elizabeth teagmháil a dhéanamh le: documentaries@rte.ie.

Is é an cumadóir Stephen Warbeck, a bhfuil Gradam Academy buaite aige, a chum an fuaimrian do Stolen Sister agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ a thaifead é.

Éist leis an gcéad phodchraoladh sa tsraith anois.

CRÍOCH

Dáta: Dé hAoine, an 30 Bealtaine

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ, sarah.neville@rte.ie

Íomhánna: Íomhánna de Elizabeth Plunkett – Stolen Sister

Nótaí don Eagarthóir:

I measc na sraitheanna eile ó Documentary on One RTÉ, tá: Where is Jón?, The Real Carrie Jade, Runaway Joe, Finding Samantha, First Consignment, GunPlot, Tiger Roll agus The Nobody Zone.

Creidiúintí:

Is í Roz Purcell atá ag cur Stolen Sister i láthair. Is í Nicoline Greer a scríobh agus a léirigh. Is í Shauna McGreevy an cúntóir léirithe.

Fuaimrian bunaidh arna léiriú agus ar chumadh ag an gcumadóir Stephen Warbeck, a bhfuil gradam Oscar buaite aige, in éineacht le Ceolfhoireann Coirme RTÉ. Is é Ciarán Dunne a rinne an dearadh fuaime agus a thaifead an cheolfhoireann.

Is é Liam O’Brien an Léiritheoir Feidhmiúcháin.

Tacaíocht táirge fuaime le Nigel Wheatley.

Margaíocht le Maria Buckley agus Christopher Hayes.

Dearadh agus cruthaitheacht le Darragh Treacy.

Díolacháin le Graeme Bailey.

Ábhar eagarthóireachta breise ar líne le Anna Joyce.


Dragon Hearts – clár faisnéise croíúil faoi rásaíocht bád dragain, faoi theacht slán agus maireachtáil go beo beathach

Dragon Hearts – clár faisnéise croíúil faoi rásaíocht bád dragain, faoi theacht slán agus maireachtáil go beo beathach

Dé Luain, 2 Meitheamh, 6.30pm ar RTÉ One & ar an RTÉ Player 

“Déarfaidh daoine cuid mhór rudaí leat faoi mhaireachtáil agus faoin mbás, ach nuair a thagann an crú ar an tairne, is é a déarfaidh mórchuid na ndaoine ‘lig dom maireachtáil’. Agus is é is fearr liomsa maireachtáil.”    

Tá Mark O’Connor ar dhuine díobh siúd a chuir ar bun an Cork Dragon Boat Club, club iomartha as an ngnách. Is beag nach curfá na focail sin dá chuid ag na céadta ar fud na hÉireann atáina mball de chlub bád dragain; fir agus mná a théann amach gach seachtain ar locha, ar aibhneacha agus ar an bhfarraige i mbun spórt faoi leith.

Is é an difríocht idir na rámhaithe seo agus daoine i ngach cineál club rámhaíochta eile, gur tháinig ailse ar an saol ag an uile dhuine acu, go díreach nógo hindíreach.

Sa chlár suntasach faisnéise seo, buailtear leis an iliomad duine a bhfuil tosaithe acu ar an spóirt seo le blianta beaga anuas. Buailtear bóthar as Baile Átha Cliath go Tír Chonaill, Ceatharlach, Sligeach, Maigh Eo agus Corcaigh go bhfeictear gnáthdhaoine a tarraingíodh le chéile mar gheall ar dhrochscéala agus an spórt faoi leith seo ina cheangal eatarthu anois.  

Cineál ársa spóirt an rásaíocht bád dragain atá á chleachtadh sa tSín le dhá mhíle bliain agus níos mó. Tá sé anois ar cheann de na cineálacha spóirt uisce is mó a bhfuil borradh faoi ar fud an domhain. I rith na 1990idí, chuir dream taighde i gCeanada suim ann mar spórt a bheadh go maith ag daoine tar éis ailse cíche; chonacthas gur neartaigh an spórt uachtar na colainne ag othair ailse cíche agus ag daoine a bhí ag teacht uaidh agus go ndearna sé maitheas síceolaíochta freisin agus don tsláinte go ginearálta.  

Sa bhliain 2010 a cuireadh an chéad Chlub Bád Dragain in Éirinn ar bun i mBaile Átha Cliath. Feictear roinnt de na Plurabelle Paddlers ar Dragon Hearts, an chéad dream sin a thug faoin spórt sa tír seo, chomh maith le daoine as roinnt de na clubanna eile ar fud na tíre a tugadh chun cinn le deich mbliana anuas, ina measc na Carlow Warriors, Medb’s Dragon Warriors i Sligeach, an Gráinne Mhaol Dragon Boat Club i Maigh Eo agus na Donegal Dragons. Tá ceamaradóireacht álainn ann, ón aer anuas, ón uisce aníos agus eile, agus fir agus na mná na gclubanna seo á leanúint ar feadh séasúr iomlán traenála agus rásaíochta.  

Téann siad san iomaíocht ag rásaí ar fud na tíre agus feictear bua agus cailliúint, spraoi, dua, díomá, bís agus sceitimíní. Feictear iad ag traenáil go dícheallach, ag rásaíocht go díocasach agus ag seasamh le chéile go dílis.  

Is mór an ní gach buille rámhaíochta, ní hamháin maidir leis an mbád a thiomáint chun cinn ach maidir le sárú ailse cíche ag gach uile dhuine de na  gach buille rámhaithe féin. Clár faisnéise croíúil Dragon Hearts nach faoi spórt agus rásaíocht amháin é, ach faoi theacht slán, maireachtáil go beo beathach agus bisiúle barr brí – fiúnuair is géire cás an duine.

Beidh Dragon Hearts á chraoladh Dé Luain, 2 Meitheamh ag 6:30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.

-CRÍOCH- 

GRIANGHRAIF: https://we.tl/t-hItrebAR8E

Tuilleadh Eolais: Éadaoin Nic Giolla Chomhaill


Aistear an Amhráin – tugann sraith RTÉ léargas ar na scéalta taobh thiar de na hamhráin is ansa linn

Aistear an Amhráin– tugann sraith RTÉ léargas ar na scéalta taobh thiar de na hamhráin is ansa linn 

Dé Máirt an 3ú Meitheamh, 7pm ar RTÉ One & ar an RTÉ Player. 

Beidh an tsraith faisnéise Aistear an Amhráin ar ais ar an 3ú Meitheamh, 7pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, le muid a chur ar an eolas faoi na scéalta suimiúla atá taobh thiar de na hamhráin is ansa linn in Éirinn. 

Déanann an tsraith nua scagadh ar scéal Grace Gifford, an bhean lena mbaineann bailéad a bhfuil an-tóir air, Grace; ar an scéal grá atá taobh thiar de After All, amhrán aitheanta de chuid Frank and Walters ó na 90idí; ar scéal an ródaí as Béal Feirste a dúnmharaíodh go tragóideach agus ar spreag an t-amhrán de chuid Spandau Ballet Through the Barricades sna 80idí agus, ar deireadh, an diabhlaíocht agus an mhistéir atá mar bhunús leis an amhrán Gaeilge, a spreagann greadadh cos, An Poc Ar Buile

Sa chéad chlár, cloisfidh muid an scéal atá taobh thiar de cheann de na bailéid is ansa linn in Éirinn: Grace

Agus níos mó ná 100 leagan de ann, ó Jim McCann go Rod Stewart go Kellie Harrington, níl duine ar bith nach bhfuil a fhios aige an t-amhrán Grace. Bunaithe ar scéal grá tragóideach Grace Gifford agus Joseph Mary Plunkett, buaileann an tuairisceoir Sinéad Ní Churnáin le cumadóirí an amhráin, Frank agus Sean O’Meara chun bunús agus tionchar an amhráin a fhiosrú agus fiafraíonn sí: cérbh í Grace? 

Chas Grace Gifford agus Joseph Plunkett le chéile trí dheirfiúr Grace, Muriel, a bhí pósta le Tomás Mac Donnchadh. Cúpla bliain tar éis dóibh titim i ngrá, shocraigh Grace agus Joseph go bpósfaidís. Ach bhainfeadh cúinsí tragóideacha leis an bpósadh: an mhaidin tar éis dóibh pósadh, tugadh Plunkett amach agus cuireadh chun báis é i gclós phríosún Chill Mhaighneann.  

70 bliain ina dhiaidh sin, d’iarr léiritheoir ceoil ar na deartháireacha Seán agus Frank O’Meara amhrán mór a scríobh do. Bhí a fhios ag Seán faoin scéal a bhain le Joseph Plunkett agus Grace Gifford agus thosaigh sé ag déanamh taighde i gCill Mhaighneann, fad is a bhí Frank ag obair ar fhonn. Is cuimhin le Seán O’Meara tiomáint go Cill Mhaighneann i 1984, ag éisteacht leis an bhfonn a bhí cumtha ag Frank ar chaiséad sa charr. Tháinig an chéad líne chuige gan choinne – 

 “As we gather in the chapel here in Old Kilmainham jail, I think about these last few weeks, oh will they say we failed.”  

Shamhlaigh Seán gurb iad liricí an amhráin na focail dheireanacha a labhair duine de bhunaitheoirí na hÉireann lena ghrá geal. Ach céard atá ar eolas againn faoi shaol Grace Gifford roimh an scéal grá tragóideach seo agus ina dhiaidh?  

Cuireann Aistear an Amhráin pictiúr os ár gcomhair d’ealaíontóir cumasach a d’iompaigh ina Caitliceach, mar a rinne a deirfiúr roimpi, chun Poblachtánach Éireannach a phósadh, a ghlac páirt sa chomhrac le stát na hÉireann a bhunú agus bhí ina príosúnach í féin i gChill Mhaighneann le linn an Chogaidh Chathartha, seacht mbliana tar éis dá fear céile a bheith curtha chun báis. 

Chuir Jim McCann amhrán na ndeartháireacha amach i 1986, agus ba é amhrán mór na bliana sin é. Ó shin i leith tá sé taifeadta ag go leor de na ceoltóirí is fearr aithne ó na Dubliners go Paddy Reilly agus Rod Stewart. Cé gur breá le Seán agus Frank i gcónaí an bunleagan de chuid Jim McCann, tá leagan Rod Stewart i measc na gcinn is fearr leo, agus tháinig tocht ar gach duine nuair a cuireadh iad in aithne dó, gan choinne, ar an Late Late Show

Páirteach sa chlár beidh, i measc daoine eile: an t-amhránaí Aoife Scott. Ní dhéanfar dearmad ar an gcaoi ar chan Aoife an t-amhrán mar chuid de cheiliúradh céad bliain RTÉ lena col ceathracha Danny O’ Reilly agus Róisín O. Feicfear Domhnall Ó Bric, maisitheoir cáiliúil as Ciarraí, atá an-tógtha le saothar Grace Gifford. Tá cuid mhaith dá saothar coinnithe i Leabharlann Náisiúnta Amharcealaíon na hÉireann (NIVAL) in NCAD i mBaile Átha Cliath.  

Tabharfaidh Roxanna Nic Liam, réalta as Fair City agus ealaíontóir focal labhartha a cuairt, in éineacht le Sinéad, ar chuid de na háiteanna ba thábhachtaí i saol Grace – Páirc Naomh Éanna i Ráth Fearnáin, an áit ar chas sí le Joseph Plunkett, Séipéal na hOllscoile i bhFaiche Stiabhna, áit ar iompaigh sí ar an gcreideamh Caitliceach, agus Sráid Grafton mar ar cheannaigh Grace an dá fháinne pósta.  

Craolfar an chéad chlár de Aistear an Amhráin: Grace Dé Máirt an 3ú Meitheamh ag 7pm, ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. 

-CRÍOCH- 

Tuilleadh Eolais:  Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Ceannasaí Cumarsáide 


2FM Beo ag Mórfhéilte Ceoil ar feadh an tSamhraidh i 2025

Tá 2FM ag bualadh bóthair an samhradh seo, ag craoladh beo ó na féilte ceoil is mó in Éirinn, ag tosú le Forbidden Fruit do dheireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh. Ó Chill Mhaighneann go dtí Gleann Dá Loch, Port Láirge agus an tSráidbhaile, craolfaidh 2FM cláir bheo, ceol den chéad scoth, agus spraoi ar chúl stáitse go díreach chuig éisteoirí ar fud na tíre.

San áireamh i gcamhchúirt féilte an tsamhraidh beidh:

  • Forbidden Fruit – 31 Bealtaine & 1 Meitheamh
  • Beyond The Pale – 13–15 Meitheamh
  • All Together Now – 31 Meitheamh–3 Lúnasa
  • Electric Picnic – 29–31 Lúnasa

Cuirfear tús leis an spraoi an deireadh seachtaine seo ag Forbidden Fruit 2025, áit a bhfillfidh 2FM le 2FM Rising Stage, ina dtabharfar ardán do grúpa ollmhór d’Éireannaigh chumasacha atá ag teacht chun cinn. Bígí ag súil le craoladh ardfhuinnimh ón 12-6pm gach lá. Cuirfidh Demi Isaac agus Mikey O’Reilly tús leis an gcóisir gach lá ag 12pm agus ina dhiaidh sin beidh Emma Power agus Graham Smyth beo ón 3pm, ag coinneáil an atmaisféir ag imeacht amach sa tráthnóna.

Beidh tuairisceoirí fáin 2FM, Helen Galgey agus Benny Bracken, ar an láthair an deireadh seachtaine ar fad, ag taifeadadh eachtraí ar chúl stáitse, eachtraí iontacha agus spraoi na féile. Beidh daoine móra le rá ag casadh beo ar an 2FM Rising Stage, agus ina measc beidh Shiv, DJ Wax, Dave Treacy, MOIO, Pastiche, Bold Love agus go leor eile – taibhléirithe nach mór a thapú.

Ar aghaidh go dtí an chéad fhéile eile – rachaidh 2FM suas go dtí ceantar álainn Ghleann Dá Loch don fhéile Beyond the Pale. Coinnigh cluas linn Dé hAoine, an 13 Meitheamh, nuair a chuirfidh Tracy Clifford tús leis an gclár ón 12pm ina mbeidh níos mó ceoil, agallamh, agus buaicphointí ón bhféile.

Leanfaidh camchúirt an tsamhraidh ar aghaidh i bPort Láirge ag All Together Now sula gcuirfear clabhsúr air sa Sráidbhaile ag Electric Picnic — áit a mbeidh 2FM i gcroílár an aicsin arís eile. Beidh tuilleadh eolais faoin sceideal craolta iomlán do All Together Now agus Electric Picnic á fhógairt níos déanaí an samhradh seo. Is é RTÉ 2FM an stáisiún raidió is mó a bhfuil tóir air i measc lucht éisteachta na ndaoine 15-34 bliana d’aois sa tír seo le sciar 11.3%.

Bí ag faire amach ar 2FM ar feadh an tsamhraidh do cheol beo, agallaimh eisiacha, agus scoth de chultúr féile na hÉireann.

CRÍOCH

Dáta: 29 Bealtaine 2025

Tá tuilleadh eolais le fáil ó: Caoilinn Putti, Ceannasaí Cumarsáide, caoilinn.putti@rte.ie

Nótaí don Eagarthóir:

Forbidden Fruit 2FM Rising Stage – Sceideal

RTÉ 2FM BEO

  • Dé Sathairn – 31 Bealtaine
  • Sweetlemondae
  • Essiray
  • Bold Love
  • Celaviedmai
  • Fortune Igiebor
  • MOIO
  • Dj Wax

RTÉ 2FM BEO

  • Dé Domhnaigh – 1 Meitheamh
  • Annie Dog
  • Negro Impacto
  • F3MIII
  • Cliffords
  • Shiv
  • Pastiche
  • Dave Treacy

Clár iontach an tsamhraidh fógartha ag RTÉjr le hábhar dúchasach, a thacaíonn le beochan Éireannach den chéad scoth a bhfuil gradam buaite aige

An samhradh seo, is ábhar mórtais do RTÉ, i gcomhpháirtíocht le hearnáil bhríomhar na léiriúchán neamhspleách, séasúr spreagúil an tsamhraidh a fhógairt d’ábhar éagsúil atá cruthaithe go speisialta do na saoránaigh is óige in Éirinn. Mar chuid de thiomantas leanúnach RTÉ cláir uathúla Éireannacha a chur ar fáil ina bhfuil eolas, siamsaíocht agus inspioráid, cuirfear tús le cúig shraith nua leanúnacha dhraíochtúla ar RTÉjr agus ar RTÉ Player i mí na Bealtaine, an Mheithimh agus Iúil. Beidh na cláir seo lán le heachtraí draíochtúla, scéalaíocht chroíúil, agus eispéiris oideachasúla tarraingteacha, iad ar fad fréamhaithe i gcultúr agus i gcruthaitheacht na hÉireann.

  • Faigh réidh le haghaidh am codlata leis an tsraith nua shuaimhneach Beddybyes.
  • Is sraith nua mhealltach do leanaí é Séamus Goes Wild ina measctar puipéadóireacht beo-aicsin le clúdach iontach den fhiadhúlra, a thugann leanaí ar aistear i saol staire dúlra na hÉireann.
  • Sparks – tá RTÉjr tar éis 7 ngearrscannán beochana Éireannacha a choimisiúnú bunaithe ar an téama ‘School’s Out’ a bheidh á sheoladh ar fud RTÉjr, RTÉ 2 agus RTÉ Player i mí Meitheamh 2025.
  • Beidh eachtraí nua ag Maddie agus a madra treorach Triggs sa chlár beochana Maddie + Triggs a bhfuil gradam buaite aige.
  • Sraith úrnua den chlár aoibhinn Fia’s Fairies.

Cruthaithe ag JAM Media, stiúideo a bhfuil gradam buaite aige, is clár suaimhneach, ildaite é BeddyByes do dhaoine óga. Tá sé leagtha amach go sonrach chun páistí óga a thabhairt ar aistear a threisíonn an gnáthamh ama codlata san oíche. Tar i gcuideachta na ndlúthchairde MeMo agus BaBa agus iad ag taisteal ar fud an phláinéid dhraíochta BeddyByes, ag bualadh le carachtair osnádúrtha a spreagann dea-chothú, aireachas agus cruthaitheacht.

Beidh sé á sheoladh ar RTÉjr an 7 Meitheamh, agus 10 gclár ar fáil níos luaithe ar RTÉ Player ón 31 Bealtaine.

Séamus Goes Wild – Is madra feirme beag fiosrach é Séamus a théann ar eachtraí go minic. Beidh an Feirmeoir Lily agus na hainmhithe ar Fheirm an Ghleanna Mhóir ag iarraidh é a choinneáil dírithe ar an obair, ach is maith le Séamus éalú amach chun an fhiantás taobh amuigh den gheata a fhiosrú. Ón gcoill go dtí an cósta, fiosróidh Séamas an dúlra, ag bualadh le gach cineál créatúr fiáin – cait crainn, madraí rua, cruidíní, mionainmhithe, fianna agus go leor eile. Beidh rud éigin nua le feiceáil i ngach clár, agus beidh neart spraoi, cairdis agus eachtraí iontacha. Tá Séamus Goes Wild faoi stiúir Julian Hills agus á léiriú ag Gmarsh TV do RTÉjr, agus déanfar ceiliúradh ar fhiosracht, ar an dúlra, agus ar an draíocht ar an taobh eile den fhál sceach. Tá gach clár de Séamus Goes Wild ag sruthú anois ar RTÉjr agus ar RTÉ Player.

Is bailiúchán seacht ngearrscannán beochana Éireannacha é Sparks – School’s Out, a bheidh á sheoladh ar fud RTÉjr, RTÉ 2 agus RTÉ Player an 9 Meitheamh. Tabharfaidh gach ceann léargas éasgúil ar dheireadh na scoile. Ó sheomraí ranga róbait agus séasúir athraitheacha go dtí uaigneas chiúin an fheighlí scoile tar éis an chloigín deiridh, léireoidh na scéalta beaga seo an sonas, an fhiosracht, agus na mothúcháin nach mbeifeá ag súil leo i dtús an tsamhraidh. Déanfaidh Sparks – School’s Out, á choimisiúnú ag RTÉjr, ceiliúradh spraíúil agus machnamhach ar an tsamhlaíocht, an t-athrú agus gach rud idir eatarthu.

Beidh na cláir seo a leanas san áireamh:

  • Droid Academy faoi stiúir Will Sliney agus léirithe ag PioneerTown Productions.
  • No Worries! faoi stiúir Chris Dicker agus léirithe ag D11 Stories.
  • Points of Shoe faoi stiúir Jamie Mills agus léirithe ag Flickerpix.
  • Pals faoi stiúir Tom Getty agus léirithe ag Taunt.
  • Little One faoi stiúir Avery Angle agus léirithe ag Little Moon.
  • The Caretaker faoi stiúir Leticia Agudo agus léirithe ag Wackala.
  • Molly’s Myths faoi stiúir Gillian Comerford agus léirithe ag Boulder Media.

Maddie + Triggs – Tar i gcuideachta Maddie, cailín fiosrach le lagú radhairc atá seacht mbliana d’aois agus a labradúdal spraíúil Triggs agus iad ag baint eachtraí móra as gnáthfhuaimeanna an lae. Cibé an dordán folúsghlantóra nó torann báistí atá ann, aimseoidh an bheirt seo ceol agus draíocht sa domhan mórthimpeall orthu. Suite i mbaile ildaite Higgledy-Piggledy, is ceiliúradh croíúil é Maddie + Triggs ar chairdeas, ar fhuaim, agus ar dhearcadh eile ar an domhan. Beidh Maddie + Triggs ar ais le cláir úrnua ón 21 Iúil ar RTÉjr agus RTÉ Player.

Fia’s Fairies ar ais. Léirithe ag Little Moon Animation, tá an tsraith réamhscoile seo a bhfuil gradam buaite aige ar ais le 24 clár nua draíochtúil a spreagann níos mó iontais i dtithe na hÉireann. Tá an-tóir ag leanaí agus ag tuismitheoirí araon ar Fia’s Fairies, ina ndéantar ceiliúradh ar chineáltas, fiosracht, comhoibriú agus grá teanga, i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an clár tar éis Gradam an Lucht Féachana Réamhscoile a bhuachan ag Gradaim Bheochana na hÉireann 2022 agus daoine a mhealladh ar fud na tíre. Beidh cláir úrnua ar RTÉjr gach Luan ag 8:00am, agus craolfar arís iad ag 5:25pm, agus beidh gach clár á shruthú ar RTÉ Player. Lean leis an draíocht!

Dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí ar Ábhar do Leanaí agus Daoine Óga, RTÉ, “Tá an samhradh linn ar RTÉjr agus tá neart sraitheanna spraíúla againn don lucht féachana is óige chun é a cheiliúradh!   In Séamus Goes Wild, rachaidh an madra óg is fearr le RTÉjr amach taobh amuigh ag cur ainmhithe na feirme agus ainmhithe an dúlra a chónaíonn in aice na feirme in aithne dúinn.  Beidh Fia, Ameer, Bláithín agus Cuán ar ais le haghaidh níos mó eachtraí ar Oileán na Sióg i gcláir úrnua Fia’s Fairies. Seo bealach iontach chun an Ghaeilge a fhoghlaim fad is atá tú ag spraoi le Fia agus lena cairde! Beidh ár scéim do ghearrscannáin bheochana Sparks ar bhur scáileáin le 7 ngearrscannán úrnua bunaithe ar an téama School’s Out. Beidh Maddie + Triggs, a bhfuil an-tóir orthu i gcónaí, ar ais le heachtraí úrnua díreach in am chun taitneamh a bhaint astu le linn shos an tsamhraidh. Ar deireadh, tá ríméad orainn fáilte a chur roimh Beddybyes chuig RTÉjr.  Sa tsraith iontach shuaimhneach seo d’am codlata, atá leagtha amach go sonrach chun bheith ar nós gnáthamh ama codlata leanaí óga, buailimid le MeMo, BaBa, Mamó Leeba, na Tweeties agus na Yummies, le haghaidh roinnt eachtraí gleoite roimh am codlata, an tsraith is fearr i ndáiríre chun cuidiú leis na leanaí titim ina gcodladh. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult astu!”

Is spás sábháilte é RTÉjr ag daoine óga chun bheith ag féachaint ar ábhar dúchasach na tíre seo le cláracha atá saor ó fhógraíocht agus atá ar fáil ar an Modh Sábháilte ar an RTÉ Player. Féach ar na sraitheanna seo ar fad ar RTÉjr agus ar RTÉ Player ar feadh an tsamhraidh seo.

-CRÍOCH-


Showing 1 - 10 of 546 stories