Ábhar Dúchasach Ríspéisiúil ag RTÉ do Leanaí

Coimisiúnaíodh níos mó ná 110 uair a chloig d’ábhar nua físeáin agus podchraoltóireachta i rith na bliana 2024 do shaoránaigh óga na hÉireann agus dá muintir.

Maddie + Triggs, tá sraith theilifíse á chruthú as podchraoladh de chuid RTÉjr agus beidh an chéad chlár le feiceáil ar an 21 Deireadh Fómhair

The Unreal, sraith dhrámaíochta osnádúrtha á chraoladh ar RTÉ One agus an RTÉ Player

Adam Loves Adventures, sraith nua bheochana le Adam King

– Clár Speisialta Nollag le The Kabin Crew

D’fhógair RTÉ inniu réimse leathan d’ábhar dúchasach ríspéisiúil atá á chruthú in Éirinn do dhaoine óga, ábhar teilifíse, fuaime agus ar líne a bheidh ina lón inspioráide agus spreagtha ag saoránaigh óga na hÉireann agus ina cheiliúradh ar shaoránaigh óga na hÉireann.

Leanann RTÉ den chomhar oibre le hearnáil léiritheoirí neamhspleácha na hÉireann – dreamanna nua agus seanbhunaithe i mbun beochana, ceapadóirí, stiúrthóirí agus an dream cumasach nua atá ag teacht chun cinn i gcúrsaí léiriúcháin – chun ábhar de scoth an domhain a chruthú atá ina lón foghlama, siamsa agus eolais ag lucht féachana na n-óg in Éirinn.

Tá níos mó ná 70 uair a chloig d’ábhar físeáin nua RTÉ kids agus RTÉjr coimisiúnaithe ag RTÉ i mbliana agus 40 uair a chloig d’ábhar podchraoltóireachta. Tá níos mó ná 1,000 uair a chloig agus níos mó ná 5,000 clár, d’ábhar do leanaí ar fáil ar an RTÉ Player, móide breis agus 220 uair a chloig de chláracha podchraoltóireachta RTÉjr agus RTÉ Kids ar féidir le teaghlaigh taitneamh a bhaint astu.

Drámaí nua rítharraingteacha, cláracha beochana chomh maith agus atá ar fáil, ábhar oideachais trí phodchraoltóireacht, sraitheanna faoi chúrsaí aeráide agus seirbhís nuachta gach lá, cuireann RTÉ ar fáil do dhaoine óga ábhar lena gcothaítear meon uileghabhálachta, tuiscint ar na mothúcháin agus freagracht maidir le cúrsaí timpeallachta.

Áirítear ar na buaicphointí:

  • Adam Loves Adventures, sraith nua bheochana le Adam King, laoch iomráiteach an Late Late Toy Show
  • Cuireann The Kabin Crew clabhsúr le bliain faoi leith acu le Clár Speisialta Nollag dá gcuid féin
  • Sraith nua Maddie + Triggs, le Siobhán McSweeney i mbun reacaireachta, a bheidh á chraoladh Dé Luain, an 21 Deireadh Fómhair
  • Déantar ceiliúradh ar shéan agus ar shonas aimsir na Nollag le clár speisialta dúbailte de Fia’s Fairies
  • Where the Wild Geese Go – sraith nua ina leantar an imirce a dhéanann an Cadhan, gé fhiáin, as Éirinn go réimsí Artacha Cheanada

Tá réimse leathan d’ábhar nua ar fáil ar RTÉjr, RTÉ One, RTÉ2 agus ar fud na n-ardán podchraoltóireachta. Tá níos mó ná 1,000 uair a chloig d’ábhar síorspéisiúil ar fáil freisin ar an RTÉ Player, gan fógraíocht ar bith, do dhaoine óga agus tuilleadh ábhair ar fáil saor ó fhógraíocht ar chainéil Youtube RTÉjr agus RTÉ Kids. Is féidir le héisteoirí óga ábhar spraoi a chloisteáil freisin seacht lá na seachtaine ar RTÉjr radio, tráth na gceist, drámaí, cláracha eolaíochta agus ábhar nua podchraoltóireachta san áireamh, agus cuirtear cuid mhór acmhainní oideachais ar fáil saor in aisce ar RTÉ.ie/learn.

Dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Gné ríthábhachtach de mhisean seirbhíse poiblí RTÉ is ea freastal do shaoránaigh óga na hÉireann agus is cinnte go ndéantar sin leis an réimse cláracha agus ábhair atá á fhógairt againn inniu. Trí bhreis agus 100 uair a chloig a chur i leith scéalta bríomhara, spraíúla, iléagsúla a insint do dhaoine óga a bheidh ina gceiliúradh orthu agus ina spreagadh acu, léiríonn RTÉ in athuair an dúthracht i ndáil leis an lucht féachana óg ar fud na tíre agus an tábhacht atá leo. Gabhaim buíochas le mo chuid comhghleacaithe ar fud RTÉ agus ár gcuid comhpháirtithe san earnáil léiritheoirí neamhspleácha as sceideal a chur i dtoll a chéile is ábhar mórtais dúinn ar fad.”

Dúirt Suzanne Kelly, Grúpcheannasaí ar ábhar Leanaí agus Daoine Óga in RTÉ:Leagtar de mhisean ar RTÉ neart agus cumhacht a chothú sna leanaí agus i ndreamanna óga an lucht féachana le hábhar ilardáin atá ina ábhar spéise, siamsa agus oideachais. Féachtar le timpeallacht meán cumarsáide a chruthú agus a thabhairt i gcrích atá sábháilte agus uilechuimsitheach, lena ndéantar ceiliúradh ar éagsúlacht agus lena spreagtar rannpháirtíocht agus atá ina ábhar inspioráide ag leanaí & daoine óga agus ina cheiliúradh orthu. Is teist mhaith air sin an réimse ábhair, idir ábhar beochana agus ábhar beo-aicsean, a cruthaíodh i gcomhar le hearnáil Léiritheoirí Neamhspleácha na hÉireann agus tá gach rún againn cur bliain i ndiaidh bliana leis an toradh saothair suntasach seo. Is cúis mórtais agus ríméid dom ardchaighdeán an ábhair atá á chruthú in Éirinn agus táim ag tnúth go mór lena chur ar taispeáint don lucht féachana.”

Is dráma greannmhar don teaghlach ar fad The Unreal atá taibhsiúil osnádúrtha agus a chraoltar ag 5.30 i.n. ar an Domhnach ar RTÉ One. Tá an tsraith ar fad ar fáil le sruthchraoladh ar an RTÉ Player.

Tosaíodh é mar phodchraoladh ar RTÉjr agus anois beidh Maddie + Triggs le feiceáil ar an scáileán ón 21 Deireadh Fómhair. Is í Siobhán McSweeney a dhéanann an reacaireacht sa tsraith ina bhfeictear Maddie, cailín beag fiosrach, a dtarlaíonn nach bhfuil amharc na súl go maith aici, agus na heachtraí a thiteann amach agus í in éineacht leis an madra atá ina dhlúthchara aici.

Is sraith nua bheochana Adam Loves Adventures a chraolfar sa bhliain 2025 le Adam King, laoch an Late Late Toy Show, sa phríomhpháirt ag cuidiú le coimhthígh amuigh sa spás a gcuid fadhbanna a réiteach.

Beidh maise na féile le braith ar RTÉjr ag an dream óg i rith aimsir na Nollag. Beidh clár speisialta den tsraith Ghaeilge Fia’s Fairies ar siúl agus ceiliúradh á dhéanamh ar shéan agus ar shonas na Nollag, le carúil á gcanadh as Gaeilge agus eile! Cuirfidh The Kabin Crew, sárlaochra Chorcaí, le clár speisialta Nollag dá gcuid féin, clabhsúr le bliain iontach acu, bliain inar tharla le gairid iad a ainmniú ar an liosta tosaigh maidir le Gradam Grammy sa bhliain 2025.

Bí linn i saol na cruthaitheachta ar RTÉjr! Tosaigh amach ar eachtra ealaíne le Doodle Girl, ina bhfeictear Tony Cantwell, fuirseoir grinn as Éirinn, agus a bheidh á chraoladh ón 4 Samhain. Beidh This is Art Club! ar ais chun an chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí na hÉireann a spreagadh trí thabhairt faoin ealaín ar bhealaí spéisiúla. Ag an am céanna, is féidir le daoine óga ocht mbliana déag agus faoina bhun cur isteach – go dtí an 3 Samhain – ar an gcomórtas digiteach ealaíne ‘This is Art!’ 2024 a mbeidh ealaíontóirí iomráiteacha de leithéid Maser, Leah Hewson, & Aideen Barry RHA i measc na moltóirí air.

Leanann RTÉ d’acmhainn cumhachta a chothú sna daoine óga agus de lón eolais a chur ar fáil dóibh faoi bhealaí inar féidir leo cuidiú leis an domhan seo a chosaint. Ar an ré atá i ndán atá an tsraith What’s Next? dírithe agus daoine óga, le cabhair ó Demi Issac Oviawe, aisteoir, Adam Beales, fear mór Youtube agus MC Fitzpatrick, fuirseoir grinn, ag cothú smaointe a d’fhéadfadh an domhan a thabhairt slán. Beidh sin ag tosú ar RTÉ2 agus an RTÉ Player ar an 14 Samhain. Tosóidh The Scavengers, sraith nua bheochana faoi chúrsaí timpeallachta, atá suite in Éirinn sa bhliain 3000, ar an 11 Samhain.

Dóibh siúd is óige sa lucht féachana, feictear racún as an gcathair ar Stories from Backwoods agus í ag dul i gcleachtadh ar an bhfiántas sa choill agus ar na hainmhithe eile a raibh cónaí orthu ansin roimpi. Beidh an clár ag tosú ar an 25 Samhain ar RTÉjr agus an RTÉ Player. Beidh Where the Wild Geese Go, sraith bheochana nua faisnéise ina leantar an Cadhan, gé imirce, ar an turas as Éirinn go Ceanada, ag tosú ar RTÉ2 ar an 21 Deireadh Fómhair ag 4.10 i.n. Beidh leagan Gaeilge, Áit a dTéann na Géanna Fiáine, á chraoladh freisin ag 7.55 ar maidin ar an 21 Deireadh Fómhair.

Is féidir le leanaí réamhscoile taitneamh a bhaint as Hey Fuzzy Yellow, clár a thosóidh ar RTÉjr ar an 18 Samhain, ina mbaintear casadh nua as siamsa agus foghlaim, spraoi agus fiosracht, do leanaí luathóige. Beidh sraith nua de Sir Mouse ar ais i mí na Nollag le scéal eachtraíochta ó ré na meánaoise faoi bheirt chairde i mbun gaisce agus le casadh nua feimineachais ann.

Maidir le podchraoltóireacht do leanaí, tá roinnt mhaith á chur ar fáil ag RTÉjr Radio mar ábhar suime do dhaoine óga agus níos mó ná 220 uair a chloig ar fáil faoin tráth seo. Ar na cinn is nuaí atá á gcur ar fáil den chéad uair, tá Time Tablet, turas eachtrúil siar go dtí an Éigipt sa Ré Ársa, le hábhar foghlama atá ceangailte leis an gcuraclam do leanaí ó rang a trí go dtí rang a sé. Tá Ecolution, Cereal agus Nero’s Class ar chuid den ábhar eile podchraoltóireachta a bhfuil gradaim gnóthaithe ina leith. Anuas ar an méid sin, leantar ag baint gáire as leanaí 3 bliana d’aois agus níos sine le Stop the Bus, Storytime Takeover, We Love Books, Our Sustainable Village agus Ireland’s Unreal.

Gheofar breis eolais faoi lón ábhair agus na hacmhainní oideachais ach cuardach a dhéanamh ar www.rte.ie/kids agus www.rte.ie/learn Is spás sábháilte ag daoine óga é RTÉjr ina mbíonn ábhar dúchasach na tíre seo le feiceáil agus na cláracha ar fad saor ó fhógraíocht. Tá sé ar fáil ar an Modh Sábháilte ar an RTÉ Player.


Beidh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl Dé Céadaoin, an 26 Feabhra 2025 i Vicar Street, Baile Átha Cliath

Beidh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl Dé Céadaoin, an 26 Feabhra 2025 i Vicar Street, Baile Átha Cliath.

Tá Mary Black, Christy Moore agus Moya Brennan le háireamh orthu siúd ar bronnadh gradam orthu roimhe seo.

Beidh an 7ú heagrán de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl Dé Céadaoin, an 26 Feabhra 2025 i Vicar Street, Baile Átha Cliath le John Creedon ina fhear an tí arís. Beidh oíche na nGradam á chraoladh beo ar RTÉ Radio 1 agus ar Aip Raidió RTÉ agus craolfar clár buaicphointí ar theilifís RTÉ.

Is ceiliúradh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar scoth an cheoil tíre in Éirinn le bliain anuas.

Deir Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Is gné thábhachtach Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 den obair a dhéanaimid chun fónamh do scoth an cheoil tíre agus an cheoil thraidisiúnta in Éirinn agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar a shárshaothrú. As an tír seo, arís agus arís eile, a thagann roinnt de na ceoltóirí is fearr agus den cheol is fearr i seánra an cheoil tíre agus is breá linn aird a tharraingt air sin leis na gradaim seo. Déantar ceiliúradh freisin ar fhiúntas an tsaothair a rinne daoine a chuaigh romhainn. Táthar ag tnúth le hócáid iontach eile ar oíche na ngradam i Vicar Street i mí Feabhra agus le ceiliúradh a dhéanamh ar scoth an cheoil tíre anseo in Éirinn le bliain anuas.”

MIONEOLAS

AN TRÉIMHSE CÁILITHE

Leanann an tréimhse cáilithe don 7ú eagrán de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ó Dé Luain, an 13 Samhain 2023 go Dé Domhnaigh, an 17 Samhain 2024.

Tá fáilte roimh cheoltóirí agus lipéid, roimh sheoltóirí agus roimh dhaoine den phobal iarratais lena meas a chur isteach ar an ríomhphost chuig folkawards@rte.ie. Tugtar chun aire gur giúiré a roghnaíonn an gearrliosta agus na buaiteoirí agus nach vótáil phoiblí atá i gceist.

CATAGÓIRÍ DE RÉIR VÓTAÍ GIÚIRÉ

Tá seacht gcinn de ghradaim a bhronntar gach bliain tar éis do Ghiúiré na nGradam Ceoil Tíre vótáil a dhéanamh ina leith. Is iad sin:

An Traic Ceoil Tíre Nua-cheaptha is Fearr

Amhrán nua nó traic ceoil uirlise nua a rinneadh a thaifeadadh le linn na tréimhse cáilithe ó eagraíodh na gradaim cheana.

Buaiteoir na bliana 2024: Anáil na hOíche – Eoghan Ó Ceannabháin

An Traic Ceoil Tíre Traidisiúnta is Fearr

Traic traidisiúnta (amhrán nó ceol uirlise) de cheol tíre traidisiúnta na hÉireann a rinneadh a thaifeadadh le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Seán Gabha – Piaras Ó Lorcáin agus Bláth na hÓige

An tAmhránaí Ceoil Tíre is Fearr

Gradam d’amhránaí ceoil tíre de chuid na hÉireann mar gheall ar shárshaothar taifeadta nó ceolchoirme le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Eoghan Ó Ceannabháin

An Ceoltóir Ceoil Tíre is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn

Gradam don oirfideach nua (ceoltóir aonair nó grúpa/amhránaíocht nó ceol uirlise) is mó a chuaigh i gcionn ar shaol an cheoil tíre in Éirinn le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta

An Ceoltóir Uirlise Ceoil Tíre is Fearr

Gradam do cheoltóir uirlise, ceoltóir aonair nó duine de ghrúpa, mar gheall ar cheolmhaireacht den scoth ar thaifeadadh nó i gceolchoirm le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Aoife Ní Bhriain

An Grúpa Ceoil Tíre is Fearr

An grúpa ceoil tíre de chuid na hÉireann is mó a chuaigh i bhfeidhm le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir na bliana 2024: Lankum

An tAlbam Ceoil Tíre is Fearr

An t-albam ceoil tíre is fearr a eisíodh le linn na tréimhse cáilithe. Ní thugtar atheisiúint ná cnuasach san áireamh.

Buaiteoir na bliana 2024: False Lankum – Lankum

Catagóirí de réir Vótaí an Choiste

Tá dhá ghradam a bhronntar gach bliain tar éis do Choiste Stiúrtha na nGradam Ceoil Tíre machnamh a dhéanamh ar an gcás. Is iad sin:

Gradam Dhámhachtain na Laoch

Gradam a bhronntar ar dhuine nach maireann a rinne cion mór fiúntais ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann lena linn.

Buaiteoir na bliana 2024: Séamus Ennis

Gradam Saoil

Gradam a bhronntar ar cheoltóir atá ar marthain ag a bhfuil tairbhe mhór déanta ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann ar feadh tréimhse maith blianta.

Buaiteoir na bliana 2024: Tríona Ní Dhomhnaill

Tá mioneolas faoi bhuaiteoirí na bliana seo caite ar fáil ar https://about.rte.ie/2024/02/27/rte-radio-1-folk-awards-winners-announced-3/

Cuirfear ticéid ar díol roimh dheireadh na bliana. Fógrófar eolas breise in am tráth.


Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024

D’fhógair An tOireachtas i rith na seachtaine an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024.  Tá 21 ainmniúcháin ar fad faighte ag RTÉ sa trí chatagóir déag le foirne in RTÉ Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ le TG4, Cláracha Gaeilge RTÉ agus comhlachtaí ón earnáil neamhspleách i gcomhar le RTÉ Gaeilge chomh maith le rte.ie/gaeilge san áireamh do na gradaim.

Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla de na meáin le dhá mhí dhéag anuas.

Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, 30 Deireadh Fómhair 2024 san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí.

Guímíd gach rath ar gach duine atá ainmnithe.

AN GEARRLIOSTA

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
M’Ainm Mo Scéal – Ronin Films
Siar Linn – Macalla Teoranta
Peataí – Big Mountain Productions / RTÉ Gaeilge
Uisce Uisce – Paper Owl Films
Is Mise – Meangadh Fibín

COLÚNAÍ NA BLIANA
Maitiú Ó Coimín – Tuairisc.ie
Kathryn Ní Mhaoláin – NÓS
Ciarán Dunbar – Seachtain, Irish Independent
Éanna Ó Caollaí – Irish Times
Siún Ní Dhuinn – RTÉ Gaeilge

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Ómós Áite le hAilbhe Ní Ghearrbhuigh – RTÉ Raidió na Gaeltachta
BLAS– BBC Raidió Uladh
An tSeachtain le Máirín Ni Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Saol na mBan – BBC Raidió Uladh / RTÉ Raidió na Gaeltachta
Eachtraí Dom – RTÉ Raidió na Gaeltachta 

CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA 
Hothouse Flowers: Stick Around and Laugh a While – RTÉ Cláracha Gaeilge
Viva Mary – Rúnda Productions / RTÉ Gaeilge
Kneecap – Fine Point Films, Mother Tongues Films, TG4, Wildcard
Séamus Begley: An Rógaire Duibhneach – Aniar TV / RTÉ Gaeilge
100 Bliain de Thithíocht in Éirinn – Midas Productions

IRISEOIR NA BLIANA
Caoimhe Ní Laighin – Nuacht RTÉ & TG4
Gráinne Ní Aodha – PA Media
Sinéad Ní Neachtain – Nuacht RTÉ & TG4
Pádraic Ó Ciardha – Tuairisc.ie
Cuán Ó Seireadáin – RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Emma Ní Chearúil – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió RíRá
Rossa Ó Sioradáin – Raidió na Life
Caoimhe Ní Chathail – BBC Raidió Uladh / BBC Raidió Feabhail
Seán Ó Dubhchon – Ráidió Rí-Rá
Micheál Ó Tuathail – RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Síomha Ní Ruairc
Fiona Ní Fhlaithearta
Doireann Ní Ghlacáin
Aoife Ní Thuairisg
Caoimhe Ní Chathail

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL 
Aiteall – Raidio Pobail Chonamara
Aon Scéal – 92.5 PhoenixFM
Ceol agus Craic – 103.2 Dublin City FM

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA 
Ruaille Buaille – Highland Radio
Clár Sa Charr – South East Radio
Splanc – Newstalk
The Magic of An Ríocht – Raidió Chiarraí

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Ag Triall ar an Tobar – Midas Productions
Iniúchadh TG4 – Clean Slate TV
Kayak ó Thuaidh – Macha Media / RTÉ Gaeilge/ BBC Gaeilge.
Aistear an Amhráin – RTÉ Cláracha Gaeilge
Meitheal Mara Corca Dhuibhne – Aniar TV

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Donncha Ó Murchú – TG4
Michelle Nic Grianna – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Séamus Ó Scanláin – RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4
Garry Mac Donncha – RTÉ

RÉALTA ÓG NA BLIANA 
Laura Packenham – TG4 Foghlaim
Conor Ó Gallchóir – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Aisling Ní Dhonnabháin – Raidió Rí-Rá
Darragh Ó Caoimh – TG4
Storm Eaton Kilgallen – Raidió Fáilte / BBC Raidió Uladh
Clíodhna Ní Mhianáin – RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Gaeil


Tá RTÉ agus Kite Entertainment ag lorg Iarratasóirí chun bheith páirteach in Traitors Ireland

Tá sé fógartha inniu go bhfuil Traitors Ireland coimisiúnaithe ag RTÉ. Is leagan é seo den tsraith mhóréilimh a raibh an-suim ag lucht féachana ar fud na cruinne inti, lena n-áirítear leaganacha na Ríochta Aontaithe, na Stát Aontaithe agus na hÍsiltíre, ar leaganacha iad a bhain gradaim amach.

Kite Entertainment a léireoidh an tsraith do RTÉ, a bhfuil an fhormáid ar cheadúnas acu ó All3Media International

22 duine nach bhfuil aithne ar bith acu ar a chéile a bheidh páirteach sa chomórtas réaltachta síceolaíoch lán teannais seo. Tiocfaidh siad le chéile i gcaisleán amuigh faoin tír chun feall a imirt agus bob a bhualadh ar a chéile agus iad ag iarraidh muinín a chur sna daoine cearta… iad ar fad ag súil le €50,000 a bhuachan. Ina measc, áfach, tá fealltóirí nó na Traitors, a fhéachfaidh le duine de na himreoirí a dhúnmharú mar dhea agus faoi cheilt gach oíche. Is faoi na fíréin, nó na Faithfuls, a bheidh sé a dhéanamh amach cé hiad na Traitors agus iad a dhíbirt as an gcluiche sula ndúnmharaítear iad féin.

Beidh ar an ngrúpa tabhairt faoi Mhisin gach lá agus iad ag obair i gcomhar chun tuilleadh airgid a chur leis an duaischiste. Beidh deis acusan a n-éiríonn leo fanacht sa chluiche go dtí an deireadh an t-airgead sin, a d’athródh an saol dóibh, a bhuachan, ach má éiríonn le Traitor é a dhéanamh chomh fada le deireadh an chluiche is aige nó aici sin a bheidh an duais.

Tá RTÉ agus Kite Entertainment anois ag lorg daoine chun bheith páirteach sa tsraith a bheidh á taifeadadh ar an láthair in Éirinn agus á craoladh ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player in 2025.

Is éard a dúirt Grainne McAleer, Eagarthóir Coimisiúnaithe ar Chláracha Faisnéise agus Sraitheanna in RTÉ, “Tá an-ríméad orainn an fhormáid uaillmhianach agus shiamsúil seo a chur os comhair lucht féachana RTÉ. Táimid lánchinnte go n-éireoidh linn 22 iomaitheoir a fháil a bheidh breá ábalta an dallamullóg a chur ar a chéile chun go mbeidh an lucht féachana gafa leis an tsraith. Beidh an-spraoi againn ag fáil iomaitheoirí don seó seo. Thaithneodh linn dá ndéanfadh gach uile chineál duine iarratas. Iadsan nach mbíonn deacracht ar bith acu muintearas a dhéanamh agus a théann i gcion ar dhaoine eile. Iadsan atá go maith ag insint bréag agus nach bhfuil fadhb ar bith acu teacht salach ar dhuine chun barr an dréimire a bhaint amach agus iadsan atá in ann comhcheilg a chothú chun an bua a bhaint amach. Má cheapann tú, mar sin, go mbeadh tú in ann an ceann is fearr a fháil ar dhaoine agus go mbeadh tú in ann plámás a dhéanamh leo, tá gach seans go bhfeilfeadh sé seo duit.”

Is éard a dúirt Darren Smith, SB Kite Entertainment, “Tá an-áthas orainn in Kite The Traitors a chur os comhair lucht féachana na hÉireann. Bhíomar an-tógtha leis an bhformáid seo ó chonaic muid leagan bunaidh na hÍsiltíre cúpla bliain ó shin agus tá an-áthas orainn go bhfuil cead tugtha ag RTÉ, ag All3Media International agus ag IDTV dúinn leagan Éireannach a léiriú. Déanfaimid ár ndícheall gan iad agus, níos tábhachtaí fós, gan lucht féachana na hÉireann a ligean síos. Anois, as go brách linn le go bhfaighimid caisleán álainn, cliar den scoth, slám clócaí agus sárláithreoir!”

Marc Pos agus Stiúrthóir Cruthaitheach IDTV Jasper Hoogendoorn i gcomhar le hAonad Cruthaitheach RTL a chruthaigh agus a d’fhorbair The Traitors (teideal na hÍsiltíre: De Verraders). Tá an-tóir ar an bhformáid go hidirnáisiúnta ó seoladh an tsraith san Ísiltír ar RTL in 2021 i bhfianaise go bhfuil 30 leagan ar leith déanta di agus sraitheanna nua á ndéanamh díobh sin. I measc na leaganacha idirnáisiúnta a rinneadh ag úsáid na formáide sin tá leagan na Stát Aontaithe don tseirbhís sruthaithe NBC Universal Peacock a bhuaigh Emmy agus an leagan do BBC One sa Ríocht Aontaithe a bhuaigh BAFTA agus a raibh 8 milliún duine ag breathnú ar bhabhta ceannais shéasúr 2. Beidh an triú, an ceathrú agus an cúigiú séasúr á ndéanamh de leagan na Stát Aontaithe agus tá coimisiúnú déanta ar an gceathrú séasúr de leagan na Ríochta Aontaithe chomh maith le leagan a mbeidh daoine cáiliúla páirteach ann.

Tá go leor gradam buaite ag an tsraith seo a bhfuil an-tóir ag an lucht féachana uirthi agus ainmníodh The Traitors arís le déanaí mar fhormáid K7 na bliana in 2024 agus bronnadh Gradam Formáid Idirnáisiúnta C21 ar an bhformáid don Óstach is Fearr i bhFormáid Teilifíse. Bronnadh duais Rose d’Or nó “an Rós Órga” don tSraith Siamsaíochta agus Réaltachta is Fearr ar an leagan na hÍsiltíre De Verraders roimhe sin.

Ní mór do na rannpháirtithe a bheith níos sine ná 18 mbliana d’aois agus a bheith ar fáil in Earrach 2025. Téigh chuig www.rte.ie/traitors chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le hiarratas a dhéanamh.

 


Téann Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman i gcomhar le RTÉ le haghaidh craoltaí beo

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, tiocfaidh Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman agus RTÉ le chéile arís chun blaiseadh den draíocht a bhaineann le Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman a thabhairt do lucht féachana sa bhaile agus thar lear.

Is féidir le lucht féachana in Éirinn tiúnáil isteach in Opera Night le Paul Herriott ar RTÉ lyric fm nó logáil isteach ar RTÉ Culture chun blaiseadh a fháil de na trí phríomh-cheoldráma i mbliana.

I mbliana, tá tríréad de cheoldrámaí príomhchéime i mbéal an phobail

Le Maschere le Pietro Mascagni (18 Deireadh Fómhair, ó 8pm)

Is é Le Maschere hómós Mascagni do Rossini agus do thraidisiúin buffa opera agus commedia dell’arte na hIodáile. Taispeánadh den chéad uair é ag an am céanna i sé theach ceoldrámaíochta Iodálacha ach, cé is moite den Róimh, cuireadh an fáiltiú ar ceal. Cé gur minic a fuarthas amach gur ‘fear ceoldrámaíochta amháin’ a bhí i Mascagni nach bhféadfadh rath Cavalleria rusticana a dhéanamh arís, tá an fíorasc sin díbeartha cheana féin ag ceithre léiriú Mascagni a bhí ag Loch Garman roimhe seo, Guglielmo Ratcliff le déanaí in 2015.

Beir ar bheoshruth na hoíche oscailte ar RTÉ lyric fm agus RTÉ Culture, agus beo chun na hEorpa tríd an EBU

An Léirmheastóir le Charles Villiers Stanford (19 Deireadh Fómhair, ó 7.30pm)

Rugadh Stanford agus an librettist Richard Brinsley Sheridan i mBaile Átha Cliath ach chuaigh siad sa tóir ar a ngairmeacha beatha i Sasana; Sheridan mar dhrámadóir mór le rá agus úinéir aon uaire ar an Amharclann Royal Drury Lane agus Stanford mar Ollamh le Ceol i gColáiste Ríoga an Cheoil agus in Ollscoil Cambridge chomh maith le cumadóir is fearr a bhfuil cuimhne air as a chuid saothar córúil. Ba é an Criticeoir leathdhéanach naoi gceoldráma le Stanford agus mheas sé go raibh sé ar cheann de na cinn is fearr a rinne sé, tar éis do Thomas Beecham é a athbheochan ar dtús agus ina dhiaidh sin.

Beir ar bheoshruth na hoíche oscailte ar RTÉ lyric fm agus RTÉ Culture, agus beo chun na hEorpa tríd an EBU.

Le convenienze ed inconvenienze teatrali le Gaetano Donizetti (26 Deireadh Fómhair, ó 7.30pm)

Farsa aonghnímh a bhí sa cheoldráma ar dtús a léiríodh den chéad uair ag an Teatro Nuovo i Napoli sa bhliain 1827, sular athbhreithnigh Donizetti é mar shaothar dhá ghníomh le haithriseoirí breise agus ábhar eile. Spreagtha ag dhá ghrinn a scríobh Antonio Simone Sografi idir 1794 agus 1816, leanann sé traidisiúin amharclainne Goldoni, Gozzi agus Metastasio, ag cur droch-nósanna an domhain ceoldrámaíochta faoi réir cáineadh biting. Tá convenienze le feiceáil i roinnt aistriúchán agus faoi theidil éagsúla ar nós Viva la Mamma agus Viva la Diva.

Beir ar bheoshruth na hoíche oscailte ar RTÉ lyric fm agus RTÉ Culture, agus beo chun na hEorpa tríd an EBU

Beidh Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman ar siúl ón 18 Deireadh Fómhair – 2 Samhain – faigh tuilleadh eolais ag clár na bliana seo anseo.


I dtuairisc speisialta de RTÉ Investigates a chraolfar anocht, tabharfar tuilleadh sonraí ar an gcaoi cruálach agus do-ghlactha a gcaitear le Laonna Éireannacha

– Feictear laonna á mbualadh sula dtugtar amach as an tír iad i míreanna a glacadh faoi rún i saoráid mhór easpórtála i gCiarraí

– “Déanfaidh sé dochar don cháil atá orainn ar fud na hEorpa maidir le hainmhithe atá ar ardchaighdeán, folláin, sláintiúil a chur ar fáil” – Uachtarán ICMSA

Féach ar Prime Time anocht ag 9.35pm ar RTÉ One & ar an RTÉ Player

I dtuairisc speisialta ar Prime Time anocht, craolfaidh RTÉ Investigates míreanna nua faoi a taifeadadh faoi cheilt de dhaoine ag caitheamh go cruálach le laonna tairbh Éireannacha, lena n-áirítear míreanna a taifeadadh ag saoráid mhór easpórtála eallaigh i gCiarraí ina nochtar laonna á mbualadh arís agus arís eile san aghaidh, á mbeathú in aghaidh a dtola, á sá le huirlisí agus daoine á dtarraingt leo i ngreim cluas agus eireabaill.

Lean RTÉ d’fhiosrúchán a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear le laonna Éireannacha mar gheall ar an spéis mhór a bhí ag daoine ar fud na hEorpa ina mhórthuairisc a foilsíodh agus a craoladh i mí Iúil 2023, RTÉ Investigates: Milking It, Dairy’s Dirty Secret. Nochtadh sa tuarascáil sin an chaoi a raibh rialacháin an Aontais Eorpaigh i ndáil le hiompar ainmhithe beo á sárú agus laonna tairbh na hÉireann á n-iompar ar thrucail go mór-roinn na hEorpa. D’ardaigh an clár ceisteanna móra freisin faoin gcaoi a gcaitear le hainmhithe ag marglanna in Éirinn.

Rinne an príomhshaineolaí leasa ainmhithe, an Dr Simon Doherty ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste cur síos ar an méid a chonaic sé sna míreanna a chraolfar anocht agus dúirt go raibh sé cruálach: “Sílim gur ionann ciceáil agus béicíl agus léasadh agus priocadh le pící agus leibhéal cruálachta.”

Rinneadh na míreanna a thaifeadadh in Hallissey Livestock Exports ar an bhFossa, gar do Chill Airne i mí an Mhárta i mbliana. Taifeadadh iad ar cheamaraí a chuir feachtasóirí cearta ainmhithe i bhfolach ar an láithreán, agus cuireadh ar fáil ansin iad do RTÉ Investigates.

Dúirt Denis Drennan, Uachtarán Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann (ICMSA), “nach bhféadfaí glacadh ar chor ar bith” leis méid a chonaic sé sna míreanna nua. Agus é ag breathnú ar na míreanna, dúirt an tUasal Drennan “tá fear ann atá ag bualadh laonna le bata. Cuireadh deireadh iomlán leis an gcleachtas sin agus tá sé in aghaidh an dlí, agus tá fear ann a bhfuil píce aige agus é ag iarraidh laonna a chur amach an geata – rud nach féidir glacadh ar chor ar bith leis.”

Ullmhaítear laonna lena n-easpórtáil ar thrucailí ag an tsaoráid. Deir Denis Drennan go n-ardaíonn na míreanna de dhá lao atá á mbeathú in aghaidh a dtola trí úsáid a bhaint as feadáin bholg imní faoin gcúis a bhfuil na laonna ag an tsaoráid sa chéad áit. “Deirtear sna rialacha agus sna rialacháin nár cheart d’ainmhí taisteal mura bhfuil sé sách folláin sin a dhéanamh. Déanfaidh sé dochar don cháil atá orainn ar fud na hEorpa maidir le hainmhithe atá ar ardchaighdeán, folláin agus sláintiúil a chur ar fáil,” a dúirt sé le RTÉ Investigates.

Taispeántar i dtuairisc na hoíche anocht freisin an chaoi ar cuireadh ainmhithe marbha i mullach a chéile i ndumha agus ar fágadh iad le lobhadh lasmuigh den tsaoráid i gCiarraí, rud ar cúis mhór imní é maidir le baol galair, dar leis an Dr Simon Doherty ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Thaifead ceamaraí roinnt laonna marbha á dtógáil as seideanna i gcaitheamh ceithre lá. Oibrithe feirme a tharraing cuid acu amach, tarraingíodh roinnt eile acu amach le teiliompróir. Leagadh iad anuas ar dhumha ina raibh conablaigh laonna a bhí marbh agus ag lobhadh ansin faoin aer, agus an bháisteach anuas orthu.

Dúirt an Dr Simon Doherty ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste gur cosúil go raibh cuid de na hainmhithe ann le seachtainí. “Má bhí radharc, cloisteáil agus boladh ag ainmhithe beo eile orthu, tá sé sin mícheart ar gach uile bhealach ó thaobh leasa de. Is baol ollmhór galair é,” a dúirt sé.

“Tá an chuma ar an scéal go ndéantar iad a chaitheamh i gcarn áit éigin. Ní thuigim é ar chor ar bith. Tá sé chomh deacair a chreidiúint go bhfágfadh duine ainmhithe an t-achar ama sin ar a n-áitribh,” a dúirt Denis Drennan.

Spreagann an tuairisc ceisteanna arís a ardaíodh ar an gclár RTÉ Investigates anuraidh faoin gcaoi a chaitear le laonna tairbh Éireannacha anseo le linn an phróisis easpórtálacha beo. Tar éis fhiosrúchán RTÉ in 2023, rinne an Taoiseach a bhí ann ag an am, Leo Vardkar, cur síos ar an gcruálacht a nochtadh mar ‘déistineach’ agus dúirt sé leis an Dáil go gcuirfeadh an Roinn Talmhaíochta tús le fiosrúchán ‘láidir agus tráthúil’ ar na heachtraí a tarraingíodh ar aird.

Mar fhreagra ar cheisteanna RTÉ, dúirt aturnae le haghaidh Hallissey Livestock Exports “go gcuireann gnó a gcliant seirbhís luachmhar ar fáil don phobal feirmeoireachta agus go nglacann sé cúram réasúnta i gcónaí lena chinntiú go ndéanann sé amhlaidh ar bhealach a chosnaíonn leas na n-ainmhithe atá faoina chúram.” Cuireadh in iúl go bhfuil Hallissey Livestock Exports Limited á rialú ag an Roinn Talmhaíochta agus luadh i litir an aturnae, “cé nach mbíonn aon chóras foirfe riamh, tá sé sásta go gcomhlíonann a ghnó na caighdeáin is airde.”

I dtuairisc speisialta na hoíche anocht freisin beidh míreanna ina dtaispeánfar an riocht inar fágadh na céadta laonna Éireannacha tar éis a bheith easpórtáilte trasna na Rómáine agus chomh fada le hIosrael. Lean RTÉ Investigates a dturas agus chonaic siad laonna na hÉireann ag teacht amach as feithiclí iompair i gCalafort Haifa i dTuaisceart Iosrael.

Tá éileamh níos mó anois ag Iosrael ar iompórtálacha eallaigh ón Rómáin ó stop roinnt tíortha ag tabhairt easpórtálacha beo chuig an tír ó bhris cogadh amach i nGaza. Fuarthas amach le linn taighde a rinne RTÉ Investigates go bhfuil na mílte laonna de bhunadh na hÉireann liostaithe mar laonna de bhunadh na Rómáine i bhfigiúirí oifigiúla iompórtálacha Iosrael.

Féach ar RTÉ Investigates, Live Exports: On The Hoof, ar Prime Time anocht, Dé Máirt an 8 Deireadh Fómhair ag 9.35pm ar bhealach teilifíse RTÉ One.

Is é Fran McNulty, láithreoir RTÉ Prime Time agus iar-Chomhfhreagraí Talmhaíochta, agus Frank Shouldice, léiritheoir/stiúrthóir RTÉ Investigates, a bhí i mbun na tuairisce.


Déanfaidh RTÉ craoladh cuimsitheach ar Bhuiséad 2025 ar fud a ardáin dhigiteacha, ar an raidió agus ar an teilifís

Déanfaidh RTÉ craoladh cuimsitheach ar Bhuiséad 2025 ar fud ardáin dhigiteacha, ar an raidió agus ar an teilifís Dé Máirt an 1 Deireadh Fómhair agus cuirfear anailís agus tuairisciú fairsing ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon. Ó thús na maidine, déanfaidh RTÉ News mionchraoladh ar Bhuiséad 2025 ar líne agus ar chainéil meán sóisialta RTÉ News. Craolfar aitheasc an Aire Airgeadais ar Bhuiséad 2025 agus an t-aitheasc ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe beo ó Dháil Éireann ar RTÉ Radio 1, ar RTÉ One, ar an RTÉ Player, ar RTÉ News Channel agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cuirfear tús leis na haithisc faoin mBuiséad a chraoladh ar an teilifís ag 12.40pm ar RTÉ One agus ar RTÉ News Channel, nuair a chuirfidh David McCullagh agus Sharon Ní Bheoláin an craoladh beo ar Bhuiséad 2025 i láthair ó Dháil Éireann chomh maith le hanailís ón stiúideo le painéal aíonna. Gheofar tuairimí ó dhaoine le linn an chláir faoi bhearta an Bhuiséid de réir mar a tharlaíonn siad beo ó lár chathair Bhaile Átha Cliath nuair a bheifear ag labhairt le grúpaí sainleasa agus gheobhaidh Comhfhreagraí RTÉ don Iarthar, Pat McGrath, tuairimí daoine ón láthair i nGaillimh.

Craolfar clúdach beo d’aithisc an Bhuiséid ar chlár speisialta níos faide de News at One le Rachael English ar RTÉ Radio 1 a thosóidh ag 12.45pm agus a bheidh ar siúl go dtí 3.30pm. Mar chuid den chlár craolfar aitheasc an Aire Airgeadais Jack Chambers agus aitheasc an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe. Beidh Rachael English ag caint leis an bhfreasúra freisin chun a dtuairimí agus anailís láithreach a fháil amach. Ar Drivetime Budget Special, arna chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra, déanfar anailís ar na príomhábhair chainte ó fhógra an bhuiséid ó 4.30pm. Agus beidh tuilleadh díospóireachta ó ar fud an speictrim polaitíochta ar an gclár Late Debate le Colm Ó Mongáin beo ón 10pm.

Ar chlár RTÉ Raidió na Gaeltachta, Lá na Cáinaisnéise, arna chur i láthair ag Máirín Ní Ghadhra, craolfar clúdach ar Bhuiséad 2025 beo ó Theach Laighean ó 1.30pm ina mbeidh anailís ó na painéalaithe seo, an comhairleoir cánach Ciarán Ó Feinneadha, an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin, Ceannasaí Fiontair agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ciarán Mac an Bhaird, eacnamaí agus iar-Stiúrthóir na meithle machnaimh ceardchumainn, Institiúid Taighde Eacnamaíochta Nevin, Tom Healy, agus Tuairisceoir Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta Cuan Ó Seireadáin.

Leanfar leis an gclúdach ón 5pm ar an gclár, Tús Áite, a bheidh á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil beo ó Theach Laighean.  Ar an bpainéal beidh an craoltóir gnó agus podchraoltóir Conall Ó Móráin, beidh Emer Ní Bhrádaigh, Ollamh Cúnta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Julian De Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge. Déanfar anailís ar na himpleachtaí agus ar na drochiarmhairtí polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na cinntí a fhógrófar sa Bhuiséad agus gheofar tuairimí ó ionadaithe poiblí i leith na gcinntí sin sa dá chlár.

Cuirfear clúdach cuimsitheach, idir an nuacht atá díreach tagtha isteach agus anailís mhion, ar fáil ar Bhuiséad 2025 ar aip RTÉ News agus ar RTÉ.ie/news ó thús an lae. Coinneofar súil i mblag beo a bheidh ar siúl i gcaitheamh an lae ar na forbairtí is déanaí go léir ó luath ar maidin de réir mar a fhógraíonn an Rialtas a phlean airgeadais. Cuideoidh iriseoirí RTÉ ar líne linn ciall a bhaint as an bplean sin agus míneoidh siad a bheidh i gceist leis do gach duine. Is féidir leosan ar mhaith leo fáil a bheith acu ar cheannlínte tábhachtacha an lae príomhphointí ‘Sracfhéachaint’ RTÉ a leanúint, agus beidh clúdach agus anailís fhairsing le fáil ar chainéil meán sóisialta RTÉ News, lena n-áirítear tuairimí ón bpobal. Is féidir le lucht leanúna RTÉ News ar na meáin shóisialta ceisteanna buiséid a sheoladh isteach freisin agus a tabharfaidh saineolaithe airgeadais freagra orthu i mblag beo Ceisteanna & Freagraí. Beidh sruthanna beo ar fáil de chlúdach teilifíse agus raidió RTÉ d’úsáideoirí ar fud an domhain tríd an aip RTÉ News, ar an RTÉ Player agus ar an RTÉ Radio Player.

Léireoidh Nuacht RTÉ/TG4 clár speisialta uair an chloig do TG4 ar lá an bhuiséid. Cuirfear tús leis an gclár, Buiséad 2025 ar TG4 ag 2.30pm ar a mbeidh painéal d’aíonna sa stiúideo agus ó chian i mbun mionscrúdaithe agus anailíse ar na bearta de réir mar a fhógrófar iad agus is í Beirní Ní Chuinn a chuirfidh an clár i láthair. Ar an gclár Nuacht RTÉ le TG4 ag 5.40pm ar RTÉ One, tabharfar achoimre agus tuairimí ar na bearta a fógraíodh agus cuirfidh Eimear Ní Chonaola tuairimí na ndaoine ó ar fud na tíre i láthair lucht féachana Nuacht TG4 ag 7pm. Ar deireadh, déanfar mionscrúdú níos déine ar impleachtaí Bhuiséad 2025 ar an gclár 7Lá arna chur i láithreoir an ag Beirní Ní Chuinn ag 8pm ar TG4.

Tabharfar achoimre ar phríomhfhógraí an bhuiséid agus cuirfear clúdach cuimsitheach ar Bhuiséad 2025 ar fáil ar Six-One News níos faide, arna chur i láthair ag Sharon Tobin agus David McCullagh. Tabharfaidh Ray Kennedy an t-eolas is déanaí don lucht féachana maidir le tuairimíocht faoi na bearta airgeadais ar an gclár Nine O’Clock News. Ar an gclár Prime Time Budget Special, leanfaidh Miriam O’Callaghan agus Sarah McInerney leis an anailís ar fhógraí an lae. Ceisteoidh siad an tAire Airgeadais Jack Chambers agus urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty. Roinnfidh painéal ar a mbeidh daoine den phobal a dtuairimí maidir le bearta an bhuiséid, agus cuirfear anailís shaineolach ó KPMG ar fáil ina dhiaidh sin.

An mhaidin i ndiaidh an Bhuiséid, pléifear ar an gclár Morning Ireland na príomhábhair chainte ar RTÉ Radio 1 agus ar an RTÉ News Channel agus níos déanaí ag 10am, beidh an tAire Airgeadais Jack Chambers agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe i dteannta Claire Byrne sa stiúideo don eagrán bliantúil glaoigh isteach speisialta don bhuiséad. Mar a bhíonn i gcónaí, tabharfar cuireadh don lucht éisteachta an chláir Today with Claire Byrne a gcuid ceisteanna faoi Bhuiséad 2025 a chur go díreach chuig na hAirí.

 


FÓGARTHA AG RTÉ GO bhFUILTEAR AG LORG NA nOIRFIDEACH A CHANFAIDH THAR CEANN NA hÉIREANN AG COMÓRTAS AMHRÁNAÍOCHTA EORAIFÍSE 2025

Ar mhaith leat canadh ar stáitse os comhair lucht féachana 160 milliún duine ar fud an domhain?*

An bhfuil an glór agat, an teacht i láthair, an dúil sa cheol agus sa tsamhlaíocht, le seasamh ar son na hÉireann agus Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025 a bhuachan? Má tá… ba mhaith le RTÉ scéal a fháil uait!

Is cúis áthais do RTÉ a fhógairt go mbeidh Éire páirteach sa 69ú Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse a bheidh ar siúl in Basel na hEilvéise i mí Bealtaine 2025.

Is mian le RTÉ an tráth seo, scéal a fháil ó chantairí, oirfidigh agus lucht déanta amhrán a bhfuil an cumas iontu, agus an spreacadh chun sprice, chun dul i mbun comórtais agus an chraobh a bhreith leo sa timpeallacht géariomaíochta seo. Is deis iontach ag ceoltóirí agus cumadóirí amhrán aird a tharraingt ar fud an domhain ar fad – bíonn gnóthachtáil mhór le baint as cruthú go maith ar an stáitse seo agus is ar an gcúis sin a tharraingíonn an comórtas sáramhránaithe agus sárcheoltóirí gairmiúla i gcéin agus i gcóngar.

Deir Michael Kealy, Ceannaire Thoscaire Eoraifíse RTÉ: “Chuir Bambie Thug, oirfideach na hÉireann sa bhliain 2024, an lucht féachana faoi gheasa agus tháinig sí sa séú háit i mí Bealtaine i gcomórtas Eoraifíse i Malmo na Sualainne – an toradh is fearr ag Éirinn ón mbliain 2000 i leith. Rinneadh Doomsday Blue, amhrán Bambie, a shruthsheinm níos mó ná 24 milliún uair ar Spotify go dtí seo. Breathnaíodh ar chanadh an amhráin ar Oíche na Craoibhe 9.4 milliún uair ar chainéal oifigiúil Eoraifíse ar You Tube.”

Is iontach an deis ag oirfidigh as Éirinn an Comórtas Eoraifíse chun iad féin a chur i lár an aonaigh, agus sin aonach an domhain mhóir. Bhí Bambie Thug ag seinm ag Electric Picnic i mí Lúnasa agus tá camchuairt 30 ceolchoirm ar siúl faoi láthair ar fud na hEorpa agus lán an ionaid de thicéid díolta do na seónna i Manchain, i nGlaschú, in Amstardam, in Cologne, i Heilsincí, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Níl aon ní eile inchurtha le seasamh ar son na tíre, amhrán a chanadh agus seinm ag Comórtas Eoraifíse. D’fhéadfadh doirse a bheith ar oscailt ina dhiaidh nach samhlófá roimh ré. Más dóigh leat go mbeadh tusa abalta ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann in Basel an bhliain seo chugainn, ba bhreá linn scéal a fháil uait anois!”

Is é Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse an seó beo ceoil is mó ar domhan chomh maith le bheith ar cheann de na hócáidí teilifíse is mó a tharraingíonn lucht féachana bliain i ndiaidh bliana ar fud an domhain. Téann sé i gcion ar na céadta milliúin san Eoraip agus níos faide ó bhaile ar ardáin na meán sóisialta agus is breá leis an lucht féachana óg agus na ndaoine fásta óga go háirithe é.

8 seachtaine ón lá inniu – ag a 6 i.n. Dé Luain, an 18 Samhain 2024 – an tráth deiridh le hiarratas a chur isteach.

Tá eolas breise, téarmaí agus coinníollacha san áireamh, ar fáil ar www.rte.ie/eurovision

-CRÍOCH-

Dáta: Dé Luain, an 23 Meán Fómhair 2024

Preasoifigeach Sinsearach: Rayna Connery

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá grianghraif de Bambie Thug ag Eurovision 2024 ar fáil lena n-íoslódáil anseo:

Cnuasach Eurosong de ghrianghraif de Bambie Thug

Cóipcheart: RTÉ 2024. Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Andres Poveda www.apphoto.ie

* Tharraing Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2024, arna eagrú ag Aontas Craolacháin na hEorpa (EBU), aird 163 milliún duine i rith 3 cinn de sheónna beo ar fud 37 margadh meán cumarsáide seirbhíse poiblí.

Preasráiteas ó EBU maidir le figiúirí: https://www.ebu.ch/news/2024/05/eurovision-song-contest-2024-breaks-new-records-as-hundreds-of-millions-watch-and-listen-on-tv-and-digital-platforms

Rinneadh Doomsday Blue, amhrán Bambie, a shruthsheinm níos mó ná 24 milliún uair ar Spotify go dtí seo. https://open.spotify.com/artist/6g3orasGcMPn0gwcE3JMAC

Breathnaíodh ar chanadh an amhráin ar Oíche na Craoibhe 9.4 milliún uair ar chainéal oifigiúil Eoraifíse ar You Tube. https://www.youtube.com/watch?v=UMq8ofCstMQ

Breathnaíodh ar fhíseán oifigiúil Bambie 3.7 milliún uair: https://www.youtube.com/watch?v=ZGRXRrlIspY

Ní mór an t-amhrán (idir fhocail agus cheol) a bheith ina ábhar bunchumadóireachta agus ní ceadmhach amhrán ar tharla an t-amhrán iomlán nó cuid den amhrán a fhoilsiú ná a sheinm go poiblí ná a chur ar fáil don phobal (mar shampla, cé nach liosta lánchuimsitheach seo, ar na meáin shóisialta, ar ardán físeán ar líne, líonra sóisialta nó bunachar sonraí atá sothapaithe (nó intapaithe) ag an bpobal agus/nó a sheinm go poiblí, mar shampla, cé nach sa chás seo amháin, le linn ceolchoirme) roimh an 1 Meán Fómhair 2024.

Ní mór na hamhráin a chuirtear isteach a bheith ag teacht go docht agus go hiomlán le rialacha Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025. Coimeádtar de cheart ag RTÉ aon amhrán/cur i láthair a roghnaítear chun críche Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025 a chóiriú, a léiriú nó a leasú ar bhealach eile. Féach mionsonraí ar https://eurovision.tv/about/rules.

Ní bheidh, in aon chás ar bith, dul thar bhreith RTÉ maidir leis an amhrán agus oirfideach (oirfidigh) a chuirfear isteach thar ceann na hÉireann ar Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025 agus is ag RTÉ agus Aontas Craolacháin na hEorpa a bheidh an cinneadh críochnaitheach faoi inghlacthacht aon amhrán a chuirtear isteach agus faoi fheidhmiú na rialacha.

Is ar an bhfoirm ar líne AMHÁIN atá ar fáil ar www.rte.ie/eurovision a bheidh glacadh le hiarratas. Ní ghlacfar le haon iarratas ar an bpost, ar dhlúthdhiosca, ar chaisín nó i bhformáid ar bith eile, agus ní ghlacfar le nasc le WeTransfer, Soundcloud, Dropbox ná aon suíomh tríú páirtí eile de leithéid YouTube, Spotify, Tidal nó ardán sruthchraolta eile.


RTÉ ag Ceiliúradh Sheachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann 2024

#ISL #irishsignlanguage #IDSL #IWDP24 

Tá mórtas ar RTÉ tacú arís le Seachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ó Dé Luain go Dé Domhnaigh an 23 go dtí an 29 Meán Fómhair, atá ag tarlú an tráth céanna a bhfuil Seachtain Idirnáisiúnta na mBodhar ar siúl.

Déanfaidh RTÉ i gcomhar le Cumann Náisiúnta na mBodhar ceiliúradh ar phobal Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) trí thuilleadh ábhair a bhfuil Teanga Chomharthaíochta na hÉireann air a chur ar fáil ar feadh na seachtaine. Cuireann RTÉ catalóg mhór d’ábhar ar a bhfuil ISL ar fáil ar feadh na bliana, rud a léiríonn an tiomantas leanúnach atá againn don phobal Bodhar, Lagéisteachta agus ISL anseo in Éirinn.

Ardóidh RTÉ bratach na mBodhar ar a champas i nDomhnach Broc le linn sheachtain feasachta ISL. Ina theannta sin ar an Luan an 23 Meán Fómhair, Lá Idirnáisúnta na dTeangacha Comharthaíochta, lasfar suas comhartha RTÉ ar champas RTÉ i nDomhnach Broc leis an dath GORM, dath suntasach a sheasann do Theangacha Comharthaíochta agus a léiríonn an meas atá ag na pobail Bhodhair ar a dteanga féin.

***ÁIRÍTEAR AR NA BUAICPHOINTÍ:

Nationwide

Dé hAoine an 27 Meán Fómhair, tabharfaidh Nationwide cuairt ar leanaí agus ar fhoireann teagaisc an Midwest School for the Deaf i Luimneach.  Beidh Caroline Worthington ó fhoireann ISL News RTÉ i gcuideachta Bhláthnaid i bPáirc an Fhionnuisce.  Beidh comharthaíocht ISL ar an scáileán tríd an gclár ar fad.

RTÉ News

Tabharfaidh clár laethúil Nuachta ISL RTÉ an téama atá i gceist le fios gach lá de Sheachtain Feasachta ISL.

Ar RTÉ2, beidh rannpháirtithe óga atá bodhar agus a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu agus ar ábhar inspioráide iad le feiceáil ar news2day ar feadh na seachtaine. Tabharfaidh an fhoireann cuairt ar The Holy Family School for the Deaf chun labhairt leis na leanaí faoi na cearta atá acu. Seachtain Feasachta ISL an téama a bhí ann do cheist na seachtaine ar news2day do scoileanna ar fud na tíre.

Beidh Barry Gallagher, láithreoir news2day, ag casadh le roinnt de na Deaflympians a d’fhéadfadh a bheith againn amach anseo i mBaile na mBodhar i mBaile Átha Cliath chun labhairt leo faoi na mianta spóirt atá acu don am atá le teacht.

The Today Show

Beidh Declan Buckley, láitheoir Telly Bingo, i dteannta Dháithí ar an tolg Dé Céadaoin an 25 Meán Fómhair chun labhairt faoina shaol ina CODA. (Child of Deaf Adults)

Cláir do Pháistí agus Leanaí

Ar RTÉ Kids ar líne, beimid ag insint dár lucht féachana óg faoi roinnt de na cláir atá againn do dhaoine óga a bhfuil Teanga Chomharthaíochta na hÉireann orthu.  Is féidir leat féachaint ar roinnt acu ar ár láithreán gréasáin:

RTÉjr: Féach ar na seónna iontacha seo a bhfuil ISL orthu (rte.ie)

Craolfaidh RTÉ2 agus RTÉjr cláir bhreise do leanaí a bhfuil ISL orthu le linn sceideal na seachtaine.

Arena le Seán Rocks ar RTÉ Radio 1

Mar gheall gurb í Seachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann í, beidh clár iomlán RTÉ Arena, sainchlár ealaíon agus chultúr an phobail ar RTÉ Radio 1 á chur ar fáil le hateangaireacht bheo ISL Dé Céadaoin an 27 Meán Fómhair ón 7-8pm ar www.rte.ie/Arena agus ar RTÉ News Channel.

RTÉ Player

>Beidh bailiúchán speisialta d’ábhar ar a bhfuil ISL á chur leis an RTÉ Player, lena n-áirítear cláir faisnéise a mbeadh spéis go háirithe ag an bPobal Bodhar iontu, amhail:

  • Deaf Not Dumb

Beidh na cláir agus sraitheanna seo ar fáil chomh maith le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann:

  • Raised By The Village
  • Inside Penneys
  • PJ Gallagher – Changing My Mind
  • Invasion: The Normans
  • Paths to Paris
  • Rory Gallagher: Calling Card
  • The Irish for Sex
  • David Puttnam: The Long Way Home
  • Vogue
  • Untameable

Beidh réimse d’ábhar RTÉjr a bhfuil ISL air le fáil freisin ar an RTÉ Player ar nós:

  • Silly Sundays
  • Dizzy Deliveries
  • Funny Little Monsters
  • Body Brothers
  • Let’s Find Out

Is féidir an chatalóg iomlán ISL a fháil ar an RTÉ Player: https://www.rte.ie/player/.

Aimsir RTÉ:

Craolfaidh foireann ISL Weather feasacháin bhreise Aimsire a bhfuil ISL orthu ar RTÉ News Channel agus ar ardáin meán sóisialta RTÉ.

RTÉ fós ag cur ranganna ISL ar fáil d’fhostaithe ar fud na heagraíochta.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Sheachtain Feasachta ISL ar RTÉ, coinnigh súil ar chuntais meán sóisialta RTÉ trí úsáid a bhaint as:

#isl  #irishsignlanguage   #IWDP24

CRÍOCH

Corporate Communications Manager: Neil O’Gorman

NÓTAÍ:

*Tá Curious North Productions i mbun léirithe faoi láthair ar scannán faisnéise atá maoinithe ag Fís Éireann agus Coimisiún na Meán – is é seo an chéad scannán i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann agus an chéad scannán freisin atá á léiriú ag foireann ar a bhfuil daoine atá bodhar agus daoine nach bhfuil bodhar.


Bí i lár an aicsin d’Oíche Chultúir 2024 le taibhiúcháin agus ócáidí ceiliúrtha nár cheart a chailleadh á gcraoladh ag RTÉ an Aoine beag seo

Beidh RTÉ ag ceiliúradh Oíche Chultúir an Aoine beag seo an 20 Meán Fómhair agus beifear ag craoladh ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ón 8pm tráthnóna Dé hAoine. Cuirfidh Denise Chaila ábhar eiseach i láthair, taibhiúcháin a cuireadh le chéile go speisialta d’Oíche Chultúir chun saibhreas chultúr na hÉireann a cheiliúradh agus a mbainfidh lucht spéise ar fud na tíre sult astu.

Is ón Seomra Cruinn i dTigh an Ardmhéara a bheidh an clár speisialta seo á chraoladh ina mbeidh meascán mearaí amach is amach de thaibhiúcháin. I measc bhuaicphointí na hoíche, beidh an ceoltóir David Gray agus a dhlúthchara, Colm Mac Con Iomaire, ag dul ar thuras farraige go Sceilg Mhichíl, turas a bhí ar intinn acu a dhéanamh riamh. Tá David Gray ag súil leis an turas seo le blianta fada, turas arna thacú ag an Oifig na nOibreacha Poiblí agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Thug Sceilg Mhichíl inspioráid do David Gray do theideal agus d’ealaíon a albaim is nuaí agus dúirt sé go raibh an t-oileán draíochtúil amach is amach.

Leanfar den cheiliúradh ar an gcultúr le taibhiú bríomhar ó Edwina Guckian Liatroma, agus le Mohammad Syfkhan agus Ultan O’Brien bheidh i mbun an cheoil ag damhsa ag an gcrosbhóthar in Ifreannach. Idir spleodar an phunc i nDoire le léirithe ó Spider agus Cherym, go taispeántais sorcais aeir ó Bhéal an Dá Chab in Iarthar Chorcaí go taispeántais nuálacha damhsa sráide a chuirfear i láthair go hard os cionn bharr na gcrann ar an gCraobhach i gCill Mhantáin agus ní ar an tsráid, tugann an clár seo ardán do na bealaí iontacha a gcuireann daoine ar fud na hÉireann iad féin i láthair trí mheán na n-ealaíon.

Chun cur le ceol na hoíche, cuirfidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ, arna stiúradh ag David Brophy, sraith cheolfhoirneach i láthair i dteannta aoi-amhránaithe speisialta Villagers, Niamh Regan, New Jackson, agus Joe Chester agus Gemma Hayes, trína gcruthófar féasta siansach don lucht éisteachta.

Bí i dteannta RTÉ, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, ar Oíche Chultúir 2024 chun ceiliúradh urghnách a dhéanamh ar chultúr, tallann agus cruthaitheacht na hÉireann agus an domhain mhóir.


Showing 11 - 20 of 439 stories