Chlár Intéirneachta RTÉ 2025 ar oscailt anois

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil iarratais ar Chlár Intéirneachta RTÉ 2025 ar oscailt anois.

📌 Déan iarratas anois trí: Folúntais RTÉ

Is deis iontach é seo dóibh siúd atá paiseanta faoi na meáin tús a chur lena ngairmeacha beatha.

Bí inár Seimineáir Ghréasáin

Beidh seimineáir ghréasáin eolais á n-óstáil againn i mBéarla agus i nGaeilge araon, ag clúdach príomhshonraí faoin intéirneacht, faoin bpróiseas iarratais, agus faoi nuashonruithe spreagúla ar an gclár.

I measc na seisiún 45 nóiméad seo beidh mír ceisteanna agus freagraí ag an deireadh, rud a thabharfaidh deis don lucht freastail ceisteanna a chur agus níos mó a fhoghlaim.

📅 Sceideal Seimineár Gréasáin:

Déardaoin, 6 Feabhra @1PM (le léirmhíniú TCÉ) – Cláraigh Anseo
Déardaoin, 6 Feabhra @6PM – Cláraigh Anseo
Dé Luain, 10 Feabhra @1PM (as Gaeilge / As Gaeilge) – Cláraigh anseo
Dé Máirt, 11 Feabhra @1PM (seimineár gréasáin a bhaineann go sonrach le Spórt RTÉ le Jacqui Hurley) – Cláraigh Anseo

Féach ar ár seimineár gréasáin Cruthú Ábhar as Gaeilge anseo.

Féach ar ár seimineár gréasáin Cruthú Ábhar i mBéarla anseo.

📅 Príomhdhátaí

Spriocdháta d’Iarratais: Meán Oíche, Dé Domhnaigh 16ú Feabhra 2025
Laethanta Measúnaithe (Baile Átha Cliath, go pearsanta): Dé Luain 31ú Márta 2025
Comhrá Leantach Ar Líne: Dé Máirt 1 Aibreán 2025

Chun tuilleadh sonraí a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar rte.ie/vacancies.


Jack Woolley i mbarr ar chlár na scór ar Dancing with the Stars le linn Sheachtain na nDamhsaí Tiomnaithe

RTÉ One | RTÉ Player

Jack Woolley i mbarr ar chlár na scór ar Dancing with the Stars le linn Sheachtain na nDamhsaí Tiomnaithe.

Is é Jack Woolley a bhí ar bharr chlár na scór ar oíche a bhí lán le mothúcháin agus díograis ar Dancing with the Stars, agus na naoi gcúpla a bhí fanta ag baint deatach as an urlár le linn Sheachtain na nDamhsaí Tiomnaithe.

Níor tugadh bóthar do chúpla ar bith ón seó tráthnóna, mar sin beidh na cúplaí go léir ag damhsa arís Dé Domhnaigh seo chugainn. Ní bheifear ag fáil réidh le Jack Woolley ná lena pháirtí proifisiúnta, Alex Vladimirov ó sheó na seachtaine seo chugainn, áfach, mar go bhfuil an comhscór is airde faighte acu ó na moltóirí agus i vóta an phobail araon dá rince, an American Smooth.

Ar an gcéad duine iomráiteach a thug faoin urlár anocht bhí buaiteoir an bhoinn óir sna Cluichí Oilimpeacha, Rhys McClenaghan agus a pháirtí gairmiúil, Laura Nolan. Thug siad faoi Jeighbh fuinniúil leis an amhrán ‘Gold Dust’ le DJ Fresh mar chomhartha ómóis do chóitseálaí Rhys, Luke Carson. Tá Luke ina chóitsealaí ag Rhys le blianta agus is é Luke a chuidigh leis mian a chroí a bhaint amach agus an bonn óir a thabhairt leis ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras sa bhliain 2024.

Dúirt an moltóir Loraine Barry: “Ní bréag ar bith ach gur damhsóir den scoth atá ionat. Tá go leor ag gabháil lena bheith ar an damhsóir is fearr, ach tá an jeighbheáil níos dúshlánaí fós…an rithim, na ciceanna agus an fuinneamh a theastaíonn uait. Oscailt iontach, thar barr ar fad!”

Dúirt an moltóir Arthur Gourounlian: “Tá leibhéal an fhuinnimh socraithe chomh hard sin agaibh agus tá sibh lom lán le carasma. Labhraímis faoi rince na gealaí sa jeighbh sin, dáiríre! Scaip sibh beagán den deannach óir ar an urlár damhsa.”

33 pointe an scór a bronnadh ar Rhys agus Laura.

An chéad bheirt eile a rinne dreas damhsa dúinn ná an Meitéareolaí, Joanna Donnelly agus a páirtí damhsa, Maciej Zieba agus iad ag tabhairt faoin Tango le ‘Dreams’ leis na Cranberries. Tá

labhartha ag Joanna go hoscailte san am atá caite faoina streachailt a bhí aici le torthúlacht agus lena taithí ar IVF agus faoi Pomegranate, an t-iar-charthanacht a bhunaigh sí chun cuidiú le lánúineacha a bhí sa mbád céanna agus nach raibh in acmhainn íoc as cóireáil IVF. Thug sí faoi dhamhsa na hoíche anois in ómós do cheann de na lánúineacha sin.

Dúirt Arthur agus an tocht ina ghlór: “Chuaigh an damhsa i bhfeidhm go mór orm. Tuigim do chás. Níl ar mo chumas labhairt fiú. Chuir tú ar na súile dom gur féidir pé rud is mian leat a bhaint amach ach coinneáil leis.”

Dúirt an moltóir Brian Redmond: “Is é sin an damhsa is fearr atá déanta riamh agat i mo thuairimse. Níl aon amhras faoi, tá tú ag feabhsú leat de réir mar atá na seachtainí ag imeacht. Maith thú.”

Dúirt an moltóir Karen Byrne: “Táim cinnte go mbeidh Noah agus na teaghlaigh go léir ar chuidigh tú leo thar a bheith mórtasach asat. Bhí sé go hálainn.”

24 pointe an scór a bronnadh ar Joanna agus Maciej.

Thug an t-aisteoir Yasmin Seky agus a páirtí Simone Arena faoin gcéad Rumba den séasúr leis an amhrán ‘Halo’ le Beyoncé. Thiomnaigh Yasmin an damhsa seo dá cuid oibrithe sa chlub óige, Mary, Phil agus Gary, ar thug sí aitheantas dóibh as í a spreagadh chun tabhairt faoi ghairm san aisteoireacht.

Is éard a dúirt Brian: “Is Rumba aoibhinn a bhí ann. Bhí sibh ar fheabhas ag tabhairt faoi na nithe teicniúla, ach ba bhreá liom dá gcruthódh sibh níos mó diabhlaíochta díreach ar mhaithe le scaoileadh le rudaí.”

Is éard a dúirt Karen: “Tá muintir na Cabraí ar bís anocht agus thar a bheith mórtasach asaibh! Tá méid na teicníce ar oibrigh tú air le Simone soiléir. “Chomh fada is a bhaineann sé le Rumba, bhí sé thar barr.

Dúirt Loraine Barry: “Ó bhean amháin ó Chabrach go bean eile as Cabrach, maith thú. Is damhsa atá thar a bheith deacair é an Rumba agus d’éirigh thar barr libh.”

Dúirt Arthur: “Draíocht i ndáiríre a bhí sa damhsa sin agus chuir sibh faoi gheasa mé! Bhí tú ar nós éisc ag snámh sna farraigí móra. Mo cheol thú!

29 bpointe an scór a bronnadh ar Yasmin agus Simone.

Thug an Cócaire Kevin Dundon agus a pháirtí damhsa, Rebecca Scott faoin Tango le ‘Let’s Dance’ le David Bowie, a bhí tiomnaithe do bhean chéile Kevin, Catherine, agus ar amhrán é ón am ar chas siad lena chéile.

Is éard a dúirt Karen: “An bhfaca mé beagán den chomhordú ansin? Déarfainn go bhfaca! Chuaigh tú sa seans agus an damhsa seo á thiomnú agat do Catherine, do bhean chéile agus d’éirigh thar barr leis. Ní hamháin go ndeachaigh tú i gcion ar do bhean chéile, chuaigh tú i gcion ormsa freisin.”

Is éard a dúirt Loraine: “Thaitin an Tango sin liom! Thaitin sé chomh mór sin liom go bhfuilim ag iarraidh tuilleadh! Is breá liom an bheirt agaibh a fheiceáil ag damhsa lena chéile.”

Dúirt Arthur: “Oireann an tseachtain tiomnaithe go breá sibh. Nach iontach an bealach é le ceiliúradh a dhéanamh ar thríocha bliain le do bhean chéile.”

Is éard a dúirt Brian: “Cuirfidh mé geall nach raibh damhsa den sórt sin ar siúl agaibh sna clubanna siar sna 80idí! Scaoil tú faoi, den chéad uair bhí tú ag coinneáil ama le Rebecca ó thús go deireadh. Maith thú.”

22 phointe an scór a bronnadh ar Kevin agus Rebecca.

Ba in ómós d’oidhreacht Nigéarach Aishah agus a máthar, ar thug iarMiss Universe na hÉireann, Aishah Akorede agus a páirtí proifisiúnta Robert Rowiński faoi Samba a raibh tionchar na hAfraice air agus iad ag damhsa leis an amhrán ‘Kese (Dance)’ le Wizkid. Thug Aishah aitheantas dá máthair Kemi as bheith ar an tionchar ba mhó agus as bheith ina crann taca ina saol agus Aishah ag déileáil leis an ngalar ainéime chorráncheallach ar feadh a saoil.

Is éard a dúirt an moltóir Loraine: “Nuair a thugann tú faoin Samba tugann tú faoi na rithimí go léir. Ach ní raibh do dhóthain ansin duit, thug tú isteach do dhúchas Nigéarach freisin. B’iontach an radharc é, agus bhí go leor le foghlaim freisin. Ábhar iontais!”

Dúirt Arthur: “Is breá liom an bealach ina dtugann tú do chultúr féin isteach sa damhsa seo. Chuir tú oideachas ar Robert freisin, ábhar pléisiúir! Bhí sé go hálainn.”

Is éard a dúirt Brian: “Bhí sé iontach roinnt de thionchar na Nigéire a fheiceáil. Ba bhreá liom é a fhoghlaim! Chruthaigh tú éadroime álainn.”

Is éard a dúirt Karen: “An dánacht a bhain leis ón tús. Theastaigh uainn go léir a bheith ar an urlár libh. Maith thú.”

31 phointe an scór a bronnadh ar Aishah agus Robert.

Thug an fuirseoir Gearóid Farrelly agus a pháirtí Stephen Vincent faoin Paso Doble le ‘Holding Out For a Hero’ le Bonnie Tyler mar chomhartha ómóis do laochra Ghearóid féin, a thuismitheoirí, Eamon agus Deirdre.

Dúirt Arthur: “A leithéid de thaispeántas, a leithéid de laoch! Bhí an t-urlár faoi do chos agat. Bhí tú paiseanta agus cumhachtach. Ba leat a raibh mórthimpeall ort anocht.”

Is éard a dúirt Karen: “Níor bhain mé an oiread sin suilt as Paso Doble riamh. Is cosúil gurbh í seo an tseachtain is compordaí agat ó thús go deireadh.”

Is éard a dúirt Loraine: “Domsa, tá tú chomh dílis sin don damhsa i gcónaí mar a bheifeá ag súil leis. Thaitin sé go mór liom. Bhí sibh i dtiúin go hiomlán lena chéile. Tá sé dochreidte i ndáiríre.

28 bpointe an scór a bronnadh ar Ghearóid agus Stephen.

An chéad damhsóir eile ar an urlár, réalta na meán sóisialta, Kayleigh Trappe agus a páirtí proifisiúnta, Ervinas Merfeldas agus iad ag tabhairt faoi Dhamhsa Bálseomra Comhaimseartha le ‘Brave’ le Sara Bareilles. Thiomnaigh Kayleigh an damhsa seo dá neacht, Fíadh atá ceithre bliana d’aois.

Is éard a dúirt Brian: “Is breá liom an damhsa seo. Thug sibh faoin damhsa agus a raibh ag gabháil leis go grástúil.”

Is éard a dúirt Karen: “Iontach ar fad ó thús go deireadh. “Is Damhsa Bálseomra Comhaimseartha álainn a bhí i gceist tríd is tríd.

Is éard a dúirt Loraine: “Gabhann saorchead leis an Damhsa Bálseomra Comhaimseartha. Tá rogha gluaiseachtaí agat agus rinne tú do mhíle dícheall leis an méid sin. Dar liomsa, is cróga an duine atá ionat anocht. Tá 85% bainte amach agat, 15% faoin gcéad eile agus beidh tú ansin. Lig leis, is gearr go mbeidh tú ann!”

Arthur: “Bhain tú amach é! Chonaiceamar taobh eile díot anocht nach raibh feicthe againn go dtí seo agus is breá liom é.”

29 bpointe an scór a bronnadh ar Kayleigh agus Ervinas.

Thug an lúthchleasaí taecuando Jack Woolley agus a pháirtí damhsa Alex Vladimirov faoin American Smooth le ‘Grace’ leis na Wolfe Tones. Thiomnaigh Jack an damhsa dá chara Kellie Harrington a bhfuil dhá bhonn óir buaite aici sa dornálaíocht, mar gheall ar an gcúnamh a thug sí dó nuair a ionsaíodh gan choinne é roinnt seachtainí sular thug sé aghaidh ar na Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 2021.

Is éard a dúirt Karen: “Nuair a thagann na céimeanna damhsa agus na mothúcháin le chéile mar sin, ní ar an damhsa amháin atáimid ag féachaint, tá sé ar nós a bheith ar aistear leat. Bhí tú ar nós cleite, ar foluain gan stró thart timpeall an tseomra.”

Is éard a dúirt Loraine: “Bhí sé aoibhinn ó thús go deireadh, gan dabht ar bith. D’inis sibh scéal an amhráin tríd an ngluaiseacht agus tríd an gceangal. Comhghairdeas Alex as an gcóiréagrafaíocht dhraíochtúil.”

Dúirt Arthur: “Bhí an American Smooth seo dochreidte amach is amach. Bhí tú ag gluaiseacht go grástúil trasna an urláir. Ní damhsa a bhí anseo, is sárshaothar gluaiseachta a bhí ann. J’adore!

Is éard a dúirt Brian: “Ón mbásta aníos, ní fhaca mé riamh fear a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige ag úsáid gluaiseachtaí agus mothúchán mar atá cruthaithe agatsa anocht.”

38 bpointe an scór a bronnadh ar Jack agus Alex.

Ba iad an t-aisteoir Danny O’Carroll ó Mrs. Brown’s Boys agus a pháirtí proifisiúnta Salome Chachua an bheirt dheireanach a thug faoin urlár. Thug siad aitheantas d’athair Danny, Brendan nuair a thug siad faoin urlár leis an Cha-cha-cha le ‘She’s a Lady’ le Tom Jones a bhí spreagtha ag Mrs. Brown’s Boys. Rinne Danny aithris ar Buster Brady, an pháirt atá aige fein sa gclár agus rinne Salome aithris ar Mrs. Brown féin le haghaidh oíche amháin.

Is éard a dúirt Loraine: “Chuir tú do chroí agus d’anam ann le sárthaispeántas a chruthú. Bhí sé chomh taitneamhach.” Maith thú.”

Dúirt Arthur: “Ní hamháin gur cleasaí é Buster Brady, is damhsóir anois freisin é!”

Karen: “D’fhéadfá coinneáil leis an ngreann go huile agus go hiomlán ach níor choinnigh. Tá neart ábhar sa cha-cha-cha féin. Ach ní raibh cuma chomh gnéasúil ar Mrs Brown riamh roimhe seo!”

31 phointe an scór a bronnadh ar Danny agus Salome.

Chuir na damhsóirí proifisiúnta bailchríoch ar an oíche anocht le Damhsa Bálseomra Comhaimseartha le ‘Strangers’ le Lewis Capaldi, nach raibh a shárú le fáil.

Mar nár cuireadh amach ceachtar de na damhsóirí anocht, beidh siad go léir ag damhsa arís Dé Domhnaigh seo chugainn.

Tiocfaidh an comórtas seo, lena mbaineann galántacht agus go leor teannais, gol agus díoscán fiacla, le chéile arís ar Dancing with the Stars ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, Dé Domhnaigh seo chugainn, an 9 Feabhra ag 6:30pm.

-CRÍOCH-

Dáta: Dé Domhnaigh an 2 Feabhra 2025

Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Kyran O’Brien

Seolfaidh Kyran O’Brien íomhánna díreach chuig deasca nuachta ar wetransfer – kobpix@gmail.com

Tuilleadh eolais:

Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie

Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie

Nótaí d’Eagarthóirí:

MAIDIR LE DANCING WITH THE STARS 2025

Spleodar agus gliondar tráthnóna an Domhnaigh ó mhí Eanáir amach, ceanglaíonn aon duine iomráiteach déag le damhsóirí proifisiúnta ar an tsraith seo ar RTÉ One go dtugann faoi dhamhsa beo seachtain i ndiaidh seachtaine. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra éagsúil den damhsa gach seachtain, an Charleston nó hip hap mar shampla, agus ní bhíonn acu as seacht lá le snas a chur ar damhsa sula mbíonn orthu a dhéanamh beo os comhair mhuintir na tíre ar fad.

Déanann painéal ceathrar moltóirí saineolacha, agus an lucht féachana sa bhaile, gach dreas damhsa a mharcáil agus tugann an cúpla buacach an liathróid thrilseach, a shantaíonn siad ar fad, leo ag deireadh na sraithe.

Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.

Is ábhar mór mórtais do Hyundai urraíocht a dhéanamh ar Dancing with the Stars.

Beidh ar do chumas a bheith i lár an aicsin agus é ag tarlú beo ar an Dancing with the Stars tracker ar www.rte.ie/entertainment

Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ón gcúlstáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta:

Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl

TikTok: @RTEOne

Facebook: @RTEOne

Twitter: @RTEOne @DWTSIrl

#DWTSIrl


Tá RTÉ ag Tacú le 18 nImeacht Ealaíon agus Cultúir ar fud na hÉireann i mí Feabhra

Féach ar ár mblaisín: RTÉ Supporting the Arts | Cad atá ar siúl

I mí Feabhra, tá ríméad ar RTÉ tacú le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, mar aon le 17 n-imeacht ealaíon agus cultúir iontacha eile ar fud na hÉireann a chuimsíonn amharclannaíocht, scannáin, ealaín, ceol, damhsa, ceoldrámaíocht, féilte, taispeántais agus go leor eile.

Tabharfaidh Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath an chuid is fearr den phictiúrlann Éireannach agus idirnáisiúnta chun na príomhchathrach chun ceiliúradh a dhéanamh ar an scéalaíocht ón 20 Feabhra go dtí an 2 Márta. I mBaile Átha Cliath chomh maith, beidh Féile Cheolfhoirne na nÓg ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, déanfaidh Féile Mother Tongues i dTamhlacht ceiliúradh ar áilleacht an ilteangachais agus ar chreatlach shaibhir shóisialta na hÉireann, agus beidh sraith de thaibhithe ceoil á reáchtáil ag Sraith Wigmore Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann.

Ina theannta sin, filleann Scene + Heard: The Festival of New Work ar Amharclann Smock Alley, agus óstálfaidh an IMMA taispeántas nua trí bliana ó bhailiúchán an IMMA lena n-áirítear saothair le níos mó ná 60 ealaíontóir cáiliúil, ó na 1960idí go dtí an lá atá inniu ann. Tá go leor amharclannaíochta le taitneamh a bhaint as freisin lena n-áirítear Magpie, scéal gruama na ndeartháireacha ag an gcogadh in Amharclann na Lochlannach, agus beidh sárshaothar Shakespeare, King Lear, ar stáitse in Amharclann an Gheata.

Tá roinnt imeachtaí ceoil agus damhsa eile le baint as ar fud na tíre. Cuirfidh Music for Wexford Spring Season agus Féile Cheoil Aireagail Ortús i gCorcaigh clár suntasach de cheolchoirmeacha ceoil aireagail i láthair ina mbeidh ceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon. Filleann Take Off Festival ar an Seandún i gCorcaigh freisin, le léirithe de dhamhsa comhaimseartha, dabke, agus hip hop.

I Luimneach, cuireann Dance Limerick Féile Damhsa What Next i láthair a bhaileoidh taibheoirí ó gach cearn d’Éirinn agus go hidirnáisiúnta thar shé lá fionnachtana agus ceiliúrtha. Déanann Tonnta i nGaillimh, a thug Gaillimh le Gaeilge chun beatha, ceiliúradh ar Ghaillimh mar an t-aon chathair dhátheangach in Éirinn trí chuireadh a thabhairt do gach duine dul i ngleic leis an nGaeilge go bríomhar agus go cuimsitheach.

Agus ar deireadh, tá Ireland Reads ag iarraidh ar dhaoine ar fud na hÉireann dul ar strae i leabhar maith ar an 22 Feabhra agus aoibhneas na léitheoireachta a cheiliúradh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí iontacha a bhfuilimid ag tacú leo an mhí seo, féach ar na suíomhanna gréasáin atá liostaithe thíos:

Baile Átha Cliath Wigmore Series Baile Átha Cliath | www.riam.ie/whats-on?category=581

Baile Átha Cliath 29th Festival of Youth Orchestras | www.iayo.ie

Loch Garman Music for Wexford Spring Season | www.musicforwexford.ie

Drogheda Classical Music 24/25 Series | www.droghedaclassicalmusic.com

Baile Átha Cliath Magpie | www.instagram.com/pigs_back_productions

Baile Átha Cliath/Fud na Tíre Dublin International Film Festival 2025 | www.diff.ie

Baile Átha Cliath Mother Tongues Festival | www.mothertonguesfestival.com

Corcaigh Ortús Chamber Music Festival | www.ortusfestival.ie

Baile Átha Cliath Brigit 2025: Dublin City Celebrating Women | www.dublin.ie/brigit

Ar Fud na Tíre Ireland Reads | www.irelandreads.ie

Luimneach What Next Dance Festival | www.dancelimerick.ie

Baile Átha Cliath Scene + Heard: The Festival of New Work | www.sceneandheard.ie

Baile Átha Cliath King Lear | www.gatetheatre.ie/production/king-lear-2025

Corcaigh Take Off Festival | www.dancecorkfirkincrane.ie

Gaillimh Tonnta | www.tonnta.eu

Baile Átha Cliath IMMA Collection: Art as Agency | www.imma.ie

Baile Átha Cliath Abbey 120 years | www.abbeytheatre.ie

Ar Fud na Tíre Irish National Opera | www.irishnationalopera.ie

Gach bliain, tacaíonn RTÉ le 170 imeacht ealaíon agus cultúir ar fud na hÉireann trí scéim RTÉ Supporting the Arts. A chuimsíonn scannáin, ceol, damhsa, ceoldrámaíocht, féilte, litríocht, amharclannaíocht agus taispeántais, agus le cur chun cinn tiomnaithe ar sheirbhísí teilifíse, raidió agus digiteacha RTÉ, agus tacaíocht fhorleathan ar fud chainéil shóisialta RTÉ, is líne tarrthála í scéim RTÉ Supporting the Arts d’earnálacha cruthaitheacha agus cultúrtha na hÉireann.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi RTÉ Supporting the Arts agus chun iarratas a dhéanamh tabhair cuairt ar RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona – About RTÉ (rte.ie)

Faigh amach cad atá ag tarlú in aice leat ar www.rte.ie/culture.

 


Ráiteas eisithe ag RTÉ thar ceann Bhord RTÉ

Ráiteas Bhord RTÉ

Tá scríofa ag Daire Hickey chuig an Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., chun a chur in iúl dó go bhfuil sé ag éirí as Bord RTÉ. Tá sé ina chomhalta de Bhord RTÉ ó mhí Iúil 2021.

Thar ceann Bhord RTÉ, dúirt an Cathaoirleach Terence O’Rourke: “Bhí Daire ina bhall de Bhord RTÉ trí chuid de na blianta ba dhúshlánaí i stair na heagraíochta. Tá an cinneadh déanta aige anois seasamh síos chun díriú ar ghealltanais eile. Gabhaimid buíochas leis as a sheirbhís.”

CRÍOCH

Mar eolas:

Bord RTÉ: Sinéad McGovern | Q4 Public Relations | E: sinead@q4pr.ie

RTÉ: Neil O’Gorman | Bainisteoir Cumarsáide Corparáidí, RTÉ | E: neil.ogorman@rte.ie


Cá bhfuil Jón? Tá a fhios ag duine éigin rud éigin

Sraith Podchraoltaí Fíorchoiriúlachta ó RTÉ agus RÚV Iceland
Éist Anseo

Inniu, foilsíonn RTÉ agus RÚV (craoltóir poiblí na hÍoslainne) sraith nua podchraoltaí Cá bhfuil Jón? imscrúdú a dhéanamh ar an cealú aisteach agus unexplained imreoir poker Íoslainnis, Jón Jónsson.

Craolfar an tsraith ar RTÉ Radio 1 tráthnóna Dé Sathairn freisin, agus craolfar an chéad chlár ag 7pm an Satharn beag seo, an 1 Feabhra*.

In 2019, bhuail Féile Poker Bhaile Átha Cliath na ceannlínte nuair a d’imigh duine dá imreoirí. Tháinig Jón Jónsson, 41 bliain d’aois, óna theach cónaithe san Íoslainn, agus thug sé cuairt ar Éirinn den chéad uair. Taobh istigh de 24 uair an chloig tar éis dó teacht go Baile Átha Cliath, bhí sé imithe.

Taifeadta in Éirinn agus san Íoslainn le 18 mí anuas, déanann an tsraith gach iarracht eolas nua a nochtadh faoi imeacht Jón.

Le hagallaimh eisiacha le teaghlach Jón ar fad, lena n-áirítear a pháirtí, a pháistí, a thuismitheoirí agus a dheirfiúracha, Cá bhfuil Jón? rianaíonn sé freisin faisnéis nach raibh ar eolas agus nár foilsíodh roimhe seo, lena n-áirítear cumarsáid Jón féin sna laethanta agus sna seachtainí sular imigh sé.

Labhraíonn páirtí Jón, Jana, faoin uair dheireanach a chonaic sí Jón ar maidin d’imigh sé “Feicim é ag dul i bhfad ar shiúl, agus níor thug mé faoi deara go raibh sé air sula bhfeicim an tsiúlóid (léiríonn sí). Tosaíonn mé agus ní féidir é seo a bheith Jón, tá sé seo cosúil le cúig nóiméad ó bhí mé ag an seomra, agus bhí sé ina chodladh, undressed. Sheas mé ansin agus ‘no, no, it can’t be’. Shocraigh mé gan a ainm a ghlaoch, ach ní raibh sé fíor dom gurbh é seo é… Ba é sin an uair dheireanach a chonaic mé é, chonaic mé é ag siúl uaidh”.

Buaileann an tsraith freisin le daoine nár labhair riamh cheana, lena n-áirítear fear a d’imir poker le Jón suas le cúpla uair an chloig sular imigh sé.

“Bhí mé ag imirt leis ar feadh sé nó seacht n-uaire an chloig maith, rud éigin ar na línte sin. Bhí sé ina shuí go díreach ar mo dheis… Bhí gach duine jolly, bhí deoch ag formhór na ndaoine. Bhí na vibes go maith, agus bhí mé féin agus Jón ag labhairt agus ag dul ar aghaidh ar feadh cúpla uair an chloig maith agus sin an fáth go gcuimhním ar na himeachtaí chomh maith sin.”

Beagnach sé bliana ina dhiaidh sin, níor aimsíodh aon rian de Jón riamh. I mí Feabhra 2024, rinneadh forbairt mhór nuair a rinne an Garda Síochána cuardach ar thaisí Jón i nDemense Pháirc Sheantraibh, Baile Átha Cliath le cúnamh ó mhadraí cadaver agus Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána. Ach níor thángthas ar aon rud.

Dúirt comhléiritheoir, scríbhneoir, scéalaí Where is Jón?, Liam O’Brien, “Tá imeacht Jón an-neamhghnách. Fuair an scéal go leor airde sna meáin ag an am, agus ansin shleamhnaigh sé as fógra. Ní dhearna mé dearmad ar an scéal riamh, go háirithe toisc go raibh an chuma ar Jón go ndeachaigh sé i léig taobh istigh de 24 uair an chloig tar éis dó teacht go hÉirinn den chéad uair. Ag obair le teaghlach Jón agus RÚV, táimid go léir ag súil go mbeidh an podchraoladh in ann móiminteam éigin a thabhairt chun cinn i gcás Jón agus roinnt ceisteanna a fhreagairt. Is é an sprioc deiridh ná cabhrú leis é a thabhairt abhaile.”

Foilsíonn sraith podchraoltaí il-eipeasóideacha fíorchoiriúlachta ó RTÉ agus RÚV, san Íoslainn, ar imeacht gan mhíniú Jón Jónsson agus a n-iarracht é a thabhairt abhaile an chéad dá eipeasóid inniu, 27 Eanáir 2025 cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.

-CRÍOCH-

27 Eanáir 2025

*Cá bhfuil Jon? craolfar é ar RTÉ Radio 1 ag 7pm Dé Sathairn, an 1 Feabhra, agus craolfar na cúig chlár eile ó 6pm gach Satharn ina dhiaidh sin.

Cá bhfuil Jón? liam O’Brien (Clár Faisnéise RTÉ On One) agus Anna Marsibil Clausen (RÚV) a scríobh, a thuairiscigh agus a léirigh é.

Eipeasóidí de Cá bhfuil Jón? ar fáil ar an RTÉ Radio Player ar iOS agus Android, nó ar gach mórardán podchraolta, agus foilsítear eipeasóid nua go seachtainiúil Dé Luain, agus craoltar an raidió Dé Sathairn.

Má tá aon rud ar eolas agat faoi imeacht Jón Jónsson, déan teagmháil le do stáisiún Gardaí áitiúil nó seol ríomhphost chuig documentaries@rte.ie nó hvarerjon@ruv.is faoi rún daingean.
Tuilleadh eolais faoi rte.ie/whereisjon

I measc na sraitheanna podchraoltaí roimhe seo ó RTÉ Documentary on One tá The Real Carrie Jade, Runaway Joe, Finding Samantha, First Consignment, GunPlot, Tiger Roll agus The Nobody Zone.


Is é NIYL an t-iomaitheoir deireanach atá ag dul ar aghaidh go dtí comórtas Eurosong 2025 ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Eoraifís 2025

Is é NIYL an t-iomaitheoir deireanach atá ag dul ar aghaidh go dtí comórtas Eurosong 2025 ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Eoraifís 2025

Beidh an chéad bhlaiseadh dá amhrán agus agallamh leis ar chlár Ray D’Arcy inniu ar       RTÉ Radio 1

Fógraíodh inniu gurb é an t-amhránaí NIYL ó Luimneach, an t-iomaitheoir deireanach atá ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025, in Basel na hEilvéise i mí Bealtaine na bliana seo. ‘Growth’ an t-ainm atá ar amhrán NIYL.

Bí ag faire ar The Ray D’Arcy Show ón 3pm inniu nuair a bheidh NIYL sa stiúideo ag caint le Ray faoin amhrán atá sé ag dul a chasadh sa chomórtas Eurosong agus beidh a amhrán ‘Growth’ le cloisteáil den chéad uair ar an raidió.

Is iad Bobbi Arlo, Reylta, Adgy, Samantha Mumba, EMMY agus NIYL atá socraithe le dul san iomaíocht (tá eolas beathaisnéise orthu ar fad le fáil thíos), ag súil acu deis a fháil chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn, ar an stáitse mór ,agus an bua a fháil ag comórtas Eoraifíse 2025.

Beidh na hiomaitheoirí ar an Late Late Eurosong Special Dé hAoine an 7 Feabhra ag 9:35pm ar RTÉ One, agus beidh siad iarraidh vótaí na moltóirí náisiúnta, idirnáisiúnta agus an phobail a mhealladh. Casfaidh gach iomaitheoir acu, ar roghnaíodh iad as na céadta iarratais a fuair RTÉ ar an gcomórtas tar éis gairm ar iarratais a dhéanamh anuraidh, a n-amhrán féin.

Beidh an 69ú Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025 ar siúl i St. Jakobshalle, in Basel na hEilvéise, tar éis do Nemo an bua a fháil ar son na hEilvéise i 2024. Beidh dhá bhabhta leathcheannais ar siúl Dé Máirt agus Déardaoin an 13 agus 15 Bealtaine agus beidh an Babhta Ceannais den Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse ar siúl Dé Sathairn an 17 Bealtaine.

**Gan Lánchosc: Inniu ar The Ray D’Arcy Show, labhair EMMY ar a hiontráil sa chomórtas Eurosong. Is féidir éisteacht siar leis anseo:

Níos deanaí inniu labhair Samantha Mumba le Ray, is féidir éisteacht siar lena hagallamh anseo:

-CRÍOCH-

 


Tá sé fógartha inniu gurb iad Samantha Mumba agus EMMY an chéad bheirt eile atá ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gcomórtas Eoraifíse 2025

Tá sé fógartha inniu gurb iad Samantha Mumba agus EMMY an chéad bheirt eile atá ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gcomórtas Eoraifíse 2025.

Bí ag faire ar The Ray D’Arcy Show ar RTÉ Radio 1 inniu chun a n-amhráin a chloisteáil den chéad uair.

Dúradh inniu gurb í an t-amhránaí is scríbhneoir Éireannach Samantha Mumba agus an t-amhránaí EMMY as an Ioruach an chéad bheirt eile a bhfuil súil acu ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025.

Is iad Samantha Mumba agus EMMY an ceathrú agus an cúigiú iomaitheoir as seisear iomaitheoirí a bheidh san iomaíocht chun dul tríd go dtí an comórtas amhránaíochta a bheidh ar siúl in Basel na hEilvéise i mí Bealtaine na bliana seo.

Tá Samantha Mumba ag súil go n-oibreoidh rudaí amach di lena hamhrán ‘My Way’ agus tá EMMY ag súil go n-éireoidh lena hamhrán féin ‘Laika Party’ i gcomórtas Eurosong.

Bí ag faire ar The Ray D’Arcy Show inniu chun a gcéad agallamh agus a n-amhráin, ‘My Way’ agus ‘Laika Party’, a chloisteáil den chéad uair.

Gheofar amach amárach cé hí/hé an t-iomaitheoir deireanach ar chlár Ray, ansin ar an 7 Feabhra agus rachaidh an seisear acu san iomaíocht ar The Late Late Eurosong Special agus socrófar cé a bheidh ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn sa 69ú Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse.

Beathaisnéis: Is amhránaí is scríbhneoir, damhsóir agus aisteoir mór le rá as Éirinn í Samantha Mumba a bhain cáil idirnáisiúnta amach agus gan í ach 17 mbliana lena céad amhrán, ‘Gotta Tell You’. Bhí an t-amhrán i measc na gcúig amhrán is mó tóir i gcairteacha na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe, ag d’éirigh leis uimhir a 4 a bhaint amach ar an Billboard Hot 100. Ní raibh sé i bhfad

gur feiniméan domhanda a bhí san amhrán seo. Díoladh 4 mhilliún cóip dá céad albam ar fud na cruinne, rud a thug bunús láidir di i saol an cheoil.

D’fhéach Mumba cur lena scileanna ina dhiaidh sin agus thug aghaidh ar an aisteoireacht, gan stró, agus fuair sí ardmholadh as a cuid aisteoireachta i scannáin éagsúla. Bhí príomhpháirt aici in éineacht le Guy Pearce sa scannán sci-fi The Time Machine, sa scannán grinn rómánsúil Spin The Bottle, an scéinséir uafáis Shifter agus i Johnny Was in éineacht le Eriq La Salle.

Tá Samantha fós ag cur lucht féachana faoi dhraíocht sa lá atá inniu ann lena carachtar Paula Kenny sa tsraith BBC/Acorn TV, Harry Wild, agus í ag aisteoireacht le taobh Jane Seymour agus Rohan Nedd. Ní stopann a cuid cumais ansin, déanann sí glór an charachtair Jules i sraith inchloiste Queen Latifah, Technically Speaking.

Is duine mór le rá í Samantha Mumba a bhfuil a lorg fágtha aici ar thionscal na siamsaíochta chomh maith lena lucht féachana ar fud na cruinne, lena saothar ilchumasach, ealaíonta agus an tóir leanúnach atá uirthi.

Beathaisnéis: Amhránaí is scríbhneoir as an Iorua í EMMY atá 24 bliana. Tógadh í i dteaghlach a bhfuil an-tóir acu ar an gceol agus tá sí ag casadh amhrán i gcaitheamh a saoil. Thosaigh sí ag cumadh a cuid amhrán féin agus ag cumadh amhrán lena deartháir, ar amhránaí is scríbhneoir é féin chomh maith, nuair a bhí sí seacht mbliana.

Cuireadh tús lena gairm i 2015 nuair a ghlac sí páirt i gcomórtas mór le rá do ghasúir ina tír féin, Melodi Grand Prix Junior, nuair a bhí sí 15 bliana. Sé bliana ina dhiaidh sin, i 2021, ghlac sí páirt i Melodi Grand Prix, an comórtas a bhíonn ar siúl san Iorua chun an t-amhrán do Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse a roghnú. Ba é an t-amhrán ‘Witch Woods’ a chas sí.

Inniu tá níos aithne níos fearr uirthi mar go mbíonn sí ag casadh amhrán ar TikTok, agus tá lucht leanúna 1.2 milliún aici ar fud an domhain. Tá sí ag obair le léiritheoirí mór le rá ar nós K-391 agus Braaheim freisin.

Chaith sí am i Los Angeles, i Laitvia agus sa Fhrainc i 2024, ag seisiúin cumtha amhrán. Chomh maith leis sin is dearthóir grafaicí saoririseora í EMMY.

CRÍOCH


Guthanna Úra, Fuinneamh Úr agus Fuaimeanna Úra: Fógraíonn 2FM Sceideal Nua Lae agus Deireadh Seachtaine

Guthanna Úra, Fuinneamh Úr agus Fuaimeanna Úra: Fógraíonn 2FM Sceideal Nua Lae agus Deireadh Seachtaine

Carl Mullan, Roz Purcell agus Aisling Bonner le tús a chur maidin i rith na seachtaine le gach Seó Bricfeasta nua ó 6am

Filleann Doireann Garrihy chun seó úrnua Drivetime a chur i láthair

Deireadh seachtaine chun an chéad ghlúin eile de thallann raidió a thaispeáint le ceathrar láithreoirí nua

Tá bród ar RTÉ 2FM, a bhfuil cáil air as ainmneacha tí a aimsiú agus a chothú i gcraoltóireacht na hÉireann, claochlú spleodrach ar a sceideal clár a fhógairt i rith an lae agus ag an deireadh seachtaine. I rith an lae le guthanna nua agus aitheanta lena n-áirítear sceideal athchóirithe, dátheangach, deireadh seachtaine, tá na hathruithe le fuinneamh úr, guthanna éagsúla agus ábhar siamsúil a thabhairt d’éisteoirí, ag leanúint le hoidhreacht an stáisiúin maidir le todhchaí na craoltóireachta a mhúnlú.

Le béim ar ghuthanna nua agus ar phríomh-mhisean seirbhíse poiblí 2FM, daingníonn an treo nua seo 2FM mar cheann scríbe fuaime deiridh na hÉireann agus ceol, caint agus siamsaíocht nua.

Gealltar i Seó Bricfeasta nua a chuirfidh Carl Mullan, Roz Purcell, agus Aisling Bonner i láthair go músclóidh sé an náisiún le fuinneamh nua, wit géar, agus fuaimrian nach féidir a thuar. Leanfaidh lár na maidine ar aghaidh le Laura Fox gach lá ó 9am, agus tabharfaidh Tracy Clifford, a bhfuil an-tóir air, an bata ag meán lae leis an gcuid is fearr de cheol na hÉireann, agus baile 2FM Rising. De réir mar a chasann an lá go tráthnóna, tabharfaidh Doireann Garrihy na héisteoirí abhaile, ag tairiscint na rianta is teo, nuashonruithe siamsaíochta, agus vibes mothú-mhaith chun cumhacht a thabhairt don chomaitéireacht tráthnóna.

Tá 2FM le bheith mar ardán na tíre don chéad ghlúin eile de thallann raidió, agus sceideal an deireadh seachtaine á athbheochan agus ceathrar láithreoirí nua curtha leis, ina measc Benny Bracken, Helen Galgey, Mikey O’Reilly agus láithreoirí ó stiúideonna Chorcaí, Demi Issac, a roghnaíodh ó chomórtas léirithe spéise a bhí ar siúl ar fud an stáisiúin an fómhar seo caite. Tá na craoltóirí cumasacha seo, a bhfuil cúlra acu go léir sa tionscal, ar tí a stíleanna uathúla, a paisean don cheol, agus a ndearcadh úr a thabhairt chuig na haerthonnta.

Dúirt Ceannasaí RTÉ 2FM, Dan Healy, “Tá sceitimíní orm ár sceideal i rith an lae a sheoladh le guthanna nua agus eolacha ar 2FM agus muid ag cur fáilte ar ais roimh Doireann chun ár seó nua Drivetime a chur i láthair agus táimid ag tnúth le Carl, Roz, agus Aisling mar óstach bricfeasta nua. Deartha do lucht féachana an lae inniu, beidh béim sa sceideal nua ar cheol na hÉireann agus ar cheol nua, ar uileghabhálacht agus ar shiamsaíocht bhunaidh. Cibé an bhfuil tú ag tosú ar an lá, ar do chomaitéireacht, nó unwinding thar an deireadh seachtaine, beidh 2FM rud éigin úr agus spreagúil ag fanacht leat.

Tá stair bhródúil ag RTÉ 2FM maidir le tallann dochreidte a aithint agus a chothú, agus beidh gairmréim rathúil ag go leor dár láithreoirí sa chraoltóireacht. Leanann an traidisiún sin ar aghaidh ag an deireadh seachtaine, ag léiriú guthanna nua a léiríonn beocht agus éagsúlacht ár lucht féachana go fírinneach.”

Dúirt Patricia Monahan, Stiúrthóir Fuaime RTÉ: “Le blianta fada anuas, tá RTÉ 2FM ina lainseálaí do chuid de na hainmneacha is aitheanta i gcraoltóireacht na hÉireann. Leanann an oidhreacht seo ar aghaidh ar ár sceidil i rith na seachtaine agus ag an deireadh seachtaine, agus muid ag leanúint ar aghaidh ag cothú an chéad ghlúin eile de thallann a chur i láthair agus guthanna nua a thabhairt do na haerthonnta náisiúnta, níl aon amhras orm ach go gcuirfidh siad a mblas uathúil le fuaim íocónach 2FM agus táim ag tnúth le bheith ag obair leo agus leis an bhfoireann ar fad chun éisteoirí a mhealladh agus a spreagadh agus muid ag tabhairt faoi ré nua spreagúil do 2FM. Leis an éagsúlacht seo de ghuthanna bunaidh Éireannacha, agus ár dtiomantas athnuaite do cheol na hÉireann, is é 2FM fuaim an Náisiúin i ndáiríre.”

Seoladh na sceidil nua i rith an lae agus ag an deireadh seachtaine i mí Feabhra 2025.


Adgy ag súil le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag comórtas Eoraifíse 2025

Is é Adgy, ó Dhún na nGall, an t-iomaitheoir is déanaí atá ag súil a lorg a fhágáil ar an gcomórtas Eurosong 2025 agus ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025.

‘Run into the Night’ an t-ainm atá ar amhrán Adgy.

Bí ag faire ar The Ray D’Arcy Show ar RTÉ Radio 1 inniu chun a iontráil Eurosong 2025, Run into the Night, a chloisteáil den chéad uair.

Gan ach trí iomaitheoir eile fágtha an tseachtain seo, tá The Ray D’Arcy Show ag tabhairt seans d’éisteoirí na hamhráin a chloisteáil den chéad uair agus aithne a chur ar na hiomaitheoirí.

An 7 Feabhra a rachaidh an seisear deiridh sa gcomórtas Eurosong san iomaíocht ar The Late Late Eurosong Special lena roghnú cé a bheidh ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn sa 69ú Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse.

Beathaisnéis: Tá Adgy ar ais le fuaim úr agus rún aige ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gcomórtas Eoraifíse 2025. Is aintiún popcheoil Ceilteach é ‘Run into the Night’, a scríobh Adgy agus arna léiriú ag iar-iomaitheoir sa gcomórtas Eoraifíse Ivan Klymenko (Kalush – Stefania, buaiteoir Chomórtas Amhránaíochta Eoraifís 2022). Ghlac an t-amhránaí agus scríbhneoir seo páirt i Eurosong 2023 lena amhrán ‘Too Good For Your Love’ agus tá am caite aige ó shin lena chuid ceoil a fhorbairt chomh maith le forbairt mar ealaíontóir.

Tar éis an chomórtais Eurosong 2023, chuaigh sé ag taisteal ar feadh tamaill agus d’fhill sé ar Londain, áit a bhfuil sé ag scríobh a chuid ceoil le bliain anuas. Faigheann Adgy spreagadh óna chúlra i

nGaeltacht Dhún na nGall. Tá amhráin dá chuid sruthaithe 12 milliún babhta, tá conradh bainte amach aige le Universal Music Group, agus conradh foilsitheoireachta aige le Spirit BMG.

**Gan Lánchosc: Inniu ar The Ray D’Arcy Show, labhair Reylta ar a iontráil sa chomórtas Eurosong. Is féidir éisteacht siar leis anseo.

CRÍOCH


Clúdach ar chluichí na Sé Náisiún fógartha ag RTÉ agus ag Virgin Media le gach uile chluiche acu ar fáil beo agus le saorchaoladh

Clúdach ar chluichí Sé Náisiún na bhFear, na mBan agus F20 san áireamh

Clúdach RTÉ á chur i láthair ag Jacqui Hurley le Jamie Heaslip, Fiona Coghlan, Niamh Briggs agus Jim Hamilton i measc an phainéil.

Clúdach Virgin Media Television á chur i láthair ag Joe Molloy le Rob Kearney, Shane Horgan, Andrew Trimble, Fiona Hayes agus Grace Davitt i measc an phainéil.

Clúdach beo ar chluichí na Sé Náisiún ar RTÉ2, RTÉ Radio, RTÉ Player, Virgin Media Television agus Virgin Media Play.

Tá sonraí faoin gcomhchlúdach ar chomórtas na Sé Náisiún eisithe ag RTÉ agus ag Virgin Media Television inniu, ina mbeidh gach uile chluiche beo agus á shaorchraoladh idir an dá chraoltóir, lena chinntiú go mbeidh an lucht leanúna spóirt in ann taitneamh a bhaint as gach soicind den aicsean. Clúdach ar chomórtais Sé Náisiún na bhFear, na mBan agus F20 san áireamh

Is féidir le lucht leanúna a bheith ag súil le hanailís agus léargais den scoth idir an dá chraoltóir. Is í an láithreoir Jacqui Hurley a bheidh i gceannas ag RTÉ, in éineacht le Jamie Heaslip, Stephen Ferris, Bernard Jackman, Donal Lenihan, Fiona Coghlan agus Jim Hamilton i measc lucht an phainéil ag cur anailís d’ardchaighdeán ar fáil. Is é Joe Molloy a bheidh i gceannas ar chlúdach Virgin Media Television, le Rob Kearney, Matt Williams, Shane Horgan, Andrew Trimble, Ian

Madigan, Fiona Hayes agus Grace Davitt i measc lucht an phainéil, réidh chun a gcuid léargas saineolach a thabhairt.

Tá cearta eisiacha ag RTÉ Radio 1 do chluichí na Sé Náisiún ar fad, sa bhaile agus as baile, beidh tráchtaireacht beo ar gach cluiche ar fáil ó Michael Corcoran chomh maith le hanailís agus tuairimí ón bpainéal, Donal Lenihan, James Downey, Niamh Briggs, Shane Byrne, agus Marcus Horan.

Ag cur tús le Comórtas Sé Náisiún na bhFear, Dé hAoine an 31 Eanáir beidh an Fhrainc i gcoinne na Breataine Bige i Stade de France. Beidh an cluiche beo ar Virgin Media One ag 8.15pm.

Beidh an chéad chluiche ar RTÉ Dé Sathairn 1 Feabhra, Albain v An Iodáil, beo as Murrayfield ag 2.15pm. Ina dhiaidh sin beidh Éire v Sasana beo ar Virgin Media One ó 4.45pm, tá súil ag buaiteoirí reatha na Caithréime Móire an comórtas a bhuachan trí huaire as a chéile.

Dé Sathairn an 22 Márta cuirfear tús le Comórtas Sé Náisiún na mBan Guinness i Staid Kingspan le hÉire v An Fhrainc ag 1pm ar Virgin Media One. Díreach ina dhiaidh sin beidh Albain v An Bhreatain Bheag ag 4.45pm beo ar an RTÉ Player. Tabharfaidh Sasana aghaidh ar An Iodáil Dé Domhnaigh an 23 Márta ag 3pm ar Virgin Media Two.

I measc chláir rugbaí RTÉ den Sé Náisiún beidh clúdach ar na trí chomórtas le cluichí á saorchraoladh go heisiach ar RTÉ2, RTÉ Radio 1, agus RTÉ Player. Féach RTÉ.ie/Sport nó @RTErugby ar na meáin shóisialta an t-eolas, an mhionanailís, an nuacht agus na hagallaimh is déanaí a fháil. Beidh Against The Head ar ais ar RTÉ2 oícheanta Dé Luain, le díospóireachtaí agus léargais éagsúla agus The RTÉ Rugby Podcast a dhíreoidh ar chomórtas na Sé Náisiún amháin. Bí ar an eolas le RTÉ News, a chuireann an t-eolas cuimsitheach is déanaí ar fáil, chomh maith le haip RTÉ News Now.

Cuirfidh Virgin Media Televison clúdach ar fáil ar chluichí Sé Náisiún na bhFear, na mBan agus Faoi 20. Cuirfidh Virgin Media News na scéalta is déanaí ar fáil de réir mar a tharlóidh siad agus déanfar athbhreithniú ar aicsean na seachtaine ar fad ar phodchraoladh VMTV le linn na gcomórtas. Má chaill tú aon chuid den aicsean beidh an clár Six Nations Highlights ar siúl gach Domhnach ag 7pm agus ná déan dearmad muid a leanúint ar na meáin shóisialta idir Facebook, X, Youtube, Instagram agus TikTok @VMSportie.

Roimh an gcomórtas, dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ: “Agus muid ag tabhairt faoi bhliain iontach rugbaí, táthar ag súil go mór le Craobhchomórtas na Sé Náisiún, 2025. Tá mórtas ar RTÉ leanúint dá thiomantas do lucht leanúna spóirt ar fud na tíre le cluichí saorchraolta, clúdach ilardáin den chomórtas mór le rá seo, i gcomhpháirtíocht le Virgin Media Television. Beidh anailís ó shaineolaithe ar fáil ar ardáin uile RTÉ, leis seo beidh lucht leanúna an rugbaí in ann taitneamh a bhaint as gach soicind den Chraobhchomórtas, gan aon chuid de a chailleadh.”

Maidir leis an bhfógra ar an gclúdach, dúirt Brian Gleeson, Ceannasaí Spóirt, Virgin Media Television: “Tá Craobhchomórtas iontach romhainn ar Virgin Media Television agus RTÉ. Tá móiminteam an-tábhachtach i gcomórtas na Sé Náisiún, agus ní fhaigheann sé níos bríomhara ná Éire v Sasana i mBabhta 1, a bheidh beo ar Virgin Media One. Beidh muid beo ó Staid Aviva do chluiche dochreidte gan dabht. Anuas air sin, beidh Antoine Dupont, fear a déarfadh daoine an t-imreoir is fearr ar domhan, ar ais do Chomórtas na Sé Náisiún san oíche Dé hAoine nuair a chuirfidh an Fhrainc fáilte roimh an mBreatain Bheag i bPáras. Chomh maith leis sin beidh glúin nua faoi 20 na hÉireann ag súil a lorg a fhágáil, agus ó chruthaigh foireann ban na hÉireann go maith sa bhfómhar, is cosúil go bhfuil séasúr iontach rugbaí idirnáisiúnta romhainn ar Virgin Media Television.”

Íomhá ar fáil anseo le híoslódáil https://we.tl/t-eWFXwdwJQJ

Tá agallaimh ar fáil ach iad a iarraidh.

CRÍOCH

Is iad seo a leanas cluichí Beo RTÉ faoi 20s na Sé Náisiún:

Aoine 31 Ean – Albain v An Iodáil – RTÉ Player
Sath 8 Feabh – Albain v Éire – RTÉ2
Aoine 21 Feabh – Sasana v Albain – RTÉ Player
Aoine 7 Márta – Sasana v An Iodáil – RTÉ Player
Aoine 7 Márta – Éire v An Fhrainc – RTÉ2
Aoine 14 Márta – An Iodáil v Éire – RTÉ2
Aoine 14 Márta – An Fhrainc v Albain – RTÉ Player

Beo RTÉ Guinness Women’s Six Nations ná:

Sath 22 Márta – Albain v An Bhreatain Bheag – RTÉ Player
Sath 29 Márta – An Bhreatain Bheag v Sasana – RTÉ Player
Sath 12 Aib – An Fhrainc v An Bhreatain Bheag – RTÉ Player
Sath 12 Aib – Éire v Sasana – RTÉ2
Sath 19 Aibreán – An Iodáil v An Fhrainc – RTÉ Player
Domh 20 Apr – An Bhreatain Bheag v Éire – RTÉ2
Sath 26 Aibreán – An Iodáil v An Bhreatain Bheag – RTÉ Player
Sath 26 Aibreán – Sasana v An Fhrainc – RTÉ Player

Is iad seo a leanas cluichí Sé Náisiún Teilifíse Beo Virgin Media U20s:

Déar 30 Ean – Éire v Sasana – Virgin Media a Dó
Sath 1 Feabhra – An Fhrainc v An Bhreatain Bheag – Virgin Media More
Aoine 7 Feabhra – An Iodáil v An Bhreatain Bheag – Virgin Media Play
Aoine 7 Feabh – Sasana v An Fhrainc – Virgin Media a Dó
Aoine 21 Feabh – An Bhreatain Bheag v Éire – Virgin Media a Dó
Sath 22 Feabhra – An Iodáil v An Fhrainc – Virgin Media Play
Aoine 7 Márta – Albain v An Bhreatain Bheag – Virgin Media More
Aoine 14 Márta – An Bhreatain Bheag v Sasana – Virgin Media More

Teilifís Bheo Virgin Media Is iad seo a leanas cluichí Sé Náisiún na mBan Guinness:

Sath 22 Márta – Éire v An Fhrainc – Virgin Media One
Domh 23 Márta – Sasana v An Iodáil – Virgin Media a Dó
Sath 29 Márta – An Fhrainc v Albain – Virgin Media a Dó
Domh 30 Márta – An Iodáil v Éire – Virgin Media One
Domh 13 Aibreán – Albain v An Iodáil – Virgin Media a Dó
Sath 19 Aibreán – Sasana v Albain – Virgin Media a Dó
Sath 26 Aibreán – Albain v Éire – Virgin Media One


Showing 61 - 70 of 546 stories