skip to main content

Stór mór de bhunábhar Gaeilge seolta ag RTÉ don Séasúr Nua

An tseachtain seo, d’fhógair RTÉ sceideal na gclár don séasúr nua agus tá sé blianta fada ó bhí an oiread seo cláracha Gaeilge mar chuid de. 

Tá ról lárnach ag RTÉ maidir le cuimhne chultúrtha na hÉireann a chlárú agus a chaomhnú. Le blianta beaga anuas, tá borradh tagtha faoin nGaeilge agus is cuid lárnach de shainchúram RTÉ é sin a léiriú, dul i ngleic leis agus é a neartú. Féachann na cláracha Gaeilge a bheidh á gcraoladh go gairid le siamsaíocht agus oideachas a chur ar fáil dár lucht féachana ar na hardáin uilig agus a spéis a mhúscailt.    

Chun tús a chur leis an séasúr nua craolfar ceithre shraith nua Gaeilge. Beidh na sraitheanna seo á gcraoladh le linn na mbuaicthráthanna Dé Luain, Dé Máirt agus Dé hAoine ar RTÉ One. Tosóimid amach Dé hAoine an 1 Meán Fómhair ag 8.30pm ar RTÉ One le Seisiún, sraith cheoil a chuirfidh an t-amhránaí agus ceoltóir aitheanta Muireann Nic Amhlaoibh i láthair.  Tabharfaidh sí cuairt ar cheithre ionad ceoil iomráiteacha ar fud na hÉireann: McGrory’s i nDún na nGall, Connolly’s na Léime,  Campbell’s Tavern in Áth Cinn agus The Cobblestone i mBaile Átha Cliath.  Buailfidh sí leis na teaghlaigh a chruthaigh na hionaid íocónacha seo d’ealaíontóirí agus do lucht an cheoil agus cloisfimid ceol ó chuid de na ceoltóirí a d’imir tionchar ar na hionaid seo is ansa le lucht an cheoil agus a raibh tionchar ag na hionaid orthu.  

Dé Luain an 4 Meán Fómhair ag 8pm tiocfaidh sraith maoine RTÉ a hAon, Bog Amach ar ais ar an aer leis an láithreoir nua, Emer Mhic an Fhailí, áit a dtabharfar cabhair do shé lánúin agus teaghlach athlonnú ó thar lear, ó chathair go dtí ceantar tuaithe, agus ó shuaimhneas na tuaithe go dtí fuadar na cathrach.  Leanfaimid duine atá ag ceannach tí den céad uair; teaghlach atá ag súil le cur fúthu ar oileán; lánúin óg atá ag athlonnú go hÉirinn ón Nua-Shéalainn; lánúin atá ag filleadh ó Cheanada tar éis 33 bliain agus ag tabhairt a gcúnna faoil Albanacha leo; ceannaitheoir atá ag dul malairt treo agus ag bogadh ó iargúltacht na tuaithe go dtí an chathair; agus lánúin óg atá ar bís le teach níos mó a cheannach.  

Díreach ina dhiaidh sin ag 8.30pm (Dé Luain) fillfidh Ar an Sliabh, an tsraith i sé chuid a bhfuil an-tóir uirthi, agus ina leanann muid pobail atá ina gcónaí ar Chnoc Bhréanainn i gCiarraí, ag bun na hEaragaile i nDún na nGall agus i nGleannta Aontroma.  Tugtar léargas dúinn ar an saol, thuas seal thíos seal, a bhíonn ag na daoine a mhaireann sna ceantair iargúlta seo, ó theaghlach óg a bhíonn ag déileáil go praiticiúil le tinneas fadtéarmach go dtí daoine atá ag bogadh ar ais abhaile tar éis dóibh blianta a chaitheamh i gcathracha móra – agus an ghlúin níos sine atá ag pleanáil todhchaí inbhuanaithe dá gcuid leanaí agus dá ngarchlann. Is comhléirithe le BBC Gaeilge iad Bog Amach agus Ar an Sliabh.   

Dé Máirt an 5 Meán Fómhair ag 7pm ar RTÉ One, déanfar iniúchadh i sraith nua ceithre chlár Aistear an Amhráin ar na rúin agus na scéalta atá taobh thiar de chuid de na hamhráin is mó cáil in Éirinn, ó amhráin reibiliúnacha go dtí bailéid chlasaiceacha. Idir Mná na hÉireann, an sar-amhrán ar chum Seán Ó Riada ceol dó, an t-amhrán de chuid na Saw Doctors ó 1990 faoin imirce, N17, Take Me Up To Monto na Dubliners agus an t-amhrán poblachtach a chothaigh aighneas, Come Out Ye Black and Tans, tabharfar an stair, an stair shóisialta agus cuid de na fíricí dúinn, nach bhfuil ar eolas ag mórán, ach atá taobh thiar de chuid de na hamhráin is ansa linn anseo in Éirinn.   

Níos déanaí sa bhfómhar, bí ag faire amach do rogha an lucht féachana, Scannal, Peataí agus Cloch le Carn.  

Féachann Scannal siar ar na scéalta a chuir alltacht orainn agus a d’athraigh muid mar náisiún. An séasúr seo, i measc scéalta eile, caithfear súil siar ar an gcaoi ar imigh Mary Boyle, a bhí sé bliana d’aois, gan tasc gan tuairisc sa bhliain 1977, an chorraíl a tharla sa tír nuair a deineadh iarracht táillí uisce a thabhairt isteach agus an chaoi ar bhraith Aonach Poc Chill Orglan mar gheall ar an tonn teasa – agus ar na tablóidigh – in 2022.   

Peataí   

Fillfidh an tréidlia Ellen Hegarty, an grúmaeir Paul Ó Gallachóir agus an t-iompraí ainmhithe Paula Doohan ar ár scáileáin an Fómhar seo, tráth a dtabharfar deis d’úinéirí peataí ar fud na hÉireann freagraí a fháil ar fhadhbanna a bpeataí. Leanfaidh an láithreoir Tessa Fleming ár saineolaithe agus iad ag oibriú ar na fadhbanna atá ag lán an tí de mhadraí easumhla, cait bhreoite agus ainmhithe andúchasacha giongacha chun cabhrú le húinéirí peataí agus a gcuid peataí réiteach a fháil ar  fhadhbanna móra agus beaga. Is comhléiriú é seo le BBC Gaeilge.   

Cloch le Carn  

Déanfaimid ceiliúradh ar bheirt as Baile Átha Cliatha agus beirt de na ceoltóirí is mó le rá. I mí Dheireadh Fómhair déanfaidh Cloch le Carn ceiliúradh ar an bhfidléir, Seán Keane, a bhí ina bhall de na Chieftans agus de Cheoltóirí Chualann agus níos déanaí sa bhfómhar, i gclár speisialta a mhairfidh uair an chloig, cuimhneofar ar an amhránaí aitheanta agus príomhamhránaí Aslan, Christy Dignam.

CLÁRACHA FAISNÉISE 

Tugann ár gcláracha faisnéise aon uaire muid ó ghrinn-staidéar ar bhannaí aitheanta agus ar fhuirseoirí atá an-bharrúil go dtí scéalta spreagúla faoi fhir agus mná dochreidte.  

Viva Mary (Banríon Sitges)Tá brí agus beocht agus fonn doshéanta maireachtála ag rith le Mary, bean bheoga 90 bliain d’aois. Sa chlár aoibhinn nua faisnéise seo, buaileann an scannánaí Cathal Ó Cuaig le Mary Lamb, máthair agus seanmháthair, bean as Conamara, iníon an ealaíontóra Charles Lamb, agus í ag caitheamh súil siar ar shaol nárbh é an gnáthrud ar an ngnáthbhealach a bhain i gcónaí leis. D’éirigh sí aníos i gConamara i rith na 1930idí, í á spreagadh ag dáimh a hathar leis an taobh tíre agus le muintir an iarthair, ach an feimineachas agus aird ar leatrom á chothú freisin inti ag a raibh de bhochtaineacht ina timpeall. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, thug sí cúl le gnás agus chaith a cuid díograise le hoideachas a chur ar leanaí faoi mhíchumas i Sasana. Tagann sí ó fhéimheacht a fir chéile agus ar dul ar pinsean di, tugann sí faoi shaol seoltóireachta ina haonar ar fud na Meánmhara. Sa scannán dóchais seo, déantar ceiliúradh ar bhean atá dílis ina máthair mhór, ina máthair, agus ina cara di chomh maith le bheith ina ceoltóir agus ina bean eachtraíochta. 

Foclóir Brille 

Fuirseoir a bhfuil gradaim buaite aici í Bláithín de Burca a bhíonn neamhbhalbh agus nach seachnaíonn áiféis i gceachtar den dá theanga. Sa chlár seo tugann sí ar thuras spleodrach áibhéil sinn ar fud réimsí nár thaobhaigh aon duine den lucht grinn go dtí seo: go domhain i scéal na Gaeilge mar a bhíodh, mar atá, agus mar a bheidh, ag trácht ar chaint, idir bhaois agus ghaois, as béal na mban, bíodh mínáireach nó ná bíodh. An chuspóir: scrúdú a dhéanamh ar stair teangeolaíochta na tíre ionas go gcuirtear lasair in athuair i dtaithí shainiúil éagsúil na hÉireann ar an mbantracht. Cumar idir sruth an ghrinn agus sruth ghrinneas an léinn, leanann an clár ríméadach faisnéise seo Bláithín ar chamchuairt na hÉireann ag lorg seanleaganacha agus focail nua a bheidh ina ábhar aici do dhreas úrnua fuirseoireachta as Gaeilge. Ag gabháil leis an gclár faisnéise, beidh foclóir de chineál leithleach éagoitianta, an Foclóir Brille, á sheoladh ar líne ar RTÉ.ie ionas gur féidir le cailín nó cailleach – nó duine a thugann beagán den bheirt leo – teacht ar bhéarlagar nua/seanda inar féidir leo a gcuid gnéasachta a chur in iúl go hiomlán.

Hot House FlowersD’eisigh The Hothouse Flowers People, an chéad albam ag an ngrúpa, ar an 4ú lá de Bhealtaine 1988. Bhí an t-albam ag an am, agus tá go fóill, ar an albam tosaigh ó oirfideach ar bith in Éirinn ba mhó díolachán, ag uimhir 1 in Éirinn taobh istigh d’aon seachtain amháin agus ag dul chomh hard le huimhir 2 sa Ríocht Aontaithe. Míonna beaga dár gcionn, níor fágadh oiread is ticéad gan díol do cheolchoirm san RDS i mBaile Átha Cliath. Bhí cuid mhór a cheap gur d’aon splanc tintrí amháin a tháinig banna ceannródaíochta na gceoltóirí óga seo ar an láthair. Ach ní fás aon oíche a bhí ann ar chor ar bith; bhí tamall deas blianta caite ag an mbanna ag saothrú cheana féin, ag buscáil, ag seinm in ionaid bheaga agus ag tarraingt lucht leanta chucu féin. Bhí nuacht agus úire ag rith leo in Éirinn tráth a raibh airgead agus poist gann (roimh ré an Tíogair Cheiltigh) ach borradh faoi shaol an chultúir in Éirinn. Is ar an ábhar sin a spreagann cuimhne ar an albam mothúcháin aitis agus lúchaire sna daoine. 35 bhliana dár gcionn, caitheann Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin, an bheirt a bhí chun tosaigh sa ghrúpa, súil siar ar an mbliain faoi leith sin a chuir cor ina gcinniúint. 

Dolores@70  

Déanfar ceiliúradh, le hócáid nua speisialta teilifíse, ar an 70ú breithlá ag an amhránaí Dolores Keane ar seod de chuid na hÉireann í. Leantar í agus í ag filleadh ar thobar a cuid ceoil, seanteach a cuid aintíní i gCathair Loistreáin i gCo. na Gaillimhe agus cloistear í ag canadh roinnt de na hamhráin is mó a thaitníonn le daoine uaithi in éineacht le ceithre ghlúin dá muintir féin agus ceoltóirí eile de chuid na hÉireann, Paul Brady agus Mick Hanly ina measc, chomh maith le cuid mhór eile.

Rí an Pharóiste, Séamus Begley

Déanann Rí an Pharóiste ceiliúradh ar shaol Shéamuis Uí Bheaglaoich. Bhí Séamus ar maos i gcultúr Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, áit ar rugadh agus tógadh é; feirmeoir drogallach, sár-cheoltóir agus sár-amhránaí a raibh dúchas an cheoil go smior ann. Thug a chuid buanna ceoil ar fud an domhain é, stáitse na Pirimide ag Glastonbury san áireamh. Agus bliain ó cailleadh é ag druidim linn, déanann a bhean chéile, a chlann, seanchairde, agus ceoltóirí a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain machnamh ar an gCiarraíoch ildánach agus an oidhreacht shaibhir a d’fhág sé ina dhiaidh.

Cintíonn an sceideal seo atá amach romhainn go mbeidh siamsaíocht á chur ar fáil don lucht féachana agus go mbeifear á mealladh, agus an saol uathúil atá ar fud Oileán na hÉireann á léiriú agus á cheiliúradh.    

Dúirt Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ:  “Tá RTÉ tiomanta do stór mór agus éagsúil de chláracha Gaeilge a chur ar fáil dár lucht féachana.  An Fómhar seo, táimid ag cur an réimse is fearr dá raibh againn riamh de chláracha Gaeilge ar fáil ar sceideal RTÉ.  Táim buíoch de gach duine in earnáil na léiriúchán neamhspleách chomh maith le  foireann inmheánach na gCláracha Gaeilge a chruthaíonn an bunábhar Gaeilge iontach seo ar fad.  Táim fíorbhuíoch freisin dár gcomhpháirtithe maoinithe Coimisiún na Meán agus an CCG agus ár gcomhchraoltóirí seirbhíse poiblí ar an oileán seo as a gcomhpháirtíocht agus as an tacaíocht leanúnach a thugann siad dúinn.” 


Feadóga do chomórtas Bhonn Óir Seán Ó Riada 2023

An ceoltóir traidisiúnta ar an bhfeadóg mhór nó ar an bhfeadóg stáin thú?  Tá an comórtas do Bhonn Óir Seán Ó Riada na bliana seo fógartha ag an gcraoltóir Peadar Ó Riada, agus is ar an dá uirlis sin a bheas an comórtas dírithe do 2023. Beidh bonn óir agus €2500 ag dul don bhuaiteoir ar an gcomórtas, atá á reáchtáil ag Peadar tríd a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Is é Dé hAoine 29 Meán Fómhair an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais.Chuir Peadar Ó Riada an comórtas seo ar bun siar sa bhliain 2010, agus bíonn ceoltóirí ó gach cearn den domhan ag cur isteach air gach bliain.  Is liosta le háireamh na ceoltóirí ar an bhfeadóg mhór a thug leo an duais mhór go dtí seo, ina measc Tim McHugh as Baile Uí Fhiacháin i Maigh Eo, Seán Gavin as Detroit Mheiricá, agus Jillian O’Malley ó Chluain Cearbháin i Maigh Eo. Le cur isteach ar an gcomórtas, is gá do cheoltóirí:

  • 5 phíosa/seit ceoil a thaifead(is leor iad a thaifeadadh ar an ríomhaire/fón, ní caighdeán stiúideo atá i gceist)
  • Clárú ag www.cuireadhchunceoil.ie
  • Na píosaí ceoil a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín sin faoin Aoine 29 Meán Fómhair.

Roghnófar 15 iomaitheoir le bheith páirteach sa chraobh, agus fógrófar iad ar an gclár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ RnaG beo ó Éigse Dhiarmuidín ag tús mhí na Nollag.   Craolfar an chraobh beo ó Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh ag deireadh mhí Eanáir. Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO, Ealaín na Gaeltachta agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh na hurraitheoirí ar an gcomórtas.


Cuir aithne ar an Láithreoir is nuaí le Nuacht RTÉ

Barry Gallagher ó Dhún na nGall ó dhúchas fógartha ina láithreoir ar RTÉ news2day

An Fómhar seo, beidh Barry Gallagher, 24, ó Dhún na nGall le feiceáil den chéad uair ar an teilifís mar chuid d’fhoireann news2day. Is seirbhís nuachta news2day atá dírithe go sonrach ar leanaí agus clúdaítear scéalta nuachta de chuid na hÉireann agus áiteanna eile ar domhan a bheadh ina n-ábhar spéise ag lucht féachana óg.

Tar éis do RTÉ gairm chun céimithe i ngnóthaí na meán cumarsáide agus san iriseoireacht ar fud na tíre a dhéanamh, agus próiseas cuimsitheach éisteachta, roghnaíodh Barry le tabhairt ar an bhfoireann. Tosóidh sé i mbun craoltóireachta Dé Luain seo chugainn an 4 Meán Fómhair beo ar RTÉ2, ar RTÉ News agus beidh sé ar fáil lena shruthú freisin ag scoileanna ar an RTÉ Player.

Is as Gartán i sléibhte Dhún na nGall Barry. Bhog sé go Baile Átha Cliath le tabhairt faoina bhunchéim san iriseoireacht in DCU in 2019. Tar éis dó a chéim a bhaint amach i mBealtaine 2022, thosaigh Barry ag obair ina iriseoir le The Irish Sun, agus dheimhnigh sin dó go raibh a croí go huile agus go hiomlán i gcúrsaí nuachta. Fad is a bhí sé leis an nuachtán sin, bhí sé ag obair ar scéalta éagsúla ó nuacht a bhí díreach ag briseadh agus spórt, go dtí gné-ailt fiosrúcháin, ag clúdach imeachtaí ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Ina chuid ama shaoir, taitníonn ceol, scannáin agus peil Ghaelach le Barry, spórt a d’imir sé ar feadh blianta fada lena chumann áitiúil, CLG an Tearmainn, agus lena mheánscoil, Coláiste Adhamhnáin.

De bharr gur fhás sé aníos ar fheirm faoin tuath in Éirinn, tá an-chion dar ndóigh ag Barry d’ainmhithe, agus táimid cinnte go mbeidh sé sin le feiceáil le linn a chuid ama ar news2day. Ainneoin gur thosaigh sé amach leis an iriseoireacht chlóite, bhí Barry le cloisteáil ar an raidió agus le feiceáil ar an teilifís roinnt uaireanta sular thosaigh sé le news2day – agus is fada leis go mbeidh sé os comhair an cheamara arís.

Maidir lena ról láithreoireachta nua, is éard a dúirt Barry: “Ba é mian mo chroí é a bheith ar fhoireann news2day agus ní chreidim fós go bhfuilim anseo. Bhínn ag féachaint ar an gclár gach lá tar éis na scoile nuair a bhí mé óg, agus b’ábhar spreagtha dom i gcónaí an grúpa iontach iriseoirí a bhí anseo romham – is mór an onóir dom a lorg a leanúint. Is foinse den scoth agus foinse thábhachtach do leanaí na hÉireann é news2day RTÉ, agus is fada liom go mbeidh mé in ann mo lorg féin a chur air.”

Beidh Barry ag obair in éineacht le láithreoir eile news2day Molly O’Connor as Baile Átha Cliath. Tá Molly ag obair le news2day ó Mheán Fómhair 2022.

Craoltar news2day ó Luan go hAoine ag 4.20pm ar RTÉ2 agus ar chainéal RTÉ News. Chomh maith leis an lucht féachana óg a bhíonn ag féachaint ar an gclár sa bhaile, is iomaí seomra ranga sa tír a fhéachann ar an gclár ar líne ar an RTÉ Player agus úsáidtear é mar uirlis teagaisc.

Féach ar Barry agus Molly ar RTÉ news2day anseo: www.rte.ie/news2day


The Meaning of Life ag filleadh leis an 100ú clár agus leis an 17ú séasúr mí Mheán Fómhair seo

I measc na n-aíonna, beidh an tArd-Easpag Diarmuid Martin, Johnny Logan, Alice Taylor, Tony Holohan, Adi Roche, Tolü Makay, Jason Smyth agus Naomi Long.

Beidh Joe Duffy ag filleadh sa Mheán Fómhair le sraith nua de The Meaning of Life ina nochtfaidh pearsana poiblí mór le rá agus daoine a bhfuil tionchar acu an tionchar a bhí ag a saol ar a dtaithí, a luachanna, a gcinntí agus ar a gcreideamh nó go deimhin an tionchar a bhí ag na nithe sin ar a saol.

Déanfar ceiliúradh ar an 100ú heipeasóid den chlár nuair a chuirfear tús leis an tsraith nua ar an 3 Meán Fómhair ar RTÉ One le hagallamh fada le Diarmuid Martin, iarArd-Easpag Caitliceach Bhaile Átha Cliath. Labhróidh an tArd-Easpag Diarmuid Martin go macánta agus go tochtmhar faoi dhéileáil leis na scannail chléireachais faoi dhrochúsáid ghnéis a rinneadh ar leanaí ina iarArd-Deoise i mBaile Átha Cliath. Roinnfidh sé a thuiscint féin ar iompar agus ar spreagadh na ndéantóirí coire, an tionchar a bhí acu ar íospartaigh agus an chaoi a raibh sé ina thosaíocht aige a thabhairt le fios go poiblí go raibh an méid a tharla mícheart, in ainneoin nach raibh an Eaglais ina fhabhar sin. Nochtfaidh sé, le hionracas ar leith, na deacrachtaí a bhí roimhe agus é ina mhac léinn cliarscoile agus an chaoi a roghnaigh sé ministreacht aontumhach seachas caidreamh grámhar. Déanfaidh an tArdeaspag Martin cur síos ar an “droch dhiagacht” a bhí mar chúis leis an Eaglais Chaitliceach cosc a chur ar fhrithghiniúint shaorga, agus ar na dúshláin ar fad atá anois roimh an Eaglais Chaitliceach in Éirinn.

Le linn an 17ú séasúr den chlár, labhróidh Joe freisin leis an amhránaí mór le rá a bhuaigh an Eurovision trí huaire, Johnny Logan, nó Seán Sherrard mar a thugtar air freisin; leis an údar as Éirinn a bhfuil tóir uirthi, Alice Taylor; le hiar-iarrthóir a sheas don Uachtaránacht agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin bunaidh Chernobyl Children’s International, Adi Roche; leis an rábálaí a bhuaigh Bonn Óir agus ar Curadh Domhanda é, Jason Smyth; leis an amhránaí is scríbhneoir, Tolü Makay; leis an iarPhríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan; agus le Ceannaire Pháirtí an Chomhaontais, Naomi Long.

Is éard a dúirt Joe Duffy agus é ag labhairt faoin tríú sraith a bheidh á cur i láthair aige: “Tá fíorbhród orm go mbeidh an 100ú heipeasóid den chlár bainte amach againn ar an 3 Meán Fómhair 2023 sa tsraith nua seo de The Meaning of Life. Chreid mé i gcónaí go raibh áit thábhachtach ag an agallamh i stíl an chláir The Meaning of Life, atá mion, pearsanta agus taighde déanta air ar bhealach iontach agus cúramach, i sceideal an chraoltóra phoiblí náisiúnta. Agus mé i mo chraoltóir óg, bhí an-mheas agam ar obair an tsíciatraí as Éirinn, an Dr. Anthony Clare nach maireann. Agus mé i m’Oibrí Sóisialta agus Teiripeoir Teaghlaigh cáilithe, rinne mé iarracht na scileanna sin a chur leis na cinn a d’fhoghlaim mé le linn mo thríocha bliain i mbun craoltóireachta.

Ba mhór an onóir dom go raibh na hagallaithe sa tsraith seo, idir iarArd-Easpag Diarmuid Martin; an t-amhránaí Johnny Logan, an scríbhneoir Alice Taylor; an pearsa iontach Adi Roche; iarPhríomhoifigeach Leighis Tony Holohan; agus go leor eile sásta labhairt go hoscailte ar bhealach macánta agus pearsanta faoin tuiscint atá acu ar Bhrí na Beatha.”

Dúirt Roger Childs, Eagarthóir Coimisiúnaithe ar Ábhar Reiligiúin in RTÉ freisin: “Ní oibreoidh sé sin go brách – beirt ina suí i seomra ag caint ar Dhia. Cé atá chun féachaint air sin? Ar an dea-uair cruthaíodh nach cruinn a bhí an chéad mheasúnú gruama greannmhar a bhí ag Gay Byrne ar an gclár The Meaning of Life de réir mar atáthar ag cur tús leis an 17ú séasúr agus an sprioc thábhachtach de 100 eipeasóid bainte amach aige. Bhí deis ag Uachtaráin, Taoisigh, réaltaí rac-cheoil, scríbhneoirí, lúthchleasaithe, aisteoirí, polaiteoirí, daoine atá i mbun ghnó na siamsaíochta, eolaithe, daonchairde, ceannairí reiligiúin, ceannairí gnó agus b’fhéidir Stephen Fry thar aon duine eile suí sa chathaoir nó ar “the opposite chair” mar a thug Gay air, rud a chruthaíonn sraith ina bhfuil daoine mór le rá a mbíonn tionchar acu ar shaol na linne seo in Éirinn. Is é seo an ceathrú séasúr á chur i láthair ag Joe Duffy, agus tá an-tóir fós ar an tsraith i measc aíonna agus an lucht féachana.”

Craolfar The Meaning of Life le Joe Duffy gach seachtain ar feadh 8 seachtaine ag 22:30 ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ón 3 Meán Fómhair. 


Tá réimse iléagsúil d’ábhar inspéise as Éirinn á chur ar fáil ag RTÉ i rith an tséasúir seo romhainn

BUAICPHOINTÍ AN tSÉASÚIR NUA

  • Níos mó ná 30 uair a chloig d’ábhar nua drámaíochta as Éirinn
  • Réimse leathan de chláracha faisnéise faoi cheisteanna cinniúnacha agus faoi thaithí saoil an duine dáiríre
  • Mórócáid cultúir Ireland 100
  • Réimse ábhair maidir leis an nGéarchéim Aeráide
  • Réimse suntasach cláracha Gaeilge i rith na mbuaicthráthanna craolta
  • Ábhar nua siamsaíochta agus grinn de chuid na hÉireann
  • Níos mó ná 126 uair a chloig d’ábhar nualéirithe do leanaí na hÉireann
  • An réimse is fairsinge d’ábhar Spóirt saor ar an aer FÉACH ar an réamhbhlaisín bolscaireachta anseo.

I rith an tséasúir seo romhainn, cuirfidh RTÉ, i gcomhar le hearnáil na léiritheoirí neamhspleácha, réimse forleathan d’ábhar inspéise as Éirinn ar fáil chun freastal ar réimse leathan den lucht féachana agus éisteachta, idir chláracha faisnéise agus imeachtaí náisiúnta cultúir, cláracha faoin aeráid agus sraitheanna faoin saol mar a chaitear in Éirinn dáiríre, cláracha i nGaeilge i rith na bpríomhthráthanna craolta, cláracha siamsaíochta nua as Éirinn, an rogha is fairsinge de dhrámaíocht agus de spórt na hÉireann agus réimse leathan ábhair do na saoránaigh is óige in Éirinn.

Fíorasach

Leanann RTÉ de chláracha faisnéise faoin tír seo agus de scéalta iontacha eile de chuid na hÉireann a chur ar fáil don séasúr seo romhainn, cláracha a rachaidh chomh mór céanna i gcion ar an lucht féachana leis na cláracha a bhfuil dea-chlú tarraingthe acu ar RTÉ leis na blianta anuas. Clár faisnéise lena mbaineann idir eachtraíocht agus ábhar machnaimh is ea 112 Days – Man Vs Ocean maidir le Damian Browne agus Fergus Farrell agus an turas a thug siad trasna an Atlantaigh i mbád iomraimh dhá sheas. Sraith thábhachtach trí cinn de chláracha faisnéise is ea Stardust ina dtabharfar léargas ó gach dearcadh is féidir ar thragóid an Stardust, agus dírítear aird in Patrick: A Young Traveller Lost ar an gceist phráinneach thruamhéileach maidir le rátaí féinmharaithe i measc an Lucht Siúil in Éirinn trí scéal cásmhar Patrick McDonagh, 12 bhliain d’aois, a chur i láthair. Ón mbliain 1996 i leith, tharla bás 261 bean in Éirinn i gcásanna foréigin faoi mar a chuireann Women’s Aid in iúl. Sa tsraith nua, Dr Cassidy’s Casebook – The Femicide Cases, cíorann an Dr Marie Cassidy, iar-Phaiteolaí an Stáit, an léargas atá ó roinnt de na cásanna a ndearna sí fiosrúchán ina leith i rith a ré gairme ar dhúnbhású ban in Éirinn. Ar an gclár Richie Sadlier – Let’s Talk About Sex, cíorann Richie Sadlier stair an ghnéasoideachais in Éirinn faoi mar a fheictear agus a chloistear do dhaltaí na hidirbhliana.

Beidh cúrsaí aeráide i lár an aonaigh le cláracha nua lán léargais, ina measc Climate Live 2050. Arna léiriú ag léiritheoirí Election ’18, samhlaítear sa chlár uaillmhianach speisialta seo na scéalta nuachta a d’fhéadfadh a bheith le tuairisciú sa bhliain 2050 leis na láithreoirí Mark Little agus Carla O’Brien ag coinneáil an lucht féachana ar an eolas an oíche chinniúnach a bhfágann cúrsaí aeráide an pláinéad ar thob a treascartha. Sa tsraith sé chlár Heated, ríomhtar ar bhonn fíorais a mbeadh i ndán mar gheall ar athrú aeráide don duine aonair, don teaghlach, do phobal comharsanachta agus do lucht tionsclaíochta in Éirinn. Ar A Climate of Change, téann Philip Boucher-Hayes ar thuras chun tionchar an athraithe aeráide ar fud ranna móra an domhain a scrúdú agus a bheidh i gceist aige sin d’Éirinn dá bharr sin a mheas. Mar ghné amháin de dhúthracht RTÉ i mbun ceannródaíocht a dhéanamh maidir le tuairisciú ar an Athrú Aeráide, beidh tuairisciú ar ghéarchéim na haeráide

ina shlánchuid ag Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ ar fud na réimsí ábhair ar fad de réir mar a théann sé i bhfeidhm ar shaol mhuintir na hÉireann, leanúint de bhéim speisialta a chur ar an mbithéagsúlacht san áireamh.

I mí na Samhna, craolfaidh RTÉ an scannán faisnéise Face Down atá bunaithe ar shaothar sa tsraith iomráiteach RTÉ Documentary on One ar an raidió. Dírítear sa scannán ar fhuadach Thomas Niedermayer, fear gnó as an nGearmáin, ag an IRA sa bhliain 1973. Chuir RTÉ, ARTE, Fís Éireann agus BBC Thuaisceart Éireann cistí ar fáil don chlár, a raibh cabhair ar fáil lena aghaidh freisin le cistíocht faoi Alt 481. Tá an fadscannán faisnéise seo ar taispeáint i bpictiúrlanna na hÉireann faoi láthair. Tá borradh nirt agus treise i gcónaí faoi RTÉ Documentary on One ar RTÉ Radio 1 agus beidh séasúr nua ar fáil de scéalta maidir le ceol, eachtraíocht, stair Chogadh na gCarad agus Sliabh Everest. Sa tsraith iomráiteach Scannal faoin stair shóisialta, beidh súil siar ar scéalta a bhain stangadh agus croitheadh as an náisiún, dul ar iarraidh Mary Boyle sa bhliain 1977 nach raibh ach sé bliana d’aois san áireamh.

Drámaíocht

Tá curtha go mór ag RTÉ le líon na n-uaireanta a chloig d’ábhar drámaíochta le ceithre bliana anuas; ó 9 n-uaire a chloig sa bhliain 2019 go dtí 43.5 uair a chloig sa bhliain 2023. Leanann RTÉ de dhrámaíocht ar shárchaighdeán a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann. Beidh cuid mhór cláracha nua drámaíochta le feiceáil ar an scáileán i rith an tséasúir seo romhainn le cuid mhór aisteoirí Éireannacha, nua agus seanbhunaithe, le feiceáil iontu. Rinneadh an scannánaíocht orthu ar fud na tíre in ionaid éagsúla ó Dhún na nGall go Cill Dalua, Luimneach go Baile Átha Cliath, rud a chuidíonn le cúrsaí eacnamaíochta in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann. Shaothraigh RTÉ in éineacht le páirtnéirí in Éirinn, Fís Éireann ina measc, agus le páirtnéirí idirnáisiúnta d’fhonn níos mó scéalta de chuid na hÉireann a chur i láthair ar theilifíseáin na hÉireann agus saothar aisteoirí agus lucht léiriúcháin na hÉireann a chur i láthair go hidirnáisiúnta. Tá an tionscnamh Storyland ar bun i gcónaí ag RTÉ freisin atá dírithe ar chumas cruthaitheachta lucht aisteoireachta, scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta a chothú agus daoine nua le dearcadh nua a thabhairt chun cinn i mbun cúrsaí drámaíochta in Éirinn. Rinne buaiteoirí Storyland roimhe seo dul chun cinn go ndearna siad obair scríbhneoireachta ar Hidden Assets agus Smother.

Ar na sraitheanna nua a bheidh á dtaispeáint den chéad uair riamh an séasúr seo, tá The Gone, Obituary agus Blackshore, agus beidh sraitheanna nua de Hidden Assets agus The Dry ar ais freisin, gach sraith acu le cúnamh ó Fís Éireann. Sa tsraith sé chlár scéinséara The Gone, inarb é Richard Flood (Grey’s Anatomy), an príomhaisteoir, tá lánúin óg as Éirinn imithe ar iarraidh agus amhras ar theaghlach coiriúlachta as an tír seo go raibh baint acu leis; téann bleachtairí as an Nua-Shéalainn agus as Éirinn i bpáirt i mbun fiosrúcháin. Tá Sraith 2 de Hidden Assets suite idir Luimneach agus Antuairp. Pearsa nua is ea Claire (Nora-Jane Noone), Bleachtaire Sáirsint i gceannas ar an mBiúró Sócmhainní Coiriúla in Éirinn. Tá Simone Kirby agus Cathy Belton i measc na n-aisteoirí eile.

Sa dráma dorcha grinn Obituary, tá Siobhán Cullen i bpríomhpháirt Elvira Clancy, scríbhneoir cholún na marbh a dtéann leadrán an tsaoil i gcion chomh mór uirthi go spreagtar chun gnímh í. I nDún na nGall a rinneadh scannánaíocht ar an tsraith sé chlár ina bhfuil Smiley agus Danielle Galligan le háireamh ar na príomhaisteoirí chomh maith. Sa scéinséir dhorcha Blackshore, feictear an Bleachtaire Cigire Fia Lucey (Lisa Dwan), bleachtaire géarchúiseach uaillmhianach a bhfuil gnéithe tragóideacha dá saol go dtí seo ag luí go trom uirthi. Tá Rory Keenan, Stanley Townsend, Andrew Bennett agus Amy De Bhrún i measc na bpríomhaisteoirí. Sa dara séasúr den tsraith grinn The Dry, arna scríobh ag Nancy Harris a ainmníodh do ghradam scriptscríbhneoireachta de chuid BAFTA, feictear Roisin Gallagher ar ais i bpáirt Shiv Sheridan atá ag teacht ó andúil san ól, in éineacht le complacht d’aisteoirí nua le háireamh ina measc Sam Keeley (Kin) agus Michael

McElhatton (Game of Thrones). Tá The Boy That Never Was bunaithe ar chéad úrscéal Karen Perry a bhí ar an leabhar ba mhó díolachán ar liostaí The Sunday Times. Jo Spain a rinne é a chóiriú don scáileán. Cuirtear daoine nua cumasacha de chuid na hÉireann i lár an aonaigh ar Storyland le drámaí nua iomlána aon chlár amháin ar a n-áirítear Wrapped, le Ella Lily Hyland sa phríomhpháirt, Falling for the Life of Alex Whelan le Chris Walley sa phríomhpháirt, agus The Cousin le Fionn Ó Loingsigh sa phríomhpháirt.

Tá séasúr iomlán den drámaíocht spleodrach i ndán ar Fair City i rith an fhómhair, nuair a théann iarracht ar fhuadach in aimhréidh go mór. Tá níos mó sraitheanna drámaíochta á gcur ar fáil ar RTÉ Player ná mar a bhí riamh go dtí seo agus is féidir boscra nua drámaíochta as Éirinn agus as tíortha thar lear a sheinm i rith an fhómhair, an dráma coireachta Luther ina measc a bhfuil ardmholadh ag an lucht critice air, chomh maith le Hidden Assets, Sherlock, The Split, Doctor Foster, Blue Lights agus cuid mhór eile.

Cúrsaí Cultúir – Cláracha Ealaíon agus Ceoil

Leanann RTÉ den infheistíocht i gcláracha agus in imeachtaí lena ndéantar oidhreacht shainiúil cultúir agus ealaíne na tíre seo a cheiliúradh agus a chur i láthair. Tá coimisiúnú déanta ag RTÉ, i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíne, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ar cheolchoirm speisialta a chraolfar beo mar ócáid dheireanach i ndeich mbliana chomóradh an chéid. Craolfar Ireland 100: An Old Song Re-Sung, le roinnt de na ceoltóirí, na hoirfidigh agus na scríbhneoirí is iomráití de chuid na hÉireann, i mí Dheireadh Fómhair mar cheiliúradh ar chothrom 100 bliain ó chuaigh Éire isteach i gConradh na Náisiún.

Déanfaidh RTÉ ceiliúradh i nDún na nGall ar an Oíche Chultúir, Dé hAoine, an 22 Meán Fómhair ó ionad cois locha faoi bhun na hEaragaile nuair a bheidh aoi-oirfidigh éagsúla in éineacht le Ceolfhoireann Coirme RTÉ. Ar Aistear an Amhráin, scrúdaítear an bhunbhrí le roinnt de na hamhráin is fearr le muintir na hÉireann. Beidh Damien Dempsey, John Sheahan agus na Saw Doctors le feiceáil. Ar Seisiún, tabharfaidh an láithreoir Muireann Nic Amhlaoibh cuairt ar ionaid éagsúla a bhfuil clú orthu mar thithe ceoil. Déantar comóradh ar Dolores@70 ar an amhránaí cáiliúil Dolores Keane a bhfuil 70 bliain slán aici agus beidh cláracha faoi Sheán Keane agus faoi na Chieftains i measc chláracha na sraithe Cloch le Carn. I gclár aonair faisnéise faoi na Hothouse Flowers, scrúdaítear an bhliain chinniúnach a chuir athrú ar an saol ag lucht an bhanna. Ar Songlines, buaileann Thomas McCarthy le hamhránaithe éagsúla den Lucht Siúil ar fud na hÉireann. Sa tsraith The Meaning of Life with Joe Duffy feictear agallaimh le Johnny Logan, Adi Roche, Tony Holohan agus, ar chlár speisialta mar cheiliúradh ar 100 eagrán éagsúil sa tsraith, an tArd-Easpag Diarmuid Martin. Ar feadh coicíse i mí Dheireadh Fómhair ar RTÉ Radio 1, craolfar na deich ngearrscéal is fearr ó Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ in onóir Francis MacManus. Ar Hidden Treasures, dírítear aird ar ghnéithe cultúir agus cruthaitheachta a ghabhann leis an obair dhúshlánach a dhéantar in iarsmalanna na hÉireann. Buaileann an scannánaí Cathal Ó Cuaig, ar Viva Mary (Banríon Sitges), le Mary Lambe, máthair agus seanmháthair as Conamara ó dhúchas, iníon leis an bpéintéir Charles Lambe.

Siamsaíocht

Tugtar muintir na tíre le chéile ag féachaint ar chláracha siamsaíochta agus ar chláracha grinn arna léiriú in Éirinn agus beidh flúirse de bhunábhar sainiúil na tíre á chur ar fáil i rith an tséasúir seo romhainn ar féidir breathnú air beo tráth a chraolta nó ar a éileamh ina dhiaidh sin.

Cuirfear tús le ré nua i scéal an Late Late Show Dé hAoine, an 15 Meán Fómhair nuair a chuirfidh an láithreoir nua Patrick Kielty an clár beo comhrá is faide ar an aer ar fud an domhain ar fad i láthair ar a shainstíl féin leis na hoirfidigh is fearr de lucht siamsaíochta, ceoil agus grinn na hÉireann (agus ar ndóigh, beidh an t-ulchabhán le feiceáil agus an clúmh ag seasamh clú dó).

Beidh Tommy Tiernan ar ais i mí Eanáir le 16 chlár sa tsraith The Tommy Tiernan Show. Beidh agus an tsraith Dancing with the Stars a mbíonn oiread sin tóir ag an lucht féachana air, le Jennifer Zamparelli, Doireann Garrihy agus aon duine dhéag nua ag cur na gcos uathu. Cuirfidh Baz Ashmawy The Money List i láthair, tráth na gceist nua. Ar The Full Irish Hidden Camera Show le Doireann, Carl agus Donncha, láithreoirí 2FM Breakfast, feictear bob á bhualadh ar dhaoine den phobal, agus tá beirt nua ar Ireland’s Fittest Family le Sonia O’Sullivan i measc na gcóitseálaithe agus Laura Fox ina láithreoir. Ar an tsraith nua Love in the Country, tá Anna Geary ar fáil chun cuidiú le feirmeoirí grá agus searc a gcléibh a aimsiú agus beidh First Dates ar ais go bhfeictear scéalta croíúla lena léirítear gnéithe de shaol na linne seo in Éirinn i mbialann lucht an dóchais.

Ar Foclóir Brille, tugann an bhean grinn Bláithín de Burca an lucht féachana ar thuras caithréimeach maidir leis an nGaeilge, mar a bhí, mar atá agus mar a bheidh. Ar an gclár don RTÉ Player go speisialta, Ireland’s Perfect Pubs, téann Anna Clifford, bean ghrinn eile, ar camchuairt ó theach ósta go teach tábhairne ar fud na hÉireann go bhfeiceann sí roinnt den chuid is inspéise sa tír. Féachann beirt fhear grinn eile, Darren & Joe le hairgead a shaothrú i rith Chorn Rugbaí an Domhain ar Darren and Joe’s Rugby Bandwagon, agus beidh Today, an clár is breá leis an lucht féachana tráthnóna, ar ais as Corcaigh le Dáithí, Maura agus Sinéad. As Corcaigh chomh maith a thiocfaidh Jock agus Conor le sraith nua de The Young Offenders, an dráma grinn a mbíonn oiread tóir ag an lucht féachana air.

Saol Dáiríre na nÉireannach

Tugann RTÉ an lucht féachana isteach i gceartlár chroí agus bheatha daoine agus pobal in Éirinn le cláracha faisnéise faoi thaithí an tsaoil dháiríre, scéalta spreagúla faoi dhaoine a rinne athrú ó bhonn agus faoi dhaoine a sháraíonn gach dúshlán a chuirtear idir iad agus céile nó áit chónaithe ar a mian nó an meangadh gáire is iontaí ar an saol!

Tugtar faisnéis faoi thaithí an tsaoil ag daoine dáiríre i gcláracha de leithéid Fools for Love, ina bhfiosraíonn an t-iriseoir Aoife Grace Moore gnéithe imníocha maidir le haipeanna coinní. Leantar roinnt de na mílte as Éirinn a roghnaíonn taisteal thar lear maidir le máinliacht chosmaideach ar Sun, Sea, and Scalpels agus ar Keith’s Teeth: A Dental Odyssey, scrúdaíonn Keith Duffy an t-athrú ar smaointe mhuintir na hÉireann faoin draid.

Tugtar cuairt ar Inside Penneys isteach i gceanncheathrú gnóthach cheann de na comhlachtaí siopadóra is cáiliúla in Éirinn. Scrúdaítear an saol pósta ag lánúineacha de bhunadh éagsúil cultúir agus creidimh ar A Ring and A Prayer. Ar Secret Life of Your Body, sraith nua leighis arna chur i láthair ag Kathryn Thomas, leantar othair a théann faoi scian agus iad ag teacht ó obráidí maidir le seach-chonairí croí, ballnasc croiseach tosaigh na glúine agus eile, agus feictear athruithe claochlaitheacha eile ar shraitheanna de leithéid Big Life Fix, Raised by the Village agus Operation Transformation. Tugtar faisnéis faoi shaol dáiríre an phobail le réimse cláracha ar n-áirítear Ar an Sliabh, maidir le gnáthshaol na ndaoine i gceantair iargúlta, Cheap Irish Homes, maidir le daoine ar mian leo an chéad áras cónaithe a cheannach gan iomarca a íoc, agus Bog Amach, nuair a thugann Emer Mhic an Fhailí lánúineacha chuig tithe in ionaid iontacha a d’fhéadfadh a bheith ina áit chónaithe acu. Bíonn deis ar an gclár Peataí ag úinéirí freagra a fháil ar cheisteanna maidir lena gcuid peataí agus ar Listen to the Land Speak, tugann Manchán Magan, an scríbhneoir cáiliúil maidir le cúrsaí dúlra, an lucht féachana ag scrúdú réimsí talún agus uisce na hÉireann. Cuirtear éirim bhunúsach na hEorpa, ó thaobh cúrsaí ailtireachta, damhsa agus oirfidíochta, i láthair ar Continental Riffs. Ar Marty’s Big Picture Show, féachann Marty Morrissey agus an staraí Liz Gillis le héadain a bhí os comhair lionsaí roinnt de na grianghrafadóirí ba mhó le rá in Éirinn a thabhairt chun suntais. Sraith dhá chlár atá in Dermot Bannon’s Super Spaces ina bhféachtar ar spásanna neamhghnácha ina bhfuil cónaí ar dhaoine.

Cuireann RTÉ réimse iléagsúil ábhair ar fáil do na saoránaigh óga ar RTÉjr, RTÉ2, RTÉ Player agus ar chainéal RTÉ ar YouTube, le hábhar sainiúil beo-aisteoireachta nó anamúlachta chomh maith le himeachtaí speisialta. Is spás sábháilte é RTÉjr ag daoine óga chun bheith ag féachaint ar ábhar dúchasach na tíre seo le cláracha atá saor ó fhógraíocht agus atá ar fáil ar an Modh Sábháilte ar an RTÉ Player.

Tar éis gradam RTS a bhuachan, beidh Story bud le sraith nua ina mbeidh Jason Byrne, Panti Bliss agus Dustin i gcláracha faoi leith. Ar Ladybird and Bee, suitear scéalaíocht chroíúil i Saol an Dúlra agus is saol iontach eachtraíochta Tír na nÓg, atá in úsáid ag tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus scoileanna chun leanaí réamhscolaíochta a thumadh i saol na Gaeilge. Tá gnéithe den seó líníochta ag rith le Will Sliney’s Storytellers 2 agus gnéithe den seó anamúlachta le scéalta eachtraíochta, ionas go bhfoghlaimíonn ealaíontóirí óga ionchais leis an arm is cumhachtaí ar domhan – an peann luaidhe – a láimhsiú. Bíonn Becky Lynch, réalta iomrascála WWE, Aisling Bea, aisteoir, agus Dermot Whelan, craoltóir le feiceáil sa tsraith. Ar Ray of Sunshine, feictear Ray, atá seacht mbliana d’aois, atá ina chónaí in Sunshine Apartments i gceartlár chathair Bhaile Átha Cliath.

I mí Dheireadh Fómhair, beidh an chéad taispeántas This is Art! faoi choimirce RTÉ & Éire Ildánach ar siúl san Acadamh Ibeirneach Ríoga i mBaile Átha Cliath. Ar Ruck and Roll, beidh Corn Rugbaí an Domhain á thabhairt chuig dreamanna den lucht éisteachta agus féachana agus chuig clubanna ar fud na hÉireann ag an láithreoir Seán Treacy, agus tástáil á héanamh ar an eolas agus ar an gcumas imeartha atá i réalta óga an spóirt! Ar Space Camp Challenge, i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann, leantar ochtar dalta idirbhliana ar thuras iontach go Huntsville, Alabama chun páirt a ghlacadh i gclár oiliúna NASA do spásairí. Beidh sraitheanna éagsúla á gcraoladh den chéad uair riamh ag Cláracha do Dhaoine Óga i rith na bliana 2024 ina dtéitear i ngleic le ceisteanna móra timpeallachta, ina measc What’s Next?, sraith do leanaí 10–12 bliana d’aois ina scrúdaítear cúrsaí nuálaíochta agus réimsí deacrachta atá le sárú in earnáil an chomhshaoil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha

Nuair nach bhfuil teorainn ar bith le méid an eolais a chuirtear ar fáil ar na saolta seo, is mó arís an tábhacht atá le muinín as an bhfoinse nuachta a thapaíonn duine. Oibríonn Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ faobhar ag gearradh tríd an truflais agus deimhnítear fírinne iomlán gach scéil. Cuirtear in aghaidh mífhaisnéise ionas go gcinntítear gur féidir leis an lucht éisteachta agus féachana iontaoibh a bheith acu as ár gcuid tuairiscíochta ar na hardáin ar fad. Leanfaidh Nuacht RTÉ de scéalta a chur in iúl le barr cruinnis agus cothromaíochta ionas gur féidir leis an lucht féachana agus éisteachta a bheith ar an eolas de réir mar is mian leo féin, lena n-áirítear forás suntasach ar na cuntais iontaofa Instagram agus TikTok a spreagann spéis na ndaoine óga. Le ráithe anuas, chuaigh ábhar de chuid Nuacht RTÉ i bhfeidhm ar níos mó ná 33 milliún cuntas ar Instagram agus tapaíodh físeáin níos mó ná 22 milliún uair ar TikTok.

I rith an tséasúir seo romhainn, beidh Fóram, sraith nua de chláracha seachtainiúla cúrsaí reatha á seoladh ar RTÉ One. Craolfar na cláracha seo, le tuairiscíocht agus anailís i nGaeilge ar na scéalta móra, beo ar an Domhnach. Agus tús ag teacht le téarma nua i gcúrsaí polaitíochta, beidh Áine Lawlor ar ais freisin ar an Domhnach le The Week in Politics agus beidh an tsraith lán léargais podchraoltóireachta Your Politics ar fáil ar na hardáin uile gach seachtain.

Tar éis chláracha iontacha láidre maidir le laonta bheithígh bainne na hÉireann agus Sex for Rent i mbliana, cuirfidh foireann ghradamúil RTÉ Investigates ábhar chraoltóireacht seirbhíse poiblí den scoth ar fáil le cláracha nua faisnéise i rith an tséasúir seo romhainn a thabharfaidh léargas ar nithe nach dtugtar chun aire. Beidh Upfront le Katie Hannon ar ais ar RTÉ One ar an Luan agus deis ag an bpobal a gcuid tuairimí faoi chúrsaí tráthúla a chur i láthair agus ceisteanna ina leith a chur ar lucht na cumhachta. Cíorfaidh Miriam O’Callaghan,

Fran McNulty agus Sarah McInerney, maille le meitheal Prime Time, na ceisteanna atá ag dul i bhfeidhm ar shaol an uile dhuine againn. Chomh maith leis an athrú aeráide, an ghéarchéim tithíochta agus an t-ardú ar an gcostas maireachtála, déanfar tráchtaireacht agus scrúdú leitheadach ar Prime Time maidir leis na himeachtaí suntasacha go léir, Buiséad 2024 san áireamh.

Leanann Nationwide de scéalta áitiúla ó gach cuid den tír a chraoladh atá suite i measc an phobail le Anne Cassin agus Bláthnaid Ní Chofaigh ag cur cláracha i láthair ar a bhfeictear ionaid turasóireachta in Éirinn, fiontraithe ar fud na tíre, lucht ceardaíochta, ábhar léargais faoi stair na hÉireann, agus scéala neamhghnáthacha faoi na gnáthdhaoine in áiteanna éagsúla sa tír seachtain i ndiaidh seachtaine.

Spórt

Leanann RTÉ den réimse is leithne de chláracha spóirt a chur ar fáil don lucht féachana saor ar an aer, ina bhfeictear na foirne náisiúnta, na cluichí náisiúnta agus lúthchleasaithe na hÉireann i mbun iomaíochta in Éirinn agus thar lear. Beidh Corn Rugbaí an Domhain, Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann, Craobhchomórtas Rámhaíochta an Domhain, Craobhchomórtas Gleacaíochta an Domhain, Cluichí Cáilíochta Euro, Cluichí Club agus cluichí Sraithe CLG le feiceáil. Spórt RTÉ an bhunáit maidir le spórt na hÉireann, anailís iontaofa, tráchtaireacht ó shaineolaithe, agus meitheal cúloibrithe a shaothraíonn go dúthrachtach chun an t-ábhar spóirt is fearr a chur ar fáil don lucht féachana i rith shéasúr an fhómhair agus an gheimhridh seo romhainn.

Beidh Corn Rugbaí an Domhain i lár an aonaigh agus gach ceann den 48 cluiche le feiceáil ar an teilifís in Éirinn ar theilifís RTÉ, an RTÉ Player, ar Virgin Media Television agus an Virgin Media Player.

Beidh Jacqui Hurley i mbun láithreoireachta le Jamie Heaslip, Simon Zebo, Jerry Flannery, Stephen Ferris, Fiona Coghlan, Bernard Jackman, Hannah Tyrrell, Donal Lenihan agus Darren Cave i measc lucht an phainéil. Beidh cluichí i gcomórtas Sé Náisiún na bhFear, na mBan agus Faoi 20 ar ais beo ar RTÉ san earrach.

Maidir le cúrsaí sacair, beidh foireann Phoblacht na hÉireann i sacar na mban ag dul ar ais san iomaíocht tar éis a gcuid gaisce ar Corn an Domhain agus tús á chur le feachtas Shraith na Náisiún de chuid UEFA i mí Meán Fómhair le cluiche in aghaidh Thuaisceart Éireann i Stáid Aviva. Leanfaidh foireann na bhfear, faoi bhainistíocht Stephen Kenny, lena n-iarracht cáiliú do chraobhchomórtas Euro an tsamhraidh seo chugainn. An mhí seo chugainn chomh maith, beidh an fhoireann Faoi 21 ag tosú ar a bhfeachtas cáiliúcháin féin maidir le Corn UEFA na hEorpa. Beidh na cluichí grúpaí i Sraith UEFA na gCuradh ar ais ar an scáileán chomh maith le deireadh an tséasúir náisiúnta anseo in Éirinn le cluichí beo i bPríomhroinn Shraith SSE Airtricity chomh maith le Cluichí Ceannais Chorn an FAI i sacar na bhfear agus i sacar na mban.

Tar éis samhradh iontach de chluichí craoibhe CLG, beidh aird á dhíriú ar ais arís anois ar Chraobhchomórtais AIB Uile Éireann na gClub agus beidh Sraith Náisiúnta Allianz ar ais i dtús na bliana seo chugainn sula dtosaíonn na cluichí craoibhe in athuair. Fógrófar Sárimreoirí na Bliana i mí na Nollag agus craolfar an searmanas beo ar RTÉ.

Beidh Craobhchomórtais Oscailte Gailf na hÉireann, d’Fhir agus do Mhná, á gcraoladh beo ar RTÉ níos deireanaí i mbliana agus leanfar den chraoltóireacht chuimsitheach ar Rásaí Capall mar is iondúil le Féile na Nollag as Baile na Lobhar.

Nuair nach bhfuil mórán le bliain go mbíonn na Cluichí Oilimpeacha ar siúl, tá aird na lúchleasaithe agus an lucht féachana araon á dhíriú ar chomórtais cáilíochta le haghaidh na gcluichí sin i bPáras. Beidh cuid mhór iomróirí as Éirinn ag féachaint le boinn a bhuachaint ag Craobh Iomraimh an Domhain i mBéalgrád. Beidh Comórtas Cáilíochta maidir le Páras agus Craobh Gleacaíochta an Domhain ar siúl in Antuairp i mí Meán Fómhair. Beidh Craobh Trastíre na hEorpa ar siúl sa Bhruiséil i mí na Nollag agus beidh súil siar á caitheamh ag RTÉ ar bhliain shuntasach maidir le cúrsaí spóirt na hÉireann agus gradaim á mbronnadh ar an dream is mó gaisce i rith na bliana 2023 ag Gradaim Spóirt RTÉ.


Níos mó ná leathmhilliún duine ag féachaint RTÉ One agus ar an RTÉ Player nuair a roghnaíodh Róisín Wiley mar Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí 2023

Le roghnú Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí 2023, baineadh an lucht féachana ba mhó amach le 576,000* duine tiúnáilte isteach ar RTÉ One nuair a d’fhógair na láithreoirí Kathryn Thomas agus Dáithí Ó Sé gurb í Rós Nua-Eabhrac Róisín Wiley, agus í lán le mothúcháin agus ríméad uirthi, Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí 2023.

D’fhéach meánlucht féachana 497,000** duine ar Fhéile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí 2023 aréir tar éis Nine O’Clock News ar RTÉ One.

Le linn dhá lá na féile, bhí meánlucht féachana 406,000** duine ag féachaint. D’fhéach níos mó ná 1.3 milliún**** duine ar an gclár ar feadh 1 nóiméad amháin ar a laghad idir an dá oíche.

Cruthaíodh go bhfuil níos mó agus níos mó tóra ar Rós Thrá Lí i measc an lucht féachana atá 15-34 bliain d’aois agus an figiúr sin ag ardú ó 45.5% go 53.7% i mbliana. Rinneadh 139,600 sruth san iomlán ar an RTÉ Player go dtí seo thar an dá oíche in Éirinn agus 69 tír ar fud an domhain lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, an Spáinn, an Fhrainc, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus neart eile.

Ar na meáin shóisialta, d’fhéach níos mó ná 2.2 milliún duine, agus tá an figiúr sin fós ag méadú, ar ábhar Rós Thrá Lí @rteone ar fud Instagram, TikTok, Facebook agus Twitter go dtí seo, agus rinne níos mó ná 66,000 duine san iomlán caidreamh leis an ábhar sin ar fud Facebook, Instagram agus Twitter.

Gach bliain tacaíonn RTÉ le níos mó ná 150 imeacht atá bainteach leis na healaíona, an cultúr agus an pobal ar fud na hÉireann, Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí ina measc, agus cuirtear chun cinn iad ar sheirbhísí teilifíse, raidió agus digiteacha RTÉ mar aon le tacaíocht fhairsing a thabhairt dóibh ar fud chainéil shóisialta RTÉ.


RTÉ agus Virgin Media Television ag dul i gcomhar le chéile chun na 48 cluiche ar fad de Chorn Rugbaí an Domhain 2023 a chur ar fáil beo agus saor go haer

Sceideal craoltóireachta fógartha ag RTÉ agus Virgin Media Television agus na foirne is fearr ar domhan ag fáil faoi réir le bheith san iomaíocht do Chorn Webb Ellis

D’fhógair RTÉ agus Virgin Media Television sonraí inniu, Dé Luain an 21 Lúnasa, faoin gcomhsceideal craoltóireachta atá acu do Chorn Rugbaí an Domhain 2023 agus beidh na 48 cluiche ar fad ar fáil beo agus saor go haer do lucht leanúna na hÉireann.

Tríd an gcomhpháirtíocht seo, déanfar gach cluiche a chraoladh go cothrom idir an dá chraoltóir arís i mbliana agus tá an chuma air gur Corn an Domhain den chéad scoth a bheidh ann. Ná caill soicind den aicsean ón bhFrainc, nuair a bheidh foireann Andy Farrell ag súil le gaisce a dhéanamh sna seachtainí amach romhainn.

Cuirfear tús leis an aicsean ar fad Dé hAoine an 8 Meán Fómhair leis an bhfoireann baile, an Fhrainc, ag tabhairt aghaidh ar na All Blacks ar RTÉ2. Beidh an iomaíocht ar siúl suas go dtí an cluiche ceannais a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 28 Deireadh Fómhair. Beidh Éire ag glacadh páirt sa chomórtas Dé Sathairn an 9 Meán Fómhair in aghaidh na Rómáine in Bordeaux agus tosóidh an cluiche sin ag 2.30pm ar Virgin Media Television. Craolfar an cluiche idir Éire agus Tonga Dé Sathairn an 16 Meán Fómhair ar RTÉ2 agus ina dhiaidh sin craolfar an cluiche idir An Afraic Theas agus Éire Dé Domhnaigh an 23 Méan Fómhair ag 8pm. Craolfar an cluiche Éire v Albain ar Virgin Media Television Dé Domhnaigh an 7 Deireadh Fómhair.

Is éard a dúirt Declan McBennett, Ceannasaí Spórt RTÉ: “Tá sceitimíní ar dhaoine roimh Chorn Rugbaí an Domhain agus tá ríméad orainn an comórtas iomlán a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann saor go haer i gcomhar le Virgin Media. Gealltar leis an gcomórtas seo go gcuirfear roinnt nóiméid agus cuimhní iontacha ón bhFrainc ar fáil agus cuirfidh Spórt RTÉ na heachtraí gaile agus gaisce agus ábhar cainte ar fáil ar fud gach ardáin.”

Is éard a dúirt Mick McCaffrey, Ceannasaí Nuachta agus Spóirt ag Virgin Media Television: “I ndiaidh d’Éirinn bua gan stró a fháil ar Shasana san Aviva Stadium an deireadh seachtaine seo caite, tá an stáitse faoi réir do Chorn Rugbaí an Domhain 2023 agus tá an chuma air gur comórtas den scoth a bheidh ann. Tá muid ar bís an t-aicsean ar fad a thabhairt don lucht féachana beo agus saor go haer ar sheinnteoir Virgin Media agus ar fud ár n-ardán meán sóisialta. Cuirfidh an fhoireann sain-anailísithe agus tráchtairí eolas agus siamsaíocht ar fáil do lucht leanúna rugbaí ar fud na tíre le linn mhí Mheán Fómhair go mí Dheireadh Fómhair.”

Is í Jacqui Hurley a chuirfidh an clúdach ar na cluichí beo ar fad i láthair ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player agus beidh Hugh Cahill, Des Curran agus Connor Morris léi i mbun tráchtaireachta. Cuirfidh Daire O’Brien achoimre chuimsitheach den nuacht agus aicsean i láthair ón bhFrainc ar an gclár Against the Head ar RTÉ2 gach Luan. Beidh tuairisceoirí RTÉ, Clare MacNamara, Justin Treacy, Paul O’Flynn agus Neil Treacy ina measc, in éineacht le foireann na hÉireann sa Fhrainc le linn an chomórtais. Cuirfidh Michael Corcoran agus David Humphreys clúdach beo ar fáil freisin ar RTÉ Radio 1.

I measc phainéalaithe agus chomhthráchtairí RTÉ a bheidh ann i mbliana, beidh Jamie Heaslip, Simon Zebo, Jerry Flannery, Stephen Ferris, Fiona Coghlan, Bernard Jackman, Hannah Tyrrell, Donal, Lenihan agus Darren Cave.

I measc chlúdach cuimsitheach RTÉ ar na cluichí uile i gCorn Rugbaí an Domhain 2023, beidh cluichí saorchraolta eisiacha ar RTÉ2, RTÉ Radio agus ar an RTÉ Player, agus ag an am céanna beidh clúdach de réir an nóiméad ar an gcluiche chomh maith le nuacht, anailís agus agallaimh ar RTÉ.ie/Sport. Beidh Against The Head ar ais leis an nuacht agus plé is déanaí oícheanta Dé Luain ar RTÉ2 agus tabharfaidh Spórt RTÉ an lucht leanúna níos gaire do gach rud a bhaineann le Corn Rugbaí an Domhain 2023 ar The RTÉ Rugby Podcast. Beidh an clúdach is déanaí ag Nuacht RTÉ faoi Chorn Rugbaí an Domhain, lena n-áirítear an nuacht is déanaí ar an aip RTÉ News Now.


Ráiteas ó Kevin Bakhurst, Príomhstiúrthóir

Tá deimhnithe ag Kevin Bakhurst go bhfuil deireadh curtha ag RTÉ leis an gcaibidlíocht le Ryan Tubridy.

Ag labhairt dó tráthnóna, dúirt Kevin: “Tugadh le dea-mhéin faoin idirbheartaíocht le Ryan agus bhíothas ag tnúth le teacht ar réiteach trína bhfeicfí Ryan ar ais i mbun a chlár raidió ar RTÉ Radio 1. Tá socraithe agam gan leanúint leis na cainteanna agus, dá réir sin, níl beartaithe faoi láthair go mbeidh Ryan ar ais i mbun láithreoireachta le RTÉ.

Ainneoin go raibh tagtha ar aontú maidir le roinnt de na buncheisteanna, ar a n-áirítear táille, téarma agus uaireanta, táim den tuairim, faraor, go bhfuil an comhthrust tráite idir na páirtithe. Bheadh le tuiscint ó ráitis phoiblí a rinneadh gan chead gan chomhairle go bhfuil amhras á chaitheamh ar an mbunús le hathlua riachtanach ar na táillí a íocadh maidir le seirbhísí sna blianta 2020 agus 2021.

Ag tosú amach dom ar chlár téarnaimh chun teacht ón ngéarchéim seo, is den bhunriachtanas go mbeadh na páirtithe go léir ar aon mheon maidir le gné príomhthábhachta amháin den chás: níor cheart go dtarlódh mílua ar tháillí; agus aontaíonn an uile dhuine leis na táillí sin a athlua go cruinn.

Tá curtha in iúl go soiléir neamhbhalbh agamsa ó thosaigh mé i mbun chúram Phríomhstiúrthóir RTÉ go bhfuil mé tugtha go hiomlán don mhuinín san eagraíocht seo a athchothú tar éis tréimhse náireach i stair RTÉ. D’fhonn sin a bhaint amach, agus idirdhealú iomlán a léiriú idir an t-am a caitheadh agus an t-am i láthair, ní mór gach a dtáinig i gceist a admháil.

Ní fios d’aon duine a bhfuil i ndán go fóill, ach táim, faoi láthair, ag cur deireadh leis an gcaibidlíocht le Ryan, agus ag díriú ar réimse athruithe tábhachtacha a thabhairt i gcrích maidir le hoibriú agus le cultúr na heagraíochta mar chuid den obair bhunriachtanach i ndáil leis an muinín in RTÉ a chothú in athuair.”


Faoi lán seoil! Casann Dáithí Ó Sé agus Kathryn Thomas leis na 32 Rós don bhliain seo chun Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí don bhliain 2023 a sheoladh ag Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann

Chuir Dáithí Ó Sé agus an comhláithreoir nua Kathryn Thomas na 32 Rós ar fad in aithne dúinn go hoifigiúil roimh Fhéile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí 2023 a chraolfar beo Dé Luain an 21 agus Dé Máirt an 22 Lúnasa ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.

Bhí sceitimíní ar gach duine de réir mar a chas na 32 Rós Éireannach agus Idirnáisiúnta, gach duine acu ag déanamh ionadaíochta do dhiaspóra na hÉireann ó gach cúinne den domhan, leis na láithreoirí ag Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath inniu sular bhuail siad bóthar go Trá Lí.

Dúirt Kathryn: “Nach iontach an bealach é chun tús a chur leis an tseachtain chun ár 32 Rós a cheiliúradh – grúpa ban atá thar a bheith cumasach agus inspioráideach. Is fada linn go ndéanfaidh muid an turas go Trá Lí!”

Dúirt Dáithí freisin: “Tá mé beannaithe i measc na mban! Tá camchuairt Rós Thrá Lí faoi lán seoil agus ba mhór an pléisiúr é casadh le Rósanna na bliana seo agus aithne a chur orthu. Ar aghaidh linn anois go dtí an Ríocht!”

Beidh an lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain in ann breathnú ar Rós Thrá Lí saor in aisce, beo agus ar éileamh ar an RTÉ Player. Beidh gné-mhíreanna, míreanna ón gcartlann, ábhar ó chúl an cheamara agus neart eile ar fáil ar fud RTÉ.ie agus ar ardáin meán sóisialta RTÉ sna seachtainí amach romhainn.

Beidh James Patrice ar ais linn ina Thuairisceoir Róis ar chúl an stáitse. Lean a chuid geáitsí @rteone ar fud Facebook, Instagram, Twitter agus Tik Tok. Is é #roseoftralee an haischlib oifigiúil atá ann.


Sraith mór le rá RTÉ Radio 1, Documentary on One, ag filleadh leis an eipeasóid Louder Than Bombs: The Smiths in Ireland, Nov ’84

Faigh faoi réir do chlár de scéalta tarraingteacha agus insintí géarchúiseacha ó tharla go mbeidh an tsraith RTÉ a bhfuil duaiseanna buaite aici, Documentary on One, ag filleadh le séasúr úrnua. Tá sé socraithe go mbeidh an clár á chur i láthair den chéad uair ar an 19 Lúnasa ar RTÉ Radio 1, gealltar leis na heipeasóidí nua go mbeidh réimse scéalta a bhfuil ábhar machnaimh iontu le cloisteáil agus Louder Than Bombs: The Smiths in Ireland, Nov ’84 teideal an chéad eipeasóide.

Leanfaidh Documentary on One leis an oidhreacht atá acu ó thaobh iniúchtaí doimhne ar ábhair fhíorshuimiúla agus spéisiúla a chur ar fáil. Tá sé i gceist leis na heipeasóidí atá le teacht an lucht éisteachta a chur faoi dhraíocht le scéalta atá cumtha go cúramach a chlúdaíonn réimse leathan ábhar, rud a chuireann eispéireas tumthach agus saibhrithe ar fáil d’éisteoirí.

Sa chéad eipeasóid sa séasúr, Louder Than Bombs: The Smiths in Ireland, Nov ’84, tabharfar na héisteoirí ar aistear a luíonn isteach ar shaol aitheanta an cheoil sna 1980idí. Trí mheascán d’agallaimh, ábhar cartlainne agus léargais ó shaineolaithe, tabharfaidh an eipeasóid seo léargas, nár chualathas riamh cheana, ar chuairt an bhanna ceoil mór le rá chuig Éirinn le linn uain chinniúnach ina ngairm bheatha agus i stair Thrioblóidí Thuaisceart Éireann. Beidh daoine atá an-tugtha don cheol agus saineolaithe staire araon faoi dhraíocht ag na scéilíní agus dearcthaí a roinntear sa chlár faisnéise ar leith seo a léirigh na déantóirí clár faisnéise, David Coughlan agus Donal O’Herlihy.

Is spléachadh é ar thuras ina raibh paraimíleatachas, polaitíocht, eisimirce, dífhostaíocht agus fuaimrian do ghlúin i gceist de réir mar chuir an banna ceoil aitheanta Éireannach de bhunadh Mhanchain iad féin i láthair in Éirinn le haghaidh naoi ngig i ndeich lá gan eagar nuair a bhí na Trioblóidí faoi lán seoil.

Phléasc Óglaigh na hÉireann cuid den Grand Hotel in Brighton ar an 12 Deireadh Fómhair 1984 agus ba bheag nár maraíodh Príomh-Aire na Breataine Margaret Thatcher. I measc cáineadh forleathan, thug Morrissey, príomhamhránaí an bhanna, The Smiths, moladh do na buamadóirí agus mar thoradh air sin bhí camchuairt an bhanna ar Éirinn a bhí ar tí tarlú ina raic pholaitíochta. Bunaíodh an

banna ceoil The Smiths i Manchain ag tús na hochtóidí agus tá cáil orthu mar cheann de na bannaí ceoil ba mhó a raibh tionchar acu ar chúrsaí riamh. Is iad an ceathrar a bhí sa bhanna ná: An giotáraí Johnny Marr, an príomhamhránaí Morrissey, an dordghiotáraí Andy Rourke agus an drumadóir Mike Joyce agus bhí cúlra Éireannach ag gach duine acu agus teacht abhaile a bhí sa chamchuairt ar fud na tíre i Samhain ‘84.

Ach bhí sé níos lú ná 10 mbliana ó mharaigh Óglaigh Uladh baill den Miami Showband agus bhí an teannas ag ardú de réir mar a shroich an banna na contaetha teorann. Cén fáth a raibh ceann de na bannaí ceoil is mó le rá sna 1980idí ina phríomhbhanna ceoil in Glastonbury agus ansin ní raibh an banna sin ach ag casadh in ionad pobail i nDún na nGall? Agus céard a tharla nuair a bhí The Smiths i lár ceann de na láithreacha achrainn polaitíochta is mó sna Trioblóidí?

Leanfar le Documentary on One ar feadh 10 seachtaine agus áireofar réimse leathan ábhar. Craolfar an chéad eipeasóid eile de Documentary on One ar an 26 Lúnasa ag 2pm ar RTÉ Radio 1 agus déanfar plé ar an il-leannánacht, an cleachtas ina spreagann lánúin a chéile chun ceangal rómánsúil a dhéanamh le daoine eile. Labhróidh an déantóir clár faisnéise, Mary-Elaine Tynan, le daoine a chleachtann il-leannánacht san eipeasóid What If She’s Prettier Than Me?

Louder Than Bombs: The Smiths in Ireland, Nov ’84

Tráchtaireacht déanta ag David Coughlan

Léirithe ag David Coughlan & Donal O’Herlihy

An áit le héisteacht:

RTÉ Radio 1 – Dé Sathairn an 19 Lúnasa 2023 ag 2PM

Ar fáil freisin ón áit seo agus cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí

Ábhar:

Is sraith cháiliúil é Documentary on One a léirigh RTÉ Radio 1, a chuireann iniúchtaí doimhne ar ábhair éagsúla ar fáil trí chláir faisnéise atá cumtha go paiteanta. Tá an tsraith seo tugtha do scéalaíocht den scoth a chur ar fáil agus cuirtear an lucht éisteachta faoi dhraíocht leis na hinsintí a


Showing 71 - 80 of 375 stories