skip to main content

NA FIGIÚIRÍ IS DÉANAÍ EISITHE Ó CHOMHTHAIGHDE NÁISIÚNTA AR LUCHT ÉISTEACHTA (CNLÉ) MAIDIR LE LUCHT ÉISTEACHTA RAIDIÓ RTÉ

Bíonn 1,995,000 éisteoir, nó 48% den lucht éisteachta fásta 15+, ag éisteacht le seirbhísí raidió RTÉ gach seachtain agus tá 16 de na 20 clár raidió is fearr a chraoltar in Éirinn ag RTÉ, de réir na bhfigiúirí is déanaí ar lucht éisteachta raidió ó CNLÉ. Is é RTÉ Radio 1 fós an t-aon stáisiún a bhfuil lucht éisteachta seachtainiúil breis agus +1 milliún (1,382,000) aige. (+12,000 Tréimhse ar Thréimhse agus +16,000 Bliain ar Bhliain) Bíonn 727,000 duine fásta 15+ (+30,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht le RTÉ 2FM gach seachtain. Tá 313,000 éisteoir (+15,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag RTÉ lyric fm ar bhonn seachtainiúil.

Is éard a dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Níl aon dabht ann gur tréimhse thar a bheith dúshlánach a bhí inti do RTÉ. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl mar sin d’éisteoirí sheirbhísí raidió RTÉ as seasamh le RTÉ an t-am ar fad agus is mór an pléisiúr dom fáilte a chur roimh na 16,000 éisteoir breise atá ag Radio 1, na 49,000 éisteoir breise atá ag 2fm agus na 7,000 éisteoir breise atá ag RTÉ lyric fm (Bliain ar Bhliain). Chuir foireann agus láithreoirí RTÉ réimse éagsúil ábhair ar fáil agus tá sé soiléir go bhfuil an t-ábhar ag tarraingt níos mó agus níos mó daoine. Agus muid ag ullmhú chun treo straitéiseach nua a leagan amach do RTÉ, is moladh iad na figiúirí éisteachta is déanaí ar an éileamh leanúnach agus ar luach na meán seirbhíse poiblí, díreach ón lucht éisteachta ar a bhfreastalaímid.”

RTÉ Radio 1

Bíonn 880,000 duine ag éisteacht le RTÉ Radio 1 ar laethanta i rith na seachtaine.

  • Is é an clár Morning Ireland fós an clár raidió is mó a n-éistear leis agus ba é 463,000 líon na n-éisteoirí a bhí aige sa tréimhse seo (+23,000 Tréimhse ar Thréimhse)
  • 347,000 duine a éisteann leis an Nine O’Clock Show gach lá i rith na seachtaine (+13,000 Tréimhse ar Thréimhse)
  • Éisteann 331,000 duine (+8,000 Tréimhse ar Thréimhse) le Today with Claire Byrne ó Luan go hAoine
  • 213,000 duine a éisteann leis an Louise Duffy Show (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse)
  • Tá 303,000 éisteoir ag News at One.
  • Éisteann 187,000 duine (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse) leis an Ray D’Arcy Show sa tráthnóna i rith na seachtaine ar RTÉ Radio 1
  • 219,000 éisteoir a thiúnálann isteach chuig Drivetime.
  • Bíonn 335,000 duine ag éisteacht le The Brendan O’Connor Show ar an Satharn agus bíonn 323,000 duine ag éisteacht leis ar an Domhnach.
  • 206,000 éisteoir atá ag Saturday with Colm Ó Mongáin.
  • 191,000 duine (+10,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Sunday Sport ar RTÉ Radio 1
  • 272,000 éisteoir atá ag Sunday with Miriam.

Is éard a dúirt Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Tréimhse mhaith í seo do Radio 1. Is moladh é ón lucht éisteachta agus is aitheantas é ar chuspóir aontachta an stáisiúin ar fud na nuachta agus cúrsaí reatha, an spóirt, an cheoil agus an aschuir cultúir i gcoitinne – rud nach bhfuil a shárú le fáil; aitheantas idirnáisiúnta do Blackrock Boys, séasúr drámaíochta Beckett atá ann faoi láthair, na Gradaim Ceoil Tíre. Tá an méid sin ar fad á chur chun cinn ag na láithreoirí agus thar aon ní eile ag na foirne léirithe. Is iad na foirne léirithe agus a ndúthracht i leith craoltóireacht seirbhíse poiblí atá taobh thiar de gach ní anseo. Táimid buíoch den mhuinín atá ag na héisteoirí ionainn.”

RTÉ 2FM

  • 149,000 duine a bhíonn ag éisteacht leis an gclár, 2FM Breakfast with Doireann, Donncha, and Carl gach maidin i rith na seachtaine (+11,000 duine Tréimhse ar Thréimhse)
  • 136,000 éisteoir (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Jennifer Zamparelli ar 2FM.
  • 113,000 éisteoir (+6,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Tracy Clifford
  • Drive It with The 2 Johnnies ag cur ábhar siamsaíochta ar fáil i gcónaí don lucht éisteacht ar fud na tíre gach tráthnóna agus is 151,000 éisteoir a bhíonn acu (+11,000 Tréimhse ar Thréimhse)
  • 118,000 duine (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) a bhíonn ag éisteacht le Laura Fox at Weekends ó 9-12 ar an Satharn agus 114,000 duine (+12,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann leis an gclár ar an Domhnach
  • 123,000 éisteoir (+20,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Roz & Emma ar 2FM ó 12-3pm ar an Satharn agus 101,000 éisteoir (+12,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá acu ar an Domhnach

Is éard a bhí le rá ag Dan Healy, Ceann Straitéis Raidió RTÉ agus RTÉ 2FM: “Leanann 2FM ag cur leis an lucht éisteachta atá acu le linn sheacht lá an sceidil. Tá méadú go dtí 12.4% tagtha ar an sciar de dhaoine idir 15 agus 34 bliain atá ag éisteacht an tréimhse seo mar gheall ar chláracha den scoth a chuireann Doireann, Donncha, agus Carl, Jennifer Zamparelli, Tracy Clifford agus The 2 Johnnies i láthair ar laethanta le linn na seachtaine. I ngach margadh raidió, bíonn cláracha raidió na maidine ina gcnámh spairne ríthábhachtach do stáisiúin raidió, agus táim an-sásta don fhoireann Bricfeasta go bhfuil ag éirí go maith leis an gclár i gcónaí, clár a bhfuil ardú 11,000 duine ar a chuid éisteoirí ó bhí an suirbhé deireanach ann. Tháinig ardú 11,000 éisteoir freisin ar an gclár, The 2 Johnnies, ar clár é a ndéanann daoine iarracht cheart éisteacht leis agus a chuireann deireadh láidir leis an sceideal lae ar 2FM.

D’éirigh go hiontach le sceideal nua an deiridh seachtaine freisin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh araon do Bhláthnaid Treacy, Laura Fox, Roz agus Emma agus Aifric O’Connell. Tháinig ardú 20,000 éisteoir ar chlár Roz Purcell agus Emma Power a bhíonn ar siúl Dé Sathairn (12pm go 3pm) – clár atá ar an aer ó mhí Feabhra. Bhí roinnt míonna dúshlánacha ag RTÉ ach mar is gnách bhí foireann 2FM dírithe go hiomlán ar fhreastal a dhéanamh ar an lucht éisteachta níos óige in Éirinn.”

RTÉ lyric fm 

  • 58,000 duine (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Marty in the Morning
  • 46,000 duine (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Classical Drivetime le Niall Carroll
  • 47,000 duine a éisteann le The Full Score le Liz Nolan/Aedin in the Afternoon (Dé hAoine)
  • 63,000 duine (méadú +8,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Classic Drive le Lorcan Murray
  • 56,000 duine (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Movies and Musicals le hAedín Gormley
  • 27,000 éisteoir (+2,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Opera Night
  • 33,000 éisteoir (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Daybreak
  • 46,000 éisteoir (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Hamilton Scores
  • 43,000 éisteoir (+2,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Seán Rocks ar an Domhnach

Is éard a dúirt Sinéad Wylde, Ceann RTÉ lyric fm: “Thug an tréimhse seo ardú misnigh d’fhoireann RTÉ lyric fm; tá an líon daoine a éisteann ar maidin le Marty in the Morning fós ag ardú agus tá ardú 9,000 éisteoir tagtha freisin ar an gclár Classical Daytime le Niall Carroll (Bliain ar Bhliain). Cuireann an clár Classic Drive le Lorcan Murray fáilte roimh 8,000 éisteoir breise (Tréimhse ar Thréimhse) agus é ina dteannta ar feadh an tráthnóna. Tháinig feabhas mór ar an líon daoine a bhíonn ag éisteacht ag an deireadh seachtaine le 9,000 éisteoir breise (Bliain ar Bhliain) ag Daybreak, 7am – 10 am, agus 10,000 éisteoir breise (Bliain ar Bhliain) ag Opera Night. Tá draíocht chineamatach fós i gceist leis an gclár Movies and Musicals le hAedín Gormley agus ardú 7,000 éisteoir (Tréimhse ar Thréimhse) bainte amach aige. Leis na figiúirí is déanaí seo, is fíor anois níos mó ná riamh mantra RTÉ lyric fm gur ‘Ola don Chroí’ é.”


“TOMORROW TONIGHT”: MARK LITTLE AGUS CARLA O’BRIEN I mBUN TUAIRISCÍOCHTA AR OÍCHE CHINNIÚNACH MAIDIR LE BEARTA ÉIGEANDÁLA I LEITH NA hAERÁIDE

Sa bhliain 2050 sinn agus i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, tá ceannairí thíortha an domhain cruinnithe le chéile ag cruinniú mullaigh faoi chúrsaí aeráide arb é an dea-thoradh nó an drochdheireadh a bheidh air. Tá bearta ceangailteacha éigeantacha á bplé dírithe ar ghníomhaíocht níos éifeachtúla maidir leis an aeráid a thabhairt i bhfeidhm ar fud an domhain agus an saol ar fad ag fanacht le toradh an chruinnithe.

Dráma scripteáilte faisnéise is ea Tomorrow Tonight atá suite 27 bliain ó inniu. Mark Little agus Carla O’Brien na láithreoirí a choinníonn an lucht féachana ar an eolas faoi na scéalta nuachta is deireanaí, ar an bpointe boise agus iad ag teacht chun cinn, ar an oíche chinniúnach seo agus an pláinéad ar thob a threascartha mar gheall ar an athrú aeráide.

Sa stiúideo teilifíse i mBaile Átha Cliath, tá scata suntasach saineolaithe ag míniú na gceisteanna casta agus córais ghrafaice réaltachta breisithe in úsáid chun eolas a leagan amach go soiléir don lucht féachana. An tráth céanna, tá meitheal iriseoirí ar fud na bhfud ag cur tuairiscí isteach le ceangal satailíte idir iad agus an stiúideo. Cuireann siadsan lón anailíse i láthair go fuinniúil agus tuairisc láithreach ar a bhfuil ag titim amach in áiteanna éagsúla ar fud an domhain. De réir mar a dhéanann, tá léargas cuimsitheach faoi chás an domhain á chur i dtoll a chéile acu.

I rith an chláir, cloistear faoi na torthaí tubaisteacha atá ag an téamh domhanda agus ag ardú leibhéal na farraige ar ghnáthdhaoine agus ar theaghlaigh in Éirinn agus thar lear, déantar iniúchadh ar an ngéarchéim maidir le lucht dídine ar fud an domhain agus a thoradh gar do bhaile ar oileán na hÉireann agus feictear an tArd-Ionchúisitheoir sna Cúirteanna Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le Coireanna Aeráide agus í ag agairt freagrachta agus cuntasaíochta ar cheannairí gnó agus ar cheannairí polaitíochta araon as ucht moill agus diúltú gníomhú nuair a bhí acu beart a dhéanamh níos luaithe.

Beidh dea-scéalta á gcur i láthair freisin ar an gclár, mar shampla tuairisc ar an nuálaíocht is cúis le borradh eacnamaíochta faoin tuath in Éirinn in ainneoin dul ar gcúl na déiríochta agus shaothrú an bheostoic. Agus, sa Bhrasaíl, feictear borradh agus beocht in athuair ar fhoraois báistí na hAmasóine, ceantar agus foraois ar socraíodh i mblianta deireanacha na 2030idí gurb iad na ceannairí bundúchasacha a shocródh a mbeadh i ndán dóibh.

Ag caint ar an gclár dó, dúirt an láithreoir Mark Little: “Is minic a fhágann an chaint ar ghéarchéim na haeráide daoine ina staic le teann eagla. Is dóigh liom go mbeidh an meascán suntasach seo idir clár faisnéise agus clár drámaíochta ina spreagadh ag an lucht féachana maidir le tuiscint ar a bhfuil de chumhacht acu féin maidir le saol níos fearr a mhúnlú san am atá romhainn.”

Chuir an láithreoir Carla O’Brien leis sin: “Tá súil agam go mbeidh an leas a bhaintear as cineálacha éagsúla teicneolaíochta, mar shampla réaltacht bhreisithe (AR) ar Tomorrow Tonight ina bhuntáiste ag an lucht féachana maidir le tuiscint níos grinne ar na fíricí agus ar léargas lucht eolaíochta ar an gceist is cinniúnaí ar fad de cheisteanna móra na linne sin againn féin.”

Féach Tomorrow Tonight Dé Céadaoin, an 15 Samhain ag 9.35 i.n ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.


Cuirfear Réaltaí Ceoil na hÉireann i láthair ó Shainchomharthaí Stairiúla Cáiliúla sa tSraith Nua “ANAM – Songs for Hearts & Minds”

Beidh Nell Mescal, Ye Vagabonds, Cormac Begley, agus go leor eile páirteach sa tsraith nua bheo cheoil ina léireofar taispeántais agus comhráite ag cuid de na sainchomharthaí stairiúla is áille radhairc in Éirinn.

Sa tsraith úrnua ceithre chlár seo, Anam – Songs for Hearts & Minds, tabharfar an lucht féachana ar aistear ceoil nach ndéanfar dearmad air. Cuirfear tús leis an tsraith Déardaoin an 2 Samhain ag 11pm ar RTÉ2 agus comhcheanglófar taispeántais bheo inspioráideacha le háilleacht shainchomharthaí stairiúla iontacha na hÉireann.

Léiríodh an tsraith i gcomhar le Other Voices agus Oifig na nOibreacha Poiblí agus cuirfear tús leis an tsraith i gCaisleán na Cathrach, Co. Thiobraid Árann le taispeántais phearsanta ó na cumadóirí amhrán Lisa Hannigan, Paul Noonan, agus Gemma Hayes a thiocfaidh le chéile chun roinnt clasaicí simplí, leaganacha d’amhráin is ansa linn agus seoda nár eisíodh a chasadh.

Chomh maith le Caisleán na Cathrach, tabharfar cuairt sa tsraith ar Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, in aice le baile spioradálta an Daingin in Iarthar Chiarraí. Sna cláir ina dhiaidh sin, beidh taispeántais ar siúl i dTeach mórga Bhaile an Chaisleáin i gCill Dara, an chéad teach i stíl Phallaidiach is mó in Éirinn, agus i gCaisleán Dheasumhan sa Chaisleán Nua, Co. Luimnigh.

Déanfar ceiliúradh sa tsraith ar an méid atá ar tí tarlú ó thaobh an cheoil de in Éirinn agus beidh taispeántais iontacha le cloisteáil ó cheoltóirí cumasacha atá ag teacht chun cinn in Éirinn, an t-amhránaí is scríbhneoir Nell Mescal, an réalta phopcheoil a thosaigh amach ag taifeadadh ceoil ina seomra leapa, Ezra Williams agus an grúpa ceoil tíre malartach Kingfishr ina measc.

Bainfidh an lucht féachana taitneamh freisin as taispeantais ó Chormac Begley, Anna Mieke, Ye Vagabonds agus daoine eile.

Clár 1: Caisleán na Cathrach, Tiobraid Árann

Is iad Lisa Hannigan, Gemma Hayes & Paul Noonan a bheidh i mbun ceoil

Clár 2: Ionad an Bhlascaoid

Is iad Ye Vagabonds, Sam Amidon, Cormac Begley, Muireann Nic Amhlaoibh,

Billy Mag Fhloinn & Gerry O’Beirne a bheidh i mbun ceoil.

Clár 3: Caisleán Dheasumhan, Luimneach

Is iad Nell Mescal, God Knows & Kingfishr a bheidh i mbun ceoil

Clár 4: Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Dara

Is iad Anna Mieke & Ezra Williams a bheidh i mbun ceoil

Bí ag féachaint ar an tsraith nua, Anam – Songs for Hearts & Minds Déardaoin an 2 Samhain ag 11pm ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player

 


SRAITH NUA DÉANFAR 12 LÁNÚIN ILCHULTÚRTHA ATÁ AR TÍ PÓSADH A CHEILIÚRADH IN “A RING AND A PRAYER”

Craolfar an chéad chlár Dé hAoine an 27 Deireadh Fómhair ag 8.00pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.

Céard a tharlaíonn nuair a shocraíonn beirt a bhfuil cúlraí éagsúla cultúir acu pósadh?

Fiosrófar é sin sa tsraith nua, A Ring and a Prayer, agus muid i dteannta lánúineacha a bhfuil creidimh agus cúlraí cultúir éagsúla acu agus iad ar tí pósadh. Tabharfar léargas ar na lánúineacha freisin, atá in éineacht le blianta agus a thuigeann go hiomlán na dúshláin mar aon leis na buntáistí a bhaineann le lánúineacha “measctha”.

I roinnt áiteanna in Éirinn, tá ar a laghad dhá náisiúntacht i gceist anois i bpósadh amháin as gach ceithre cinn, agus meascán mór cultúr, ciníocha agus creideamh i gceist leo. Taispeánfar taithí na hÉireann ar an bpósadh ilchultúrtha sa tsraith sé chlár seo, agus fiosrófar an méid a tharlaíonn nuair a cheanglaítear na traidisiúin, luachanna agus creidimh éagsúla seo leis an ngrá agus rómáns.

Le linn na sraithe, cuirfidh an lucht féachana eolas ar na 12 lánúin a bhfuil náisiúntachtaí, cultúir, eitneachtaí agus creidimh éagsúla acu. Feicfear iad agus iad ag iarraidh a muintir a shásamh agus a láimhseáil, rud nach bhfuil éasca, agus iad ag fáil faoi réir don lá mór.

I measc na lánúineacha seo tá Paul, ar Caitliceach é agus ar as an Nigéir ó dhúchas é, agus Anastasia, bean as Baile Átha Cliath a bhfuil cúlra Rómánach Ortadocsach aici. D’fhás an bheirt acu aníos in Iarthar Bhaile Átha Cliath. Tá Anastasia ag iompar clainne agus tá meas ollmhór ag an mbeirt acu ar chultúir a chéile, agus tá siad go mór i ngrá lena chéile.

Tá sé socraithe ag Cassandra as an Afraic Theas agus ag Sam as Luimneach pósadh i Séipéal Críostaí Soiscéalach ilchultúrtha, agus tá sagart Caitliceach Filipíneach roghnaithe ag Emma as na hOileáin Fhilipíneacha chun searmanas an phósta a cheiliúradh nuair a bheidh sí féin agus Gavin as Baile Átha Cliath ag pósadh.

Tá Shanti, a rugadh i Neipeal, chun Alex, ar as Co. na Mí é, an áit a ndeachaigh an bheirt acu ar scoil, a phósadh. Is meascán idir traidisiúin Hiondúch agus an Iarthair a bheidh sa searmanas. Tháinig athair Shanti, ar as Ceanada é, go hÉirinn nuair a bhí sé trí bliana d’aois,

agus cé gur gcuireann sé sin cultúr eile sa scéal, bhí tionchar an-mhór ag an áit inar rugadh í ar a saol agus beidh anois ar a bainis.

Bí ag féachaint ar an tsraith nua, A Ring and a Prayer, Dé hAoine an 27 Deireadh Fómhair ag 8.00pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.


LÁITHREOIRÍ NUA TAGTHA LE CHÉILE CHUN “HEATED” SRAITH NUA RTÉ AR ATHRÚ AERÁIDE A SHEOLADH

Heated, sraith nua aeráide sé chlár, seolta ag RTÉ agus cuirfear tús léi ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player amárach Déardaoin an 26 Deireadh Fómhair ag 8pm.

Beidh Heated i measc roinnt tionscadail eile mhórscála atá bunaithe ar an aeráid sna míonna seo amach romhainn fad a bheidh RTÉ ag leanúint d’fheabhas a chur ar an gclúdach a dhéantar ar chúrsaí athraithe aeráide agus ar an tionchar atá sé ag imirt.

Féachtar sa tsraith Heated, arna léiriú ag indiepics do RTÉ, scéalta inspioráideacha na ngnáthdhaoine seo atá ag déanamh difear ollmhór ina bpobal féin a insint. Féachfar ar na himpleachtaí a bheidh ag an athrú sin do shaol mhuintir na hÉireann – inseofar scéalta a thabharfaidh misneach agus spreagadh dúinn agus taispeánfar bealaí praiticiúla eile dúinn a chuideoidh linn astaíochtaí a laghdú.

Gach seachtain, cuirfidh láithreoirí nua ar RTÉ, Hannah Quinn Mulligan (feirmeoir orgánach agus iriseoir as Luimneach), Michelle McKeown (léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh) agus Rónán Ó Dálaigh (fiontraí sóisialta Thriftify agus gníomhaí atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath) trí scéal os ár gcomhair ina léireofar na gnéithe praiticiúla, eolasacha nó inspioráideacha a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide. (Tá tuilleadh eolais faoi na láithreoirí agus grianghraif le fáil i Nótaí an Eagarthóra thíos.)

Sa chéad chlár den tsraith scrúdófar tabhairt ar ais na dtailte portaigh in Uíbh Fhailí, tabharfar cuairt ar an aon chuideachta amháin san Eoraip, atá lonnaithe sa Longfort, a dhéanann athearraíocht ar thochtanna agus gheofar amach faoin gcéad chlub sacair ar domhan a bhfuil Oifigeach Aeráide lánaimseartha fostaithe acu. (Tá tuilleadh eolais cláir thíos)

Go minic, is ábhar imní a bhíonn in aschur an athraithe aeráide – an méid nach bhfuil rialtais á dhéanamh – teipeann orthu spriocanna a bhaint amach – agus is féidir leis sin éadóchas agus briseadh croí a chur ar dhaoine agus fágtar iad ag aireachtáil nach bhfuil siad ábalta tionchar ar bith a imirt. Tá an tsraith seo bunaithe ar ghníomh na saoránach agus taispeánfar grúpaí agus daoine aonair atá i mbun gnímh féachaint le hathrú a chur ar bun. Leagfar béim in Heated ar mar is féidir le daoine eile ar fud na tíre an rud céanna a dhéanamh agus mar is féidir linn, trína sampla a leanúint, athrú mór a dhéanamh in éineacht.

Bígí ag féachaint oíche amárach ag a 8pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.


Tá Ireland’s Fittest Family – Sraith 11 ar ais le láithreoir nua, cóitseálaí nua agus dúshláin a chuirfidh eiteoga ar do chroí

Cuirfear tús leis an gcomórtas ón gcéad chéim agus beidh sé ina iomaíocht ina dhiaidh sin ag an tús líne do na cóitseálaithe agus a gcuid teaghlach an séasúr seo.

Bí faoi réir do na heachtraí a chuirfidh an croí ag bualadh go tréan agus a chuirfidh an t-aidréanailín ag rith tríot nuair a fhillfidh Ireland’s Fittest Family an fómhar seo don 11ú sraith, agus tá níos mó sceitimíní agus dráma ná riamh cheana geallta dúinn nuair a thosóidh an clár ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player Dé Domhnaigh an 29 Deireadh Fómhair ag 6.30pm.

Is í Laura Fox láithreoir nua na sraithe agus beidh sise sa tóir ar theaghlach is aclaí na tíre seo. Ní hí Laura an t-aon duine nua a bheidh linn ach an oiread mar go mbeidh an lúthchleasaí cáiliúil Sonia O’Sullivan ar an bhfoireann meantóireachta anois in éineacht le Nina Carberry, Davy Fitzgerald agus Donncha O’Callaghan chun brú a chur ar na teaghlaigh chomh fada leis an líne dheiridh le go mbeidh seans acu an teideal agus €15,000 a thabhairt leo.

Cuirfear tús leis an aicsean Dé Domhnaigh an 29 Deireadh Fómhair nuair a thabharfaidh muintir Bonnar as Port Láirge, muintir Heaney as Tír Eoghain, muintir O’Reagan as Ciarraí agus muintir Noonan as contae na Mí aghaidh ar na dian-dúshláin ag An Loch. Rachaidh na teaghlaigh gan eagla seo in iomaíocht lena chéile le haghaidh dhá áit a bhfuil an-tóir orthu a bhaint amach sa chéad bhabhta eile a bheidh ar siúl i suíomh úr nua – An Fheirm.

An séasúr seo, beidh na cóitseálaithe níos iomaíche ná riamh agus iad faoi réir chun na teaghlaigh is aclaí sa tír a thraenáil fad a bheidh siad ag tabhairt faoi roinnt de na dúshláin is deacra dá bhfuil ann. Is faoi chúram Davy Fitzgerald a bhí an teaghlach a bhuaigh anuraidh, agus tá sé go mór ag iarraidh go mbeidh dhá bhua as a chéile aige. Beidh an triúr cóitseálaithe eile ag iarraidh é sin a stopadh agus tá an cóitseálaí nua Sonia O’Sullivan go mór ag iarraidh leas a bhaint as a gairm san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha féachaint le bua a fháil ina céad bliain ina cóitseálaí.

Ní mar a chéile a bheidh aon dá nóiméad i sraith 11 de Ireland’s Fittest Family. Beidh sé lán le sceitimíní, díocas agus dúshláin fhisiciúla nach bhfuil ar fáil in áit ar bith eile agus beidh an lucht féachana ar chorr a suíochán ag féachaint air. Ná caill soicind den séasúr lánaicsin seo mar go mbeidh sé ina iomaíocht ghéar idir na teaghlaigh féachaint leis an duais mhór a thabhairt leo.

Cuirfear tús leis an tsraith nua ag 6.30pm Dé Domhnaigh an 29 Deireadh Fómhair ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.


Is breá le RTÉ agus Fís Éireann a fhógairt go mbeidh trí dhráma nua faoi scéim Storyland á dtaispeáint ar RTÉ2 agus ar RTÉ Player

Wrapped, The Cousin agus Falling for the Life of Alex Whelan na drámaí atá i gceist.

Ó cuireadh Storyland ar bun, níos mó ná deich mbliana ó shin, tá sé ina spreagadh agus ina chúnamh ag daoine cumasacha ar fud na hÉireann maidir le tús a chur lena ré gairme nó dul chun cinn i mbun scríbhneoireachta, stiúrthóireachta, léiritheoireachta agus aisteoireachta. Is gné amháin seo den straitéis atá ag RTÉ maidir le cur leis an bhforbairt ar ábhar drámaíochta trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscal na cruthaitheachta in Éirinn agus sár-réimsí den tír a chur ar taispeáint trí scannánaíocht a dhéanamh ar fud na tíre. Cuirtear bonn leis an straitéis seo freisin faoi fhostú na gcéadta daoine ar fud an tionscail ionas gur mó na sraitheanna drámaíochta as Éirinn a bhíonn ar feiceáil ar an teilifís agus, ní is tábhachtach, ar RTÉ Player mar a mbíonn sraitheanna scripteáilte ar an gcineál is mó a roghnaíonn an lucht féachana.

Dráma 25 nóiméad atá in Wrapped le Ella Lily Hyland (Fifteen Love) agus Lauryn Canny (Normal People, Dating Amber) sna príomhpháirteanna. Tá luach na mílte euro de chócaon ceangailte dá gcolainn nuair atá Lisa agus Ali ag iarraidh dul trí na próisis slándála ag an aerfort gan iad a thabhairt faoi deara. Is é an chéad uair acu é ag smugláil drugaí; níl an dara rogha ag ceachtar acu ach muinín a chur ina chéile.

In The Cousin, cuireann Dan (Adam Lennon-Collery), ealaíontóir óg isteach ar áit i gcoláiste iomráiteach ealaíne le tionscadal ar a dtugann sé The Saints of Fairfield, saothar ina n-úsáidtear mapáil teilgin agus seanábhar grianghrafadóireachta. Sa pháirc in aice lena áit chónaithe, bíonn portráidí á dteilgean ag Dan de dhaoine a mbíodh cónaí ortha sa chomharsanacht ach atá imithe leo anois mar gheall ar aois mhór, ar choireanna, ar thromchaitheamh drugaí, féinmharú nó imirce. Nuair a ghlactar lena iarratas, tá deis aige éalú ón saol a bhí á réamhcheapadh dó ach, beidh air, ar an gcéad dul síos, labhairt lena chol ceathrar agus aontú a fháil leis an bplean nua seo. Agus ní móide go mbeidh sin chomh furasta agus a cheapfaí.

Sa dráma Falling for the Life of Alex Whelan, buaileann bean óg de bhunadh na Síne le fear ag club scannán i mBaile Átha Cliath ar mhian léi a saol a chaitheamh leis. An lá dár gcionn, faigheann sí amach go bhfuil sé tar éis bháis, cé nach léir di iomlán an cháis. Cuireann sí roimpi an fhírinne a fháil amach, ag smaoineamh ar feadh an ama go bhfuil an saol iontach a bheadh i ndán á shéanadh uirthi feasta. Tá Falling For The Life Of Alex Whelan bunaithe ar ghearrscéal leis an údar gradamúil Yan Ge. Is iad Lila Coleman (Normal People), Chris Walley (The Young Offenders), David Rawle (Moone Boy) agus Patrick Martins, buaiteoir an ghradaim Screen Daily 2023 Rising Star, atá sna príomhpháirteanna.

Tugtar sonraí breise faoi na scéalta, na haisteoirí agus na criúnna sna Nótaí thíos.

Dúirt David Crean, Ceannasaí Gníomhach Drámaíochta, RTÉ: “Is ábhar ríméid dúinn trí cinn de dhrámaí aonair nua faoin scéim Storyland a sheoladh don lucht féachana ar RTÉ2 agus RTÉ Player. Is drámaí iad seo a rinneadh a fhorbairt i gcomhar le Fís Éireann mar chuid den dúthracht leanúnach feidhmiú mar thús spreagtha ag scríbhneoirí, léiritheoirí agus stiúrthóirí nua in earnáil dhrámaíocht teilifíse na hÉireann. Tá buntábhacht le Storyland mar dheis dul chun cinn ag daoine cumasacha ionas gur féidir leo a gcuid saothair a chur ar taispeáint in Éirinn agus ar fud an domhain agus is ábhar mórtais againne trí cinn de dhrámaí nua a chur i láthair a bhfuiltear cinnte go dtaitneoidh siad go mór leis an lucht féachana.”

Dúirt Andrew Byrne, Ceannasaí Teilifíse le Fís Éireann: “Is breá le Fís Éireann seasamh le Storyland na bliana seo i gcomhar le RTÉ: is scéim seo trína gcuirtear glórtha nua atá ag teacht chun cinn os comhair lucht féachana na hÉireann. Déantar comhghairdeas leis na meithle cruthaitheachta a bhaineann le gach ceann den trí dhráma seo a tháinig trí phróiseas dianchoimhlinte forbartha agus léiriúcháin. Tháinig de thoradh ar an mbeartaíocht seo go bhfuil rogha drámaí nua teilifíse againn don lucht féachana in Éirinn atá úr greannmhar. Is ábhar dóchais againn glún nua a theacht chun cinn maidir le héirim i mbun scéalaíochta agus cumas i mbun an chur i láthair.”

Tar éis drámaí éagsúla de chuid na hÉireann ag RTÉ le tamall anuas, mar shampla Kin, Hidden Assets, Smother, Obituary agus The Dry, a bhfuil scéalta na hÉireann lárnach iontu uilig, is cinnte go mbeidh luí ag an lucht féachana in Éirinn freisin leis na trí ghearrdhráma seo faoin scéim Storyland chomh maith le hardán d’éagsúlacht daoine sárchumasacha ar shárchaighdeán.

NOTAÍ

WRAPPED Pipedream Productions & Alfonso Films

Déardaoin, an 19 Deireadh Fómhair, 10:30 i.n. RTÉ2 agus RTÉ Player

PROMO: https://www.youtube.com/watch?v=e357HfSwu4Q

Wrapped (Storyland) | Dráma úrnua | RTÉ

Tá luach na mílte euro de chócaon ceangailte dá gcolainn nuair atá Lisa agus Ali ag iarraidh dul tríd an gcóras seiceála ag an aerfort gan iad a thabhairt faoi deara. Is é an chéad uair acu é ag smugláil drugaí; níl an dara rogha ag ceachtar acu ach muinín a chur ina chéile. Wrapped, faoi Storyland le RTÉ, amárach ag 10:35 i.n. ar RTÉ2 agus RTÉ Player.

Tuilleadh: http://www.rte.ie/player

Dráma 25 nóiméad atá in Wrapped le Ella Lily Hyland (Fifteen Love ar Amazon Prime) agus Lauryn Canny (Normal People, Dating Amber) sna príomhpháirteanna. Tá luach na mílte euro de chócaon ceangailte dá gcolainn nuair atá Lisa agus Ali ag iarraidh dul tríd an gcóras seiceála ag an aerfort gan iad a thabhairt faoi deara. Is é an chéad uair acu é ag smugláil drugaí; níl an dara rogha ag ceachtar acu ach muinín a chur ina chéile.

Ina dhráma stáitse a tugadh an scéal chun cinn ar dtús agus cuireadh ar an ardán é ag féile Fringe i mBaile Átha Cliath chomh maith lena thaifeadadh mar dhráma raidió ag RTÉ. Gnóthaíodh ainmniúcháin do Ghradam mórchlú Stewart Parker agus do Ghradaim an BBC do Dhrámaí Raidió. Cíortar gnéithe casta den chaidreamh comhspleáchais agus den dlúthchairdeas idir mná de réir mar a fheictear na roghanna agus na socruithe a dhéanann Ali agus Lisa.

Tracy Martin an scríbhneoir agus is í Mia Mullarkey a stiúraigh do Pipedream Productions agus do Alfonso Films. I measc na n-aisteoirí eile, tá Amy Conroy (Holding, The Dry), Ian Toner (Smother, Vikings Valhalla), agus Clinton Liberty (Holding, Normal People).

Beidh Wrapped á chraoladh Déardaoin, an 19 Deireadh Fómhair, ag 10:30 i.n. ar RTÉ2 agus RTÉ Player.

Is iad an dá dhráma eile de chuid Storyland a leanfaidh ina dhiaidh sin, The Cousin á chraoladh ar an 26 Deireadh Fómhair agus Falling for the Life of Alex Whelan ar an 2 Samhain.

THE COUSIN – Déardaoin, an 26 Deireadh Fómhair

Cuireann Dan, ealaíontóir óg (20), isteach ar áit i gcoláiste iomráiteach ealaíne le tionscadal ar a dtugann sé The Saints of Fairfield, ina n-úsáidtear mapáil theilgin agus seanábhar grianghrafadóireachta. Sa pháirc in aice lena áit cónaithe, bíonn portráidí á dteilgean ag Dan de dhaoine a mbíodh cónaí ortha sa chomharsanacht ach atá imithe leo anois mar gheall ar aois mhór, ar choireanna, ar thromchaitheamh drugaí, féinmharú nó imirce. Nuair a ghlactar lena iarratas, tá deis aige éalú ón saol a bhí á réamhcheapadh dó ach, beidh air, ar an gcéad dul síos, labhairt lena chol ceathrar agus aontú a fháil leis an bplean nua seo. Ní móide gur furasta sin.

Scríbhneoir & Stiúrthóir: Stevie Russell (https://www.stevierussell.com/)

LÉIRITHEOIR: Michael Donnelly (mdv.ie)

Dawn Mac Allister a stiúraigh roghnú na n-aisteoirí agus tá aisteoirí nua, Adam Lennon-Collery ina measc sa phríomhpháirt, le feiceáil in éineacht le haisteoirí aitheanta, mar shampla Fionn Ó Loingsigh (What Richard Did, Cardboard Gangsters) agus Sharon Mannion (Bridget & Eamon, Prosperity). JJ Rolfe (Kin, Witness No. 3) a rinne an Scannánaíocht agus is é Mark Kelly (Blackshore, Smother) an Dearthóir Léiriúcháin.

LIOSTA NA nAISTEOIRÍ

  • Dan – Adam Lennon-Collery
  • Fiachra – Fionn Ó Liongsigh
  • Michelle – Ellie McHale-Roe
  • Coco – Cora Jess
  • Maura – Sharon Mannion
  • Derm – Kilan Filan
  • Kev – Corin James Culleton
  • Pam – Ebimie Anthony
  • Rooney – Youssef Quinn

FALLING FOR THE LIFE OF ALEX WHELAN – Pure Divilment Pictures

Seo scéal faoi bhean óg de bhunadh na Síne a bhuaileann le fear ag club scannán i mBaile Átha Cliath ar mhian léi a saol a chaitheamh leis ach, an lá dár gcionn, faigheann sí amach go bhfuil sé tar éis bháis, cé nach léir iomlán an cháis. Cuireann sí roimpi an fhírinne a fháil amach, ag smaoineamh ar feadh an ama go bhfuil an saol iontach a bhí i ndán di á shéanadh uirthi feasta.

Falling For The Life Of Alex Whelan bunaithe ar ghearrscéal leis an údar gradamúil Yan Ge. Is iad Lila Coleman (Normal People), Chris Walley (The Young Offenders), David Rawle (Moone Boy) agus Patrick Martins, buaiteoir an ghradaim Screen Daily 2023 Rising Star, atá sna príomhpháirteanna.

Nell Hensey a scríobh agus a stiúraigh, Claire Mooney a léirigh.

Tá fuaimrian sármhaith leis an dráma le hamhráin de chuid CMAT, Denise Chaila, Jyellowl, Tebi Rex agus eile.

An stiúrthóir gradamúil, Nell Hensey, agus an léiritheoir, Claire Mooney, a chuir Pure Divilment Pictures ar bun, an chéad chomhlacht léiriúcháin in Éirinn ar mná Gen Z ar fad atá ina bhun a bhfuil de chuspóir acu an chéad ghlún eile de shárábhar scannánaíochta agus teilifíse de chuid na hÉireann a chur chun cinn.

LIOSTA NA nAISTEOIRÍ:

  • Lila Coleman (Normal People, The Fortune Terrace)
  • Chris Walley (Young Offenders, Bloodlands, 1917, The Last Voyage of the Demeter)
  • Meadhbh Maxwell (Harry Wild, Clean Sweep, Finding Joy, Normal People)
  • David Rawle (Waiting, Drop Dead Weird, Moone Boy, Song of the Sea)
  • Patrick Martins (Buaiteoir Rising Stars Ireland 2023, Redemption, The Confessions Of Frannie Langton)
  • Cillian Leneghan (The Woman In The Wall, The Spectacular, Bally Walter)
  • Peter Corboy (Fair City, Everything Not Saved)

Fógraí Bréige

Anseo in RTÉ, molaimid dár lucht féachana a bheith cúramach go cuí maidir le láithreáin gréasáin, fógraí meán sóisialta, ailt nuachta agus ríomhphoist bhréige.

Táimid ar an eolas faoi ábhar míthreorach atá á scaipeadh ar na meáin shóisialta a mhacasamhlaíonn brandáil RTÉ, ina bhfuil craoltóirí nuachta agus láithreoirí RTÉ, agus a mhaíonn gur ábhar oifigiúil de chuid RTÉ é. I gcásanna áirithe, is féidir teicneolaíocht ‘dhomhainbhréige’ a úsáid chun tuairiscí ó láithreoirí RTÉ nár tharla riamh a léiriú.

Fógróidh an t-ábhar seo go minic táirgí airgeadais, infheistíochtaí nó scéimeanna criptea-airgeadra agus tabharfaidh sé le fios gur féidir le tomhaltóirí na dtáirgí sin a bheith ag súil le méideanna móra airgid a fháil laistigh de thréimhse ghearr ama. Tabhair faoi deara nach bhfógródh RTÉ táirgí den chineál sin go brách ar an mbealach seo agus, cé go ndéanaimid gach iarracht cosc a chur ar ábhar den chineál seo a bheith ar líne, ní féidir linn deireadh a chur le mí-úsáid chalaoiseach ár mbrandála ná ár maoine intleachtúla.

Nílimid freagrach as ábhar tríú páirtí agus moltar go láidir go seachnódh daoine aon idirghníomhaíocht leis na fógraí seo. Má d’fhulaing tú cibearchoireacht, is féidir leat tuilleadh treorach a fháil maidir leis an mbealach chun é seo a thuairisciú ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána.

Má thagann tú ar fhógra bréige ar na meáin shóisialta a bhaineann mí-úsáid as ábhar RTÉ, is féidir é seo a thuairisciú go díreach don chomhlacht meán sóisialta ábhartha nó don tríú páirtí ar a leathanaigh ghréasáin thiomnaithe ‘tuairiscigh mí-úsáid’. Más mian leat a sheiceáil an bhfuil láithreán gréasáin tríú páirtí, ríomhphost nó físeán dlisteanach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le RTÉ ag info@rte.ie. Déan cinnte go gcuireann tú na sonraí go léir atá ar fáil faoin ábhar, go háirithe an seoladh gréasáin nó an url, chun go mbeimid ábalta an t-ábhar a aimsiú ar líne.

Tá RTÉ an-dáiríre faoi chalaois agus iarraimid ar ár lucht féachana a bheith chomh dáiríre céanna. Má thagann tú ar ábhar amhrasach, tuairiscigh láithreach é.


TÁ NA GRADAIM BLACK & IRISH GALA AR AIS AGUS Á GCUMHACHTÚ AG RTÉ – AINMNIÚCHÁIN OSCAILTE

TÁ GRADAIM GHRADAIM BLACK & IRISH AR AIS AGUS Á GCUMHACHTÚ AG RTÉ

TÁ AINMNIÚCHÁIN AR OSCAILT ANOIS

VISIT Black & Irish – (blackandirish.com)

Tá Gradaim Black & Irish Gala (Gradaim BIG) ar ais don tríú bliain agus beidh siad níos mó agus níos fearr fós le comhpháirtíocht nua sna meáin le RTÉ, meáin náisiúnta seirbhíse poiblí na hÉireann.

Beidh Gradaim Gala Black & Irish faoi thiomáint ag RTÉ ar siúl Dé Sathairn an 2 Nollaig in Óstán an Osprey sa Nás, Co. Chill Dara, nuair a bhronnfar gradaim i 15 chatagóir.

Tá ainmniúcháin oscailte anois do gach ceann de na 15 ghradam, agus táimid ag tabhairt cuireadh duit an duine nó an eagraíocht is fearr leat a ainmniú do gach catagóir.

Cuirfear na catagóirí ar fad ar ghearrliosta ansin agus déanfar cinneadh faoi shé ghradam trí vóta poiblí agus naoi gcinn a bheidh á gcinneadh ag na painéil.

Chun sonraí a fháil faoi na gradaim, na critéir, na painéil moltóireachta agus an vótáil, féach Black & Irish – (blackandirish.com)

CÉIM 1: ROGHNAIGH D’AINMNITHE (GO DTÍ 03.11.23)

Tá an chéad vótáil d’ainmnithe oscailte go dtí Dé hAoine an 3 Samhain i ngach catagóir thíos. Is féidir leat tú féin nó duine (duine nó eagraíocht) a bhfuil meas agat air i ngach ceann de na catagóirí a ainmniú. Déan cinnte go gcomhlíonann siad na critéir atá sonraithe san fhoirm ainmniúcháin.

– Pearsantacht na Bliana
– Réalta Pobail na Bliana
– Eagraíocht Phobail na Bliana
– Aisteoir na Bliana
– Oideachasóir na Bliana
– Sárobair sa Cheol
– Podchraoladh na Bliana
– Gníomhaí na Bliana
– Cruthaitheoir Ábhar na Bliana
– Fiontraí na Bliana
– Bean Spóirt na Bliana
– Fear Spóirt na Bliana
– Gnó na Bliana
– Ealaíontóir Mná na Bliana
– Ealaíontóir Fireann na Bliana

DÉAN D’AINMNIÚCHÁN ANSEO.

CÉIM 2: GEARRLIOSTA AGUS ROGHNÚCHÁN (GO DTÍ 20.11.23)

Osclófar gearrliosta na n-ainmnithe agus roghnú na mbuaiteoirí i ngach catagóir Dé Luain an 6 Samhain. Beidh go dtí Dé Luain an 20 Samhain agat le vóta a chaitheamh do do bhuaiteoir sna sé chatagóir phoiblí. Is é an t-ainmní leis na vótaí is mó a bhuafaidh an gradam agus is é an dara agus an 3ú vóta is mó a bheidh ar an ngearrliosta. Roghnóidh na painéil 9 gcinn de na gearrliostaí agus buaiteoirí do chatagóirí eile.

Is féidir leat miondealú na vótála poiblí agus roghnú painéil a fheiceáil thíos nó ar www.blackandirish.com.

Seo briseadh síos ar na gradaim agus ar an gcaoi a roghnaítear iad:

– Pearsantacht na Bliana (Poiblí)
– Réalta Pobail na Bliana (Poiblí)
– Eagraíocht Phobail na Bliana (Poiblí)
– Aisteoir na Bliana (Poiblí)
– Oideachasóir na Bliana (Poiblí)
– Sárobair sa Cheol (Poiblí)
– Podchraoladh na Bliana (Painéal)
– Gníomhaí na Bliana (Painéal)
– Cruthaitheoir Ábhar na Blian
– Bean Spóirt na Bliana (Painéal)
– Fear Spóirt na Bliana (Painéal)
– Gnó na Bliana (Painéal)
– Ealaíontóir Mná na Bliana (Painéal)
– Ealaíontóir Fireann na Bliana (Painéal)

CÉIM 3: NA GRADAIM (02.12.23)

Bronnfar na gradaim i ngach ceann de na 15 chatagóir ag na Black & Irish Gala Awards, a bheidh á gcumhachtú ag RTÉ Dé Sathairn an 2 Nollaig in Óstán an Osprey, An Nás, Co. Chill Dara.

Agus é ag trácht ar Ghradaim Gala Dubh agus Éireannach na bliana seo, dúirt Príomhfheidhmeannach Black and Irish, Leon Diop (sa phictiúr): “Tá ríméad orainn na gradaim Black and Irish Gala a fheiceáil ag filleadh don tríú bliain. Táimid ar bís níos mó fós go mbeidh siad faoi thiomáint ag RTÉ anois. Cabhróidh sé seo linn inár bpríomhsprioc aird a tharraingt ar an iliomad daoine dubha agus cine measctha atá ag obair go crua agus go cumasach ó gach cearn d’Éirinn. Tá na gradaim á dtabhairt go Cill Dara againn i mbliana agus beidh Óstán an Osprey ina ionad iontach d’oíche cheiliúrtha agus aitheantais iontach.”

Mar chomhpháirtí sna meáin, beidh RTÉ ag tacú leis na Black and Irish Gala Awards le feachtas teilifíse, raidió, ar líne agus ar na meáin shóisialta.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Ghradaim Ghradaim Dhubha agus Éireannacha féach www.blackandirish.com agus lean cuntais RTÉ ar na meáin shóisialta ag baint úsáide as #BIGAwards23.

 

 


RTÉ Ráiteas Tosaigh: Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúirthóir RTÉ

RTÉ Ráiteas Tosaigh: Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúirthóir RTÉ

An Coiste um Chuntais Phoiblí (12 Deireadh Fómhair 2023)

A Chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí – gabhaim buíochas libh as an gcuireadh a bheith i láthair inniu. Tá roinnt seachtainí caite ó bhíomar le chéile cheana agus tá go leor tarlaithe idir an dá linn. Tá súil agam go raibh leas agaibh as an líon suntasach cáipéisí a chuireamar ar fáil.

Mar gheall ar imeachtaí le tamall anuas, tá cor nua maidir le caighdeáin rialachais in RTÉ. Is léir dúinn go bhfuil sé éasca iontaoibh a lagú agus go bhfuil sé práinneach an mhuinín a athchothú. Ó tháinig mise i mbun mo chúraim i lár mhí Iúil, tá mé féin agus an fhoireann nua ceannasaíochta, i gcomhar le baill foirne ar fud na heagraíochta, ag saothrú ar ár ndícheall chun brostú leis na bearta práinneacha athchóiriúcháin is gá chun misneach as RTÉ a chur ar bun in athuair.

Is cúis áthais dom roinnt de na bearta athchóiriúcháin atá ar bun cheana féin a chur in iúl daoibh.

Táthar ag obair go tréan chun creatphlean straitéise RTÉ a chur faoi bhráid an Rialtais faoi dheireadh na míosa. Beidh an plean imlíneach sin ina bhonn faoi bhearta comhairliúcháin leis an bpobal, le hionadaithe poiblí agus leis an bhfoireann. Leagfar amach go soiléir ann an bealach chun feabhais do RTÉ: feabhas ar mhaithe leis an lucht éisteachta agus féachana agus feabhas ar mhaithe le hÉirinn.

Agus sinn ag saothrú maidir leis an straitéis imlíne sin a chur ar fáil, is fiú a lua go bhfuil an bhéim á coinneáil go géar againn ar leasú athchóiriúcháin a tharlaíonn gan mhoill agus a leanann go buan. Mar is eol daoibh, tá meitheal ceannasaíochta nua sealadach ceaptha agam. Tagann cinntí buntábhachtacha anois faoi bhráid na meithle ceannasaíochta sin ina hiomláine, cinntí maidir le conarthaí na bpríomhláithreoirí san áireamh.

Tá muid ag feidhmiú anois ar bhealach atá trédhearcach go hiomlán maidir leis an mBord. Táthar amach i ndeireadh na hoibre comhairliúcháin maidir leis an gClár Leasanna agus leis an gClár Gníomhartha Seachtracha, dhá chlár nua a mbeidh buntábhacht leo maidir le hionracas agus neamhchlaontacht a léiriú. Tá suirbhé amháin ar lucht na foirne curtha i gcrích agus táthar díreach tar éis an dara suirbhé a sheoladh trína dtugtar deis tuairimí agus moltaí a chur i láthair faoi bhealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar na caighdeáin rialachais go foriomlán.

Tá bainistíocht mhionchúramach á déanamh ar chúrsaí airgid agus muid ag féachaint le costais a ísliú nuair atá laghdú ar an teacht isteach ón gCeadúnas Teilifíse. Sábháladh na milliúin Euro le tionscnaimh éagsúla le tamall anuas, mar shampla stop iomlán a chur le hearcaíocht foirne agus le caiteachas roghnach, chomh maith le hinfheistíocht i dtionscadail dhigiteacha agus caipitil a chur ar athló. Agus tá RTÉ ag gnóthú go maith ó thaobh cúrsaí tráchtála. Cé go bhfuiltear slán go gearrthéarmach maidir le cúlchistí airgid, is léir go bhfuil gá go práinneach le leasú fadtéarmach ar an gcóras maoinithe mífhóirsteanach.

Tá RTÉ dúthrachtach maidir leis na bearta iomadúla athbhreithniúcháin atá ar siúl. Tá an obair tugtha chun críche faoin tráth seo ar an dá thuarascáil ó Grant Thornton maidir le mílua ar an luach saothair do Ryan Tubridy, faoi mar a cuireadh ar fáil don Choiste. Tá dhá bheart fiosrúcháin eile, maidir le Toy Show the Musical agus le Scéimeanna don Scor Deonach a bhí á riar ag RTÉ sna blianta 2019 agus 2021, ag teannadh lena ndeireadh agus tá súil na tuarascálacha ina leith sin a bheith ar fáil faoi dheireadh na míosa seo. Tá súil freisin go mbeidh fiosrú Mazars maidir le Cuntas Babhtála a úsáid taobh istigh de RTÉ (mar

aon le haon ní eile a bhaineann le hábhar) déanta faoi thús mhí na Samhna. Anuas ar an méid sin, tá tús curtha leis an obair ag an dá choiste Comhairle Saineolais eile arna gceapadh ag an Rialtas (maidir le cúrsaí Rialachais & Cultúir agus le hAcmhainní Daonna & Conraitheoirí) agus tá treoraithe agam do na rannóga ar fad comhoibriú go hiomlán agus go luathbheartach lena gcuid oibre sin.

Tabharfar faoi deara go bhfuil Richard Collins éirithe as an bpost mar Phríomhoifigeach Airgeadais. Mar gheall ar shrianta éagsúla faoin dlí, ní fhéadaim níos mó a rá faoin ábhar sin ach féadaim a dheimhniú daoibh go mbeifear ag oibriú chun ról an Phríomhoifigigh Airgeadais a fhógairt a luaithe is féidir. Beidh tús áite á thabhairt don cheapachán sin ar an meitheal bhuan cheannasaíochta agus do Stiúrthoir Tráchtála nua a cheapadh.

Táthar buíoch go bhfuil sé deimhnithe go mbeidh €16m á fháil ag RTÉ faoi Bhuiséad 2024. Leanann sin ó mholadh a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh gá le cistíocht eatramhach go dtí go dtarlódh athchóiriú ceart maidir le táille an cheadúnas teilifíse agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na comhaltaí éagsúla i dTithe an Oireachtais a sheas go poiblí leis an tábhacht atá le bonn ceart a choinneáil faoi na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí. Is den bhuntábhacht go gcuirtear bonn níos daingne faoi mhaoiniú na meán cumarsáide seirbhíse poiblí in Éirinn. Ní le RTÉ amháin a bhaineann sin, baineann sé freisin le hearnáil na léiritheoirí neamhspleácha a bhfuil ról an-tábhachtach ag RTÉ ina leith maidir lena gcothú agus a gcur i lár an aonaigh.

Is mian liom an lucht foirne ar fud RTÉ a mholadh as leanúint ag cur ábhair agus cláracha ar ardchaighdeán ar fáil do lucht féachana agus éisteachta an-fhairsing – ábhar Nuachta, iriseoireacht fiosrúcháin, spórt beo de leithéid Chorn Rugbaí an Domhain, buaicleibhéal úsáide as an RTÉ Player agus séasúr nua an Late Late Show a bhfuil an-rath air le Patrick Kielty.

Táimse diongbháilte de go dtabharfar claochlú i bhfeidhm in RTÉ ionas go mbíonn muinín iomlán ag an bpobal, ag an Rialtas agus ag páirtnéirí eile in RTÉ agus sa lucht bainistíochta. Tuigtear dúinn gur gá plean fónta rí-éifeachtach a chur i láthair maidir leis an athrú a theastaíonn ar an eagraíocht. Mar a deirim, féadaim a dhearbhú go bhfuil RTÉ ag tnúth le creat imlíneach maidir leis an athchóiriú straitéiseach a chur ar fáil thart ar dheireadh na míosa seo le fonn Ráiteas Straitéise níos mine, ó thaobh sonraí agus costais, a chur ar fáil faoi thús na bliana seo chugainn. Bíonn gá le hobair shuntasach maidir le samhaltú airgeadais agus le cuid mhór meastóireachta a dhéanamh chun athrú straitéiseach ar scála den sórt seo a thabhairt i gcrích; ar cheann de na gnéithe atá á bhfiosrú, tá níos mó den champas a dhíol – ábhar a dtuigim go bhfuil spéis léirithe ag roinnt agaibh ann. Táthar faoi láthair ag feitheamh le luacháil níos cothroime le dáta, ach is é a bheadh le tuiscint ó thús na meastóireachta nach dócha go dtarlódh sé go mbeadh an campas iomlán i nDomhnach Broc le díol agus nach bhféadfaí athchóiriú ar an suíomh le haghaidh úsáid eile a dhéanamh gan deacrachtaí ná costas trom.

Ní mór dúinn RTÉ a mbíonn muinín agus taitneamh as a athbhunú, RTÉ a mbíonn tábhacht leis agus gean air, RTÉ a tharraingíonn an tír ar fad le chéile nuair a bhíonn ócáidí tábhachtacha náisiúnta ar siúl. Ábhar seirbhíse poiblí, luach an airgid, agus iontaoibh, sin croí agus anam an RTÉ faoi chlaochlú a bhfuil mé féin agus an fhoireann tugtha go dúthrachtach díograiseach dá thabhairt i gcrích.

 

 


Showing 41 - 50 of 371 stories