Cláracha agus láithreoirí nua do Sceideal an Fhómhair 2024 ar RTÉ RnaG
Cláracha agus láithreoirí nua do Sceideal an Fhómhair 2024 ar RTÉ RnaG
Cuirfear tús le Sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain 9ú Meán Fómhair, agus tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh cláracha agus sraitheanna iomlán nua ar an aer, chomh maith le láithreoirí nua ag tosaigh agus roinnt eile ag filleadh tar éis tréimhsí i mbun cúraimí eile.
Beidh Cóisir Cheoil le cloisteáil idir a trí agus a cúig ón Luan go dtí’n Déardaoin. Tá sé bliana caite ag Dónall Mac Ruairí mar léiritheoir ar ‘Barrscéalta’ ach tá sé ag filleadh ar an gclár ceoil agus siamsaíochta a bhíodh aige roimhe sin, Cóisir Cheoil. Is ball é Dónall den ghrúpa ceoil teaghlaigh Clann Mhic Ruairí agus dar leis go bhfuil saol an cheoil athruithe ar fad go háirithe ó tháinig na seirbhísí sruthaithe chun cinn. Tá sé den bharúil go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh seoid fiúntacha ceoil a aimsiú atá i bhfolach i measc an chonamair agus a chur i láthair an phobail. “Nach deas an deis é”, a deir Dónall, “Cluas éisteachta a thabhairt don cheol agus é a chur i láthair don saol mhór, agus beidh achan chineál le cluinstin ar an chlár idir ceol traidisiúnta agus ceol domhanda. Sílim go dtig agus gur fiú snáithí an cheoil a shníomh le chéile agus is gá sin a dhéanamh le féasta ceoil nó cóisir cheoil a chruthú.”
Clár nua é Pé Scéal É a chloisfear gach Aoine ag 3 pm faoi stiúir an phearsa aitheanta Máire Treasa Ní Dhubhghaill. Tá blianta caite ag Máire Treasa ar chláracha teilifíse agus ag obair ar chúrsaí spóirt agus rugbaí go mór-mhór. Ach sa tsraith nua siamsúil seo, beo ó stiúideo a haon i gCasla agus ar chraoltaí seachtracha in áiteacha ar fud na tíre, cuirfidh sí tús breá bríomhar leis an deireadh seachtaine. Beidh ceol beo sa stiúideo, agallaimh spéisiula, beidh sí ag labhairt le pobal óg na tíre faoina bhfuil ag tarlú sa saol agus ag réiteach an bhealach don deireadh seachtaine. Ach ní amháin sin, cloisfear Máire Treasa freisin ar chláracha spóirt RnaG an deireadh seachtaine chomh maith. Pé scéal atá le plé beidh sé ar Pé Scéal É!
Foilsíodh an leabhar Jimín Mháire Thaidhg níos mó ná céad bliain ó shin, ach anois, sa sraith drámaíochta seo den teideal céanna, Jimín Mháire Thaidhg, déantar athshamhlú ar an gcarachtar is cáiliúla agus is spraíúla i litríocht Ghaeilge na n-óg. Sa dráma raidió seo, a bheidh ar siúl gach Aoine ag 2.35 pm, ceanglaítear ré Jimín leis an lá atá inniu ann agus cloisfidh muid glúin nua aisteoirí óga ag teacht chun cinn ann, ina measc Seán Dalby a dhéanann páirt Jimín. Is dráma é seo do dhaoine óga agus daoine nach bhfuil chomh h-óg sin, atá léirithe ag Macalla Teo., agus atá maoinithe ag Coimisiún na Meán ón scéim Fuaim agus Fís.
Ceol na linne, ceol na cruinne, ceolta úra agus ceolta níos sine. Sin é a bheidh le cloisteáil san oíche Dé Satharn ó 9 pm go meán oíche ar an gclár Rianta le Marcus Mac Conghail. Ceoltóir agus amhránaí é Marcus a bhfuil taithí na mblianta ar stáitse aige le bannaí éagsúla ach atá ag ceol leis an ngrúpa Spásas faoi láthair. Tabharfaidh Marcus spás don cheol Éireannach, i nGaeilge, nua agus sean, chomh maith le meascán mór eile ceoil ar a chlár nua.
Sa tsraith Ceoltóirí na Mumhan, beidh ceoltóirí agus fonnadóirí as Cúige Mumhan á chur faoi agallamh ag an gceoltóir aitheanta agus craoltóir Pádraig Ó Sé. Tá traidisiún láidir agus stíl cheoil ar leith ag áiteacha éagsúla i gCúige Mumhan agus sna comhráití a bheidh ag Pádraig leo siúd atá sa tsraith beidh muid ag foghlaim faoina gcuid ceoil, fúthu féin agus faoi na nithe a raibh tionchar acu ar na ceoltóirí seo as Cúige Mumhan. Is ar an Domhnach ag a 7 pm a chraolfar an clár seo agus díreach ina dhiaidh beidh ceoltóir eile ar an aer, Nicole Ní Dhubhshláine lena rogha ceoil ar an gclár An Braon Gaelach ag a 8 pm.
Deir Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: “Tá muid thar a bheith sásta a bheith ag cur tús le sceideal nua bríomhar don fhómhar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá cláracha nua sa sceideal agus pearsantachtaí i mbun cláracha éagsula a chuirfidh le húire agus bríomhaireacht an chraoladh. Rachaidh na forbairtí seo chun leasa na seirbhíse, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, chun leasa éisteoirí na seirbhíse sa bhaile agus i gcéin. Mar atá muid ag déanamh le roinnt blianta anois, teastaíonn uainn an Raidió a thabhairt amach i measc an phobail, agus leanfar de sin sa bhfómhar agus muid ag tabhairt cuairte ar phobail éagsúla le craoltaí seachtracha, ag coirmeacha ceoil, ag déanamh clúdach ar ócáidí agus ar imeachtaí móra na nGael.”
Chomh maith leis na cláracha nua atá sa sceideal, fillfidh go leor cláracha ar an aer i ndiaidh bhriseadh an tsamhraidh.
Beidh Gormfhlaith Ní Thuairisg ag láithriú an chláir Adhmhaidin chúig lá na seachtaine do sceideal an fhómhair. Déanfar mion-chíoradh ar scéalta Gaeltachta, ar scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an gclár, agus tá Gormfhlaith ag súil go mór leis an dúshlán. Déanfar pléigh ar chúrsaí nuachta agus ar chúrsaí reatha ar chláracha eile ar an staisiún. Beidh Fionnuala Uí Neachtain ar ais ar Nuacht a hAon ag 1 pm ó Luan go hAoine agus i mBaile Átha Cliath ar Tús Áite ag a 5 pm ó Luan go hAoine is é Fachtna Ó Drisceoil a bheidh ar an stiúir. Ag an deireadh seachtaine, déanfar cíoradh ar scéalta móra nuachta agus polaitíochta na seachtaine ag 11 am ar an Satharn ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra.
Beidh sraith eile den chlár Cuan an Cheoil ag tosú ar an Déardaoin 12ú Meán Fómhair ag 7 pm, léiriú de chuid Stiúideo Cuan maoinithe ag Coimisiún na Meáin faoin scéim Fuaim & Fís. Is é Liam Ó Maonlaí a chuireann an tsraith seo i láthair, agus é i mbun ceoil agus comhrá le aíonna éagsúla gach seachtain. I measc na n-aíonna a bheas le cloisteáil i Sraith 4, beidh Colm Ó Snodaigh, Eithne Ní Chatháin nó Inni-K, na deirfiúracha Deirdre agus Aoife Granville, Seána Davey, Neil Martin, PJ Ó hIarnáin agus Moya Brennan, gan ach cuid acu a lua. Beidh físeáin de na cláracha le feiceáil ar líne gach seachtain freisin.
Beidh Seoda Foinn le Caitlín Ní Chualáin, amhránaí clúiteach a chroch léi Corn Uí Riada, ar ais gach Déardaoin ag 8.30 pm, agus beidh an bhéim ar scoth an tsean-nóis ó fhonnadóirí na linne seo agus ó shean taifid.
Má tá áit ag an gceol tíre i do chroí, éist leis An Bóthar go Nashville le Jó Ní Chéide gach Luan, a bheidh ar siúl ó 9 pm go 11 pm agus le Tequilla Tíre le Josie Ó Cualáin gach Domhnach ó 10 pm go meán oíche. Beidh dhá uair an chloig de cheol tíre na cruinne ag Jó dúinn gach seachtain, agus beidh eolas aici dúinn freisin faoi cheolchoirmeacha, camchuairt na réalta ceoil, agus blúiríní eolais faoi na hamhránaithe is aitheanta sa cheol tíre. Fanfaidh Josie beagán níos giorra do bhaile leis an rogha ceoil a bheidh aige agus fáilte aige i gcónaí roimh iarratais ó na héisteoirí.
Beidh Eibhlín de Bhailís ar ais sa chathaoir don chlár Cuideachta Ceoil gach maidin ó Luan go hAoine ag 10.15 am, agus tá súil aici go dtabharfaidh an clár sos do na héisteoirí ón gcaint agus ó scéalta móra an lae le rogha breá ceoil. Beidh Gráinne Ní Dhomhnaill ar ais le Nead na Fuiseoige gach maidin ón 7 am.
Tá spléachadh ar dhomhan na n-ealaíon le fáil ar an gCúinne Dána agus tá am nua craolta ag an gclár le Tristan Rosenstock. Beidh sé ar siúl ar an Déardaoin ag 2.05 pm agus cloisfear athchraoladh don chlár ar an Domhnach ag 6.30 pm.
Beidh foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an mbóthar le tráchtaireacht, anailís agus tuairisceoireacht ar chúrsaí spóirt thiar, thuaidh, theas agus thoir san fhómhair, mar a bhíonn i gcaitheamh na bliana. Beidh na comórtais craoibhe sna contaetha Gaeltachta á gcraoladh beo, babhtaí cinniúnacha i gCraobh na gClub agus na cluichí idirchontae sa bhliain nua nuair a chuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta arís. Déanfar neart plé ar na scéalta móra spóirt anseo sa bhaile agus níos faide ó bhaile ar Spórt an tSathairn, Spórt an Domhnaigh agus Spórt an Tráthnóna gach deireadh seachtaine.
Fógrófar a thuilleadh faoi chláracha agus sraitheanna eile a bheidh ag teacht chun cinn sa sceideal amach sa bhfómhar.
Tá an sceideal iomlán agus breis eolais le fáil ag www.rte.ie/rnag